Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0117

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/117 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2023 maidir le ceanglais an leibhéil seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA i dtaca leis an gcóras e-CODEX (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/197

    IO L 15, 17.1.2023, p. 17–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/117/oj

    17.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 15/17


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/117 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Eanáir 2023

    maidir le ceanglais an leibhéil seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA i dtaca leis an gcóras e-CODEX

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (b), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is gá ceanglais an leibhéil seirbhíse a shainiú le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA i dtaca leis an gcóras e-CODEX agus sonraíochtaí teicniúla eile is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX.

    (2)

    Ba cheart na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/850 a chumhdach le ceanglais an leibhéal seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA i dtaca leis an gcóras e-CODEX.

    (3)

    Is duine nádúrtha é comhfhreagraí e-CODEX, arna ainmniú ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, ar féidir leis tacaíocht theicniúil a iarraidh agus a fháil ó eu-LISA maidir le comhpháirteanna uile an chórais e-CODEX.

    (4)

    Ba cheart líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX sna Ballstáit agus sa Choimisiún a chinneadh i gcomhréir le líon na bpointí rochtana údaraithe e-CODEX agus le líon na gcaighdeán nós imeachta digiteach a chuireann siad i bhfeidhm.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2022/850 agus, dá bhrí sin, níl sí faoi cheangal an Chinnidh seo ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (6)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, ní raibh Éire rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2022/850 agus, dá bhrí sin, níl sí faoi cheangal an Chinnidh seo ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (7)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus thug sé tuairim uaidh an 24 Samhain 2022.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2022/850,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leagfar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo ceanglais an leibhéil seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh eu-LISA dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2022/850 agus sonraíochtaí teicniúla eile is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.

    Airteagal 2

    Leagfar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/850.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 150, 1.6.2022, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    IARSCRÍBHINN

    Ceanglais an leibhéil seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA i dtaca leis an gcóras e-CODEX

    1.   RÉAMHRÁ

    Leis an Iarscríbhinn seo leagtar amach ceanglais an leibhéil seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2022/850 (1) agus sonraíochtaí teicniúla eile is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX.

    I ndáil leis an méid sin, tá sé de chuspóir ag na gníomhaíochtaí uile soláthar seirbhísí costéifeachtacha ardcháilíochta a ráthú is gá chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach an chórais e-CODEX agus a rialachas a áirithiú.

    Chun na críche sin, sainítear san Iarscríbhinn seo na táscairí a úsáidfear chun cáilíocht na seirbhísí a sholáthraítear agus na spriocleibhéil íosta atá le baint amach a thomhas.

    Sonraítear san Iarscríbhinn seo freisin líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX atá i dteideal tacaíocht theicniúil a iarraidh agus a fháil ó eu-LISA.

    2.   SAINMHÍNITHE

    2.1.

    Tá feidhm ag sainmhínithe agus comhdhéanamh an chórais e-CODEX a leagtar síos in Airteagail 3 agus 5 de Rialachán (AE) 2022/850 agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis.

    2.2.

    Chun críche na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

    (a)

    ciallaíonn “leagan amach phacáiste e-CODEX dá dtugtar tacaíocht” an teaglaim idir leaganacha den nascóir agus leaganacha den tairseach a tástáladh agus a mhol eu-LISA chun pointe rochtana a fheidhmiú i gceart;

    (b)

    ciallaíonn “laethanta oibre” gnáthlaethanta oibre d’institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, gan laethanta saoire poiblí a áireamh, mar a shocraítear do gach bliain féilire de bhun Airteagal 61 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (2);

    (c)

    ciallaíonn “uaireanta gnó” uaireanta oibre ar laethanta oibre idir 09:00 — 17:00 (EET/EEST);

    (d)

    ciallaíonn “BSTF” nó “Bainistiú na Seirbhísí TF” na gníomhaíochtaí a dhéanann eu-LISA chun seirbhísí teicneolaíochta faisnéise (TF) a dhearadh, a thógáil, a sholáthar, a oibriú agus a rialú;

    (e)

    ciallaíonn “Plean Leanúnachais Gnó” an próiseas trína gcruthaítear córais chun bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do e-CODEX a chosc agus chun teacht slán ó na bagairtí sin. Chomh maith le bagairtí a chosc, is é an sprioc atá le Plean Leanúnachais Gnó go bhféadfaí oibríochtaí leanúnacha a chur i gcrích roimh thubaiste agus le linn tubaiste;

    (f)

    ciallaíonn “próiseas bainistithe éilimh” próiseas arb é is aidhm dó a áirithiú go ndéantar na hiarrataí ar athrú a thaifeadadh, a mheasúnú agus, má fhormheastar iad, go ndéanfar ceanglais astu a bheidh le láimhseáil a thuilleadh le táirge rialaithe, le clár nó le próiseas bainistithe tionscadal in eu-LISA;

    (g)

    ciallaíonn “próiseas bainistithe athruithe oibríochtúla” próiseas arb é is aidhm dó cur i bhfeidhm na n-athruithe teicniúla oibríochtúla a éascú, ar bhealach rialaithe agus le rioscaí teoranta inghlactha, an breisluach a uasmhéadú, agus suaitheadh agus athobair a laghdú nó a sheachaint;

    (h)

    ciallaíonn “eisiúint” braisle athruithe nua agus/nó nuashonraithe, a rinneadh a thástáil agus a fhormheas ar dtús;

    (i)

    ciallaíonn “próiseas bainistithe eisiúna” próiseas arb é is aidhm dó bealach struchtúrtha a sholáthar chun eisiúintí nua a sholáthar, lena gcumhdaítear an sainmhíniú agus an comhaontú maidir le pleananna eisiúna agus cur in úsáid agus lena n-áirithítear go mbeidh i ngach pacáiste eisiúna sraith de shócmhainní gaolmhara agus de chomhpháirteanna seirbhíse gaolmhara atá comhoiriúnach dá chéile.

    3.   CÚRAIMÍ eu-LISA

    3.1.   Cúraimí eu-LISA faoi Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2022/850

    3.1.1.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2022/850 (fabhtanna a fhorbairt, a choinneáil ar bun, a réiteach agus a nuashonrú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le slándáil, táirgí bogearraí agus sócmhainní eile agus iad a dháileadh ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu), beidh eu-LISA freagrach as gach gné den tsaolré forbartha bogearraí a bhaineann le forbairt agus cothabháil comhpháirteanna e-CODEX.

    Coinneoidh eu-LISA stór ar bun ina stórálfar déantáin comhpháirteanna e-CODEX agus ina bhfuil siad ar fáil do na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu. Cuirfear comhpháirteanna an chórais e-CODEX a chumhdaítear le Ceadúnas Poiblí an Aontais Eorpaigh ar fáil go poiblí.

    3.1.2.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2022/850 (an doiciméadacht a bhaineann le comhpháirteanna an chórais e-CODEX, lena tháirgí bogearraí tacaíochta agus le sócmhainní eile a ullmhú, a choinneáil ar bun agus a nuashonrú, agus an doiciméadacht sin a dháileadh ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu), cuirfear na haschuir doiciméadachta ar fáil do na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu i stór arna sholáthar ag eu-LISA. Saineoidh eu-LISA próiseas iomchuí bainistithe eisiúna.

    3.1.3.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/850 (comhad cumraíochta a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a nuashonrú ina bhfuil liosta uileghabhálach de phointí rochtana údaraithe e-CODEX, lena n-áirítear na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a bhfuil feidhm ag gach ceann de na pointí rochtana údaraithe e-CODEX sin maidir leo, agus é a dháileadh ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu), mar gheall ar chriticiúlacht na seirbhíse Comhad Cumraíochta, déanfaidh eu-LISA an Uirlis Bainistíochta Cumraíochta a fhorbairt agus a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hinfhaighteacht a leagtar amach thíos. Is táirge bogearraí í an uirlis seo a úsáidtear chun cuidiú leis an gcúram dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chur i gcrích.

    3.1.4.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (d) de Rialachán (AE) 2022/850 (lena ndéantar athruithe teicniúla agus gnéithe nua a chur leis an gcóras e-CODEX, arna bhfoilsiú mar leaganacha nua bogearraí, chun freagairt do cheanglais atá ag teacht chun cinn, amhail na ceanglais sin a eascraíonn as na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(2), nó i gcás ina n-iarrfaidh Grúpa Comhairleach e-CODEX), is i bhfoirm eisiúintí a bheidh leaganacha bogearraí nua. Chun freagairt do cheanglais ghnó agus theicniúla atá ag teacht chun cinn, beidh eu-LISA freagrach as éabhlóid leanúnach na gcomhpháirteanna bogearraí lena gcuimsítear córas e-CODEX.

    Tar éis dó an tuairim ó Ghrúpa Comhairleach e-CODEX a chur san áireamh, glacfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA próiseas bainistithe éilimh agus próiseas bainistithe athruithe oibríochtúla eu-LISA.

    3.1.5.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (e) de Rialachán (AE) 2022/850 (tacú le gníomhaíochtaí tástála agus iad a chomhordú, lena n-áirítear nascacht, a bhfuil baint ag pointí rochtana údaraithe e-CODEX leo), cuirfidh eu-LISA tacaíocht ar fáil agus comhordóidh sé gníomhaíochtaí tástála a bhfuil baint ag pointí rochtana údaraithe e-CODEX leo. I ndáil leis sin, saineoidh eu-LISA treoraíocht, pleananna tástála agus cásanna tástála, chomh maith le tuarascálacha ar thástálacha/ar chomhlíontacht a sholáthar.

    3.1.6.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (f) de Rialachán (AE) 2022/850 (tacaíocht theicniúil a thabhairt do na comhfhreagraithe e-CODEX i ndáil le e-CODEX), cuirfidh eu-LISA tacaíocht theicniúil ar fáil do na comhfhreagraithe e-CODEX i ndáil le e-CODEX. Chun na críche sin, cuirfidh eu-LISA acmhainní ar fáil ar bhonn leanúnach le linn uaireanta gnó chun pointe teagmhála iontrála aonair a sholáthar do comhfhreagraithe e-CODEX le haghaidh tacaíocht theicniúil, lena n-áirítear le haghaidh na tairsí (seirbhís “deasc chabhrach”). Déanfaidh eu-LISA obair leantach ar iarrataí ar an tairseach a mhéid a bhaineann siad lena fheidhmiú ceart leis an nascóir, laistigh de leagan amach phacáiste e-CODEX dá dtugtar tacaíocht.

    Cuirfear tacaíocht theicniúil ar fáil i gcomhréir leis an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX.

    Agus é ag déileáil le hiarrataí ar thacaíocht theicniúil agus le teagmhais, cuirfidh eu-LISA tacaíocht ar fáil de réir a inniúlachta agus de réir a chumais, ach amháin má bhaineann na hiarrataí agus na teagmhais go heisiach le himthosca a bhaineann go sonrach le bonneagar na n-eintiteas a bhfuil pointe rochtana údaraithe e-CODEX á oibriú acu.

    3.1.7.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (g) de Rialachán (AE) 2022/850 (na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a fhorbairt, a chur in úsáid, a chothabháil agus a nuashonrú agus iad a dháileadh ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu), beidh eu-LISA freagrach as forbairt, cothabháil, nuashonrú agus cur in úsáid na gcaighdeán nós imeachta digiteach arna nglacadh faoi ghníomhartha cur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2022/850 (Airteagal 6(2) de), faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla, nó iad siúd a d’ullmhaigh Grúpa Comhairleach e-CODEX (Airteagal 12(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/850).

    Beidh eu-LISA freagrach as cur in úsáid caighdeán nós imeachta digiteach nua agus/nó nuashonraithe a eagrú trína ndáileadh ar na heintitis ábhartha a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu.

    3.1.8.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (h) de Rialachán (AE) 2022/850 (lena bhfoilsítear ar a shuíomh gréasáin liosta de na pointí rochtana údaraithe e-CODEX ar tugadh fógra ina leith dó agus de na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a bhfuil feidhm ag gach ceann de na pointí rochtana údaraithe e-CODEX sin maidir leo), léireofar ar liosta na bpointí rochtana údaraithe ainm na n-eintiteas a oibríonn iad agus foilseofar é ar shuíomh gréasáin eu-LISA atá tiomnaithe do e-CODEX.

    3.1.9.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (i) de Rialachán (AE) 2022/850 (ag freagairt d’iarrataí ar chomhairle agus tacaíocht theicniúil ó sheirbhísí an Choimisiúin i gcomhthéacs ullmhú na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(2)), cuirfidh eu-LISA cúnamh teicniúil agus saineolas ar fáil don Choimisiún maidir le caighdeáin nós imeachta dhigiteacha nua a fhorbairt, lena n-áirítear, go háirithe, cúlra teicniúil agus fianaise a ullmhú, chomh maith le cúnamh le linn an nós imeachta go dtí go nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcruinnithe.

    3.1.10.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (j) de Rialachán (AE) 2022/850 (meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le caighdeáin nós imeachta dhigiteacha nua, agus measúnú agus ullmhú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear trí cheardlanna le comhfhreagraithe e-CODEX a eagrú agus a éascú), déanfaidh eu-LISA meastóireacht ar an ngá atá le caighdeáin nós imeachta dhigiteacha nua, agus measúnú agus ullmhú a dhéanamh orthu. Go háirithe, cuirtear an dualgas sin de chúram ar Ghrúpa Comhairleach e-CODEX (Airteagal 12(2), pointe (b) den Rialachán). Bainfear úsáid as ceardlanna leis na comhfhreagraithe e-CODEX a eagrú agus a éascú mar cheann de na huirlisí chun an mheastóireacht a dhéanamh.

    3.1.11.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (k) de Rialachán (AE) 2022/850 (Croístór Focal r-Cheartais an Aontais ar a bhfuil na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha bunaithe a fhorbairt, a chothabháil agus a nuashonrú), déanfaidh eu-LISA Croístór Focal r-Cheartais an Aontais ar a bhfuil na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha bunaithe a fhorbairt, a chothabháil agus a nuashonrú. I ndáil leis an méid sin, coinneofar Croístór Focal r-Cheartais an Aontais faoi phróiseas bainistithe éilimh agus stórálfar é mar chuid de stór arna sholáthar agus arna óstáil ag eu-LISA.

    3.1.12.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (l) de Rialachán (AE) 2022/850, tá eu-LISA freagrach as caighdeáin oibriúcháin slándála a fhorbairt agus a dháileadh, dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/850).

    3.1.13.

    Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (m) de Rialachán (AE) 2022/850 (oiliúint a chur ar fáil, lena n-áirítear oiliúint do na páirtithe leasmhara ábhartha go léir, faoi úsáid theicniúil an chórais e-CODEX i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1726 (3), lena n-áirítear ábhair oiliúna ar líne a sholáthar), cuirfidh eu-LISA plean oiliúna ar fáil don chóras e-CODEX bunaithe ar an anailís ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara.

    3.2.   Cúraimí eu-LISA faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2022/850

    3.2.1.

    Maidir le hAirteagal 7(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2022/850 (bonneagar TF na gcrua-earraí agus na mbogearraí a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil ar a shuíomhanna teicniúla is gá chun a chúraimí a chur i gcrích), déanfaidh eu-LISA gach bonneagar TF crua-earraí agus bogearraí is gá a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil ar a shuíomhanna teicniúla is gá chun cúraimí eu-LISA a chur i gcrích maidir leis an gcóras e-CODEX. Déanfaidh eu-LISA a nósanna imeachta ábhartha, lena n-áirítear an Plean Leanúnachais Gnó, a nuashonrú chun comhpháirteanna uile an chórais e-CODEX a chuimsiú.

    3.2.2.

    Maidir le hAirteagal 7(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2022/850 (ardán lárnach tástála a sholáthar, a oibriú agus a choinneáil ar bun, agus an tsláine agus an infhaighteacht a bhaineann leis an gcuid eile den chóras e-CODEX á háirithiú an tráth céanna), déanfaidh eu-LISA an tArdán Lárnach Tástála e-CODEX a sholáthar, a oibriú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na ceanglais infhaighteachta a leagtar amach thíos. Ní dhéanfaidh aon chothabháil maidir le gníomhaíochtaí tástála a dhéantar ar an Ardán Lárnach Tástála dochar do shláine ná d’infhaighteacht a bhaineann leis an gcuid eile den chóras e-CODEX.

    3.2.3.

    Maidir le hAirteagal 7(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/850 (an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin gcóras e-CODEX trí bhíthin sraith cainéal cumarsáide mórscála, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin nó ardáin meán sóisialta), beidh eu-LISA freagrach as an bpobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin gcóras e-CODEX agus faoi aon fhorbairt mór. Déanfar é sin trí bhíthin sraith cainéal cumarsáide mórscála, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin agus/nó ardáin meán sóisialta. De bhun Airteagal 12(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/850, agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur i gcrích aige i ndáil leis sin, cuirfidh eu-LISA ionchur ó Ghrúpa Comhairleach e-CODEX san áireamh.

    3.2.4.

    Maidir le hAirteagal 7(2), pointe (d) de Rialachán (AE) 2022/850 tá eu LISA freagrach as faisnéis neamhtheicniúil ar líne a ullmhú, a nuashonrú agus a dháileadh a bhaineann leis an gcóras e-CODEX agus leis na gníomhaíochtaí a chuireann sé i gcrích)

    4.   RÓL eu-LISA MAIDIR LEIS AN TAIRSEACH

    De réir Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2022/850, cuirfidh eu-LISA acmhainní ar fáil ar bhonn glao-dhualgais le linn uaireanta gnó ionas go mbeidh pointe teagmhála aonair ann do chomhfhreagraithe e-CODEX maidir le tacaíocht theicniúil, lena n-áirítear maidir leis an tairseach.

    De réir Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2022/850, tá eu-LISA freagrach as comhpháirteanna an chórais e-CODEX, cé is moite den tairseach, ós rud é go bhfuil sé bunaithe faoi láthair ar bhloc tógála ar a dtugtar “r-Sheachadadh”, a choinníonn an Coimisiún ar bun agus a chuirtear ar fáil ar bhonn trasearnála. Glacfaidh eu-LISA freagracht iomlán as bainistiú an nascóra agus as na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha ón eintiteas a bhainistíonn an córas e-CODEX. Ós rud é gur comhpháirteanna dílse an chórais e-CODEX iad an tairseach agus an nascóir, ba cheart do eu-LISA a áirithiú go bhfuil an nascóir comhoiriúnach leis an leagan is déanaí den tairseach.

    Déanfaidh eu-LISA obair leantach maidir le saincheisteanna tairsí a mhéid a bhaineann sé lena bhfeidhmiú ceart leis an nascóir, laistigh de leagan amach phacáiste e-CODEX dá dtugtar tacaíocht.

    Maidir le saincheisteanna tacaíochta teicniúla laistigh de leagan amach phacáiste e-CODEX dá dtugtar tacaíocht, a bhaineann leis an tairseach, agus nach féidir le deasc freastail eu-LISA amháin réiteach a sholáthar ina leith, déanfaidh eu-LISA idirchaidreamh leis an eintiteas atá freagrach as an tairseach a bhainistiú. Beidh an próiseas sin trédhearcach do na comhfhreagraithe e-CODEX.

    Cé go bhfeidhmeoidh eu-LISA cur chuige i leith “an iarracht is fearr” chun iad a réiteach, d’fhéadfadh sé sin a bheith ag brath ar chúnamh ó na gníomhaithe atá freagrach as an tairseach ar deireadh. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir leis an leibhéal seirbhíse spriocanna i gcásanna ina bhféadfadh cúnamh a bheith de dhíth ar eu-LISA ó na gníomhaithe atá freagrach as an tairseach.

     

    Úsáideoirí chur chun feidhme chóras r-Sheachadadh an Choimisiúin

    Úsáideoirí cur chun feidhme córais seachas cur chun feidhme an chórais r-Sheachadadh

    Sonraíochtaí API

    San áireamh

    San áireamh

    Cur in úsáid agus cumraíocht

    San áireamh

    Ní áirítear iad

    Deimhnithe

    San áireamh

    San áireamh

    Tacaíocht le nascacht a thástáil

    San áireamh

    San áireamh

    Tacaíocht comhtháthú a thástáil

    San áireamh

    San áireamh

    Fabhtcheartú

    San áireamh

    Ní áirítear iad

    5.   TUAIRISCIÚ DON GHRÚPA COMHAIRLEACH

    Chun go mbeidh an Grúpa Comhairleach in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ceanglais an leibhéil seirbhíse ag eu-LISA dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (d) de Rialachán (AE) 2022/850, coinneoidh eu-LISA Grúpa Comhairleach e-CODEX cothrom le dáta go rialta maidir leis na gníomhaíochtaí bainistithe oibríochtúla uile a dhéantar i ndáil leis an gcóras e-CODEX. Go háirithe, déanfaidh eu-LISA an méid seo a leanas a choinneáil ar bun agus a chur in iúl go rialta do Ghrúpa Comhairleach e-CODEX:

    (a)

    aon fhaisnéis is ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh ceanglais an leibhéil seirbhíse a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo;

    (b)

    cur chun feidhme sceideal agus déantán pleanála i ndáil le hiarratais ar athrú agus eisiúintí bogearraí nua.

    Socróidh Grúpa Comhairleach e-CODEX an struchtúr beacht, ábhair agus paraiméadair bheachta an tuairiscithe seo, chomh maith lena mhódúlachtaí beachta agus a mhinicíocht bheacht.

    6.   AN LÁMHLEABHAR OIBREORA e-CODEX

    Soláthróidh eu-LISA an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX, arb é a bheidh ann an doiciméad tagartha le haghaidh bhainistiú oibríochtúil na gcóras le haghaidh na gcomhfhreagraithe e-CODEX agus deasc freastail eu-LISA. Tabharfar tuairisc ann ar na hidirghníomhaíochtaí uile a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le Bainistiú Seirbhíse TF.

    Is é a bheidh sa Lámhleabhar Oibreora e-CODEX doiciméad ar bhonn riachtanas eolais teoranta a chuirfidh deasc freastail eu-LISA ar fáil do gach comhfhreagraí sa leagan formheasta is déanaí uaidh. Ní fhéadfaidh na comhfhreagraithe an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX a roinnt ach amháin má údaraítear dóibh déanamh amhlaidh.

    Beidh an méid seo a leanas go háirithe sa Lámhleabhar Oibreora e-CODEX:

    (a)

    Cur chuige cumarsáide agus cainéil chumarsáide;

    (b)

    Ceanglais maidir le leagan amach oibríochtúil le spriocanna sainithe seirbhísí agus an leibhéil seirbhíse;

    (c)

    Bainistiú Teagmhas/Nós Imeachta Méadúcháin, lena n-áirítear Aicmiú agus Cur in Ord Tosaíochta;

    (d)

    Nós Imeachta um Bainistiú Comhlíonta Iarrataí agus Nós Imeachta um Chúnamh Teicniúil;

    (e)

    Bainistíocht Chothabhála;

    (f)

    Aon Iarscríbhinn is infheidhme.

    Glacfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX, tar éis an tuairim ó Ghrúpa Comhairleach e-CODEX a chur san áireamh.

    7.   COMHFHREAGRAITHE e-CODEX

    De réir Airteagail 6(5) agus 8(2) de Rialachán (AE) 2022/850, ainmneoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, faoi seach, roinnt comhfhreagraithe e-CODEX i gcomhréir le líon na bpointí rochtana e-CODEX atá údaraithe aige agus le líon na gcaighdeán nós imeachta digiteach, a bhfuil feidhm ag na pointí rochtana údaraithe e-CODEX sin ina leith. Ní mór dóibh liosta de na comhfhreagraithe e-CODEX agus aon athrú ar an liosta sin a chur in iúl do eu-LISA.

    Ainmneofar ar a laghad dhá chomhfhreagraí e-CODEX do gach pointe rochtana e-CODEX. D’fhéadfaí níos mó ná dhá chomhfhreagraí a ainmniú do phointe rochtana údaraithe e-CODEX, agus líon na gcaighdeán nós imeachta digiteach a chuireann sé i bhfeidhm á chur san áireamh.

    Déanfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA líon iomlán na gcomhfhreagraithe e-CODEX agus na critéir oibiachtúla, lena gceadaítear níos mó ná dhá chomhfhreagraí a ainmniú do phointe rochtana údaraithe e-CODEX, a shainiú agus a athbhreithniú go bliantúil, de réir na gceanglas maidir le pointí rochtana údaraithe e-CODEX agus na hacmhainní atá ar fáil ag eu-LISA á gcur san áireamh, ar thogra ó Bhord Bainistíochta Chlár e-CODEX.

    I gcomhthéacs faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais an leibhéil seirbhíse ag eu-LISA de bhun Airteagal 12(2), pointe (d) de Rialachán (AE) 2022/850 déanfaidh Grúpa Comhairleach e-CODEX faireachán ar an ngá atá le líon iomlán na gcomhfhreagraithe e-CODEX a athrú.

    8.   SEIRBHÍSÍ AGUS SPRIOCLEIBHÉIL

    8.1.   Prionsabail

    Is ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu atá an fhreagracht pointe rochtana údaraithe e-CODEX a chur ar bun go slán agus an pointe sin a oibriú go slán. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh comhfhreagraithe e-CODEX tacaíocht tosaigh ar fáil d’úsáideoirí maidir le pointí rochtana údaraithe e-CODEX a bhfuil na comhfhreagraithe freagrach astu a chur in úsáid.

    Cuirfidh eu-LISA tacaíocht theicniúil ar fáil do na comhfhreagraithe e-CODEX maidir le freagairt agus réiteach a sholáthar mar a shainmhínítear sa Lámhleabhar Oibreora e-CODEX.

    Cuirfidh eu-LISA deasc freastail ar bun a bheidh ina pointe iontrála aonair le haghaidh tacaíocht theicniúil. Osclóidh comhfhreagraithe e-CODEX ticéid i gcomhréir leis an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX, agus déanfaidh eu-LISA anailís orthu de réir mar a chruthaítear iad. Déanfaidh an comhfhreagraí e-CODEX na ticéid a shainaithint agus a chatagóiriú ar dtús tar éis treoir a fháil ón Lámhleabhar Oibreora. Le comhaontú ón gcomhfhreagraí ábhartha e-CODEX, féadfaidh eu-LISA ticéad a athaicmiú.

    Is faoin bpróiseas bainistithe éilimh a dhéileálfar le hathruithe. I bhfoirm iomlán agus shintéiseach, roinnfidh eu-LISA iad go rialta leis na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu agus le Grúpa Comhairleach e-CODEX.

    Beidh deasc freastail eu-LISA ar fáil le linn uaireanta gnó.

    8.2.   Comhpháirteanna faoi Bhainistíocht Seirbhíse TF:

    (a)

    Bogearraí Nascóra;

    (b)

    An tArdán Lárnach Tástála;

    (c)

    Uirlis Bainistíochta Cumraíochta;

    (d)

    Stór e-CODEX;

    (e)

    Caighdeáin Nós Imeachta Dhigiteacha.

    I gcás na gcomhpháirteanna sin, sonrófar sa Lámhleabhar Oibreora seirbhísí gaolmhara agus spriocanna leibhéil seirbhíse ar cheart iad a chomhlíonadh faoi chuimsiú bainistithe réitigh teagmhas agus infhaighteachta.

    8.3.   Infhaighteacht

    Déantar infhaighteacht chomhpháirteanna e-CODEX a ríomh thar tréimhse an tuairiscithe a shaineofar sa Lámhleabhar Oibreora e-CODEX. Ní chuirfear na tréimhsí neamh-infhaighteachta atá beartaithe san áireamh agus infhaighteacht á ríomh.

    Comhpháirt

    Infhaighteacht

    An stór

    95  %

    CMT

    98  %

    An tArdán Lárnach Tástála

    90  %

    Uirlis ITSM

    95  %


    (1)  Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, 1.6.2022, lch. 1).

    (2)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).


    Top