Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0097

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/97 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

C/2023/11

IO L 8, 11.1.2023, pp. 4–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/97/oj

11.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 8/4


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/97 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Eanáir 2023

lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 an 29 Meán Fómhair 2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (1) (an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN), agus go háirithe Airteagal 31 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Bunaítear, leis an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, córas de chuid an Aontais chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (iascaireacht NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

(2)

Le Caibidil VI den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN leagtar síos an nós imeachta um thríú tíortha neamh-chomhoibríocha a shainaithint, um démarches i leith na dtíortha sin, um liosta de na tíortha sin a bhunú, um thíortha a bhaint den liosta sin, um an liosta sin a fhoilsiú agus um aon bheart éigeandála.

(3)

De bhun Airteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, tá an Coimisiún le tríú tíortha a shainaithint a measann sé gur tíortha neamh-chomhoibríocha iad sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN. Féadfar tríú tír a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch i gcás go mainníonn sí i gcomhlíonadh na ndualgas atá uirthi faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh, gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

(4)

Maidir le tríú tíortha neamh-chomhoibríocha a shainaithint faoi Airteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, bunófar an tsainaithint sin ar an athbhreithniú a dhéanfar ar an bhfaisnéis uile mar a leagtar amach faoi Airteagal 31(2) den Rialachán sin. Bunófar í ar an athbhreithniú a dhéanfar ar an bhfaisnéis uile a fuarthas de bhun an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN nó, de réir mar is iomchuí, ar aon fhaisnéis ábhartha eile, amhail sonraí na gabhála, faisnéis trádála a fhaightear ó staidreamh náisiúnta agus ó fhoinsí iontaofa eile, cláir agus bunachair soithí, doiciméid ghabhála nó cláir doiciméad staidrimh agus liostaí de shoithí NNN arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), chomh maith le haon fhaisnéis eile a fhaightear sna calafoirt agus ar na meánna.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, tá an Chomhairle le cinneadh a dhéanamh maidir le liosta tíortha neamh-chomhoibríocha. Na bearta a leagtar amach in Airteagal 38 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, tá feidhm acu maidir leis na tíortha sin.

(6)

De réir Airteagal 12(2) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, ní dhéanfar táirgí iascaigh a allmhairiú isteach san Aontas ach amháin nuair atá deimhniú gabhála ag gabháil leo i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(7)

De bhun Airteagal 20(1) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, ní ghlacfar le deimhnithe gabhála bailíochtaithe ó Stáit bhrataí tríú tír ach amháin má thugann an Stát brataí lena mbaineann fógra don Choimisiún lena ndeimhneoidh sé na socruithe náisiúnta maidir le cur chun feidhme, rialú agus forfheidhmiú na ndlíthe, na rialachán agus na mbeart caomhnúcháin agus bainistíochta is gá dá shoithí iascaireachta a chomhlíonadh, agus lena ndeimhneoidh sé gur tugadh an chumhacht dá chuid údarás poiblí fianú a dhéanamh ar fhírinne na faisnéise atá sna deimhnithe gabhála.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 20(4) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, ní mór don Choimisiún dul i gcomhar le tríú tíortha ar leibhéal riaracháin i réimsí a bhaineann le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin sin a bhaineann le deimhniú gabhála.

(9)

Thíolaic Poblacht Chamarún (dá ngairtear ‘Camarún’ anseo feasta) don Choimisiún a fógra mar Stát brataí de bhun Airteagal 20 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN agus ghlac an Coimisiún leis an bhfógra sin an 15 Iúil 2009.

(10)

Ar bhun na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31(2) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mheas an Coimisiún go raibh tásca láidre ann gur mhainnigh Camarún i gcomhlíonadh na ndualgas a bhí air faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh, gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh nó a dhíothú.

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, le Cinneadh an 17 Feabhra 2021 (2), fógra a thabhairt do Chamarún go bhféadfaí é a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch de bhun an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN.

(12)

Cuimsíodh i gCinneadh an 17 Feabhra 2021 faisnéis maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ba bhun leis an sainaithint fhéideartha sin.

(13)

Cuireadh an Cinneadh in iúl do Chamarún le fógra mar aon le litir ina n-iarrtar ar Chamarún plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, chun na heasnaimh a sainaithníodh a cheartú.

(14)

D’iarr an Coimisiún ar Chamarún an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe: (i) na bearta uile a dhéanamh is gá chun na gníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún a chur chun feidhme agus (ii) measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún.

(15)

Tugadh an deis do Chamarún freagairt a thabhairt ar Chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus ar fhaisnéis ábhartha eile arna cur in iúl ag an gCoimisiún chomh maith, rud a chuir ar a chumas fianaise a thíolacadh ag bréagnú nó ag comhlánú na bhfíoras a luaitear i gCinneadh an 17 Feabhra. Deimhníodh do Chamarún go raibh sé de cheart aige faisnéis bhreise a iarraidh, nó a chur ar fáil.

(16)

De bhíthin Chinneadh an 17 Feabhra 2021 ón gCoimisiún, chuir an Coimisiún tús le próiseas idirphlé le Camarún.

(17)

Lean an Coimisiún de lorg agus d’fhíorú na faisnéise ar fad a mheas sé a bheith riachtanach. Breithníodh na barúlacha ó bhéal agus i scríbhinn a thíolaic Camarún tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus cuireadh san áireamh iad. Coimeádadh Camarún ar an eolas, ó bhéal nó i scríbhinn, faoi bhreithnithe an Choimisiúin.

(18)

I bhfianaise na ngnéithe a bailíodh, mar a léirítear in aithrisí (34) go (86), níor thug Camarún aghaidh go leordhóthanach ar na réimsí imní ná ar na heasnaimh a dtugtar tuairisc orthu i gCinneadh an 17 Feabhra 2021 agus níor chuir sé chun feidhme go hiomlán na bearta a moladh sa phlean gníomhaíochta a ghabhann leis an gCinneadh.

2.   NÓS IMEACHTA I LEITH PHOBLACHT CHAMARÚN

(19)

An 17 Feabhra 2021, thug an Coimisiún fógra do Chamarún, de bhun Airteagal 32 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, gur bhreithnigh sé an fhéidearthacht go ndéanfaí Camarún a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch.

(20)

D’iarr an Coimisiún ar Chamarún plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar lena sheirbhísí, chun na heasnaimh a sainaithníodh ina Chinneadh an 17 Feabhra 2021 a cheartú.

(21)

Bhain na príomheasnaimh a shainaithin an Coimisiún le mainneachtain, roinnt uaireanta, oibleagáidí an dlí idirnáisiúnta a chur chun feidhme, rud a bhain go háirithe le creat dlíthiúil leordhóthanach agus cothrom le dáta a ghlacadh, le heaspa nósanna imeachta soiléire agus trédhearcacha maidir le clárú agus ceadúnú agus le heaspa faireacháin éifeachtúil agus leordhóthanaigh ar shoithí iascaireachta. Ar bhonn níos ginearálta, baineann na heasnaimh a sainaithníodh leis na coinníollacha maidir le soithí iascaireachta a chlárú agus lena rialú de réir an dlí idirnáisiúnta. Sainaithníodh freisin easpa ailínithe le moltaí agus rúin ó chomhlachtaí ábhartha amhail Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe i gcoinne Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (PGI-INNN) (3) agus Treoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí (4). Mar sin féin, is mar fhianaise thacaíochta amháin a measadh an easpa comhsheasmhachta le moltaí agus rúin neamhcheangailteacha agus níor measadh í mar bhonn leis an sainaithint.

(22)

Trí bhíthin a chuid litreacha dar dáta an 17 Márta 2021, an 22 Márta 2021, an 16 Aibreán 2021 agus an 21 Márta 2022, chuir Camarún in iúl don Choimisiún go raibh sé toilteanach aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh i gCinneadh an 17 Feabhra 2021, agus comhoibriú leis an gCoimisiún, agus ghlac sé leis an bplean gníomhaíochta.

(23)

An 9 Aibreán 2021, chuir an Coimisiún litir chuig an Aireacht Beostoic, Iascaigh agus Tionscail Ainmhithe á chur i bhfios gur glacadh Cinneadh an 17 Feabhra 2021 agus go raibh sé i bhfeidhm, agus go bhfuil amlíne 6 mhí ag údaráis Chamarún chun freagairt a thabhairt maidir leis an dul chun cinn a rinneadh ó glacadh Cinneadh an 17 Feabhra 2021.

(24)

Trí bhíthin ríomhphost dar dáta an 25 Aibreán 2021, dheimhnigh údaráis Chamarún nach bhfuil údarú ag soithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí tríú tíortha. Le hAirteagal 119 de Dhlí Uimh. 94/01 (Loi n° 94/01 portant régime des forêts, de la faune et de la pêche) ní dhéantar foráil ach maidir leis an bhféidearthacht ceadúnas a fháil chun iascaireacht a dhéanamh ar an mórmhuir. Dhearbhaigh údaráis Chamarún freisin gurb é mar atá faoi láthair nár eisíodh aon cheadúnas do shoithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún lena n-údaraítear dóibh a bheith i mbun oibríochta lasmuigh d’uiscí atá faoi dhlínse Chamarún, lena n-áirítear oibriú ar an mórmhuir nó in uiscí atá faoi dhlínse tíortha eile.

(25)

Chuaigh an Coimisiún agus údaráis Chamarún i nglao comhdhála le chéile an 28 Aibreán 2021 chun na socruithe le haghaidh an chomhair eatarthu agus an obair leantach maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta a phlé. Le linn an chruinnithe sin, d’athdhearbhaigh údaráis Chamarún a dtoilteanas aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus comhoibriú leis an gCoimisiún.

(26)

Tar éis na físchomhdhála sin, leanadh den idirchumarsáid i scríbhinn. An 17 Aibreán, an 19 Aibreán, an 25 Aibreán, an 27 Aibreán, an 6 Bealtaine, an 27 Bealtaine, an 29 Meitheamh agus an 26 Deireadh Fómhair 2021, chuir údaráis Chamarún an méid seo a leanas isteach trí mheán leictreonach: (i) Dlí Uimh. 94/01 agus na rialacháin iascaigh is infheidhme, (ii) dréacht-dlí athbhreithnithe maidir le hiascaigh, rud ar thug an Coimisiún barúlacha ina leith, (iii) doiciméad ina ndéantar achoimre ar an nós imeachta clárúcháin agus sonraí breise maidir leis an nós imeachta sin, (iv) eilimintí maidir leis an nós imeachta ceadúnúcháin le haghaidh soithí iascaireachta i gCamarún, (v) dhá liosta éagsúla de shoithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún, a bhí neamhiomlán, (vi) dhá liosta éagsúla de shoithí iascaireachta arna gceadúnú ag údaráis Chamarún, (vii) dhá liosta de shoithí iascaireachta a díchláraíodh ón gclárlann náisiúnta, a raibh ceann acu neamhiomlán, agus (viii) cóipeanna de dheimhnithe clárúcháin agus díchlárúcháin soithí iascaireachta.

(27)

An 15 Meán Fómhair 2021, thíolaic údaráis Chamarún tuarascáil ar dhul chun cinn ina liostaítear na gníomhaíochtaí a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí a chuimsítear sa phlean gníomhaíochta. Mar sin féin, d’iarr an Coimisiún doiciméad a bheadh críochnúil agus níos mionsonraithe, ós rud é nár leor an tuarascáil sin chun measúnú ceart a dhéanamh ar an dul chun cinn.

(28)

Trí bhíthin litir dar dáta an 11 Deireadh Fómhair 2021, leag an Coimisiún béim ar na hábhair imní atá aige a mhéid a bhaineann le forbairt an idirphlé agus leis an easpa dul chun cinn ag Camarún i dtaca le haghaidh a thabhairt ar na moltaí a chuimsítear sa phlean gníomhaíochta tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021.

(29)

An 21 Deireadh Fómhair 2021, thíolaic údaráis Chamarún tuarascáil nuashonraithe ar dhul chun cinn inar luadh na bearta atá á ndéanamh ag an tír chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh i gCinneadh an 17 Feabhra 2021. Luaigh Camarún go bhfuil tús curtha aige leis an athbhreithniú ar a chreat dlíthiúil, lena n-áirítear an nós imeachta clárúcháin soithí agus a Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne iascaireacht NNN (PGN-INNN). Tá tús curtha ag údaráis Chamarún freisin le démarches chun Comhaontú Cape Town (5) a dhaingniú, chuir siad coiste idir-aireachta ar bun chun iniúchadh a dhéanamh ar an gclárlann náisiúnta agus ar an gcreat dlíthiúil is infheidhme, d’eagraigh siad cruinnithe idir an Aireacht Beostoic, Iascaigh agus Tionscail Ainmhithe agus an Aireacht Iompair, sheol siad próiseas chun soithí iascaireachta a bhfuil amhras ann go ndearna siad gníomhaíochtaí iascaireachta NNN nó go ndearna siad gníomhaíochtaí den sórt sin i limistéir eacnamaíocha eisiacha tríú tíortha a dhíchlárú óna gclárlann náisiúnta. Ina theannta sin, chuir údaráis Chamarún i bhfios nach bhfuil an córas faireacháin soithí ag feidhmiú a thuilleadh. Níor cuireadh doiciméid ag tacú leis na gníomhaíochtaí thuasluaite faoi bhráid an Choimisiúin go dtí Meitheamh 2022.

(30)

Idir Aibreán 2021 agus Feabhra 2022, lean an Coimisiún de bheith ag féachaint le teagmháil a dhéanamh le húdaráis Chamarún, é á áitiú aige gur gá idirphlé struchtúrtha, fiúntach agus éifeachtach a bheith ann, é á mheabhrú aige go bhfuil práinn le doiciméid a sholáthar chun tacú leis na dearbhuithe i scríbhinn agus é ag míniú na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás ina mainneofaí arís agus arís eile aghaidh a thabhairt ar easnaimh shuite. Mar sin féin, níor thug údaráis Chamarún freagraí iomlána ar an gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na teachtaireachtaí sin.

(31)

I Meitheamh 2022, chuir an Coimisiún litir chuig údaráis Chamarún ina leagtar béim air gur tábhachtach an fhaisnéis agus an soiléiriú a iarradh a chur ar fáil chun comhar éifeachtach a áirithiú maidir leis an ábhar. Tar éis na litreach sin, agus an mhí chéanna sin, chuir údaráis Chamarún faisnéis bhreise agus doiciméid bhreise ar fáil a iarradh i gcomhfhreagras a rinneadh cheana in Aibreán 2021. Sholáthair na húdaráis liostaí de na soithí a cláraíodh faoi bhratach Chamarún i dtaca le gach ceantar muirí de chuid Chamarún, tuarascáil nuashonraithe ar dhul chun cinn, cóip de PGN-INNN, doiciméad ina liostaítear na smachtbhannaí a glacadh in 2017 i leith trí shoitheach atá faoi bhratach tríú tíortha, agus dréachtfhoraithne maidir le lárionad faireacháin a chruthú, chomh maith le nithe eile. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire i ríomhphost a seoladh in Iúil 2022, nár soláthraíodh an fhaisnéis uile a iarradh agus go raibh roinnt doiciméad a soláthraíodh neamhiomlán agus go raibh neamhréireachtaí soiléire iontu, amhail na liostaí de na soithí atá cláraithe faoi bhratach Chamarún.

3.   CAMARÚN A SHAINAITHINT MAR THRÍÚ TÍR NEAMH-CHOMHOIBRÍOCH

(32)

De bhun Airteagal 31(3) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún i dtaca le cá mhéad a chomhlíonann Camarún a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh. Chun críoch an athbhreithnithe sin, chuir an Coimisiún san áireamh na critéir a leagtar síos in Airteagal 31(4) go (7) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN.

3.1.   Bearta a glacadh i leith athfhilleadh soithí NNN agus sreafaí trádála táirgí a eascraíonn as iascaireacht NNN (Airteagal 31(4) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN)

(33)

Mar a léiríodh i gCinneadh an 17 Feabhra 2021, shuigh an Coimisiún gur mhainnigh Camarún i gcomhlíonadh a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

(34)

In aithrisí (16) go (26) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, shuigh an Coimisiún gur lean ceithre shoitheach iascaireachta de bheith faoi bhratach Chamarún tar éis a gcuimsithe i liosta soithí NNN Choimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh: an “UTHAIWAN”, an “SEA VIEW”, an “SEA WIND” agus an “PROGRESO” (6). Dheimhnigh údaráis Chamarún go raibh na soithí sin faoi bhratach Chamarún tar éis a gcuimsithe i liosta soithí NNN an Coimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh.

(35)

Ar bhonn na faisnéise a fuarthas trí bhunachair sonraí oscailte, shuigh an Coimisiún gur dheonaigh Camarún a náisiúntacht don soitheach iascaireachta “FREEDOM 7”, ar soitheach liostaithe NNN í (7), in Aibreán 2021, tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021. Tar éis roinnt iarrataí, fuair an Coimisiún freagra ar deireadh ó údaráis Chamarún maidir leis an soitheach iascaireachta sin i mí an Mheithimh 2022, freagra lenar shéan údaráis Chamarún nár chláraigh siad an soitheach lena mbaineann. Mar sin féin, bhailigh an Coimisiún faisnéis a thug le fios go raibh an soitheach faoi bhratach Chamarún agus go bhfuil sí fós faoina bhratach.

(36)

Deimhnítear leis sin nach bhfuil athbhreithniú déanta ag údaráis Chamarún, tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021, ar an nós imeachta clárúcháin chun fíorú a dhéanamh ar stair chomhlíontachta na soithí iascaireachta agus ar a gcumas aon rialachán agus beart idirnáisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh. Níor fhíoraigh údaráis Chamarún ach a oiread na liostaí de shoithí NNN a ghlac ERBInna. Níl sé sin i gcomhréir le pointí 36 agus 42 de PGI-INNN, mar a chuirtear i dtábhacht in aithris (19) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021.

(37)

De réir breis faisnéise a bhailigh an Coimisiún, dheonaigh Camarún a náisiúntacht do thrí shoitheach iascaireachta ó glacadh Cinneadh an 17 Feabhra 2021 (8).

(38)

De réir na ndearbhuithe a rinne údaráis Chamarún le linn na hidirchumarsáide leis an gCoimisiún in Aibreán 2021, ní raibh sé de chead ag ceantair mhuirí (9) soithí iascaireachta a chlárú go díreach a thuilleadh, agus tá na hiarrataí uile ar chlárú soithí iascaireachta le cur chuig an gcóras riaracháin lárnach roimh ré. Chuir údaráis Chamarún in iúl don Choimisiún gur leagadh síos bunús an toirmisc sin i gCiorclán a d’eisigh an Aireacht Iompair, agus a roinneadh leis an gCoimisiún i Meitheamh 2022 (10). Ní bhfuair an Coimisiún tásca, áfach, go ndeachthas i gcomhairle leis an Aireacht Iompair maidir leis na soithí iascaireachta a luaitear in aithris (37) den Chinneadh seo.

(39)

Ina theannta sin, ó bhí Feabhra 2021 ann, dheonaigh Camarún a náisiúntacht do shé shoitheach iascaireachta eile (soithí iompair agus soithí tacaíochta), ar a laghad (11). I dtaca leis na soithí sin, ar soithí iad uile a bhíonn i mbun oibríochta in uiscí lasmuigh de dhlínse Chamarún, ní féidir leis an gCoimisiún a chur as an áireamh go mbíonn na soithí sin i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht gan an rialú iascaigh is gá a bheith á áirithiú mar a thugtar tuairisc air sin faoi aithrisí (43) agus (44) den Chinneadh seo.

(40)

Dá bhrí sin, de réir bhreathnú an Choimisiúin lean Camarún ag forbairt a chabhlaigh iascaireachta fad-achair tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021, cé gur mhaígh sé an tráth céanna nár eisíodh aon cheadúnas iascaireachta do shoithí iascaireachta a bhíonn i mbun oibríochta lasmuigh dá uiscí dlínse. Thairis sin, dhearbhaigh údaráis Chamarún, i dtaca le soithí iascaireachta atá faoina bhratach agus a bhíonn i mbun oibríochta in uiscí atá faoi dhlínse tríú tíortha, nach sáraíonn na soithí sin Dlí Uimh. 94/01, toisc nach leagtar síos sa Dlí sin aon oibleagáid ar shoithí iascaireachta ceadúnais iascaireachta ó Chamarún a bheith acu chun bheith i mbun oibríochta in uiscí atá faoi dhlínse tríú tíortha (ar an mórmhuir amháin).

(41)

Mar a cuireadh i dtábhacht in aithris (35) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, níl sé sin i gcomhréir le pointe 30 de Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí ina luaitear go gcuirfidh Stáit bhrataí córas chun feidhme maidir le húdarú iascaireachta agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht, ná le mír 45 de PGI-INNN, mír a thugann go bhfuil na Stáit lena áirithiú, i dtaca le soithí iascaireachta atá faoina mbratach in uiscí lasmuigh dá gceannasacht nó dá ndlínse, go mbeidh ag na soithí sin údarú bailí arna eisiúint ag údaráis iomchuí an Stáit brataí.

(42)

Thairis sin, mar a cuireadh i dtábhacht cheana in aithris (34) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, tá Camarún, ina cháil mar Stát brataí, le rialú ar na soithí atá faoina bhratach a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 94(2)(b) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982 (UNCLOS), lena bhforáiltear go ngabhfaidh an Stát brataí chuige dlínse faoina dhlí inmheánach ar longa atá faoina bhratach.

(43)

Thairis sin, luaitear i bpointí 31, 32 agus 33 de Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí go bhfuil na Stáit bhrataí le scéim rialaithe a chur chun feidhme maidir le soithí atá faoina mbratach. Níl aon fhoráil i nDlí infheidhme Uimh. 94/01 a mhéid a bhaineann le rialú agus faireachas soithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún, go háirithe lasmuigh d’uiscí atá faoi dhlínse Chamarún. Ina theannta sin, le linn na hidirchumarsáide in Aibreán 2021, chuir údaráis iascaigh Chamarún in iúl don Choimisiún nach bhfuil a fhios acu an bhfuil soithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún i mbun oibríochta in uiscí atá faoi dhlínse tríú tíortha, ós rud é nach bhfuil faisnéis ina seilbh maidir le cé na soithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún agus ós rud é nach bhfuil na soithí sin faoi réir ceanglais maidir le ceadúnas iascaireachta faoin Dlí thuasluaite.

(44)

Dheimhnigh údaráis Chamarún freisin, i dtaca le soithí iascaireachta atá faoina mbratach, nach bhfuil rialú trí chóras saitilítbhunaithe um fhaireachán soithí á dhéanamh ar na soithí sin. Is é an bealach amháin a ndéantar soithí iascaireachta a rialú iad a rialú trí chóras sainaitheanta uathoibríoch (12), córas a dearadh chun críocha na sábháilteachta muirí go príomha, ag na húdaráis mhuirí nach bhfuil inniúil ar reachtaíocht iascaigh a fhorfheidhmiú. An easpa rialaithe iomchuí sin, níl sí i gcomhréir le pointe 24 de PGI-INNN, ina dtugtar le fios gur cheart do na Stáit faireachán, rialú agus faireachas a bheadh cuimsitheach agus éifeachtach a dhéanamh ar an iascaireacht, lena n-áirítear é sin a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, trí chóras saitilítbhunaithe um fhaireachán soithí a chur chun feidhme, ná níl sí i gcomhréir le pointe 31 de Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí ina luaitear go ndéanann na Stáit bhrataí córas rialaithe a chur chun feidhme maidir le soithí atá faoina mbratach, agus go mbíonn, ar a laghad, uirlisí faireacháin, amhail córas saitilítbhunaithe um fhaireachán soithí, ina gcuid den chóras sin. Lean údaráis Chamarún de bheith ag deonú a bhrataí do shoithí iascaireachta, d’ainneoin nach raibh na modhanna riachtanacha curtha ar bun acu chun rialú a dhéanamh ar na soithí agus ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta agus ar a ngníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht.

(45)

Déantar an easpa rialaithe sin a atreisiú a thuilleadh sa mhéid gur diúltaíodh, tar éis an dáta sin, cead isteach i gcalafort de chuid tríú tír do shoitheach iascaireachta, soitheach a baineadh as clárlann náisiúnta Chamarún an 3 Bealtaine 2019 de réir faisnéis a chuir údaráis Chamarún ar fáil. Bhí an soitheach i gceist ag ligean uirthi go raibh sí faoi bhratach Chamarún.

(46)

Ina theannta sin, thángthas ar dhá shoitheach iascaireachta a bhí faoi bhratach Chamarún agus iad i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta NNN in uiscí atá faoi dhlínse tríú tír. Ghearr an Stát cósta ábhartha fíneáil ar an dá shoitheach.

(47)

Thairis sin, in ainneoin roinnt iarrataí ón gCoimisiún, níor sholáthair údaráis Chamarún liosta uileghabhálach de na soithí iascaireachta uile atá faoi bhratach Chamarún. Níl na soithí iascaireachta uile atá faoi bhratach Chamarún ar na liostaí a soláthraíodh don Choimisiún, ná níl na liostaí cothrom le dáta. Mar shampla, thug an Coimisiún faoi deara gur cuimsíodh i liosta a soláthraíodh in 2021 soithí iascaireachta a díchláraíodh in 2020. Ina theannta sin, i dtaca le dhá shoitheach a chuimsítear i liostaí a soláthraíodh in 2021, ní léirítear sna liostaí iad, a thuilleadh, mar shoithí atá faoi bratach Chamarún, agus san am céanna níl siad i liostaí na soithí a díchláraíodh (13), agus léirítear soitheach amháin mar shoitheach a bhí cláraithe in 2020 ach dá ainneoin sin níor cuimsíodh an soitheach céanna sna liostaí a soláthraíodh in 2021 (14). Deimhníonn sé sin na heilimintí a cuireadh i láthair in aithris (21) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, lenar cuireadh i dtábhacht nach gcoimeádtar bail cheart ar an liosta de shoithí iascaireachta. Sáraíonn sé sin Airteagal 94(2)(a) de UNCLOS agus níl sé i gcomhréir le mír 42 de PGI-INNN lena bhforáiltear go gcoinneoidh gach Stát ar bun clár long ina bhfuil ainmneacha agus sonraí na long atá faoina bhratach.

(48)

Maidir le faisnéis a leagtar amach in aithrisí (34) go (47), measann an Coimisiún gur mhainnigh Camarún a fhreagrachtaí mar Stát brataí a chomhlíonadh, eadhon a fhreagrachtaí maidir lena chabhlach a rialú agus cosc a chur ar a chabhlach a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN in uiscí lasmuigh dá dhlínse. Is sárú é sin ar Airteagal 94(1) agus (2) de UNCLOS, lena bhforáiltear go bhfuil gach Stát lena dhlínse ar shoithí iascaireachta atá faoina bhratach, maille lena rialú ar na soithí sin, a áirithiú go héifeachtach. Dá bhrí sin, mhainnigh Camarún a oibleagáid maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh sa mhéid nár bhain sé úsáid as modhanna leordhóthanacha, nach ndearna sé an iarracht ab fhearr ab fhéidir a dhéanamh agus nach ndearna sé a lándícheall chun cosc a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN ag longa atá faoina bhratach. Níl an mhainneachtain sin i gcomhréir ach oiread le míreanna 34 agus 35 de PGI-INNN lena bhforáiltear gur cheart do na Stáit a áirithiú, i dtaca le soithí iascaireachta atá i dteideal a bheith faoina mbratach, nach bhfuil na soithí sin ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN ná nach dtacaíonn siad leis na gníomhaíochtaí sin agus lena n-áirithítear freisin, sula gcláróidh siad soitheach iascaireachta, gur féidir le Stáit bhrataí a bhfreagracht a fheidhmiú chun a áirithiú nach mbeidh na soithí sin ag gabháil d’iascaireacht NNN.

(49)

Dá thoradh sin, i dtaca le soithí iascaireachta atá cláraithe i gCamarún, chomh maith leis an dá shoitheach a luaitear in aithris (46), agus dá bhrí sin ar de náisiúntacht Chamarún iad agus iad i dteideal a bheith faoina bhratach, ní féidir don Choimisiún a chur as an áireamh go ndearna na soithí sin iascaireacht NNN nó gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht i limistéir lasmuigh de dhlínse náisiúnta Chamarún, lena n-áirítear limistéir atá faoi dhlínse tríú tíortha, ná gur bhain siad úsáid as calafoirt tríú tíortha. De bhreis air sin, cheal rialú a bheith á dhéanamh ag Camarún ar shoithí atá faoina bhratach, is féidir do na soithí sin táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus/nó iad a thrasloingsiú agus dá bhrí sin ní féidir leis bac a chur ar tháirgí iascaigh a eascraíonn as iascaireacht NNN a theacht isteach sna margaí.

(50)

I bhfianaise na bhforbairtí a tharla tar éis an 17 Feabhra 2021, measann an Coimisiún, de bhun Airteagal 31(3) agus (4)(a) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, gur mhainnigh Camarún i gcomhlíonadh na ndualgas atá air faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú agus, de bhun Airteagal 31(3) agus (4)(b) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, nach ndearna sé beart leordhóthanach chun cosc a chur ar tháirgí iascaigh a eascraíonn as iascaireacht NNN na margaí a rochtain.

3.2.   Mainneachtain sa chomhar agus san fhorfheidhmiú (Airteagal 31(5) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN)

(51)

Mar a thugtar tuairisc air in aithrisí (30) go (43) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, rinne an Coimisiún anailís féachaint ar chomhoibrigh Camarún go héifeachtach leis an gCoimisiún trí cheisteanna a fhreagairt, aiseolas a thabhairt nó imscrúdú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le hiascaireacht NNN agus le gníomhaíochtaí gaolmhara.

(52)

Tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021, bhí deacrachtaí fós ag an gCoimisiún agus é ag iarraidh comhar a bhunú le húdaráis Chamarún. Níor thug Camarún an fhaisnéis riachtanach don Choimisiún, ná níor thug sé freagairt air maidir le ceisteanna a bhaineann le soithí iascaireachta faoina bhratach agus a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear liosta cuimsitheach de na soithí iascaireachta atá cláraithe faoina bhratach.

(53)

I ndiaidh na hidirchumarsáide in Aibreán 2021, d’iarr an Coimisiún ar Chamarún roinnt doiciméad a chur ar fáil. Go dtí seo agus d’ainneoin gur cuireadh roinnt mhaith teachtaireachtaí leantacha, níl na doiciméid agus an t-ábhar faisnéise uile arb é ábhar an chomhair iad faighte ag an gCoimisiún.

(54)

De réir ráitis a rinne údaráis Chamarún agus de réir doiciméid freisin a bhailigh an Coimisiún, is measa fós an mhainneachtain sin sa chomhar de dheasca na heaspa comhordaithe inmheánaigh laistigh de chóras riaracháin Chamarún, eadhon idir na húdaráis mhuirí ar a bhfuil cúram chlárú na soithí agus iad siúd ar a bhfuil cúram bhainistíocht agus chaomhnú na n-acmhainní iascaigh.

(55)

Tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021, lean údaráis mhuirí Chamarún de bheith ag clárú soithí iascaireachta a liostaítear mar shoithí NNN, d’ainneoin gur thug siad le fios go raibh cruinnithe ann idir an dá chóras riaracháin agus go raibh cinneadh comhpháirteach maidir leis an nós imeachta clárúcháin á dhréachtú. Cuireadh tuarascálacha ar na cruinnithe sin ar fáil don Choimisiún i Meitheamh 2022, ach níor cuireadh an cinneadh comhpháirteach féin idir an dá chóras riaracháin ar fáil dó. Go deimhin, cuireadh in iúl nach nglacfaidh údaráis Chamarún an cinneadh sin (15).

(56)

Ina theannta sin, mar a cuireadh i bhfios go láidir in aithris (31) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, rinne an Coimisiún, tráth a rinne sé measúnú féachaint ar chomhlíon Camarún a oibleagáidí mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta agus Stát margaidh, rinne sé anailís freisin féachaint ar chomhoibrigh Camarún le Stáit eile agus le ERBInna ábhartha maidir le soithí atá faoina bhratach agus a liostaítear i liostaí soithí NNN ag na heagraíochtaí sin.

(57)

Tar éis comhfhreagras a fháil ón gCoimisiún, chuaigh Camarún i dteagmháil le húdaráis na Banglaidéise i ndáil le stádas clárúcháin na soithí iascaireachta “SEA VIEW” agus “SEA WIND”. Luaigh údaráis Chamarún freisin go ndeachaigh siad i dteagmháil le húdaráis na Pacastáine i ndáil le soitheach atá faoi bhratach Chamarún.

(58)

Mar sin féin, cé gur chuir an Coimisiún na teagmhálacha riachtanacha ar fáil do Chamarún, ní bhfuair an Coimisiún aon chruthúnas a thug le fios go ndeachaigh údaráis Chamarún i dteagmháil le Rúnaíocht IOTC chun iad a chur ar an eolas faoi bhaint trí shoitheach NNN liostaithe (16) den chlár náisiúnta. Dá bhrí sin, tá na soithí sin fós á léiriú, i liostaí NNN roinnt ERBInna, mar shoithí atá faoi bhratach Chamarún (17).

(59)

Níor thug Camarún freagra ar iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a chuir Ballstát amháin chuige in 2020 de bhun Airteagal 51 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mar a thugtar tuairisc air in aithris (31) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, ná ar iarrataí a chuir Ballstát eile chuige in 2021 i ndáil le faisnéis faoi shoithí iascaireachta a bhí faoina bhratach, d’ainneoin an éilimh a rinne an Coimisiún.

(60)

Dá bhrí sin, de réir bhreathnú an Choimisiúin níl aon dul chun cinn déanta ina leith sin ó Chinneadh an 17 Feabhra 2021.

(61)

An staid a dtugtar tuairisc uirthi in aithrisí (52) go (60), léiríonn sí nár chomhoibrigh Camarún le Stáit eile, agus nár chomhordaigh sé gníomhaíochtaí le Stáit eile mar a raibh soithí iascaireachta faoi bhratach Chamarún i mbun oibríochta, lena n-áirítear calafoirt tríú tíortha a úsáid, chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú mar a leagtar amach i bpointe 28 de PGI-INNN. Thairis sin, mar a bhunaítear i bpointe 31 de PGI-INNN, ba cheart do Chamarún, mar Stát brataí, smaoineamh ar chomhaontuithe nó socruithe a dhéanamh le Stáit eile agus comhoibriú ar shlite eile chun dlíthe agus bearta bainistíochta is infheidhme nó forálacha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú, go háirithe leis na tíortha ina mbíonn a chuid soithí i mbun oibríochta. Níor cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi aon chomhaontú den sórt sin a bheith ann, cé go mbíonn roinnt soithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún i mbun oibríochta in uiscí atá faoi dhlínse tríú tíortha agus go n-úsáideann siad calafoirt tríú tíortha.

(62)

Mar a mhínítear in aithrisí (33) go (39) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, rinne an Coimisiún anailís freisin féachaint an ndearna Camarún bearta forfheidhmiúcháin leordhóthanacha chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú agus ar cuireadh i bhfeidhm smachtbhannaí atá dian go leor chun na tairbhí a fhabhraíonn óna ngníomhaíochtaí iascaireachta NNN a bhaint de na ciontóirí.

(63)

Deimhníonn an fhianaise atá ar fáil nár chomhlíon Camarún a oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta maidir lena nós imeachta clárúcháin ná maidir leis an rialú ar shoithí atá faoina bhratach.

(64)

Mhínigh údaráis Chamarún gur chuir siad tús le próiseas díchlárúcháin ón gclár náisiúnta i gcás gach soithigh iascaireachta a raibh baint aici le hiascaireacht NNN, nó a bhfuil amhras ann go ndearna sí iascaireacht NNN, i limistéir eacnamaíocha eisiacha Stát cósta. De réir faisnéis a bhailigh an Coimisiún, tá an dá shoitheach iascaireachta a bhfuil smachtbhannaí curtha orthu ag Stát cósta as gníomhaíochtaí iascaireachta NNN (18) fós faoi bhratach Chamarún (19). Thairis sin, tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021, de réir faisnéis a bhailigh an Coimisiún, dheonaigh údaráis Chamarún a náisiúntacht do shoitheach amháin, ar a laghad, a liostaítear mar shoitheach NNN (an soitheach “FREEDOM 7”), d’ainneoin go bhfuil an soitheach sin i liostaí soithí NNN roinnt ERBInna (20).

(65)

Ina theannta sin, chuir údaráis Chamarún in iúl don Choimisiún gur cuireadh smachtbhannaí airgeadais agus riaracháin i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ar na soithí ar thángthas orthu i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta NNN in uiscí faoi dhlínse Chamarún. Mar sin féin, de réir faisnéis a chuir údaráis Chamarún ar fáil i Meitheamh 2022, cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm in 2017, i ndáil le gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a rinne trí shoitheach a bhí faoi bhratach tríú tíortha, agus níor cuireadh aon smachtbhanna i bhfeidhm maidir leis na cásanna is déanaí a luaitear in aithris (46) den Chinneadh seo.

(66)

De bhun faisnéis a bhailigh an Coimisiún agus de bhun faisnéis a fuarthas ó bhunachair sonraí oscailte, lean soithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún de bheith i mbun oibríochta in uiscí lasmuigh de dhlínse Chamarún tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021. Cé gur dhearbhaigh Camarún nach gcuireann Dlí Uimh. 94/01 bac ar a shoithí iascaireachta a bheith i mbun oibríochta in uiscí atá faoi dhlínse tríú tíortha (21), níor cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi aon bheart a ghlac údaráis Chamarún chun rialú éifeachtach ar na soithí sin a áirithiú, cé is moite den dréachtfhoraithne chun lárionad faireacháin ar shoithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún a chruthú. Ar a shon sin, ní léir fós an bhféadfadh na húdaráis na soithí iascaireachta a rialú go héifeachtach amach anseo trí theicneolaíocht AIS a úsáid agus tríthi sin amháin, ná ní léir conas a dhéanfaidís rialú éifeachtach trí theicneolaíocht AIS a úsáid agus tríthi sin amháin (22). Ina theannta sin, lean Camarún de bheith ag deonú a bhrataí do shoithí iascaireachta a bhíonn i mbun oibríochta lasmuigh de na huiscí atá faoina dhlínse.

(67)

Thairis sin, lean soitheach iascaireachta de bheith i mbun oibríochta in uiscí lasmuigh de dhlínse Chamarún faoi bhratach Chamarún in 2021 agus í san am céanna díchláraithe ón gclár náisiúnta agus í gan deimhniú clárúcháin bailí ó bhí mí na Bealtaine 2019 ann. An easpa comhlíonta ag Camarún maidir lena oibleagáid a chuid soithí a rialú, d’fhág sé sin go raibh an soitheach iascaireachta sin in ann leanúint de bheith i mbun oibríochta faoi bhratach Chamarún (23).

(68)

Dá bhrí sin, de réir bhreathnú an Choimisiúin níor leigheas Camarún staid sin an fhaireacháin easnamhaigh ar a chabhlach iascaireachta agus, dá réir sin, níor chomhlíon sé Airteagal 94(2)(b) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige lena bhforáiltear go nglacfaidh Stát brataí dlínse faoina dhlí inmheánach ar gach long atá faoina bhratach agus ar mháistir na loinge, ar a hoifigigh agus ar a criú.

(69)

Ina theannta sin, mar a cuireadh i dtábhacht in aithris (34) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, níl sé sin i gcomhréir ach oiread le pointí 31, 32 agus 33 de Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí ina gceanglaítear go gcuirfidh na Stáit bhrataí scéim rialaithe chun feidhme i leith soithí atá faoina mbratach agus ina gceanglaítear nach mór dóibh bearta forfheidhmiúcháin a bheith i bhfeidhm acu lenar féidir, i measc nithe eile, sáruithe ar na dlíthe, ar na rialacháin agus ar na bearta caomhnúcháin agus bainistíochta idirnáisiúnta is infheidhme a bhrath agus smachtbhannaí agus bearta leordhóthanacha a chur i bhfeidhm in aghaidh ciontóirí. Ba cheart na smachtbhannaí agus na bearta a bheith dian a ndóthain chun an comhlíonadh a áirithiú go héifeachtach agus chun sáruithe a dhíspreagadh cibé áit a dtarlóidís agus ba cheart iad a bheith ina mbearta a bhainfidh de chiontóirí aon tairbhe a fhabhróidh as a ngníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha.

(70)

Dheimhnigh údaráis Chamarún díchlárú trí shoitheach a liostaítear mar shoithí NNN agus a luaitear in aithris (34) óna gclárlann náisiúnta mar gheall ar “iascaireacht neamhdhleathach” (24). Mar sin féin, níor luaigh údaráis Chamarún smachtbhannaí eile i leith na soithí sin ná i leith a n-oibreoirí cé is moite de gur scriosadh ón gclárlann iad. Mar a cuireadh i dtábhacht in aithris (37) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, ní beart leordhóthanach ag Stát brataí é soithí iascaireachta a dhíchlárú, toisc nach dtugann beart den chineál sin aghaidh ar an ngníomhaíocht iascaireachta NNN, agus toisc nach n-áirithíonn beart den chineál sin go gcuirtear i bhfeidhm smachtbhannaí díspreagthacha nó bearta in aghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a rinneadh.

(71)

Thairis sin, mar a thugtar le fios in aithris (46), chuir tríú tír smachtbhannaí i bhfeidhm ar dhá shoitheach iascaireachta a bhí faoi bhratach Chamarún as gníomhaíochtaí iascaireachta NNN in 2021. Níor cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi aon bheart sriantach a rinne Camarún i leith na soithí iascaireachta sin agus a n-oibreoirí. Is é an t-aon rud a thug údaráis Chamarún le fios ná go ndearnadh ceann de na soithí sin a dhíchlárú ón gclárlann náisiúnta, ach níor sholáthair siad fianaise faoin díchlárú sin ná faoi shocrú na smachtbhannaí a d’fhorchuir an tríú tír, i gcomhréir le mír 24 de Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí.

(72)

Mar a thugtar le fios cheana in aithris (38) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, níl sé sin i gcomhréir leis na moltaí maidir le bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh i leith gníomhaíochtaí iascaireachta NNN agus smachtbhannaí a fheidhmiú ar chiontóirí, ar smachtbhannaí iad a bheadh dian a ndóthain chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú go héifeachtach agus chun nach mbeadh na ciontóirí in ann aon tairbhe a bhaint as an iascaireacht sin, mar a leagtar amach i mír 21 de PGI-INNN, mír 8(2)(7) de Chód Iompair Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le hIascaigh Fhreagracha chomh maith le pointí 31 go 33, 35 agus 38 de Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí.

(73)

I gcomhréir le hAirteagal 31(5)(c) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, rinne an Coimisiún anailís ar mhéid agus ar thromchúis na dteagmhas iascaireachta NNN a breithníodh.

(74)

Chuir an Coimisiún san áireamh na heasnaimh atriallacha ó údaráis Chamarún agus óna shoithí iascaireachta as ar eascair Cinneadh an 17 Feabhra 2021, tar éis ghlacadh an Chinnidh sin.

(75)

Tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021, chláraigh údaráis Chamarún soitheach eile a liostaítear mar shoitheach NNN agus lean siad de leathnú a gcabhlaigh iascaireachta fadraoin d’ainneoin nach bhfuil na hacmhainní is gá acu chun gníomhaíochtaí na soithí sin a rialú.

(76)

Tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021, ní dheachaigh na húdaráis i dteagmháil leis na Stáit ábhartha ná leis na ERBInna ábhartha chun comhoibriú, agus tuilleadh faisnéise a sholáthar, maidir le soithí iascaireachta atá faoi bhratach Chamarún.

(77)

Mar a chuirtear i dtábhacht in aithrisí (51) go (53) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, ní féidir leibhéal forbartha Chamarún a mheas mar fhachtóir a bhaineann an bonn de chumas na n-údarás inniúil comhoibriú le tíortha eile agus bearta forfheidhmiúcháin a shaothrú. I dtaca leis na srianta sonracha atá ann i ngeall ar leibhéal forbartha Chamarún, tugtar tuairisc bhreise ar an meastóireacht orthu in aithrisí (86) go (90) den Chinneadh seo.

(78)

I bhfianaise aithrisí (30) go (42) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus na bhforbairtí tar éis an 17 Feabhra 2021, is é tuairim an Choimisiúin, de bhun Airteagal 31(3) agus (5) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, gur mhainnigh Camarún na dualgais atá air faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh i leith iarrachtaí comhair agus forfheidhmiúcháin.

3.3.   Mainneachtain rialacha idirnáisiúnta a chur chun feidhme (Airteagal 31(6) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN)

(79)

Mar a thugtar tuairisc air in aithrisí (45) go (49) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, rinne an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 31(6)(a) agus (b) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, anailís ar dhaingniú ionstraimí iascaigh idirnáisiúnta ábhartha ag Camarún nó ar aontachas Chamarún leis na hionstraimí sin, agus ar a stádas mar pháirtí conarthach in ERBInna nó ar a thiomantas na bearta caomhnúcháin agus bainistíochta arna nglacadh acu a chur i bhfeidhm.

(80)

Mar a thugtar le fios in aithrisí (45) agus (47) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, níor dhaingnigh Camarún ionstraimí dlí idirnáisiúnta a bhaineann le bainistíocht iascaigh, seachas UNCLOS, ná níl sé ina pháirtí conarthach ná ina pháirtí neamhchonarthach comhoibríoch in aon ERBI.

(81)

Chuir údaráis Chamarún in iúl gur bunaíodh meitheal i bhfianaise dhaingniú Chomhaontú Cape Town 2012, a bhain le sábháilteacht soithí iascaireachta (25). Níor cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi aon démarches comhchosúla i ndáil le comhaontuithe eile. Mar sin féin, d’admhaigh údaráis Chamarún gur cheart dóibh dul in aontachas le comhaontuithe idirnáisiúnta iascaigh ábhartha áirithe.

(82)

Mar a chuirtear i dtábhacht in aithris (46) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, níl sé sin i gcomhréir leis an dualgas dul i gcomhar ná leis an oibleagáid bearta a dhéanamh is gá chun acmhainn bhitheolaíoch na mara a chaomhnú ar an mórmhuir mar a bhunaítear in Airteagail 117 agus 118 de UNCLOS, nó dul i gcomhar chun na bearta sin a dhéanamh. Tá an easpa comhair sin in aghaidh mholtaí mhír 11 de PGI-INNN freisin, plean a spreagann Stáit, mar ábhar tosaíochta, le UNFSA agus an Comhaontú maidir le comhlíontacht Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe a dhaingniú, le glacadh leo nó le haontú dóibh. Ní sé sin i gcomhréir ach oiread le mír 14 de PGI-INNN lena bhforáiltear gur cheart do na Stáit Cód Iompair Iascaigh Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus na Pleananna Idirnáisiúnta Gníomhaíochta a ghabhann leis a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach.

(83)

I gcomhréir le hAirteagal 31(6)(c) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, rinne an Coimisiún anailís féachaint an raibh baint ag Camarún le haon ghníomh nó le haon neamhghníomh a d’fhéadfadh éifeachtacht na ndlíthe, na rialachán nó na mbeart caomhnúcháin agus bainistíochta idirnáisiúnta is infheidhme a laghdú.

(84)

Mar a thugtar le fios in aithris (49) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, trí shoithí iascaireachta a liostaítear i liostaí soithí NNN na ERBInna a chlárú i gclárlann náisiúnta Chamarún agus, dá bhrí sin, tríd an gceart a thabhairt dóibh dul faoina bhratach, laghdaigh údaráis Chamarún éifeachtacht na mbeart caomhnúcháin agus bainistíochta a ghlac ERBInna, rud nach raibh i gcomhréir le pointe 35 de Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí agus míreanna 38 agus 39 de PGI-INNN. Mar a thugtar tuairisc air in aithris (36) den chinneadh seo, leanadh den bheartas clárúcháin sin tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021.

(85)

I bhfianaise aithrisí (45) go (49) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus na bhforbairtí a rinneadh ina dhiaidh sin agus a luaitear thuas, measann an Coimisiún, de bhun Airteagal 31(3) agus (6) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, gur mhainnigh Camarún na dualgais atá air faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh i leith rialacha agus rialacháin idirnáisiúnta agus i leith bearta caomhnúcháin agus bainistíochta.

3.4.   Srianta sonracha na dtíortha atá i mbéal forbartha (Airteagal 31(7) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN)

(86)

Meabhraítear anseo gur measadh in 2019, de réir Innéacs na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Dhaonna, gur thír mheánach ó thaobh forbraíocht dhaonna é Camarún (é rangaithe ar an 153ú tír as 189 dtír) (26).

(87)

Mar a thugtar tuairisc air in aithris (52) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021, níor aimsíodh aon fhianaise chomhthacaíoch a thabharfadh le fios gur de thoradh srianta forbartha a mhainnigh Camarún a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

(88)

Cé go bhféadfadh srianta sonracha acmhainne a bheith ann maidir le faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar a chabhlach, i dtaca leis na srianta sonracha atá ar Chamarún, srianta a eascraíonn as leibhéal a fhorbartha, níl na srianta sonracha sin ina n-údar maith leis na heasnaimh uile a sainaithníodh sna ranna thuas. Go háirithe, i dtaca leis na heasnaimh a shuitear a bheith ann i gcás Chamarún, amhail easpa forálacha sonracha sa chreat dlíthiúil náisiúnta a thagraíonn do bhainistíocht a chabhlaigh iascaireachta agus easpa forálacha sonracha chun gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a chomhrac, a dhíspreagadh agus a dhíothú, an easpa nósanna imeachta lena n-áiritheofaí fíorú ceart ar chlárú soithí iascaireachta faoina bhratach agus an easpa comhair leis an gCoimisiún, le ERBInna nó le córais riaracháin tíortha eile, ní féidir comhchoibhneas a dhéanamh idir cineál na n-easnamh sin agus leibhéal forbartha Chamarún agus na srianta sonracha a d’fhéadfadh a bheith air. Níor chuir údaráis Chamarún aon fhianaise i láthair a léiríonn gur iarmhairt ó easpa acmhainneachta agus bonneagair is ea na heasnaimh a sainaithníodh.

(89)

Thairis sin, fuair údaráis Chamarún tacaíocht ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gníomhaíochtaí náisiúnta a neartú chun iascaireacht NNN a chomhrac (27).

(90)

I bhfianaise aithrisí (51), (52) agus (53) de Chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus na bhforbairtí tar éis an dáta sin, is é tuairim an Choimisiúin, de bhun Airteagal 31(7) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, nach gcuireann leibhéal forbartha Chamarún isteach ar a fheidhmíocht fhoriomlán mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh i ndáil le hiascaigh agus, dá bhrí sin, nach féidir leibhéal forbartha Chamarún a ghlacadh mar leithscéal iomlán ná mar údar maith ar shlí eile i leith neamh-leordhóthanacht a ghníomhaíochtaí chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

4.   CONCLÚID MAIDIR LE TÍR A SHAINAITHINT MAR THRÍÚ TÍR NEAMH-CHOMHOIBRÍOCH

(91)

I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le mainneachtain Chamarún a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh mar Stát brataí, mar Stát calafoirt, mar Stát cósta nó mar Stát margaidh agus gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, ba cheart an tír sin a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN.

(92)

Ag féachaint d’Airteagal 18(1)(g) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, tá sé de cheanglas ar údaráis inniúla na mBallstát diúltú táirgí iascaigh a allmhairiú isteach san Aontas, agus an diúltú sin a dhéanamh gan aon fhianaise bhreise a iarraidh ná iarraidh ar chúnamh a chur chuig an Stát brataí, i gcás ina dtagann i bhfios dóibh gur údaráis Stáit brataí a shainaithnítear mar Stát neamh-chomhoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán sin a bhailíochtaigh an deimhniú gabhála.

(93)

Ba cheart a lua, i dtaca le sainaithint Chamarún mar thír a mheasann an Coimisiún a bheith neamh-chomhoibríoch, nach bhfágann an tsainaithint sin nach bhféadfadh an Chomhairle beart eile a dhéanamh ina dhiaidh sin chun liosta de thíortha neamh-chomhoibríocha a bhunú.

5.   AN NÓS IMEACHTA COISTE

(94)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainaithnítear Camarún mar thríú tír a measann an Coimisiún gur tríú tír neamh-chomhoibríoch í sa chomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2021 maidir le fógra a thabhairt do Phoblacht Chamarún go bhféadfaí í a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IO CI 59, 19.2.2021, lch. 1).

(3)  Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, 2001.

(4)  Treoirlínte Deonacha maidir le Feidhmíocht Stát Brataí, Márta 2014, a fuarthas ó: http://www.fao.org/3/a-i4577t.pdf

(5)  Comhaontú Cape Town 2012 maidir le Cur Chun Feidhme Fhorálacha Phrótacal Torremolinos 1993 a bhaineann le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Torremolinos um Shábháilteacht Soithí Iascaireachta.

(6)  an ‘UTHAIWAN’ (dá ngairtí an ‘WISDOM SEA REEFER’, Uimh. IMO 7637527), an ‘SEA VIEW’ (dá ngairtí ‘AL WESAM 2’, Uimh. IMO 8692342) agus an ‘SEA WIND’ (dá ngairtí ‘AL WESAM 1’, Uimh. IMO 8692354), an ‘PROGRESO’ (dá ngairtí ‘AL WESAM 5’).

(7)  An soitheach ‘FREEDOM 7’, Uimh. IMO 7302548, darb iarainmneacha an ‘ZHI MING’/‘GOLDEN LAKE’/‘No 101 GLORIA’, arna liostú ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú in 2006, agus arna thrasliostú ina dhiaidh sin ag an gCoimisiún um an Tuinnín Gorm Deisceartach a Chaomhnú, ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM), ag an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, ag Coimisiún Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh, agus ag Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas.

(8)  An soitheach ‘MARIGOLDS’ (Uimh. IMO 9447110) a cláraíodh an 6 Bealtaine 2021, an soitheach ‘KAPITAN RUSAK’ (Uimh. IMO 9121106) a cláraíodh an 27 Meán Fómhair 2021 agus an soitheach ‘DUNBOY’ (Uimh. IMO 9147564) a cláraíodh an 29 Márta 2022. De réir faisnéis a bhailigh an Coimisiún, bíonn an soitheach ‘KAPITAN RUSAK’ i mbun oibríochta in uiscí atá faoi dhlínse na Máratáine. Bhí an soitheach ‘DUNBOY’ i gcalafort Walvis Bay na Namaibe (ó Iúil 2022 go Meán Fómhair 2022, ar a laghad). De réir faisnéis a bhailigh an Coimisiún trí bhíthin bunachair sonraí oscailte, is cosúil go raibh an soitheach ‘MARIGOLDS’ i gcalafort Punta Arenas na Sile i Márta 2022. Chláraigh ceantar muirí Kribi na soithí iascaireachta sin (‘Circonscription maritime, fluviale et lacustre du Sud et de l’Est ’).

(9)  Lena n-áirítear ceantar muirí Kribi.

(10)  Ciorclán Uimh. 000007, a shínigh an Aireacht Iompair an 11 Meán Fómhair 2020. Baineann an Ciorclán sin le soithí ar mó ná 50 tona a n-olltonnáiste, mar is amhlaidh i gcás na soithí ‘MARIGOLDS’, ‘KAPITAN RUSAK’ agus ‘DUNBOY’.

(11)  Na soithí ‘GABU REEFER’ (Uimh. IMO 8300949), ‘SALY REEFER’ (Uimh. IMO 7813925), ‘SOLARTE’ (Uimh. IMO 8210285), ‘SILVER ICE’ (Uimh. IMO 7819759), ‘WAN YANG’ (Uimh. IMO 8627309), agus ‘WRAITH’ (Uimh. IMO 9101871). Is mar shoithí iompair/soithí cuisniúcháin agus soithí tacaíochta a chuirtear síos ar na soithí sin.

(12)  I Meitheamh 2022, chuir údaráis Chamarún dréachtfhoraithne ar fáil maidir le lárionad faireacháin a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar na soithí atá faoi bhratach Chamarún, lárionad a mbeidh sé de mhisean aige, faoi fhreagracht na n-údarás muirí, rialú a dhéanamh trí chóras aitheantais uathoibríoch ar na soithí atá faoi bhratach Chamarún.

(13)  Na soithí ‘KONYUI’ agus ‘PILOT WHALE’ (Uimh. IMO 7703986).

(14)  An soitheach ‘AKT’, Uimh. IMO 9923310, a cláraíodh an 16 Samhain 2020.

(15)  Ina ionad sin, is éard a cinneadh na húdaráis iascaigh a dhéanamh rannpháirteach san ionad faireacháin de réir dréachtfhoraithne, foraithne ina bhfuil forálacha maidir le nós imeachta clárúcháin na soithí.

(16)  Na soithí ‘SEA WIND’, ‘SEA VIEW’ agus ‘PROGRESO’ arb é IOTC a liostaigh de chéaduair iad.

(17)  Liostaí de ERBInna: an Coimisiún um an Tuinnín Gorm Deisceartach a Chaomhnú, an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh, Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas.

(18)  Féach aithris (46).

(19)  De réir faisnéis a bhailigh an Coimisiún i mbunachar sonraí oscailte; ina theannta sin, níl an dá shoitheach i liosta na soithí a díchláraíodh a chuir údaráis Chamarún ar fáil i Meitheamh 2022.

(20)  Féach aithris (35).

(21)  Féach aithris (40).

(22)  Féach aithris (44).

(23)  Féach aithris (45).

(24)  Diúscraíodh an soitheach ‘UTHAIWAN’ (dá ngairtí an ‘WISDOM SEA REEFER’, Uimh. IMO 7637527).

(25)  Féach aithris (29).

(26)  Faisnéis a fuarthas ó https://hdr.undp.org/en/countries/profiles/CMR

(27)  https://www.fao.org/iuu-fishing/capacity-development/en/


Top