This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023B1943
Decision (EU) 2023/1943 of the European Parliament of 10 May 2023 on discharge in respect of the implementation of the budget of the European Union Agency for the Space Programme – EUSPA (before 12 May 2021 the European GNSS Agency) for the financial year 2021
Cinneadh (AE) 2023/1943 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (go dtí 12.5.2021, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS) don bhliain airgeadais 2021
Cinneadh (AE) 2023/1943 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (go dtí 12.5.2021, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS) don bhliain airgeadais 2021
IO L 242, 29.9.2023, p. 471–472
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/471 |
CINNEADH (AE) 2023/1943 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (go dtí 12.5.2021, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS) don bhliain airgeadais 2021
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2021, |
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0104/2023), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa, agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 14 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (5), agus go háirithe Airteagail 85 agus 86 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2023), |
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021; |
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh lena bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tÁrd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.
(2) IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 276, 20.10.2010, lch. 11.