This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023B1833
Decision (EU) 2023/1833 of the European Parliament of 10 May 2023 on discharge in respect of the implementation of the general budget of the European Union for the financial year 2021, Section VII – Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2023/1833 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún
Cinneadh (AE) 2023/1833 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún
IO L 242, 29.9.2023, p. 136–136
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/136 |
CINNEADH (AE) 2023/1833 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1), |
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0232/2022) (2), |
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Choiste Eorpach na Réigiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021, |
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna soláthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0080/2023), |
1. |
ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí Choiste Eorpach na Réigiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Choiste na Réigiún don bhliain airgeadais 2021; |
2. |
Ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo; |
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste Eorpach na Réigiún, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(2) IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.
(3) IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.