Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2579

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2579 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar ag gnóthas san iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 8a den Treoir sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/3342

    IO L 335, 29.12.2022, p. 61–63 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2579/oj

    29.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 335/61


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2579 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Meitheamh 2022

    lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar ag gnóthas san iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 8a den Treoir sin

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8a(6), an dara fomhír i gcomhar le hAirteagal 8a(6), an chéad fhomhír, pointe (a), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Faoi Airteagal 8a de Threoir 2013/36/AE, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1) pointe (1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) iarratas a dhéanamh ar údarú mar institiúidí creidmheasa. Ba cheart do na gnólachtaí sin faisnéis leordhóthanach a sholáthar do na húdaráis inniúla d’fhonn a chumasú dóibh measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí.

    (2)

    An liosta faisnéise atá le soláthar in iarratas ag eintitis a fhéachann leis an údarú dá dtagraítear in Airteagal 8a de Threoir 2013/36/AE a fháil, ba cheart é a shonrú i rialachán. Ba cheart a chur san áireamh, leis an bhfaisnéis sin, na sonraí aitheantais agus faisnéis stairiúil maidir leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear an ceadúnúchán atá aici cheana, a gníomhaíochtaí atá beartaithe, a staid airgeadais reatha, a clár oibríochtaí, agus a caipiteal tosaigh.

    (3)

    D’fhonn comhsheasmhacht agus comhchuibhiú a áirithiú maidir le húdarú na faisnéise a éilítear ó institiúidí creidmheasa is iarratasóirí, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Rialachán seo do Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 (3) ón gCoimisiún maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar maidir le húdarú institiúidí creidmheasa, na ceanglais is infheidhme maidir le scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu nó a bhfuil bacainní orthu lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta agus ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Rialachán a raon feidhme a leathnú chuig gnólachtaí infheistíochta a aicmítear mar institiúidí creidmheasa.

    (4)

    Le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sainaithnítear cineál institiúidí creidmheasa a ghlacann taiscí nó cistí inaisíoctha eile ón bpobal agus a dheonaíonn creidmheasanna dá gcuntas féin agus cineál eile arb é an ceann a chumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo é. I gcodarsnacht leis sin, institiúidí creidmheasa ar cuid dá ngnó é taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá gcuntas féin, ba cheart dóibh ceanglais Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 a leanúint.

    (5)

    Le liosta na gceanglas faisnéise a sholáthraítear sa Rialachán seo do na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí, ba cheart sainiúlachtaí shamhail ghnó na ngnólachtaí infheistíochta agus aon réamhcheadúnas a dheonaigh údarás inniúil a chur san áireamh.

    (6)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh ar údaráis inniúla an fhaisnéis a éilítear a leathnú chun bheith in ann measúnú críochnúil a dhéanamh ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir, agus an réimse samhlacha gnó éagsúla agus foirmeacha dlíthiúla a bhféadfaidh institiúidí is iarratasóirí a ghlacadh á gcur san áireamh. Leis an Rialachán seo ba cheart a chur ar a chumas d’údarás inniúil faisnéis bhreise a éileamh ar ghnólacht infheistíochta agus measúnú á dhéanamh ar an iarratas le haghaidh institiúid creidmheasa.

    (7)

    Féadfaidh an t-údarás inniúil a mhachnamh a dhéanamh ar roinnt ceanglas faisnéise a tharscaoileadh i bhfianaise mhéid, chineál, scála agus chastacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus prionsabal na comhréireachta agus an t-ualach cur chun feidhme ar na hinstitiúidí á gcur san áireamh. Mar sin féin, níor cheart dochar a dhéanamh leis sin don fhéidearthacht go ndéanfaí measúnú críochnúil ar an iarratas le haghaidh institiúid creidmheasa.

    (8)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) faoi bhráid an Choimisiúin.

    (9)

    Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe; tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Raon feidhme na faisnéise a éilítear

    1.   Le hiarratas ar údarú institiúide creidmheasa de réir bhrí Airteagal 4 (1) pointe (1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhlíonfar na ceanglais maidir le hinstitiúidí creidmheasa a leagtar síos in Airteagail 3 go 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580.

    2.   Féadfaidh údaráis inniúla faisnéis bhreise a éileamh, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin comhréireach agus ábhartha do chuspóirí an mheasúnaithe ar údarú.

    3.   Mura n-éilíonn an t-údarás inniúil a mhalairt, ní cheanglaítear ar an iarratasóir an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a sholáthar i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin i seilbh an údaráis inniúil cheana, lena n-áirítear í a sholáthar i gcás inar éilíodh í agus inar fuarthas í ó údarás inniúil eile, ar choinníoll go ndeimhníonn an t-iarratasóir go bhfuil an fhaisnéis sin cruinn agus iomlán ar an dáta a chuirtear an t-iarratas isteach.

    4.   Féadfaidh institiúid creidmheasa is iarratasóir faisnéis a fhágáil amach as an iarratas, ar faisnéis ábhartha í maidir le gníomhaíochtaí nach léirítear san fhaisnéis a leagtar amach i gclár na ngníomhaíochtaí de bhun Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580, agus maidir leis na gníomhaíochtaí sin amháin, ar choinníoll go sainaithníonn an t-iarratasóir san iarratas cén fhaisnéis a fágadh amach agus go luaitear an fhoráil seo mar an bonn chun í a fhágáil amach.

    5.   Tar éis mheasúnú na faisnéise a cuireadh isteach san iarratas, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an iarratasóir faisnéis bhreise nó mínithe breise a sholáthar, i gcás ina measann an t-údarás go bhfuil gá leis chun a fhíorú ar comhlíonadh na ceanglais uile le haghaidh údaraithe.

    6.   Áiritheoidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir go bhfuil an fhaisnéis a chuirfear isteach san iarratas cothrom le dáta agus áiritheoidh sí iomláine agus cruinneas na faisnéise faoi staid na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 an 17 Meitheamh 2022 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta de chuid údarás inniúil (IO L 335, 7.10.2022 lch. 64).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


    Top