Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2564

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2564 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2064 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine de minimis a bhunú ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach grinnill áirithe i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas

    C/2022/5698

    IO L 330, 23.12.2022, p. 126–129 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2564/oj

    23.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 330/126


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2564 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Lúnasa 2022

    lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2064 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine de minimis a bhunú ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach grinnill áirithe i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(7) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 ón gCoimisiún (2), bunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh iascaigh ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir, agus feidhm leis ón 1 Eanáir 2017 go dtí 31 Nollaig 2019.

    (2)

    Chun costais dhíréireacha a sheachaint a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil, bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 díolúine de minimis a raibh feidhm aici maidir le speicis ghrinnill. Chuaigh an Rialachán Tarmligthe sin in éag an 31 Nollaig 2021. Bunaíodh díolúine de minimis nua le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2064 ón gCoimisiún (3). Bunaíodh an díolúine sin maidir le speicis ghrinnill go dtí an 31 Nollaig 2023, ach i gcás foghabhálacha peiligeach beag a rinneadh in iascach grinnill, níor bunaíodh an díolúine ach go dtí an 31 Nollaig 2022.

    (3)

    Tá leas díreach bainistíochta iascaigh ag an gCróit, an Iodáil agus an tSlóivéin (“Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad”) agus ag an nGréig, an Iodáil, an Chipir agus Málta (“Grúpa Ardleibhéil Sudestmed”) i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas faoi seach. An 1 Bealtaine 2022 agus an 6 Meitheamh 2022, d’iarr Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad agus Grúpa Ardleibhéil Sudestmed go gcuirfí síneadh leis an díolúine de minimis maidir le foghabhálacha peiligeach beag a dhéantar in iascach grinnill a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2064. Chuir an dá ghrúpa fianaise eolaíoch isteach chun tacú lena n-iarraidh.

    (4)

    Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (“STECF”) measúnú ar an bhfianaise eolaíoch idir an 16 agus an 20 Bealtaine 2022 (4).

    (5)

    An 8 Iúil 2022, chuir Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad agus Grúpa Ardleibhéil Sudestmed Moladh Comhpháirteach nuashonraithe isteach maidir le síneadh a chur leis an díolúine de minimis maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ar feadh 1 bhliain.

    (6)

    Tugann an Coimisiún dá aire go ngabhtar speicis pheiligeacha bheaga éagsúla an tráth céanna, agus i gcainníochtaí an-éagsúil, i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas, rud a fhágann gur dúshlánach é cur chuige stoic amháin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, gabhann soithí iascaireachta ar mhionscála na speicis sin agus tugtar i dtír iad ag go leor pointí tabhairt i dtír difriúla thar raon leathan geografach feadh an chósta. Is é an toradh atá air sin go bhfuil costais dhíréireacha ann maidir le gabhálacha de thaisme a láimhseáil.

    (7)

    D’admhaigh STECF gur dócha go dtiocfadh laghdú ar líon na bhfoghabhálacha peiligeach beag le laghdú ginearálta ar iarracht iascaireachta trál grinnill agus le bunú Limistéir Shrianta Iascaireachta mar limistéir atá iata le haghaidh iascach grinnill.

    (8)

    Thug STECF dá aire thairis sin, cé go gcumhdaítear leis an gcur chuige de minimis comhcheangailte atá san áireamh san fhianaise eolaíoch a cuireadh ar fáil, go gcumhdaítear leis grúpa leathan speiceas le raon fairsing rátaí aischuir, gur mheas STECF gur cur chuige bailí é cumhdach leathan den sórt sin i bhfianaise chastacht na n-iascach i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas.

    (9)

    Ina theannta sin, mheas STECF go mbeadh go leor díolúintí ar leith ann a bheadh dúshlánach faireachán a dhéanamh orthu mar thoradh ar dhíolúintí aonair de minimis lena gcumhdaítear aon speiceas amháin.

    (10)

    Chuir Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad fianaise eolaíoch nuashonraithe ar fáil maidir leis na costais dhíréireacha a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil. Cé gur thug STECF dá aire go gcuirtear meastacháin ar an méadú ar chostais ar fáil, chuir sé i dtábhacht a dheacra atá sé meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal ar a dtagann na costais chun a bheith díréireach. D’admhaigh STECF freisin go bhfuil an staid fhoriomlán tar éis dul in olcas mar gheall ar an méadú a tháinig le déanaí ar chostais bhreosla. Thug STECF dá aire thairis sin na torthaí nua ar an tionscadal roghnaíochta agus go bhfuil gá le himscrúdú breise ar na feistí roghnaíochta chun cothromaíocht a aimsiú idir roghnaíocht a fheabhsú agus caillteanais eacnamaíocha a íoslaghdú. Ar deireadh, thug STECF dá aire gur cheart tosaíocht a thabhairt do leibhéal na ngabhálacha de thaisme a laghdú trí threalamh roghnaitheach nó limistéir mhuirí faoi chosaint a úsáid.

    (11)

    Is díol sásaimh don Choimisiún an gealltanas a thug Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad obair bhreise a dhéanamh ar roghnaíocht agus ar shrianta spásúla iascaigh mar thosaíocht chun laghdú ar ghabhálacha de thaisme a bhaint amach. Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, leis an dul chun cinn maidir le roghnaíocht agus leis na costais dhíréireacha, go dtugtar údar maith gur cheart síneadh a chur leis an díolúine ar feadh 1 bhliain leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe.

    (12)

    Beartaítear leis an bhfianaise eolaíoch nuashonraithe a thug Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad síneadh a chur leis an díolúine de minimis, maidir le hainseabhaithe (Engraulis encrasicolus), sairdíní (Sardina pilchardus), ronnaigh (Scomber spp.) agus bolmáin (Trachurus spp.), suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2023 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TB, OT, PT, TX).

    (13)

    Cé go bhfuil an ráta aischuir mór le haghaidh an iascaigh sin, mheas STECF go bhfuil tionscadail roghnaíochta fós ar siúl.

    (14)

    Measann an Coimisiún go bhfuil an fhianaise a cuireadh ar fáil leordhóthanach chun síneadh a chur leis an díolúine ar feadh 1 bhliana, leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe. Ba cheart do Ghrúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad sonraí breise a chur isteach, bunaithe ar na tionscadail atá ar siúl faoi láthair.

    (15)

    Chuir Grúpa Ardleibhéil Sudestmed fianaise eolaíoch nuashonraithe ar fáil maidir le costais dhíréireacha a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil. Cé gur thug STECF dá aire go gcuirtear meastacháin ar an méadú ar chostais ar fáil, chuir sé i dtábhacht a dheacra atá sé meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal ar a bhfuil costais díréireach. D’admhaigh STECF freisin go bhfuil an staid fhoriomlán tar éis dul in olcas mar gheall ar an méadú a tháinig le déanaí ar chostais bhreosla. Thug STECF dá aire na staidéir leanúnacha atá le tabhairt i gcrích le linn 2023. Ina theannta sin, thug STECF dá aire gur cheart tosaíocht a thabhairt do laghdú ar leibhéal na ngabhálacha de thaisme trí threalamh roghnaitheach nó limistéir mhuirí faoi chosaint a úsáid.

    (16)

    Is díol sásaimh don Choimisiún an gealltanas a thug Grúpa Ardleibhéil Sudestmed obair bhreise a dhéanamh ar roghnaíocht agus ar shrianta spásúla iascaigh mar thosaíocht chun laghdú ar ghabhálacha de thaisme a bhaint amach. Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, leis an dul chun cinn maidir le roghnaíocht agus leis na costais dhíréireacha, go dtugtar údar maith gur cheart síneadh a chur leis an díolúine ar feadh 1 bhliana leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe.

    (17)

    Beartaítear leis an bhfianaise eolaíoch nuashonraithe a thug Grúpa Ardleibhéil Sudestmed síneadh a chur leis an díolúine de minimis, maidir le hainseabhaithe (Engraulis encrasicolus), sairdíní (Sardina pilchardus), ronnaigh (Scomber spp.) agus bolmáin (Trachurus spp.) suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2023 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TB, OT, PT, TX).

    (18)

    Mheas STECF, cé go bhfuil an ráta aischuir mór le haghaidh an iascaigh sin, tá teorainn leis an líon gabhálacha agus mheas sé go bhfuil tionscadail roghnaíochta lena laghdófar an ráta aischuir fós ar siúl.

    (19)

    Measann an Coimisiún go bhfuil an fhianaise a cuireadh isteach maidir le costas díréireach leordhóthanach chun síneadh a chur leis an díolúine ar feadh 1 bhliana, leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe. Ba cheart do Ghrúpa Ardleibhéil Sudestmed sonraí breise a chur isteach, bunaithe ar na staidéir atá ar siúl faoi láthair.

    (20)

    Rinne na Ballstáit ina bhfianaise eolaíoch nuashonraithe athnuachan ar a ngealltanas roghnaíocht an trealaimh iascaireachta a mhéadú i gcomhréir le torthaí na gclár taighde reatha chun gabhálacha de thaisme a laghdú agus a theorannú go háirithe i gcás gabhálacha faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

    (21)

    Tá na bearta nua a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 15(4), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2064 a leasú dá réir.

    (22)

    Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta níos déanaí, áfach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Díolúine de minimis

    Leasaítear Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2064 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(viii):

    “(viii)

    maidir le hainseabhaithe (Engraulis encrasicolus), sairdíní (Sardina pilchardus), ronnaigh (Scomber spp.) agus bolmáin (Trachurus spp.) a shíneadh suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill.”

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(vii):

    “(vii)

    maidir le hainseabhaithe (Engraulis encrasicolus), sairdíní (Sardina pilchardus), ronnaigh (Scomber spp.) agus bolmáin (Trachurus spp.) a shíneadh suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill.”

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Faoin 1 Bealtaine 2022 agus faoin 1 Bealtaine 2023, déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu san iascach i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas sonraí breise a chur faoi bhráid an Choimisiúin bunaithe ar na tionscadail agus na staidéir leanúnacha agus ar aon fhaisnéis eolaíoch ábhartha eile a thacaíonn leis an díolúine a leagtar síos i bpointe (a)(viii) agus pointe (b)(vii) de mhír 1. Déanfaidh STECF measúnú ar na sonraí sin agus ar an bhfaisnéis sin faoi Iúil 2023 ar a dhéanaí.”

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh iascaigh ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir (IO L 14, 18.1.2017, lch. 4).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2064 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine de minimis a bhunú ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach grinnill áirithe i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas (IO L 421, 26.11.2021, lch. 9).

    (4)  An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) — Meastóireacht ar na Moltaí Comhpháirteacha i ndáil leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus leis an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla (STECF-22-05).


    Top