This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2501
Commission Regulation (EU) 2022/2501 of 14 December 2022 establishing a fisheries closure for giant red shrimp in GFCM geographical subareas 8, 9, 10 and 11 for vessels flying the flag of Italy and having an overall length equal or superior to 18 meters and inferior to 24 meters
Rialachán (AE) 2022/2501 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) le haghaidh soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fhad foriomlán
Rialachán (AE) 2022/2501 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) le haghaidh soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fhad foriomlán
C/2022/9618
IO L 325, 20.12.2022, p. 53–55
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022
20.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 325/53 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2501 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2022
lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) le haghaidh soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fhad foriomlán
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh (1) a áirithiú, agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/110 (2) ón gComhairle deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022. |
(2) |
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhaineann leis an séacla mór dearg i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) agus is infheidhme maidir le soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fad foriomlán, meastar gur baineadh amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe sin le haghaidh 2022 de réir na faisnéise a fuair an Coimisiún. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stocghrúpa sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú iarrachta
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a leithdháileadh ar an Iodáil le haghaidh stocghrúpa an tséacla mhóir dheirg i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 de CGIM le haghaidh 2022 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar í a bheith bainte amach ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh an stocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 1, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fad foriomlán, toirmeascfar iad ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc, ón stoc sin a ghabh na soithí sin, a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165).
IARSCRÍBHINN
Uimh. |
13/TQ110 |
An Ballstát |
An Iodáil |
Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta |
EFF2/MED2_TR3 |
Stocghrúpa |
An séacla mór dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11 |
Fad foriomlán na soithí lena mbaineann |
≥ 18 m agus < 24 m |
Dáta deiridh |
1.10.2022 |