Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2473

    Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    C/2022/9139

    IO L 327, 21.12.2022, p. 82–139 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 13/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2473/oj

    21.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 327/82


    RIALACHÁN (AE) 2022/2473 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Nollaig 2022

    lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith catagóirí áirithe státchabhrach cothrománaí (1) (“Rialachán (AE) 2015/1588”), agus go háirithe Airteagal 1(1), pointí (a) (i), (ii), (vi), (vii) agus (x) de,

    Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú (2),

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cistiú stáit a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), is státchabhair é agus is gá fógra a thabhairt don Choimisiún faoi de bhua Airteagal 108(3) den Chonradh. De bhun Airteagal 109 CFAE, áfach, féadfaidh an Chomhairle na catagóirí cabhrach atá díolmhaithe ón gceanglas fógra seo a chinneadh. I gcomhréir le hAirteagal 108(4) CFAE, féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh i ndáil leis na catagóirí cabhrach sin.

    (2)

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún i Rialachán (AE) Uimh. 2015/1588 a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 109 CFAE, gur féidir catagóirí áirithe cabhrach a dhíolmhú ón gceanglas fógra. Chuir an Coimisiún Airteagail 107 agus 108 CFAE i bhfeidhm maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, agus rinne an Coimisiún é sin i mórán cinntí. Shonraigh an Coimisiún a bheartais freisin i dtreoirlínte a bhaineann go sonrach leis an earnáil sin. I bhfianaise thaithí an Choimisiúin na forálacha sin a chur i bhfeidhm, is iomchuí don Choimisiún leanúint d’úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar le Rialachán (AE) 2015/1588. Dá bhrí sin, faoi choinníollacha áirithe, maidir le cabhair le haghaidh micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (“FBManna”) atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, chomh maith le cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach sna réimsí sin go neamhspleách ar mhéid an ghnóthais is tairbhí chun damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú, cabhair chun damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha a shlánú, cabhair le haghaidh nuálaíochta agus cabhair chun acmhainní bitheolaíocha mara agus fionnuisce a chaomhnú, ba cheart a dhearbhú go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach bhfuil sí faoi réir an cheanglais fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine ón gceanglas fógra freisin maidir le cabhair chun an damáiste de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta a shlánú go neamhspleách ar mhéid thairbhí na cabhrach mar bheart maidir le hacmhainní bitheolaíocha mara agus fionnuisce a chaomhnú. Le Rialachán (AE) 2015/1588, ní thugtar de chumhacht don Choimisiún a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 109 CFAE, go mbeadh státchabhair le haghaidh comhlachtaí dlí poiblí, údaráis phoiblí nó eagraíochtaí poiblí nó leathphoiblí díolmhaithe ón gceanglas fógra.

    (3)

    Is iomchuí go leanfar d’úsáid na gcumhachtaí arna dtabhairt le Rialachán (AE) 2015/1588 chun díolúine a thabhairt i leith cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú a dheonaítear do ghnóthais go neamhspleách ar mhéid an tairbhí.

    (4)

    Le Rialachán (AE) 2015/1588, cumhachtaítear don Choimisiún díolúine ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE a thabhairt i leith cabhair chun an damáiste a tharlaíonn in iascaigh de dheasca drochaimsir áirithe a shlánú. Ar bhonn an chumhachtaithe sin, leagtar coinníollacha comhoiriúnachta soiléire amach sa Rialachán seo le haghaidh na catagóire cabhrach sin agus sainmhínítear ann raon feidhme na catagóire chun cabhair a dheonaítear do ghnóthais go neamhspleách ar mhéid an tairbhí a áireamh ann.

    (5)

    Déanann an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht na státchabhrach in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe ar bhonn chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (“CBI”), mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ar mhaithe le comhleanúnachas le bearta tacaíochta arna maoiniú ag an Aontas, ba cheart déine uasta na cabhrach poiblí atá ceadaithe faoin Rialachán seo a bheith cothrom leis an uasmhéid arna shocrú don chineál céanna cabhrach in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

    (6)

    Tá sé riachtanach nach ndeonaítear aon chabhair i gcúinsí nuair nach gcomhlíontar dlí an Aontais, agus go háirithe nuair nach gcomhlíontar rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Dá bhrí sin, ní féidir le Ballstát cabhair a dheonú san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe ach amháin má chomhlíontar dlí an Aontais leis na bearta arna maoiniú agus le tionchair na mbeart sin.

    (7)

    Leis an Rialachán seo, ba cheart an deis a bheith ann beartú tosaíochta níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin i dtaobh státchabhrach agus tuilleadh simplithe a thabhairt isteach agus ba cheart trédhearcacht, meastóireacht éifeachtúil agus rialú ar chomhlíonadh na rialacha maidir le státchabhair ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a fheabhsú, agus inniúlachtaí institiúideacha an Choimisiúin agus na mBallstát a chaomhnú an tráth céanna. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (8)

    Ba cheart na coinníollacha ginearálta do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shainiú ar bhonn tacar de phrionsabail choiteanna lena n-áiritheofar go n-éascaíonn an chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche, go bhfuil éifeacht shoiléir dhreasachta aici, go bhfuil gá léi, go bhfuil sí iomchuí agus comhréireach, go ndeonaítear í le trédhearcacht iomlán agus faoi réir sásra rialaithe agus meastóireacht thráthrialta agus nach bhfuil tionchar diúltach aici ar choinníollacha trádála sa mhéid go bhfuil an chabhair sin bunoscionn leis an leas coiteann.

    (9)

    Maidir le cabhair lena gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo, idir chabhair ghinearálta agus chabhair a bhaineann go sonrach leis na catagóirí ábhartha cabhrach, ba cheart a mheas gur cabhair í atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus gur cabhair í atá díolmhaithe ón gceanglas fógra a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE.

    (10)

    Maidir le státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo ná faoi Rialacháin eile de bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588, tá an státchabhair sin fós faoi réir an cheanglais fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do cheart na mBallstát fógra a thabhairt maidir le cabhair a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe faoin Rialachán seo. Ba cheart an cineál sin cabhrach a mheas i bhfianaise na dtreoirlínte le haghaidh státchabhair a scrúdú san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe (5).

    (11)

    Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair a bhraitheann ar úsáid táirgí intíre thar tháirgí allmhairithe ná maidir le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le cabhair lena maoinítear bunú agus oibriú gréasáin dáileacháin i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha. Maidir le cabhair faoi chomhair an chostais a bhaineann le páirt a ghlacadh in aontaí trádála, le staidéir nó le seirbhísí comhairleoireachta atá ag teastáil chun táirge nua nó táirge atá ann cheana a sheoladh ar mhargadh nua nó i mBallstát eile nó i dtríú tír, níor cheart, tríd agus tríd, an chabhair sin a bheith ina cabhair a bhaineann le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin.

    (12)

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach mbíonn tionchar diúltach ag cabhair údaraithe ar choinníollacha trádála sa mhéid go mbeadh sí bunoscionn leis an leas coiteann. Dá bhrí sin, cabhair le haghaidh gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc i ndiaidh Cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair ar leith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ba cheart an chabhair sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, seachas scéimeanna cabhrach lena ndéantar damáistí a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú. Thairis sin, ós rud é go mbeadh ualach riaracháin míchuí ann dá mbeifí chun tairbhithe aonair atá ag glacadh páirte i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (“CLLD”) a shainaithint, ba cheart feidhm a bheith ag an eisceacht sin freisin maidir le cabhair ar mhéid teoranta le haghaidh FBManna atá páirteach i dtionscadail CLLD.

    (13)

    I bprionsabal, ba cheart cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá i gcruachás a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin, toisc gur cheart an chabhair sin a mheas faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair chun gnóthais neamh-airgeadais atá i gcruachás a tharrtháil agus a athstruchtúrú (6). Mar sin féin, is gá eisceachtaí áirithe ón riail sin a leagan síos, i gcás inarb iomchuí. Mar eisceacht uirthi, is féidir cabhair den sórt sin a dheonú faoin Rialachán seo mar chúiteamh ar na costais a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú, agus chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó teagmhais áirithe aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gnóthais atá i gcruachás i gcásanna cabhrach do FBManna atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD nó a thairbhíonn díobh, i gcás ina bhfuil sé deacair gnóthais aonair is tairbhithe na scéimeanna sin a shainaithint. D’fhonn cinnteacht dhlíthiúil a sholáthar, is iomchuí critéir shoiléire a leagan síos chun a chinneadh cibé acu a mheastar nó nach meastar go bhfuil gnóthas i gcruachás chun críche an Rialacháin seo.

    (14)

    Braitheann forfheidhmiú státchabhrach go mór ar chomhar idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear comhlíonadh cabhrach aonair a dheonófar faoin Rialachán seo.

    (15)

    I bhfianaise an ghá atá ann cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir saobhadh ar iomaíocht a laghdú san earnáil lena bhfuiltear ag cabhrú agus cuspóirí an Rialacháin seo, níor cheart cabhair aonair a dhíolmhú sa Rialachán seo, ar cabhair í a sháraíonn uasmhéid socraithe, cibé acu a tugadh an chabhair faoi scéim cabhrach arna díolmhú faoin Rialachán seo, nó nár tugadh.

    (16)

    Chun críche na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an fhaireacháin éifeachtaigh, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin i leith cabhair ar féidir an choibhéis deontais chomhláinex ante a ríomh go beacht ina leith, gan an gá measúnú riosca a dhéanamh (“cabhair thrédhearcach”).

    (17)

    Ba cheart na coinníollacha a shainiú sa Rialachán seo faoinar féidir a mheas gur trédhearcach ionstraimí sainiúla cabhrach amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, bearta cánach, agus, go háirithe, airleacain inaisíoctha. Maidir le cabhair ar ráthaíochtaí í, ba cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach í má rinneadh an choibhéis deontais chomhláin a ríomh ar bhonn préimheanna cuanta sábháilte a leagtar síos don chineál gnóthais ar leith. I gcás FBManna, léirítear leibhéil préimhe bliantúla sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 87 agus 88 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm maidir le státchabhair i bhfoirm ráthaíochta. (7) Chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart a mheas go bhfuil instealltaí caipitil agus bearta caipitil riosca trédhearcach.

    (18)

    Chun a áirithiú go bhfuil gá leis an gcabhair agus gur dreasacht í chun gníomhaíochtaí nó tionscadail a fhorbairt a thuilleadh, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a dtabharfadh an gnóthas is tairbhí fúthu ar aon nós, d’uireasa na cabhrach fiú. Níor cheart cabhair a dhíolmhú ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach amháin i gcásanna ina gcuirtear tús leis an ngníomhaíocht nó an obair ar an tionscadal cuidithe tar éis don ghnóthas is tairbhí iarratas i scríbhinn a chur isteach don chabhair.

    (19)

    Maidir le haon chabhair ad hoc a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dheonaítear do thairbhí ar fiontar mór é, ba cheart don Bhallstát, i dteannta na gcoinníollacha maidir leis an éifeacht dreasachta is infheidhme maidir le FBManna, a áirithiú freisin go ndearna an tairbhí anailís, i ndoiciméad inmheánach, ar inmharthanacht an tionscadail nó na gníomhaíochta dá dtugtar cabhair, is é sin, le cabhair agus gan chabhair. Ba cheart don Bhallstát a fhíorú go ndeimhnítear leis an doiciméad inmheánach sin méadú suntasach ar raon feidhme an tionscadail nó na gníomhaíochta, méadú suntasach ar an méid iomlán a chaith an tairbhí ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht dá dtugtar cabhair nó méadú suntasach ar luas chur i gcrích an tionscadail nó na gníomhaíochta lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann an éifeacht dreasachta a bhunú ar an mbonn nach ndéanfaí an tionscadal infheistíochta ná an ghníomhaíocht mar sin sa cheantar tuaithe lena mbaineann d’uireasa na cabhrach.

    (20)

    Ba cheart leanúint de scéimeanna cabhrach uathoibríocha i bhfoirm buntáistí cánach a bheith faoi réir coinníoll shonrach maidir leis an éifeacht dreasachta, toisc go ndeonaítear an cineál sin cabhrach faoi nósanna imeachta difriúla leis na catagóirí eile cabhrach. Ba cheart na scéimeanna sin a bheith glactha sula gcuirfear tús leis an obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht chuidithe. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll sin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha, ar choinníoll gur cumhdaíodh an ghníomhaíocht cheana leis na scéimeanna fioscacha a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach. Chun measúnú a dhéanamh ar éifeacht dreasachta na scéimeanna sin, is é an tráth ríthábhachtach é an tráth a leagtar amach an beart cánach den chéad uair sa chéad scéim, a dtagann scéim comharbachta ina háit ina dhiaidh sin.

    (21)

    Níor cheart ach costais incháilithe a chur san áireamh chun déine na cabhrach a ríomh. Níor cheart cabhair a dhíolmhú sa Rialachán seo ar mó í ná an déine cabhrach ábhartha de thoradh costais neamh-incháilithe a chur san áireamh. Ba cheart fianaise dhoiciméadach atá soiléir sonrach cothrom le dáta a bheith ann mar thacaíocht d'aithint costas incháilithe. Ba cheart na figiúirí uile arb ann dóibh sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile a úsáid. Maidir le cabhair atá iníoctha ina tráthchodanna, ba cheart í a lascainiú go dtí a luach ar dháta deonaithe na cabhrach. Ba cheart na costais incháilithe a lascainiú freisin go dtí a luach ar dháta an deonaithe. Maidir leis an ráta úis a úsáidtear chun críocha lascainithe agus an ráta a úsáidtear chun méid na cabhrach a ríomh ar cabhair nach deontas í, ba cheart gurbh iad, faoi seach, an ráta lascaine agus an ráta tagartha is infheidhme tráth an deonaithe, mar a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar an modh le haghaidh an ráta tagartha agus an ráta lascaine a ríomh (8). I gcás ina ndeonófar cabhair trí mheán buntáistí cánach, ba cheart tráinsí cabhrach a lascainiú ar bhonn na rátaí lascaine is infheidhme ar na dátaí éagsúla a thagann na buntáistí cánach in éifeacht. Ba cheart úsáid cabhrach i bhfoirm airleacain inaisíoctha a chur chun cinn, toisc go bhfuil ionstraimí comhroinnte riosca úsáideach le haghaidh éifeacht dreasachta na cabhrach a neartú. Dá bhrí sin, is iomchuí a leagan síos go bhféadfar an déine cabhrach infheidhme dá dtagraítear sa Rialachán seo a mhéadú, i gcás ina ndeonófar cabhair i bhfoirm airleacain inaisíoctha.

    (22)

    I gcás buntáistí cánach a bhaineann le cánacha amach anseo, féadfar nach eol an ráta lascaine is infheidhme ná méid beacht na dtráinsí cabhrach roimh ré. Sna cásanna sin, ba cheart do na Ballstáit uasteorainn a shocrú roimh ré ar luach lascaine na cabhrach, agus déine na cabhrach á hurramú. Ina dhiaidh sin, tráth is eol méid an tráinse cabhrach ar dháta ar leith, is féidir lascainiú a dhéanamh ar bhonn an ráta lascaine is infheidhme ag an am sin. Ba cheart luach lascainithe gach tráinse cabhrach a bhaint de mhéid foriomlán an mhéid uasteoranta.

    (23)

    Chun a chinneadh an n-urramaítear na tairseacha fógra agus an déine uasta cabhrach dá dtagraítear sa Rialachán seo, ba cheart méid iomlán na státchabhrach le haghaidh na gníomhaíochta nó an tionscadail cuidithe a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart na cúinsí a shonrú sa Rialachán seo inar féidir catagóirí éagsúla cabhrach a charnadh. Maidir le cabhair atá díolmhaithe faoin Rialachán seo agus maidir le haon chabhair chomhoiriúnach eile faoi rialacháin eile nó arna fhormheas ag an gCoimisiún, féadfar an chabhair sin a charnadh fad is a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe in-sainaitheanta éagsúla. I gcás ina mbaineann foinsí éagsúla cabhrach leis na costais incháilithe in-sainaitheanta céanna, bíodh na costais sin ag forluí le chéile go páirteach nó go hiomlán, ba cheart carnadh a cheadú suas leis an déine cabhrach nó suas leis an méid cabhrach is infheidhme maidir leis an gcabhair sin sa Rialachán seo. Ba cheart rialacha speisialta a leagan amach sa Rialachán seo freisin i gcomhair carnadh beart cabhrach le cabhair de minimis. Is minic nach ndeonaítear cabhair de minimis i gcomhair costais incháilithe in-sainaitheanta sonracha nó i leith na gcostas sin. Sa chás sin, ba cheart go bhféadfaí in ann cabhair de minimis a charnadh le státchabhair atá díolmhaithe faoin Rialachán seo. Ina ainneoin sin, i gcás ina ndeonófar cabhair de minimis i gcomhair na gcostas incháilithe in-sainaitheanta céanna agus le státchabhair atá díolmhaithe faoin Rialachán seo, níor cheart carnadh a cheadú ach suas leis an déine cabhrach dá dtagraítear i gCaibidil III den Rialachán seo.

    (24)

    Ós rud é go bhfuil toirmeasc, i bprionsabal, ar státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, tá sé tábhachtach go mbeifí in ann a sheiceáil cibé acu a deonaíodh nó nár deonaíodh cabhair i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Dá bharr sin, tá trédhearcacht na státchabhrach riachtanach chun forálacha CFAE a chur i bhfeidhm i gceart agus eascraíonn comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus caiteachais phoiblí níos éifeachtúla as an trédhearcacht sin. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart ceanglas a chur ar na Ballstáit suíomhanna gréasáin a bhaineann le státchabhair a bhunú, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta, ina leagfar amach faisnéis achomair ar gach beart cabhrach a bhfuil díolúine ann lena aghaidh faoin Rialachán seo. Ba cheart an oibleagáid sin a bheith ina coinníoll i gcomhair chomhoiriúnacht cabhrach aonair leis an margadh inmheánach. Agus an cleachtas caighdeánach maidir le foilsiú faisnéise atá i dTreoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) á leanúint, ba cheart foirm chaighdeánaithe a úsáid lenar féidir an fhaisnéis a chuardach, a íoslódáil agus a fhoilsiú go héasca ar an Idirlíon. Ba cheart na naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát uile maidir le státchabhair a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/1588, ba cheart faisnéis achomair ar gach beart atá díolmhaithe faoin Rialachán seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

    (25)

    Chun faireachán éifeachtúil a áirithiú ar bhearta cabhrach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1588, is iomchuí ceanglais a leagan síos a bhaineann le tuairisciú ag na Ballstáit ar bhearta cabhrach a ndearnadh a dhíolmhú de bhun an Rialacháin seo. Thairis sin, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir leis na taifid ba cheart do na Ballstáit a choinneáil maidir leis an gcabhair arna díolmhú leis an Rialachán seo, i bhfianaise na tréimhse teorann arna leagan síos in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (10). Ar deireadh, ba cheart tagairt shoiléir don Rialachán seo a chur le gach cabhair.

    (26)

    Chun éifeachtúlacht na gcoinníollacha comhoiriúnachta a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann buntáiste na blocdhíolúine do bhearta cabhrach sa todhchaí a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais sin. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann tarraingt siar bhuntáiste na blocdhíolúine a theorannú do chineálacha áirithe cabhrach, do ghnóthais áirithe is tairbhithe, nó do bhearta cabhrach a ghlac údaráis áirithe, i gcás nach mbaineann neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ach le grúpa teoranta beart nó le húdaráis áirithe. Le tarraingt siar spriocdhírithe den sórt sin, ba cheart go gcuirfí ar fáil leigheas comhréireach a bhainfeadh go díreach leis an neamhchomhlíonadh a sainaithníodh maidir leis an Rialachán seo.

    (27)

    Chun deireadh a chur le difríochtaí bhféadfadh saobhadh ar iomaíocht a bheith mar thoradh orthu agus chun comhordú a éascú idir tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais agus na mBallstát a bhaineann le FBManna, agus ar chúiseanna a bhaineann le cinnteacht riaracháin agus dhlíthiúil, ba cheart go mbunófaí an sainmhíniú ar FBManna a úsáidtear sa Rialachán seo ar an sainmhíniú i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (11).

    (28)

    Ba cheart go gcumhdófaí faoin Rialachán seo na cineálacha cabhrach a dheonaítear san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a ndearnadh an Coimisiún iad a cheadú go córasach roimhe seo. Níor cheart measúnú cás ar chás ón gCoimisiún ar an gcomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach a bheith de dhíth don chabhair seo, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach i Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013 agus (AE) 2021/1139, i gcás inarb infheidhme.

    (29)

    I gcomhréir le hAirteagal 107(2), pointe (b), CFAE, maidir le cabhair chun damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a shlánú, tá sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Chun cinnteacht dhlíthiúil a sholáthar, is gá sainiú a dhéanamh ar na cineálacha imeachta a d’fhéadfadh a bheith ina dtubaistí nádúrtha atá díolmhaithe faoin Rialachán seo.

    (30)

    Na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, is earnálacha iad atá neamhchosanta go sonrach ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha agus ar ghalair ainmhithe. Is léir ón taithí go mbíonn na hearnálacha sin buailte go dona ag teagmhais den sórt sin agus go ndéantar damáiste mór d’iascairí mar gheall orthu. Meastar gur uirlis oiriúnach iad bearta chun damáiste den sórt sin a árachú agus a chúiteamh chun cuidiú le gnóthais teacht chucu féin ó dhamáiste den sórt sin agus, dá bhrí sin, leanúint ar aghaidh i mbun gnó agus ar an gcaoi sin forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha sna hearnálacha sin a áirithiú.

    (31)

    Maidir le dochar a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha amhail stoirmeacha, sioc, clocha sneachta, oighear, báisteach nó triomaigh dhiana, ar rudaí iad a tharlaíonn níos minice, níor cheart iad a mheas mar thubaistí nádúrtha de réir bhrí Airteagal 107(2), pointe (b), CFAE. Mar sin féin, sa mhéid go bhfágann an tionchar atá acu ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch go bhfuil siad inchurtha le tubaistí nádúrtha, ba cheart cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide a shlánú a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE.

    (32)

    Chun a áirithiú go gcumhdófaí faoin díolúine cabhair a dheonófar chun an dochar a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú, ba cheart na coinníollacha a leagan síos sa Rialachán seo, de réir cleachtas bunaithe, faoinar féidir leis an gcabhair sin tairbhiú den bhlocdhíolúine sin. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith bainteach le haitheantas foirmiúil ag údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe, do nádúr an imeachta mar thubaiste nádúrtha nó teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha agus do nasc cúisíoch díreach idir an tubaiste nádúrtha nó an teagmhas díobhálach aeráide agus na damáistí don ghnóthas is tairbhí, gnóthas is féidir a bheith ina ghnóthas atá i gcruachás, agus ba cheart a áirithiú leis na coinníollacha sin go ndéanfar róchúiteamh a sheachaint. Níor cheart an cúiteamh a bheith níos mó ná a bhfuil riachtanach chun a chumasú don ghnóthas is tairbhí filleadh ar an staid ag a rabhthas sular tharla an teagmhas.

    (33)

    Is earnálacha iad an iascaireacht agus an dobharshaothrú nach bhfuil dreasacht leordhóthanach iontu go dtarlódh gníomhaíocht aonair, d’ainneoin go rachadh toradh na gníomhaíochta aonair in éineacht chun leas comhchoiteann na n-úsáideoirí go léir. Ar an gcúis sin, maidir leis an gcabhair chun bithéagsúlacht agus éiceachórais na mara agus córais chúitimh a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe, lena n-áirítear bailiú dramhaíola ón bhfarraige, ba cheart í a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE.

    (34)

    Cuirtear san áireamh sa Rialachán seo staid shonrach na réigiún is forimeallaí san Aontas mar a aithnítear in Airteagal 349 CFAE, ina ndéantar foráil maidir le bearta sonracha.

    (35)

    Cabhair a dheonaítear do FBManna atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, is beag tionchar atá aici ar an iomaíocht, go háirithe, i bhfianaise an róil dhearfaigh a chomhlíonann an chabhair maidir le heolas a chomhroinnt, go háirithe do phobail áitiúla, i bhfianaise an chabhair a bheith de chineál comhchoiteann go minic, agus i bhfianaise a scála measartha beag. Is de chineál comhtháite, ilghníomhach agus ilearnálach na tionscadail sin, rud ar féidir leis deacrachtaí áirithe a chruthú le linn iad a aicmiú faoi na rialacha maidir le státchabhair. De bharr a gcineáil féin, ní thagann bardais faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar FBM (12). Is minic a bhíonn ról tábhachtach acu, áfach, in eagrú agus cur i gcrích tionscadail CLLD. I gcás ina ndéantar tionscadal CLLD i bhfabhar ceann amháin de na cuspóirí atá beartaithe in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle, ba cheart go mbeadh se indéanta, dá bhrí sin, blocdhíolúine a thabhairt freisin do chabhair do bhardais i gcomhthéacs tionscadal den sórt sin. Ós de chineál áitiúil na tionscadail CLLD, a roghnaítear ar bhonn straitéis ilbhliantúil forbartha áitiúla a ndéanann comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí í a chinneadh agus a chur chun feidhme, agus mar thoradh ar an díriú a leagann siad ar leasanna pobail, sóisialta, comhshaoil agus aeráide, ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán seo ar dheacrachtaí áirithe a mbíonn tionscadail CLLD ag déileáil leo chun cabhrú leo na rialacha maidir le státchabhair a chomhlíonadh. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin maidir le bardais a thairbhíonn go díreach nó go hindíreach de thionscadail CLLD a shaothraíonn ceann amháin de na cuspóirí atá beartaithe in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588.

    (36)

    De bhun Airteagal 15(1)(f) agus Airteagal 15(3) de Threoir 2003/96/CE (1) ón gComhairle (13), féadfaidh na Ballstáit díolúintí cánach nó laghduithe infheidhme maidir le hiascaigh intíre agus oibreacha feirmeoireachta éisc a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, is iomchuí leanúint de na bearta sin a dhíolmhú ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear faoin Treoir sin. Maidir le díolúintí cánach is infheidhme maidir le hiascaireacht in uiscí AE atá na Ballstáit le tabhairt isteach de bhun Airteagal 14 (1)(c) den Treoir sin, níl na díolúintí sin inchurtha i leith an Stáit agus dá bhrí sin níor cheart státchabhair a bheith iontu.

    (37)

    I bhfianaise thaithí an Choimisiúin sa réimse seo, ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na rialacha maidir le státchabhair. Dá bhrí sin, ba cheart an tréimhse do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith teoranta agus ba bheart forálacha idirthréimhseacha a leagan síos. Ag féachaint dó go bhfuil na coinníollacha chun cabhair a dheonú faoin Rialachán seo nasctha go dlúth leis na coinníollacha arna leagan síos maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 2021/1139, lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) le haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027, is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm CEMID. Chun leanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le linn idirthréimhse, is iomchuí go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2029.

    (38)

    Má théann an Rialachán seo in éag sula gcuirfear síneadh leis, ba cheart leanúint ar feadh 6 mhí le díolmhú scéimeanna cabhracha arna ndíolmhú faoin Rialachán seo chun leanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    Forálacha Coiteanna

    Airteagal 1

    Raon Feidhme

    1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonófar

    (a)

    do mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (FBManna) atá gníomhach i dtáirgeadh, próiseáil nó margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe;

    (b)

    do bhardais faoi Airteagal 54 agus 55; agus

    (c)

    do chalafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus foscadáin faoi Airteagal 29.

    2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le cabhair a dheonófar d’aon ghnóthas atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil nó i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, go neamhspleách ar mhéid an ghnóthais a thairbhíonn den chabhair, chun aon cheann de na críocha seo a leanas:

    (a)

    chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú;

    (b)

    chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú;

    (c)

    chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú; agus

    (d)

    chun nuálaíocht a dhéanamh in iascaigh agus sa dobharshaothrú.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cabhair a bheidh a méid socraithe ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí a chuirtear ar an margadh;

    (b)

    cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú i dtreo tríú tíortha nó i dtreo Ballstát, is é sin cabhair a bhaineann go díreach leis an gcainníocht a dhéantar a onnmhairiú, le bunú agus oibriú gréasáin dáileacháin nó le costais reatha nasctha leis an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin;

    (c)

    cabhair a bheidh ag brath ar úsáid táirgí intíre de rogha ar tháirgí allmhairithe;

    (d)

    cabhair ad hoc i bhfabhar gnóthas dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo;

    (e)

    cabhair a dheonófar d’oibríochtaí nó caiteachas:

    (i)

    a mhéadóidh acmhainn iascaireachta soithigh iascaireachta;

    (ii)

    le haghaidh trealamh a fháil a mhéadaíonn cumas an tsoithigh iascaireachta éisc a aimsiú;

    (iii)

    le haghaidh soithí iascaireachta a thógáil, a fháil nó a allmhairiú, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 20;

    (iv)

    le haghaidh soithí iascaireachta a aistriú go tríú tíortha nó go clár loingseoireachta tríú tíortha, lena n-áirítear trí chomhfhiontair a chruthú le comhpháirtithe tríú tíortha;

    (v)

    le haghaidh scor sealadach nó buan gníomhaíochtaí iascaireachta;

    (vi)

    le haghaidh iascaireacht thaiscéalaíoch;

    (vii)

    le haghaidh úinéireacht gnólachta a aistriú mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 20;

    (viii)

    le haghaidh na hathstocála dírí, seachas an athstocáil trialach;

    (ix)

    le haghaidh calafoirt nua nó hallaí ceantála nua a thógáil;

    (x)

    le haghaidh sásraí idirghabhála margaidh arb é is aidhm dóibh táirgí iascaigh nó táirgí dobharshaothraithe a tharraingt siar ón margadh go sealadach nó go buan d’fhonn an soláthar a laghdú ionas nach dtitfeadh praghsanna nó chun praghsanna a ardú;

    (xi)

    le haghaidh infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta atá riachtanach chun na ceanglais faoi dhlí an Aontais atá i bhfeidhm tráth tíolactha an iarratais ar chabhair a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais faoi oibleagáidí an Aontais i gcomhthéacs eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna);

    (xii)

    le haghaidh infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar feadh níos lú ná 60 lá le linn an 2 bhliain féilire roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair;

    (xiii)

    le haghaidh príomh-inneall nó inneall coimhdeach soithigh iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú.

    (f)

    cabhair a dheonófar do ghnóthas:

    (i)

    a bhfuil sárú tromchúiseach faoi Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (14) nó faoi Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (15) déanta aige;

    (ii)

    a bhí páirteach in oibriú, i mbainistiú nó in úinéireacht soithigh iascaireachta atá ar áireamh i liosta soithí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe an Aontais a leagtar amach in Airteagal 40, pointe (3), de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, nó soithigh a bhfuil bratach tíortha a shainaithnítear mar thríú tíortha neamh-chomhoibritheacha a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán sin, ar foluain aige; nó

    (iii)

    a bhfuil aon cheann de na cionta comhshaoil a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) déanta aige, i gcás ina ndéantar an t-iarratas ar thacaíocht a thíolacadh faoi Airteagail 32 go 39 den Rialachán seo.

    4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh gnóthais atá i gcruachás, cé is moite de chabhair a dheonófar:

    (a)

    do ghnóthais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD nó a thairbhíonn díobh;

    (b)

    chun cúiteamh a dhéanamh as na costais a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú;

    (c)

    do scéimeanna cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú; nó

    (d)

    sna cásanna seo a leanas, ar choinníoll gur caillteanais nó damáistí a tharla de dheasca an teagmhais i gceist an chúis leis an ngnóthas a bheith ina ghnóthas atá i gcruachás:

    (i)

    chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú; nó

    (ii)

    chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú.

    5.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna cabhrach nach n-eisiatar go sainráite leo cabhair aonair a íoc i bhfabhar gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis Cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, cé is moite de cheann amháin de na scéimeanna seo a leanas:

    (a)

    scéimeanna cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú; nó

    (b)

    scéimeanna cabhrach le haghaidh costais a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD agus cabhair le haghaidh gnóthais atá rannpháirteach i CLLD, nó a thairbhíonn de, i gcomhréir le hAirteagail 54 agus 55.

    6.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bearta státchabhrach atá ina sárú neamh-inscartha ar dhlí an Aontais iontu féin, de thoradh na gcoinníollacha a ghabhann leo nó de thoradh a modh maoinithe, go háirithe:

    (a)

    cabhair i gcás ina mbeidh deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide ceanncheathrú an ghnóthais is tairbhí a bheith sa Bhallstát ábhartha nó é a bheith bunaithe den chuid is mó sa Bhallstát sin. Ina ainneoin sin, ceadaítear an ceanglas bunaíocht nó brainse a bheith sa Bhallstát a dheonaíonn an chabhair ag an am a dhéantar an chabhair a íoc;

    (b)

    cabhair i gcás ina mbeidh deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide go n-úsáidfidh an gnóthas is tairbhí earraí a tháirgtear sa náisiún nó seirbhísí náisiúnta; nó

    (c)

    cabhair lena gcuirfear srian leis an bhféidearthacht go ndéanfaidh an gnóthas is tairbhí na torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a shaothrú i mBallstáit eile;

    (d)

    an Treoir maidir le Gnáthóga, an Treoir maidir le hÉin, an Treoir maidir le Truailliú ó Longa agus forálacha a bhaineann le bainistiú dramhaíola.

    7.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cabhair dá bhforáiltear i scéimeanna státchabhrach faoi Airteagail 20, 21, 24, 26 go 30, 33, 43, 46, 48, 50 agus 52 má chomhlíonann sí coinníollacha Airteagal 12, ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh;

    (b)

    aon athrú ar na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) seachas modhnuithe nach féidir leo difear a dhéanamh do chomhoiriúnacht na scéime cabhraí faoin Rialachán seo nó nach féidir leo difear suntasach a dhéanamh d’ábhar an phlean meastóireachta fhormheasta.

    Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go leanfaidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige ar feadh tréimhse níos faide maidir le haon cheann de na cineálacha cabhrach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo tar éis measúnú a dhéanamh ar an bplean meastóireachta ábhartha ar thug an Ballstát fógra ina leith don Choimisiún.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “cabhair ad hoc” cabhair nach ndeonaítear ar bhonn scéim cabhrach;

    (2)

    ciallaíonn “teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha” dálaí aimsire neamhfhabhracha amhail sioc, stoirmeacha agus clocha sneachta, oighear, báisteach throm nó sheasta nó triomaigh dhiana lena laghdaítear faoi bhreis agus 30 % an meántáirgeadh a ríomhtar ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas:

    (a)

    an tréimhse trí bliana roimhe sin;

    (b)

    meántréimhse 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin, cé is moite den iontráil is airde agus is ísle;

    (3)

    ciallaíonn “cabhair” aon bheart lena gcomhlíontar na critéir uile a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE;

    (4)

    ciallaíonn “déine cabhrach” méid comhláin na cabhrach a léirítear mar chéatadán de na costais incháilithe, sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile;

    (5)

    ciallaíonn “scéim cabhrach” aon ghníomh ar a bhonn ar féidir deonú aonair cabhrach a dhéanamh, gan tuilleadh bearta cur chun feidhme a bheith de dhíth, do ghnóthais a shainítear sa ghníomh ar bhealach ginearálta agus ar bhealach teibí agus aon ghníomh ar féidir, ar a bhonn, cabhair nach bhfuil nasctha le haon tionscadal ar leith a dheonú do ghnóthas amháin nó do roinnt gnóthas ar feadh tréimhse éiginnte nó agus/nó le haghaidh méid éiginnte;

    (6)

    ciallaíonn “bithshlándáil” bearta bainistíochta agus fisiciúla a cheaptar chun an riosca maidir le tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar go dtí, ó, agus laistigh den mhéid seo a leanas a laghdú: (a) daonra ainmhithe, nó (b) bunaíocht, crios, deighleog, modh iompair nó aon saoráid, áitreabh nó láthair eile;

    (7)

    ciallaíonn “bearta rialaithe agus díothúcháin” bearta maidir le galair ainmhithe a bhfuil údarás inniúil tar éis ráig a shainaithint go foirmiúil ina leith, nó maidir le lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha a bhfuil údarás inniúil tar éis a admháil go foirmiúil go bhfuil siad ann;

    (8)

    ciallaíonn “dáta deonaithe na cabhrach” an dáta a thugtar an ceart dlíthiúil don ghnóthas is tairbhí an chabhair a fháil faoin gcóras náisiúnta dlíthiúil is infheidhme;

    (9)

    ciallaíonn “foghail” creach a bheith á dhéanamh ag ainmhithe cosanta amhail rónta, dobhráin mhara agus éin mhara ar éisc a ghabhtar i líonta nó a choimeádtar i locháin;

    (10)

    ciallaíonn “plean meastóireachta” doiciméad lena gcumhdaítear scéim cabhrach amháin nó níos mó agus ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar a laghad: na cuspóirí a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu, na ceisteanna meastóireachta, na táscairí toraidh, an modh beartaithe chun an mheastóireacht a dhéanamh, na ceanglais maidir le bailiú sonraí, uainiú beartaithe na meastóireachta lena n-áirítear an dáta a chuirfear na tuarascálacha eatramhacha agus na tuarascálacha deiridh meastóireachta isteach, an tuairisc ar an gcomhlacht neamhspleách a dhéanfaidh an mheastóireacht nó na critéir a úsáidfear chun í a roghnú agus na rialacha mionsonraithe chun an mheastóireacht a chur ar fáil go poiblí;

    (11)

    ciallaíonn “scéim comharbachta fhioscach” scéim i bhfoirm buntáistí cánach ar leagan leasaithe í de scéim a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach agus ar scéim í a chuirtear in ionad na scéime sin;

    (12)

    ciallaíonn “iascaire” aon duine nádúrtha ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála, mar a aithníonn an Ballstát lena mbaineann;

    (13)

    ciallaíonn “táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe” na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

    (14)

    ciallaíonn “earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe” an earnáil den gheilleagar ina gcuimsítear gach gníomhaíocht táirgthe, phróiseála agus mhargaíochta a bhaineann le táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe;

    (15)

    ciallaíonn “acmhainn iascaireachta” tonnáiste soithigh in OT (Olltonnáiste) agus a chumhacht in kW (Cileavatanna) mar a shainítear in Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2017/1130 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) iad;

    (16)

    ciallaíonn “calafort iascaireachta” limistéar mara nó intíre talún agus uisce a aithníonn Ballstát go hoifigiúil agus atá comhdhéanta de bhonneagar agus de threalamh den chineál sin a cheadaíonn, go príomha, glacadh le soithí iascaireachta, a ngabhálacha a luchtú agus a dhíluchtú, na gabhálacha sin a stóráil, a ghlacadh agus a sheachadadh agus iascairí a bhordáil agus a dhíbhordáil;

    (17)

    ciallaíonn “coibhéis deontais chomhláin” an méid cabhrach dá soláthrófaí í i bhfoirm deontais don ghnóthais is tairbhí, sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile;

    (18)

    ciallaíonn “cabhair aonair” cabhair ad hoc agus dámhachtainí cabhrach do thairbhithe aonair ar bhonn scéim cabhrach;

    (19)

    ciallaíonn “iascaireacht intíre” gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí nó feistí eile, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear le haghaidh iascaireacht oighir, chun críoch tráchtála in uiscí intíre;

    (20)

    ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach” speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas agus speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní do Bhallstát mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) agus 3(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) (“Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014”);

    (21)

    ciallaíonn “tubaistí nádúrtha” creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, sciorrthaí talún, tuillte, tornádónna, spéirlingí, brúchtaí bolcánacha agus falscaithe de thionscnamh nádúrtha;

    (22)

    ciallaíonn “réigiúin is forimeallaí” na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;

    (23)

    ciallaíonn “ainmhí cosanta” aon ainmhí seachas éisc a chosnaítear le reachtaíocht an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta;

    (24)

    ciallaíonn “airleacan inaisíoctha” iasacht le haghaidh tionscadail a íoctar i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna a mbraitheann coinníollacha aisíoctha na hiasachta ar thoradh an tionscadail;

    (25)

    ciallaíonn “FBM” nó “micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide” gnóthais a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

    (26)

    ciallaíonn “iascaireacht chósta ar mhionscála” gníomhaíochtaí iascaireachta ag: (a) soithí iascaireachta muirí agus intíre ar lú ná 12 méadar a bhfad iomlán agus nach n-úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (20); nó (b) iascairí de chois, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc;

    (27)

    ciallaíonn “tús oibre” tús na hoibre tógála a bhaineann leis an infheistíocht nó an chéad ghealltanas ceangailteach ó thaobh dlí de chun trealamh a ordú nó aon ghealltanas eile a bhfuil sé mar thoradh air go mbeidh an infheistíocht dochúlaithe, cibé acu sin is luaithe. Ní mheastar gur tús oibre é talamh a cheannach ná obair réamhullmhúcháin amhail ceadúnais a fháil agus staidéir féidearthachta a dhéanamh. Maidir le táthcheangail, ciallaíonn “tús oibre” an nóiméad a fhaightear sócmhainní a bhaineann go díreach leis an mbunaíochta arna fáil;

    (28)

    ciallaíonn “seirbhísí fóirdheonaithe” foirm cabhrach i gcás ina ndeonaítear an chabhair don ghnóthas deiridh is tairbhí go hindíreach, ar cabhair chomhchineáil í, agus ina n-íoctar an chabhair le soláthraí na seirbhíse nó na gníomhaíochta atá i gceist;

    (29)

    ciallaíonn “gnóthas atá i gcruachás” gnóthas a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (18) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (21).

    2.   I dteannta na sainmhínithe a liostaítear i mír 1, tá feidhm ag na sainmhínithe dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1139 agus in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 1379/2013.

    Airteagal 3

    Tairseach fógartha

    1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair aonair le haghaidh aon tionscadal a bhfuil costais incháilithe thar EUR 2,5 milliún aige, nó ina bhfuil coibhéis deontais chomhláin na cabhrach thar EUR 1,25 milliún sa bhliain in aghaidh an ghnóthais.

    2.   Ní rachfar thar na tairseacha a leagtar amach i mír 1 de bharr na scéimeanna cabhrach nó na tionscadail cabhrach a scaradh go saorga.

    Airteagal 4

    Coinníollacha maidir le díolúine

    1.   Beidh scéimeanna cabhrach, cabhair aonair a dheonófar faoi scéimeanna cabhrach agus cabhair ad hoc comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(2) nó (3) CFAE agus beidh díolúine acu ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE ar choinníoll go gcomhlíonann an chabhair sin na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo, chomh maith leis na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an gcatagóir cabhrach ábhartha a leagtar síos i gCaibidil III den Rialachán seo.

    2.   Ní dhéanfar bearta cabhrach a dhíolmhú faoin Rialachán seo ach amháin a mhéid a ndéantar foráil shonrach iontu go gcomhlíonfaidh tairbhithe na cabhrach rialacha an Chomhbheartais Iascaigh le linn thréimhse an deontais agus go ndéanfar an chabhair a aisíoc i gcomhréir le tromchúis an tsáraithe má fhaightear amach le linn na tréimhse sin nach gcomhlíonann an tairbhí rialacha an Chomhbheartais Iascaigh.

    Airteagal 5

    Trédhearcacht na cabhrach

    1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le cabhair ar féidir coibhéis deontais chomhláin na cabhrach ex ante a ríomh go beacht ina leith gan aon riachtanas measúnú riosca a dhéanamh (“cabhair thrédhearcach”).

    2.   Measfar go bhfuil na catagóirí seo cabhrach trédhearcach:

    (a)

    cabhair ar deontais, fóirdheontais ráta úis agus seirbhísí fóirdheonaithe í;

    (b)

    cabhair arb iasachtaí í ina ríomhtar an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn an ráta tagartha atá i bhfeidhm tráth an deontais;

    (c)

    cabhair ar ráthaíochtaí í:

    (i)

    i gcás ina ríomhtar an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn préimheanna cuanta sábháilte a leagtar síos i bhfógra ón gCoimisiún; nó

    (ii)

    i gcás ina nglactar, sula gcuirtear an beart chun feidhme, leis an modheolaíocht chun coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta a ríomh ar bhonn an fhógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 de Chonradh AE maidir le státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí, nó ar bhonn aon fhógra ina dhiaidh sin, tar éis an fógra faoin modheolaíocht sin a bheith tugtha don Choimisiún i gcomhréir le haon rialachán arna ghlacadh ag an gCoimisiún i réimse na státchabhrach is infheidhme ag an am sin, agus sa chás ina sonraítear go sainráite sa mhodheolaíocht cheadaithe cineál na ráthaíochta agus cineál an idirbhirt fholuitigh atá i gceist i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

    (d)

    cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, i gcás ina ndéantar foráil sa bheart maidir le huasteorainn lena n-áirithítear nach sáraítear an tairseach is infheidhme;

    (e)

    cabhair i bhfoirm roimh-íocanna inaisíoctha, mura dtéann méid ainmniúil iomlán an airleacain inaisíoctha thar na tairseacha is infheidhme faoin Rialachán seo nó má ghlactar, sula gcuirtear an beart chun feidhme, leis an modheolaíocht chun coibhéis deontais chomhláin an airleacain inaisíoctha a ríomh i ndiaidh an fógra mar gheall air a bheith tugtha don Choimisiún.

    3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ní mheasfar go bhfuil na catagóirí seo cabhrach trédhearcach:

    (a)

    cabhair arb instealltaí caipitil í;

    (b)

    cabhair ar bearta maoiniúcháin riosca í.

    Airteagal 6

    Éifeacht dreasachta

    1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le cabhair a bhfuil éifeacht dreasachta aici.

    2.   Measfar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair má tá iarratas i scríbhinn don chabhair curtha isteach ag an ngnóthas is tairbhí chuig an mBallstát lena mbaineann sula gcuirtear tús leis an obair ar an tionscadal nó leis an ngníomhaíocht. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair:

    (a)

    ainm agus méid an ghnóthais;

    (b)

    tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear an dáta tosaithe agus an dáta críochnaithe;

    (c)

    suíomh an tionscadail nó na gníomhaíochta;

    (d)

    liosta na gcostas incháilithe; agus

    (e)

    cineál na cabhrach, (deontas, iasacht, ráthaíocht, airleacan inaisíoctha nó eile) agus an méid caiteachais phoiblí atá de dhíth don tionscadal nó don ghníomhaíocht.

    3.   Cabhair ad hoc a dheonófar d’fhiontair mhóra, measfar go bhfuil éifeacht dreasachta aici más rud é, mar aon lena áirithiú go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos i mír 2, go bhfíoraíonn an Ballstát, roimh an gcabhair ad hoc lena mbaineann a dheonú, go suitear leis an doiciméadacht a ullmhaíonn an gnóthas is tairbhí go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas mar thoradh ar an gcabhair:

    (a)

    méadú suntasach ar raon feidhme an tionscadail nó na gníomhaíochta;

    (b)

    méadú suntasach ar an méid iomlán a chaith an gnóthas is tairbhí ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht;

    (c)

    méadú suntasach ar luas chur i gcrích an tionscadail nó na gníomhaíochta lena mbaineann;

    (d)

    i gcás cabhair ad hoc infheistíochta, nach ndéanfaí an tionscadal nó an ghníomhaíocht amhlaidh sa limistéar lena mbaineann nó nach mbeadh sé nó sí sách brabúsach don ghnóthas is tairbhí sa limistéar lena mbaineann d’uireasa na cabhrach.

    4.   Measfar éifeacht dreasachta a bheith ag bearta i bhfoirm buntáistí cánach, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    leis an mbeart, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan rogha an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh; agus

    (b)

    glacadh leis an mbeart agus tá sé i bhfeidhm sular thosaigh obair ar an tionscadal nó an ghníomhaíocht chuidithe. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha, ar choinníoll gur cumhdaíodh an ghníomhaíocht cheana leis na scéimeanna a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach.

    5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní gá éifeacht dreasachta a bheith ag na cineálacha seo cabhrach nó measfar go bhfuil éifeacht dreasachta acu:

    (a)

    cabhair mar chúiteamh ar na costais a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 42, 49, 51 agus 53;

    (b)

    cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a chúiteamh, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 42, 49, 51 agus 53;

    (c)

    cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú;

    (d)

    cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a chúiteamh, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 42, 49, 51 agus 53;

    (e)

    cabhair i bhfoirm díolúintí nó laghduithe cánach arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 15(1), pointe (f) agus Airteagal 15(3) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 56 den Rialachán seo;

    (f)

    cabhair le haghaidh FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD nó a thairbhíonn díobh, má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagail 54 agus 55;

    (g)

    cabhair le haghaidh bearta margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(vii) má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagal 45;

    (h)

    cabhair le haghaidh comhpháirtíocht idir eolaithe agus iascairí má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagal 17;

    (i)

    cabhair chun caipiteal daonna, cruthú post agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagal 18.

    Airteagal 7

    Déine cabhrach agus costais incháilithe

    1.   Chun críoch déine cabhrach agus costais incháilithe a ríomh, is figiúirí roimh aon asbhaint chánach nó táille eile a bheidh sna figiúirí uile a úsáidfear. Beidh fianaise dhoiciméadach atá soiléir, sonrach agus cothrom le dáta ann le tacú leis na costais incháilithe. Ní bheidh cáin bhreisluacha (CBL) incháilithe le haghaidh cabhrach, ach amháin i gcás inar cáin neamh-inghnóthaithe faoi reachtaíocht náisiúnta í.

    2.   I gcás ina ndeonófar cabhair i bhfoirm nach deontas í, beidh méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach.

    3.   Maidir le cabhair is iníoctha ina tráthchodanna, déanfar í a lascainiú go dtí a luach ar dháta deonaithe na cabhrach. Déanfar na costais incháilithe a lascainiú go dtí a luach ar dháta deonaithe na cabhrach. Is é an ráta úis a úsáidfear chun críoch lascainithe an ráta lascaine is infheidhme ar dháta deonaithe na cabhrach.

    4.   I gcás ina ndeonófar cabhair trí mheán buntáistí cánach, déanfar tráinsí cabhrach a lascainiú ar bhonn na rátaí lascaine is infheidhme ar na dáta éagsúla a thiocfaidh na buntáistí cánach i bhfeidhm.

    5.   I gcás ina ndeonófar cabhair chun an damáiste a dhéantar nó an t-ioncam a tharscaoiltear a shlánú, déanfar í a laghdú le haon chostas nach dtabhaítear go díreach mar thoradh ar an teagmhas.

    6.   I gcás ina ndeonófar cabhair i bhfoirm airleacain in-aisíoctha a léireofar mar chéatadán de na costais incháilithe, d’uireasa modheolaíocht ar glacadh léi chun coibhéis deontais chomhláin na n-airleacan sin a ríomh, agus i gcás ina bhforáilfear leis an mbeart i gcás ina mbeidh toradh rathúil ar an tionscadal, arna shainiú sin ar bhonn hipitéis réasúnta agus stuama, go ndéanfar na hairleacain a aisíoc le ráta úis arb ionann é ar a laghad agus an ráta lascaine is infheidhme ar dháta deonaithe na cabhrach, féadfar na huasmhéideanna déine cabhrach a leagtar síos i gCaibidil III a mhéadú 10 bpointe céatadáin gan dul thar uasráta déine cabhrach 100 % de na costais incháilithe.

    7.   Comhlíonfaidh na costais incháilithe ceanglais Airteagail 53 go 57 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

    Airteagal 8

    Carnadh

    1.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cibé acu a urramaítear nó nach n-urramaítear na tairseacha fógra a leagtar síos in Airteagal 3 agus na huasmhéideanna cabhrach a leagtar síos i gCaibidil III, déanfar méid foriomlán na cabhrach le haghaidh na gníomhaíochta nó an tionscadail nó an ghnóthais a chur san áireamh, cibé acu a maoiníodh an chabhair sin le foinsí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta nó le foinsí de chuid an Aontais.

    2.   Féadfar cabhair arna díolmhú faoin Rialachán seo a charnadh le ceann amháin de na nithe seo a leanas:

    (a)

    le haon chabhair eile, fad a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe in-sainaitheanta éagsúla;

    (b)

    le haon chabhair eile, i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, bídís ag forluí go páirteach nó go hiomlán ar a chéile, ach amháin mura ndéantar an uasdéine cabhrach nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcabhair faoin Rialachán seo a shárú de dheasca an charntha sin, agus sa chás sin amháin.

    3.   Ní dhéanfar cabhair arna díolmhú faoin Rialachán seo a charnadh le haon chabhair de minimis i leith na gcostas incháilithe chéanna más rud é go mbeadh mar thoradh ar an gcarnadh sin go mbeadh déine na cabhrach níos mó ná na leibhéil dá dtagraítear i gCaibidil III.

    Airteagal 9

    Foilsiú agus faisnéis

    1.   Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfoilseofar an méid seo a leanas ar mhodúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

    (a)

    an fhaisnéis achomair dá dtagraítear in Airteagal 11 san fhormáid chaighdeánaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II nó nasc lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis sin;

    (b)

    téacs iomlán gach birt cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 11 nó nasc lena dtugtar rochtain iomlán ar an téacs iomlán;

    (c)

    an fhaisnéis maidir le gach deonú cabhrach aonair ar fiú níos mó ná EUR 10 000 é.

    Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

    2.   Maidir le scéimeanna i bhfoirm buntáistí cánach, measfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointe (c) a bheith comhlíonta má fhoilsíonn na Ballstáit an fhaisnéis atá de dhíth maidir le méideanna cabhrach aonair sna réimsí seo (in EUR milliúin):

    (a)

    0,01-0,2;

    (b)

    0,2-0,4;

    (c)

    0,4-0,6;

    (d)

    0,6-0,8;

    (e)

    0,8-1.

    3.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a eagrú ar bhealach caighdeánaithe agus beidh rochtain chaighdeánaithe uirthi, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus beifear in ann feidhmeanna cuardaigh agus íoslódála a úsáid go héifeachtach léi. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ó dháta deontaithe na cabhrach, nó maidir le cabhair i bhfoirm buntáiste cánach, déanfar an fhaisnéis a fhoilsiú laistigh de 1 bhliain amháin ó dháta dlite an dearbhaithe cánach dlite, agus beidh sí ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó dháta deonaithe na cabhrach.

    4.   I ngach scéim cabhrach agus cabhair aonair beidh tagairt shainráite don Rialachán seo, trína theideal agus a thagairt foilseacháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a lua, agus do na forálacha sonracha i gCaibidil III a bhaineann leis an gcabhair sin, nó i gcás inarb infheidhme, don dlí náisiúnta lena n-áirithítear go gcomhlíontar forálacha ábhartha an Rialacháin seo. Beidh ag gabháil leis sin a fhorálacha cur chun feidhme agus a leasuithe.

    5.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí chun foilsiú a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le cabhair a dheonófar do thionscadail CLLD faoi Airteagail 54 agus 55.

    6.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin:

    (a)

    na naisc chuig na suíomhanna gréasáin maidir le státchabhair, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

    (b)

    an fhaisnéis achomair dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

    CAIBIDIL II

    Ceanglais Nóis Imeachta

    Airteagal 10

    Tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar

    I gcás ina ndeonaíonn Ballstát cabhair a líomhnaítear a bheith díolmhaithe ón gceanglas fógra faoin Rialachán seo gan na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidlí I, II agus III de a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an deis a thabhairt don Bhallstát a thuairimí a chur in iúl, cinneadh a ghlacadh ina sonrófar go bhfuil fógra le cur chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, maidir leis na bearta cabhrach ar fad nó le cuid de na bearta cabhrach a ghlacfaidh an Ballstát lena mbaineann amach anseo, ar bearta iad lena gcomhlíonfaí ceanglais an Rialacháin seo seachas sin. Féadfar na bearta a bhfuil fógra le tabhairt mar gheall orthu a bheith teoranta do bhearta lena ndeonaítear cineálacha áirithe cabhrach, bearta i bhfabhar tairbhithe áirithe nó bearta arna nglacadh ag údaráis áirithe de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.

    Airteagal 11

    Tuairisciú

    1.   Tarchuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil chuig an gCoimisiún i bhfoirm leictreonach, tuarascáil dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún (23), maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith gach bliana iomláine nó gach coda den bhliain a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo lena linn.

    2.   Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún freisin, trí mheán córas fógra leictreonach an Choimisiúin, an fhaisnéis achomair faoi gach beart cabhrach atá díolmhaithe faoin Rialachán seo san fhormáid chaighdeánaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II, chomh maith le nasc lena dtugtar rochtain ar théacs iomlán an bhirt cabhrach, na leasuithe air san áireamh, laistigh de 20 lá oibre tar éis a theacht i bhfeidhm.

    3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le cabhair a dheonófar do thionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagail 54 agus 55.

    Airteagal 12

    Meastóireacht

    1.   Tá scéimeanna cabhrach faoi réir meastóireacht ex post más rud é go bhfuil buiséad státchabhrach nó caiteachais acu atá os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar a dtréimhse iomlán, i.e. comhfhad na scéime cabhraí agus aon scéim cabhrach a bhí ann roimhe sin lena gcumhdaítear cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil, ag tosú ón 1 Eanáir 2023. Níl gá le meastóireachtaí ex post ach amháin i gcás scéimeanna cabhrach ar mó a ré iomlán ná 3 bliana, ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh.

    2.   I dtaca leis an gceanglas maidir le meastóireacht ex post, féadfar an ceanglas sin a tharscaoileadh le haghaidh scéimeanna cabhrach ar comharba láithreach iad de scéim lenar cumhdaíodh cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil agus ar a ndearnadh meastóireacht, a thug tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach i gcomhréir leis an bplean meastóireachta a d’fhormheas an Coimisiún agus nár ghin aon toradh diúltach. I gcás nach bhfuil tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach scéime cabhrach i gcomhréir leis an bplean meastóireachta formheasta, déanfar an scéim sin a chur ar fionraí le héifeacht láithreach. Aon chomharba ar scéim cabhrach fionraithe den sórt sin. ní bheidh sé blocdhíolmhaithe.

    3.   Is é aidhm na meastóireachta a fhíorú ar baineadh amach na toimhdí agus na coinníollacha atá mar bhonn le comhoiriúnacht na scéime cabhraí, go háirithe riachtanas agus éifeachtacht an bhirt cabhrach i bhfianaise a chuspóirí ginearálta agus sonracha. Déanfaidh sí measúnú freisin ar thionchar na scéime ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

    4.   Maidir le scéimeanna cabhrach atá faoi réir an cheanglais maidir le meastóireacht de bhun mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhréachtphlean meastóireachta mar a leanas:

    (a)

    laistigh de 20 lá oibre ó theacht i bhfeidhm na scéime cabhraí, más rud é go bhfuil buiséad na scéime cabhraí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar a tréimhse iomlán;

    (b)

    laistigh de 30 lá oibre tar éis athrú suntasach a mhéadaíonn buiséad na scéime cabhraí go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime cabhraí;

    (c)

    laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas de bhreis agus EUR 150 milliún faoin scéim cabhrach in aon bhliain ar leith a taifeadadh i gcuntais oifigiúla.

    5.   Beidh an dréachtphlean meastóireachta i gcomhréir leis na prionsabail chomhchoiteanna mhodheolaíochta arna soláthar an gCoimisiún (24). Déanfaidh na Ballstáit an plean meastóireachta arna fhormheas ag an gCoimisiún a fhoilsiú.

    6.   Déanfaidh saineolaí atá neamhspleách ar an údarás deonaithe cabhrach an mheastóireacht ex post ar bhonn an phlean meastóireachta. Beidh tuarascáil mheastóireachta eatramhach amháin agus tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach amháin ar a laghad ar áireamh i ngach meastóireacht. Déanfaidh na Ballstáit an dá thuarascáil a fhoilsiú.

    7.   Cuirfear an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach faoi bhráid an Choimisiúin 9 mí ar a mhéad roimh dhul in éag na scéime cabhrach díolmhaithe. Féadfar an tréimhse sin a laghdú i gcás scéimeanna cabhrach lena spreagtar an ceanglas meastóireachta sa 2 bhliain dheireanacha de chur chun feidhme na scéime cabhrach. Leagfar amach an raon feidhme beacht agus na socruithe do gach meastóireacht sa Chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an scéim meastóireachta. San fhógra faoi aon bheart cabhrach ina dhiaidh sin a bhfuil cuspóir comhchosúil aige, déanfar cur síos ar an gcaoi ar cuireadh torthaí na meastóireachta san áireamh.

    Airteagal 13

    Faireachán

    Coimeádfaidh na Ballstáit taifid mhionsonraithe ina mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta is gá lena léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Coinneofar taifid den sórt sin ar feadh 10 mbliana ó dháta deonaithe na cabhrach ad hoc nó ó dháta deonaithe na cabhrach deireanaí faoin scéim. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de thréimhse 20 lá oibre nó tréimhse níos faide den sórt sin de réir mar a leagfar síos san iarraidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta go léir a thabhairt don Choimisiún a mheasann an Coimisiún gur gá chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    CAIBIDIL III

    Forálacha Sonracha le hAghaidh Catagóirí Difriúla Cabhrach

    Roinn 1

    An t-iascach inbhuanaithe agus athbhunú agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha uisceacha a chothú

    Airteagal 14

    Coinníollacha ginearálta

    Comhlíonfaidh an chabhair faoin Roinn seo na coinníollacha ginearálta uile seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina ndeonófar cabhair i dtaca le soitheach iascaireachta ón Aontas, ní aistreofar an soitheach sin ná ní aistreofar go clár loingseoireachta eile é lasmuigh den Aontas le linn na 5 bliana ar a laghad tar éis na híocaíochta deiridh i leith na hoibríochta dá dtabharfar tacaíocht. I gcás ina n-aistreofaí soitheach nó ina n-aistreofaí go clár loingseoireachta eile é laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát na suimeanna a íocadh go míchuí i leith na hoibríochta a aisghabháil ar mhéid atá comhréireach leis an tréimhse nár comhlíonadh an coinníoll a leagtar amach sa chéad abairt den mhír seo;

    (b)

    ní bheidh costais oibriúcháin incháilithe mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa Roinn seo.

    Airteagal 15

    Cabhair le haghaidh nuálaíochta in iascaigh

    1.   Beidh cabhair le haghaidh nuálaíochta in iascaigh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go ndíreofar leis an gcabhair ar tháirgí agus trealamh atá nua nó feabhsaithe go mór, próisis agus teicnící atá nua nó feabhsaithe, agus córais bhainistíochta agus eagrúcháin atá nua nó feabhsaithe a fhorbairt nó a thabhairt isteach, lena n-áirítear ar leibhéal na próiseála agus na margaíochta.

    2.   Déanfar seirbhísí fóirdheonaithe a mhaoineofar leis an gcabhair i gcomhar le comhlacht eolaíoch nó teicniúil atá aitheanta ag an mBallstát nó ag an Aontas, nó déanfaidh comhlacht eolaíoch nó teicniúil atá aitheanta ag an mBallstát nó ag an Aontas uaidh féin iad. Déanfaidh an comhlacht eolaíoch nó teicniúil sin torthaí oibríochtaí den sórt sin a bhailíochtú. Íocfar an chabhair go díreach leis an eagraíocht taighde agus/nó scaipthe eolais.

    3.   Beidh torthaí na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi réir poiblíocht leordhóthanach ag an mBallstát.

    4.   D’fhéadfadh na rudaí seo a leanas a bheith ina gcostais incháilithe:

    (a)

    costais foirne dhíreacha i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;

    (b)

    costais ionstraimí agus trealaimh a mhéid a úsáidtear do na hoibríochtaí iad agus fad a úsáidtear dóibh sin iad; i gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí agus an trealamh sin le haghaidh a saolré iomlán le haghaidh na n-oibríochtaí, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré na n-oibríochtaí, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;

    (c)

    costas na bhfoirgneamh agus na talún, a mhéid a úsáidtear do na hoibríochtaí iad agus fad a úsáidtear dóibh sin iad agus faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré na n-oibríochtaí, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;

    (ii)

    maidir le talamh, is costais incháilithe iad costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó costais chaipitil a thabhaítear iarbhír;

    (d)

    costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach do na hoibríochtaí; nó

    (e)

    forchostais bhreise agus speansais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí cosúla eile a thabhaítear go díreach mar thoradh ar na hoibríochtaí.

    5.   Ní bheidh an méid cabhrach faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 16

    Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha

    1.   Beidh cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go ndéanfaidh an chabhair feidhmíocht agus iomaíochas foriomlán na ngnóthas a fheabhsú agus iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn;

    (b)

    go mbeidh rochtain ag na gnóthais incháilithe uile sa limistéar lena mbaineann ar an gcabhair, bunaithe ar choinníollacha a shainmhínítear go hoibiachtúil; agus

    (c)

    go mbeidh an tseirbhís comhairle i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

    (i)

    staidéir indéantachta agus seirbhísí comhairleacha a dhéanann measúnú ar inmharthanacht bearta a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht faoi Theideal II, Caibidil II de Rialachán (AE) 2021/1139;

    (ii)

    soláthair comhairle gairmiúla faoin inbhuanaitheacht chomhshaoil, comhairle lena ndírítear ar thionchar diúltach na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhara, chósta, talún agus fionnuisce a laghdú agus, i gcás inarb indéanta, ar dheireadh a chur leis an tionchar sin;

    (iii)

    soláthair comhairle gairmiúla faoi straitéisí gnó agus margaíochta.

    2.   Na staidéir indéantachta, na seirbhísí comhairleacha agus an chomhairle dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), soláthróidh comhlachtaí eolaíocha, acadúla, gairmiúla nó teicniúla nó eintitis a sholáthraíonn comhairle eacnamaíoch a bhfuil an inniúlacht is gá acu faoin dlí náisiúnta iad.

    3.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe nó deontas díreach.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 17

    Cabhair le haghaidh comhpháirtíocht idir eolaithe agus iascairí

    1.   Beidh cabhair le haghaidh comhpháirtíocht idir eolaithe agus iascairí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    gurb é is aidhm don chabhair an t-aistriú eolais idir eolaithe agus iascairí a chothú;

    (b)

    go dtacóidh an chabhair leis an méid seo a leanas:

    (i)

    líonraí, comhaontuithe comhpháirtíochta nó comhpháirtíochtaí a chruthú idir comhlacht eolaíoch neamhspleách amháin, nó níos mó, agus iascairí nó eagraíocht iascairí amháin nó níos mó, ina bhféadfaidh comhlachtaí teicniúla a bheith rannpháirteach;

    (ii)

    na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú na líonraí, na gcomhaontuithe comhpháirtíochta, nó faoi chuimsiú na gcomhpháirtíochtaí dá dtagraítear i bpointe (i). Féadfaidh na gníomhaíochtaí sin gníomhaíochtaí bailithe sonraí agus gníomhaíochtaí bainistíochta, staidéir, treoirthionscadail, scaipeadh eolais agus torthaí taighde, seimineáir agus dea-chleachtais a chumhdach.

    2.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe nó deontas díreach.

    3.   Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe seo a leanas a thabhófar go díreach mar thoradh ar an tionscadal dá dtabharfar tacaíocht:

    (a)

    costais tuarastail dhíreacha;

    (b)

    táillí rannpháirtíochta;

    (c)

    costais taistil;

    (d)

    costais foilseachán;

    (e)

    seirbhísí bailithe sonraí, staidéir, tionscadail phíolótacha a cheannaítear;

    (f)

    áitribh agus seastáin taispeántais a fháil ar cíos agus na costais a bhaineann lena suiteáil agus lena ndíchóimeáil;

    (g)

    costais a bhaineann le heolas eolaíoch agus faisnéis fhíorasach a scaipeadh.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 18

    Cabhair chun caipiteal daonna agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn

    1.   Beidh cabhair chun caipiteal daonna agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair leis an méid seo a leanas:

    (a)

    oiliúint ghairmiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil, tionscadail chomhpháirtíochta, eolas de chineál eacnamaíoch, teicniúil, rialála nó eolaíoch agus cleachtais nuálacha a scaipeadh agus scileanna nua gairmiúla a shealbhú go háirithe na cinn sin a bhaineann le bainistíocht inbhuanaithe in éiceachórais na mara, le sláinteachas, le sláinte, le sábháilteacht, le gníomhaíochtaí san earnáil mhuirí, le nuálaíocht agus le fiontraíocht;

    (b)

    líonrú agus malartú taithí agus dea-chleachtais idir geallsealbhóirí, lena n-áirítear i measc eagraíochtaí a chuireann comhdheiseanna idir fir agus mná chun cinn, agus ról na mban sna pobail iascaireachta a chur chun cinn agus grúpaí faoi ghann-ionadaíocht a mbíonn iascaireacht chósta ar mhionscála nó iascaireacht de chois ar siúl acu a chur chun cinn; nó

    (c)

    an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ina mbíonn iascairí, páirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile rannpháirteach.

    2.   Féadfar an chabhair atá ceaptha chun tacú leis na gníomhaíochtaí a liostaítear i mír 1 a dheonú freisin do chéilí iascairí féinfhostaithe nó, i gcás ina n-aithnítear agus a mhéid a aithnítear faoin dlí náisiúnta iad, do pháirtithe saoil iascairí féinfhostaithe, nach fostaithe nó comhpháirtithe gnó iad, i gcás ina nglacann siad páirt i ngníomhaíochtaí an iascaire fhéinfhostaithe agus i gcás ina gcomhlíonann siad na cúraimí céanna nó cúraimí coimhdeacha go rialta, faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.

    3.   Ní sháróidh méid na cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo, i gcoibhéis deontais chomhláin, uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe, ach amháin i gcás oiliúint ghairmiúil loingseoireachta agus oiliúint sábháilteachta ina bhfuil feidhm ag an uasráta déine cabhrach de 100 %. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 19

    Cabhair chun éagsúlú agus cineálacha nua ioncaim a éascú

    1.   Beidh cabhair chun éagsúlú agus cineálacha nua ioncaim a éascú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    gurb é is aidhm don chabhair tacú le hinfheistíochtaí lena gcuideofar le hioncam na n-iascairí a éagsúlú trí ghníomhaíochtaí comhlántacha a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíocht ar bord, turasóireacht na slatiascaireachta, bialanna, seirbhísí comhshaoil iascaireachta agus gníomhaíochtaí oideachais maidir leis an iascaireacht;

    (b)

    go dtacóidh an chabhair le hiascairí:

    (i)

    a chuireann plean gnó isteach maidir le forbairt a ngníomhaíochtaí nua; agus

    (ii)

    a bhfuil scileanna gairmiúla leordhóthanacha acu nó a fhaigheann iad trí oibríochtaí a fhéadfar a mhaoiniú faoi Airteagal 18(1), pointe (a).

    2.   Ní dheonófar an chabhair dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) ach amháin ar choinníoll go mbaineann na gníomhaíochtaí comhlántacha le croíghnó iascaireachta an iascaire.

    3.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó ná 50 % den bhuiséad dá bhforáiltear sa phlean gnó le haghaidh gach oibríochta agus ní bheidh sé níos mó ná uasmhéid EUR 75 000 i ndáil le gach gnóthas is tairbhí.

    Airteagal 20

    Cabhair chun an chéad soitheach iascaireachta a fháil

    1.   Beidh cabhair chun an chéad soitheach iascaireachta a fháil nó chun an chéad úinéireacht pháirteach a fháil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go gcuirfidh an chabhair le gníomhaíochtaí iascaireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de a neartú agus go mbeidh faisnéis infhíoraithe agus plean gnó curtha ar fáil ag an ngnóthas is tairbhí lena bhfianaítear an méid sin; agus

    (b)

    go dtacóidh an chabhair leis an gcéad soitheach iascaireachta a fháil ag duine nádúrtha nach bhfuil os cionn 40 bliain d’aois ar an dáta a chuirtear isteach an t-iarratas ar chabhair agus a d’oibrigh 5 bliana ar a laghad mar iascaire nó a bhfuil cáilíochtaí leormhaithe bainte amach aige.

    2.   Féadfar cabhair faoi mhír 1 a dheonú freisin d’eintitis dhlítheanacha atá faoi lánúinéireacht duine nádúrtha amháin nó níos mó a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 1.

    3.   Féadfar cabhair faoin Airteagal seo a dheonú maidir leis an gcéad soitheach iascaireachta a fháil go comhpháirteach ag roinnt daoine nádúrtha, daoine a gcomhlíonann gach duine acu na coinníollacha a leagtar amach i mír 1.

    4.   Féadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú freisin maidir leis an gcéad úinéireacht pháirteach ar shoitheach iascaireachta a fháil ag duine nádúrtha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus a measfar cearta rialaithe a bheith aige i ndáil leis an soitheach sin trí 33 % ar a laghad den soitheach iascaireachta nó de scaireanna an tsoithigh iascaireachta a bheith faoina úinéireacht, nó ag eintiteas dlítheanach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 agus a measfar cearta rialaithe a bheith aige i ndáil leis an soitheach sin trí 33 % ar a laghad den soitheach iascaireachta nó de scaireanna an tsoithigh iascaireachta a bheith faoina úinéireacht.

    5.   Ní dheonófar cabhair ach amháin i leith soitheach iascaireachta a chomhlíonann na ceanglais uile seo a leanas:

    (a)

    go mbainfidh sé le roinn chabhlaigh ar léiríodh ina leith sa tuarascáil is déanaí maidir le hacmhainn iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go raibh cothromaíocht ann maidir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin;

    (b)

    go mbeidh sé feistithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta;

    (c)

    nach faide ná 24 mhéadar a fhad foriomlán;

    (d)

    go raibh sé cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais do 3 bliana féilire, ar a laghad, roimh an mbliain a tíolacfar an t-iarratas ar chabhair i gcás soitheach iascaireachta cósta ar mhionscála, agus ar feadh 5 bliana féilire ar a laghad i gcás cineál eile soithigh; agus

    (e)

    go raibh sé cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais do 30 bliain féilire, ar a mhéad, roimh an mbliain a tíolacfar an t-iarratas ar chabhair.

    6.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 40 % de na costais incháilithe agus ní bheidh sé níos mó, i gcás ar bith, ná EUR 75 000 in aghaidh an iascaire agus an tsoithigh iascaireachta.

    Airteagal 21

    Cabhair chun sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre na n-iascairí a fheabhsú

    1.   Beidh cabhair chun sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre na n-iascairí a fheabhsú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    nach ndeonófar an chabhair ach amháin i leith infheistíochtaí ar bord nó i dtrealamh aonair agus go rachaidh na hinfheistíochtaí sin thar na caighdeáin a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta; agus

    (b)

    nach dtacóidh an chabhair le hoibríochtaí a chuireann méadú ar olltonnáiste soitheach iascaireachta.

    2.   Maidir le hoibríochtaí lena ndíreofar ar shábháilteacht na n-iascairí a fheabhsú, beidh ceannach agus, más infheidhme, suiteáil na nithe seo a leanas incháilithe do thacaíocht:

    (a)

    raftaí tarrthála;

    (b)

    aonaid scaoilte hidreastatacha le haghaidh raftaí tarrthála;

    (c)

    rabhcháin aimsiúcháin phearsanta amhail gairis Rabhcháin Raidió lena Léirítear Suíomh Éigeandála (“EPIRB”), a bhféadfar iad a chomhtháthú i seaicéid tarrthála agus in éadaí oibre na n-iascairí;

    (d)

    Gairis Snámhachta Phearsanta (“PFD”), go háirithe cultacha cosantacha nó cultacha frithnochta, baoithe tarrthála agus seaicéid;

    (e)

    bladhmanna guaise;

    (f)

    fearais caitheamh líne;

    (g)

    córais tarrthála duine i bhfarraige (“MOB”);

    (h)

    fearas comhraicthe dóiteáin, amhail múchtóirí dóiteáin, pluideanna dóiteáin, brathadóirí dóiteáin agus deataigh, fearas anála;

    (i)

    doirse cosanta dóiteáin;

    (j)

    comhlaí stoptha umar breosla;

    (k)

    brathadóirí gáis agus córais aláraim gáis;

    (l)

    caidéil ruma agus aláraim;

    (m)

    trealamh le haghaidh cumarsáid raidió agus satailíte;

    (n)

    haistí agus doirse uiscedhíonacha;

    (o)

    cosaintí ar an innealra, amhail castainní nó drumaí eangacha;

    (p)

    geataí bordála agus dréimirí rochtana;

    (q)

    soilsiú cuardaigh, deice nó éigeandála;

    (r)

    scaoilteán sábháilteachta le haghaidh cásanna ina dtéann trealamh iascaireachta i bhfostú i mbaic faoi uisce;

    (s)

    ceamaraí agus monatóirí sábháilteachta;

    (t)

    an trealamh agus na gnéithe is gá chun feabhas a chur ar an tsábháilteacht deice.

    3.   Maidir leis na hoibríochtaí nó an soláthar trealaimh lena ndíreofar ar dhálaí sláinte na n-iascairí a fheabhsú, beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do thacaíocht:

    (a)

    ceannach agus suiteáil fearais garchabhrach;

    (b)

    ceannach leighis agus gairis le haghaidh cóir leighis phráinneach;

    (c)

    soláthar teilileighis, lena n-áirítear ríomhtheicneolaíochtaí, trealamh agus íomhánna leighis a chuirtear i bhfeidhm ar chianchomhairliúchán ó na soithí;

    (d)

    soláthar treoirleabhar agus lámhleabhar chun feabhas a chur ar an tsláinte;

    (e)

    feachtais faisnéise chun feabhas a chur ar an tsláinte.

    4.   Maidir leis na hoibríochtaí nó an soláthar trealaimh lena ndíreofar ar dhálaí sláinteachais na n-iascairí a fheabhsú, beidh ceannach agus, más infheidhme, suiteáil na nithe seo a leanas incháilithe do thacaíocht:

    (a)

    saoráidí sláintíochta, amhail saoráidí leithris agus níocháin;

    (b)

    saoráidí cistine agus trealamh chun soláthairtí bia a stóráil;

    (c)

    gairis íonaithe uisce le haghaidh uisce inólta;

    (d)

    trealamh nó córais aerála, glantacháin nó díghalraithe chun dálaí sláintíochta leordhóthanacha a choinneáil ar bun ar bord;

    (e)

    treoirleabhair agus lámhleabhair maidir le feabhas a chur ar an sláinteachas ar bord, lena n-áirítear uirlisí bogearraí.

    5.   Maidir leis na hoibríochtaí nó an soláthar trealaimh lena ndíreofar ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta a fheabhsú, beidh ceannach agus, más infheidhme, suiteáil na nithe seo a leanas incháilithe do thacaíocht:

    (a)

    ráillí deice;

    (b)

    struchtúir boird fothana agus nuachóiriú cábán d’fhonn cosaint a thabhairt ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha;

    (c)

    nithe a bhaineann le feabhas a chur ar shábháilteacht cábáin agus le spásanna comhroinnte le haghaidh an chriú a sholáthar;

    (d)

    trealamh chun ardú láimhe trom a laghdú, seachas meaisíní a bhaineann go díreach leis na hoibríochtaí iascaireachta amhail castainní;

    (e)

    péint fhrithshleamhnánach agus mataí rubair;

    (f)

    trealamh inslithe in aghaidh torainn, teasa nó fuachta, agus trealamh chun feabhas a chur ar an aeráil;

    (g)

    éadaí oibre agus trealamh sábháilteachta amhail buataisí sábháilteachta uiscedhíonacha, cosaint súile agus anála, lámhainní agus clogaid, nó trealamh cosanta in aghaidh titime;

    (h)

    comharthaí rabhaidh éigeandála agus sábháilteachta;

    (i)

    anailís riosca agus measúnaithe chun na rioscaí le haghaidh iascairí i gcalafort agus ar muir araon a shainaithint chun bearta a dhéanamh chun rioscaí a chosc nó a laghdú;

    (j)

    treoirleabhair agus lámhleabhair maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre ar bord;

    (k)

    comhfheithiclí le haghaidh iompar ó chriosanna sliogéisc go dtí áiteanna céad díola;

    (l)

    saoráidí ar tír d’iascairí de chois a chuireann feabhas ar dhálaí oibre, amhail seomraí feistis, seomraí folctha agus saoráidí sláintíochta eile, go háirithe iad siúd a spreagann agus a chuireann chun cinn iontráil na mban i margadh an tsaothair.

    6.   Deonófar an chabhair d’iascairí, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, iascaire de chois nó úinéirí soithí iascaireachta.

    7.   I gcás inarb infheistíocht ar bord atá san oibríocht, ní dheonófar an chabhair don soitheach iascaireachta céanna níos mó ná uair amháin le haghaidh an chineáil chéanna infheistíochta le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2029. I gcás inarb infheistíocht i dtrealamh aonair atá san oibríocht, ní dheonófar an chabhair don ghnóthas céanna is tairbhí níos mó ná uair amháin le haghaidh an chineáil chéanna trealaimh le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2029.

    8.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 22

    Cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha

    1.   Beidh cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    gurb é is aidhm don chabhair ranníocaíocht a dhéanamh le préimheanna árachais nó cistí frithpháirteacha a íocann cúiteamh airgeadais le hiascairí as caillteanais eacnamaíocha a tharlaíonn de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta, géarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha nó teagmhais chomhshaoil nó as na costais tarrthála i gcás iascairí nó soithí iascaireachta ar éirigh timpistí dóibh ar muir le linn a ngníomhaíochtaí iascaireachta;

    (b)

    nach mbeidh róchúiteamh níos mó ná an caillteanas eacnamaíoch arna thabhú mar thoradh ar an meascán de chúiteamh airgeadais arna íoc ag cistí frithpháirteacha faoin Airteagal seo le hionstraimí an Aontais nó le hionstraimí náisiúnta eile nó le scéimeanna árachais;

    (c)

    nach n-éileoidh ná nach sonróidh an t-árachas cineál ná méid na táirgeachta sa todhchaí agus nach bhfuil an chabhair teoranta d’árachas arna sholáthar ag cuideachta árachais ar leith nó ag grúpa cuideachtaí ar leith; agus

    (d)

    go mbeidh an ciste frithpháirteach creidiúnaithe ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo:

    (a)

    is iad na géarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, na teagmhais chomhshaoil nó na timpistí ar muir dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) na cinn sin a aithníonn údarás inniúil an Bhallstáit go foirmiúil a tharla;

    (b)

    tuigfear gurb é is ciall do “ciste frithpháirteach” scéim arna creidiúnú ag an mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta le haghaidh iascairí cleamhnaithe chun iad féin a chur faoi árachas, trína ndéantar íocaíochtaí cúitimh le hiascairí cleamhnaithe le haghaidh caillteanais eacnamaíocha arb iad na teagmhais a liostaítear i mír 1, pointe (a) is cúis leo. Beidh bearta trédhearcacha i leith íocaíochtaí isteach sa chiste agus aistarraingtí amach as an gciste frithpháirteach agus beidh rialacha soiléire ina leith lena leagtar síos freagrachtaí as aon fhiach a thabhaítear.

    3.   Beidh an uasdéine cabhrach teoranta do:

    (a)

    50 % de na suimeanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le hiascairí;

    (b)

    100 % de na costais riaracháin a bhaineann leis an gciste frithpháirteach a bhunú;

    (c)

    70 % de chostais na préimhe árachais;

    (d)

    50 % de chaipitliú tosaigh an chiste.

    4.   Na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), ní dheonófar iad ach chun caillteanas mar thoradh ar ghéarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais chomhshaoil nó timpistí ar muir a chúiteamh.

    Airteagal 23

    Cabhair chun tacú le córais lena leithdháiltear deiseanna iascaireachta

    1.   Beidh cabhair chun tacú le córais lena leithdháiltear deiseanna iascaireachta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    gurb é is aidhm don chabhair tacaíocht a thabhairt maidir leis na córais lena leithdháiltear na deiseanna iascaireachta idir na Ballstáit a dhearadh, a fhorbairt, a mheas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun na gníomhaíochtaí iascaireachta a oiriúnú do na deiseanna iascaireachta; agus

    (b)

    go ndeonófar an chabhair do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha nó d’eagraíochtaí iascairí a aithníonn an Ballstát, lena n-áirítear eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí a bhaineann le comhbhainistíocht a dhéanamh ar na córais lena leithdháiltear na deiseanna iascaireachta.

    2.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe nó deontas díreach.

    3.   Ní fhéadfar ach na costais incháilithe seo a leanas a chumhdach leis an gcabhair:

    (a)

    costais tuarastail dhíreacha;

    (b)

    ceannach nó léasú sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe suas le luach margaidh na sócmhainne;

    (c)

    costais foilseachán; nó

    (d)

    ceannach seirbhísí nó staidéar um dhearadh agus forbairt.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 24

    Cabhair chun tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol a theorannú agus an iascaireacht a chur in oiriúint do chosaint speiceas

    1.   Beidh cabhair chun tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol a theorannú agus an iascaireacht a chur in oiriúint do chosaint speiceas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll: go ndíreoidh an chabhair ar thionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a laghdú, ar chuidiú le deireadh a chur de réir a chéile leis na hábhair aischurtha agus ar an aistriú chuig saothrú inbhuanaithe bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a éascú.

    2.   Tacóidh an chabhair leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    infheistíochtaí i dtrealamh chun feabhas a chur ar roghnaíocht méide nó ar roghnaíocht speiceas an trealaimh iascaireachta;

    (b)

    infheistíochtaí ar bord nó i dtrealamh lena gcuirtear deireadh leis an aischur trí ghabhálacha stoc tráchtála de thaisme a sheachaint agus a laghdú nó trí dhéileáil le gabhálacha nach bhfuil de dhíth i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

    (c)

    infheistíochtaí i dtrealamh chun tionchair fhisiceacha agus bhitheolaíocha na hiascaireachta ar an éiceachóras nó ar ghrinneall na farraige a theorannú agus, i gcás inarb indéanta, deireadh a chur leis; nó

    (d)

    infheistíochtaí i dtrealamh lena gcosnaítear fearais iascaireachta agus gabhálacha ar mhamaigh agus ar éin atá faoi chosaint Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (25) nó atá faoi chosaint Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), ar choinníoll nach mbaintear an bonn den roghnaíocht maidir leis an bhfearas iascaireachta agus go dtugtar isteach na bearta uile is iomchuí chun damáiste fisiciúil do na creachadóirí a sheachaint.

    3.   Ní dheonófar an chabhair don soitheach iascaireachta céanna ón Aontas agus don chineál céanna trealaimh níos mó ná uair amháin le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2029.

    4.   Ní dheonófar an chabhair ach i gcás ina dtaispeánfar go bhfuil roghnaíocht méide níos fearr ag an bhfearas iascaireachta nó ag trealamh eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó go bhfuil tionchar níos ísle acu ar an éiceachóras agus ar speicis nach spriocspeicis iad ná mar atá ag an trealamh caighdeánach nó ag fearas eile atá ceadaithe faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí ábhartha náisiúnta arna ghlacadh i gcomhthéacs an réigiúnaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    5.   Deonófar an chabhair:

    (a)

    d’úinéirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar cláraíodh a soithí mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 60 lá ar a laghad ar muir le linn an 2 bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais ar chabhair;

    (b)

    d’iascairí ar leo an fearas atá le hathsholáthar agus a d’oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais ar feadh 60 lá ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais ar chabhair;

    (c)

    d’eagraíochtaí iascairí atá aitheanta ag an mBallstát.

    6.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 25

    Cabhair le haghaidh nuálaíocht atá nasctha le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara

    1.   Beidh cabhair le haghaidh nuálaíocht atá nasctha le caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go ndíreoidh an chabhair ar rannchuidiú le deireadh a chur de réir a chéile leis na hábhair aischurtha agus le foghabhálacha agus ar an aistriú chuig saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a éascú agus ar thionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht agus ar ainmhithe cosanta a laghdú;

    (b)

    go dtacóidh an chabhair le hoibríochtaí lena ndíreofar ar eolas teicniúil nó eagraíochtúil nua a fhorbairt nó a thabhairt isteach lena laghdófar tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an gcomhshaol, lena n-áirítear teicnící iascaireachta agus roghnaíocht fearas níos fearr, nó le hoibríochtaí lena ndíreofar ar úsáid níos inbhuanaithe a bhaint as acmhainní bitheolaíocha na mara agus ar an gcomhaireachtáil le hainmhithe cosanta;

    (c)

    go ndéanfar oibríochtaí dá dtabharfar tacaíocht i gcomhar le comhlacht eolaíoch nó teicniúil atá aitheanta ag an mBallstát a dhéanfaidh torthaí na n-oibríochtaí sin a bhailíochtú, nó go ndéanfaidh comhlacht eolaíoch nó teicniúil atá aitheanta ag an mBallstát uaidh féin iad; agus

    (d)

    go mbeidh torthaí na n-oibríochtaí dá dtabharfar tacaíocht faoi réir poiblíocht leordhóthanach ag an mBallstát.

    2.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhísí fóirdheontais.

    3.   Ní sháróidh soithí iascaireachta a bhfuil baint acu le tionscadail arna maoiniú faoin Airteagal seo 5 % de líon shoithí iascaireachta an chabhlaigh náisiúnta ná 5 % de thonnáiste an chabhlaigh náisiúnta in olltonnáiste, arna ríomh tráth glactha na hionstraime tacaíochta.

    4.   Ní fhéadfadh ach na rudaí seo a leanas a bheith ina gcostais incháilithe:

    (a)

    costais foirne dhíreacha i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;

    (b)

    costais ionstraimí agus trealaimh a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad; i gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí agus an trealamh sin le haghaidh a saolré iomlán le haghaidh an tionscadail, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;

    (c)

    costas na bhfoirgneamh agus na talún, a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad agus faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;

    (ii)

    maidir le talamh, is iad costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó costais chaipitil a thabhaítear iarbhír, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;

    (d)

    costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal; nó

    (e)

    forchostais bhreise agus speansais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal.

    5.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 26

    Cabhair chun bithéagsúlacht agus éiceachórais agus córais na mara a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe

    1.   Beidh cabhair chun bithéagsúlacht agus éiceachórais agus córais na mara a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de.

    2.   Leis an gcabhair faoin Airteagal seo, tacófar leis na hoibríochtaí seo a leanas:

    (a)

    bailiú dramhaíola ón muir ag an iascaire amhail trealamh iascaireachta a cailleadh agus bruscar muirí a bhailiú go héighníomhach; níl ach na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do thacaíocht:

    (i)

    trealamh iascaireachta a bhaint ón bhfarraige, go háirithe chun dul i ngleic leis an trealamh sí;

    (ii)

    ceannach agus, más infheidhme, suiteáil trealamh ar bord chun bruscar a bhailiú agus a stóráil;

    (iii)

    cruthú scéimeanna bailithe dramhaíola le haghaidh iascairí rannpháirteacha, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais;

    (iv)

    ceannach agus, más infheidhme, suiteáil trealamh atá bunaithe i saoráidí i gcalafoirt iascaireachta chun bruscar a stóráil agus a athchúrsáil;

    (v)

    cumarsáid, faisnéis, feachtais múscailte feasachta, chun iascairí agus páirtithe leasmhara eile a spreagadh a bheith rannpháirteach i dtionscadail chun trealamh iascaireachta a cailleadh a bhaint; nó

    (vi)

    oiliúint le haghaidh iascairí agus gníomhairí calafoirt.

    (b)

    tógáil, suiteáil nó nuachóiriú saoráidí buana nó sochorraithe atá beartaithe chun fauna agus flora muirí a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus meastóireacht a dhéanamh orthu; níl ach na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do thacaíocht:

    (i)

    ceannach agus, más infheidhme, suiteáil saoráidí chun limistéir mhuirí a chosaint ar an trálaeireacht;

    (ii)

    ceannach agus, más infheidhme, suiteáil saoráidí chun éiceachórais mhuirí dhíghrádaithe a athbhunú; nó

    (iii)

    na costais a bhaineann le réamhobair amhail sirtheoireacht, staidéir eolaíocha nó meastóireachtaí.

    Ní bheidh éadáil soitheach atá le dul faoi uisce agus a úsáidtear mar sceir shaorga incháilithe.

    (c)

    cur le bainistiú nó caomhnú níos fearr a dhéanamh i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha muirí trí na nithe seo a leanas a shuiteáil nó na gníomhaíochtaí agus na tionscadail seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    crúcaí ciorclacha;

    (ii)

    feistí fuaimchiaptha;

    (iii)

    feistí eisiatóra turtar (“TEDanna”);

    (iv)

    línte scanraithe éan;

    (v)

    uirlisí nó feistí eile atá cruthaithe a bheith éifeachtúil ó thaobh gabhálacha de thaisme de speicis chosanta a chosc;

    (vi)

    oiliúint le haghaidh iascairí maidir le bainistiú nó caomhnú níos fearr a dhéanamh i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha muirí;

    (vii)

    tionscadail lena ndírítear ar ghnáthóga cósta tábhachtacha le haghaidh éisc, éin agus orgánaigh eile;

    (viii)

    tionscadail lena ndírítear ar limistéir thábhachtacha le haghaidh atáirgeadh éisc, amhail bogaigh chósta; nó

    (ix)

    trealamh iascaireachta ísealtionchair a chur in ionad trealamh iascaireachta atá ann cheana, na costais a bhaineann le potaí éisc agus gaistí éisc, jigeáil agus línte láimhe a dhéanamh;

    (d)

    rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí eile atá dírithe ar chothabháil agus ar fheabhsú seirbhísí bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais, amhail gnáthóga muirí nó cósta ar leith a athbhunú chun tacú le stoic éisc inbhuanaithe lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus meastóireacht a dhéanamh; tá na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do thacaíocht:

    (i)

    scéimeanna chun teicnící faireacháin nua a thástáil, agus go háirithe:

    córais chianfhaireacháin leictreonacha, amhail teilifís ciorcaid iata (“CCTV”) nó córais físrialúcháin, chun faireachán agus taifead a dhéanamh ar ghabhálacha de thaisme d’ainmhithe chosanta;

    sonraí aigéaneolaíochta amhail teocht, salandacht, planctón, blásanna algach nó moirtiúlacht a thaifeadadh;

    speicis choimhthíocha ionracha (IAS) a mhapáil;

    gníomhaíochtaí, lena n-áirítear staidéir, chun leathadh IAS a chosc agus a rialú;

    (ii)

    dreasachtaí airgeadais chun gairis taifeadta uathoibríocha a shuiteáil ar bord chun faireachán agus taifead a dhéanamh ar shonraí aigéaneolaíochta amhail teocht, salandacht, planctón, blásanna algach nó moirtiúlacht;

    (iii)

    bearta lena laghdaítear an truailliú fisiceach agus ceimiceach;

    (iv)

    bearta lena laghdaítear brúnna fisiceacha eile, lena n-áirítear torann antrapaigineach faoi uisce a dhéanann dochar don bhithéagsúlacht;

    (v)

    bearta caomhnaithe dearfacha chun flóra agus fána a chosaint agus a chaomhnú, lena n-áirítear speicis dhúchasacha a thabhairt isteach an athuair nó a stocáil, agus prionsabail an Bhonneagair Ghlais dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an mBonneagar Glas (27) a chur i bhfeidhm; nó

    (vi)

    bearta chun IAS a chosc, a rialú nó a dhíothú.

    3.   Beidh an tacaíocht faoi mhír 2, pointe (d) faoi réir aitheantas foirmiúil scéimeanna nó bearta den sórt sin ag údaráis inniúil na mBallstát. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú freisin nach mbeidh aon róchúiteamh ann mar thoradh ar an teaglaim de scéimeanna, idir scéimeanna Aontais, scéimeanna náisiúnta agus scéimeanna príobháideacha.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 27

    Cabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú

    1.   Beidh cabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú, cé is moite de chabhair chun innill a ionadú nó a nuachóiriú, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de.

    2.   Leis an gcabhair a dheonófar faoin Airteagal seo, ní fhéadfar ach na bearta seo a leanas a chumhdach:

    (a)

    infheistíochtaí i dtrealamh nó ar bord atá dírithe ar astú na dtruailleán a laghdú nó ar gháis cheaptha teasa a laghdú agus ar éifeachtúlacht fuinnimh na soithí iascaireachta a mhéadú. Tá infheistíochtaí i dtrealamh iascaireachta incháilithe freisin ar an gcoinníoll nach ndéanfaí an bonn a bhaint de roghnaíocht an trealaimh iascaireachta sin;

    (b)

    iniúchtaí agus scéimeanna um éifeachtúlacht fuinnimh; nó

    (c)

    staidéir chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na gcóras malartach tiomána agus dearaí malartacha na gcabhlacha le héifeachtúlacht soithí iascaireachta.

    3.   Ní dheonófar cabhair a liostaítear faoi mhír 2 ach amháin d’úinéirí soithí iascaireachta agus ní dheonófar í don soitheach iascaireachta céanna níos mó ná uair amháin le haghaidh an chineáil chéanna infheistíochta le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2029.

    4.   Is iad na costais incháilithe na costais bhreise dhíreacha a thabhaítear mar thoradh ar oibríochtaí lena mbaineann. Chun críocha phointe (a) i mír 2, costais incháilithe a bhaineann leis na rudaí seo a leanas:

    (i)

    bearta lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar hidridinimic chabhail an tsoithigh, ní fhéadfar a chumhdach leo ach na rudaí seo a leanas:

    infheistíochtaí i sásraí cobhsaíochta amhail cílí ruma agus boghanna bleibíneacha a rannchuidíonn le feabhas a chur ar an acmhainn farraige agus ar an gcobhsaíocht;

    na costais a bhaineann le frithsmálú neamhthocsaineach amhail bratú copair chun frithchuimilt a laghdú;

    na costais i gcoibhneas leis an ngaireas stiúrtha, amhail córais um ghaireas stiúrtha a rialú agus stiúracha iomadúla chun gníomhaíocht stiúrach a laghdú ag brath ar an aimsir agus ar dhálaí staid na farraige; nó

    tástáil umair chun bunús a sholáthar le feabhas a chur ar hidridinimic;

    (ii)

    bearta lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar chóras tiomána an tsoithigh, ní fhéadfar a chumhdach leo ach costais a bhaineann le ceannach, agus más gá, le suiteáil na nithe seo a leanas:

    liáin fhuinneamhéifeachtúla lena n-áirítear seaftaí tiomána;

    catalaitheoirí;

    gineadóirí fuinneamhéifeachtúla amhail na gineadóirí sin ina n-úsáidtear hidrigin nó gás nádúrtha;

    eilimintí tiomána lena gcuirtear fuinneamh in-athnuaite ar fáil amhail seolta, eitleoga, muilinn gaoithe, tuirbíní nó grianphainéil;

    ceartaitheoirí tosaigh;

    eacnaiméadair, córais bainistithe breosla agus córais faireacháin; nó

    infheistíochtaí i mbuinní lena gcuirtear feabhas ar an gcóras tiomána;

    (iii)

    infheistíochtaí i dtrealamh iascaireachta agus i bhfaireas iascaireachta, ní fhéadfar a chumhdach leo ach costais a bhaineann leis na bearta seo a leanas:

    athrú ó threalamh iascaireachta tarraingthe go trealamh iascaireachta malartach;

    modhnuithe ar an trealamh iascaireachta tarraingthe; nó

    infheistíochtaí i bhfearas faireacháin a bhaineann leis an trealamh iascaireachta tarraingthe;

    (iv)

    infheistíochtaí lena ndíreofar ar an leictreachas nó ar an bhfuinneamh teirmeach a laghdú, ní fhéadfar a chumhdach leo ach na hinfheistíochtaí seo a leanas:

    infheistíochtaí chun feabhas a chur ar chuisniú, ar reo nó ar chórais inslithe le haghaidh soithí; nó

    infheistíochtaí chun athchúrsáil teasa a spreagadh laistigh den soitheach tríd an teas a shlánú agus a athúsáid le haghaidh oibríochtaí tánaisteacha eile laistigh den soitheach.

    Ní bheidh na costais a bhaineann le cothabháil bhunúsach cabhlach incháilithe chun cabhair a fháil faoi phointe (a) i mír 2.

    5.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 28

    Cabhair do bhreisluach, cáilíocht táirge agus úsáid gabhálacha de thaisme

    1.   Beidh cabhair do bhreisluach, do cháilíocht táirgí agus d’úsáid na ngabhálacha de thaisme a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go ndíreofar leis an gcabhair ar fheabhas a chur ar bhreisluach nó ar chaighdeán na n-iasc a ghabhtar;

    (b)

    nach gcumhdófar ach na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

    (i)

    infheistíochtaí chun luach a chur le táirgí iascaigh, go háirithe trí cheadú d’iascairí a ngabhálacha féin a phróiseáil, a mhargú agus a dhíol go díreach; nó

    (ii)

    infheistíochtaí nuálacha ar bord lena gcuirtear feabhas ar chaighdeán na dtáirgí iascaigh.

    2.   Ní thabharfar an chabhair dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(ii), ach amháin ar choinníoll go n-úsáidfear trealaimh roghnaitheacha chun gabhálacha de thaisme a íoslaghdú agus ní dheonófar í ach amháin d’úinéirí shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a rinne gníomhaíocht iascaireachta ar feadh 60 lá ar a laghad ar muir le linn an 2 bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais ar chabhair.

    3.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 29

    Cabhair do chalafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus foscadáin

    1.   Beidh cabhair do chalafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus foscadáin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go ndíreofar leis an gcabhair ar cháilíocht, rialú agus inrianaitheacht an táirge a chuirtear i dtír a fheabhsú, ar éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus ar chur le cosaint an chomhshaoil agus le sábháilteacht agus dálaí oibre a fheabhsú;

    (b)

    go gcumhdófar leis an gcabhair na costais incháilithe a dhéanann na rudaí seo a leanas:

    (i)

    feabhas a chur ar bhonneagar na gcalafoirt iascaireachta, na hallaí ceantála, na láithreán ag a dtugtar iasc i dtír agus foscadáin, lena n-áirítear infheistíochtaí i saoráidí glactha leordhóthanacha le haghaidh trealamh iascaireachta a cailleadh agus bruscar muirí arna bhailiú ón bhfarraige;

    (ii)

    comhlíonadh na hoibleagáide a éascú maidir leis na gabhálacha go léir a thabhairt i dtír de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le hAirteagal 8(2), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 nó lena gcuirtear luach le codanna tearcúsáidte den ghabháil; nó

    (iii)

    feabhas a chur ar shábháilteacht iascairí trí bhíthin foscadáin a thógáil nó a nuachóiriú.

    2.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 30

    Cabhair le haghaidh iascaireacht intíre agus fauna agus flora uisceach intíre

    1.   Beidh cabhair le haghaidh iascaireacht intíre agus fauna agus flora uisceach intíre a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll gurb é is aidhm don chabhair:

    (a)

    tionchar na hiascaireachta intíre ar an gcomhshaol a laghdú;

    (b)

    an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú;

    (c)

    luach nó cáilíocht na n-iasc a ghabhtar a fheabhsú; nó

    (d)

    an tsláinte, an tsábháilteacht, dálaí oibre, an caipiteal daonna agus an oiliúint a fheabhsú.

    2.   Leis an gcabhair faoin Airteagal seo, ní fhéadfar tacú ach leis na costais incháilithe seo a leanas:

    (a)

    infheistíochtaí i gcur chun cinn an chaipitil dhaonna, cruthú post agus idirphlé sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 18 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;

    (b)

    infheistíochtaí ar bord nó i dtrealamh aonair dá dtagraítear in Airteagal 21 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;

    (c)

    infheistíochtaí i dtrealamh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;

    (d)

    infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus maolú éifeachtaí an athraithe aeráide dá dtagraítear in Airteagal 27 agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach san Airteagal sin;

    (e)

    infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas ar bhreisluach nó ar chaighdeán na n-iasc a ghabhtar dá dtagraítear in Airteagal 28 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;

    (f)

    infheistíochtaí i gcalafoirt iascaireachta, foscadáin agus láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír dá dtagraítear in Airteagal 29 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin; nó

    (g)

    infheistíochtaí i líonta nó trealamh iascaireachta eile atá faoi réir níos mó caithimh agus cuimilte de dheasca damáiste a dhéanann ainmhithe seachas éisc, lena n-áirítear speicis ionracha, agus i dtrealamh gaolmhar.

    3.   Féadfaidh an chabhair tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le hAirteagal 15, leis na seirbhísí comhairleacha i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le comhpháirtíochtaí idir eolaithe agus iascairí i gcomhréir le hAirteagal 17.

    4.   Chun éagsúlú ag iascairí intíre a chothú, leis an gcabhair, féadfar tacú le héagsúlú i ngníomhaíochtaí iascaireachta intíre do ghníomhaíochtaí comhlántacha faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19.

    5.   Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo:

    (a)

    tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagail 21, 24, 27 agus 28 do shoithí iascaireachta tagairtí do shoithí a oibríonn in uiscí intíre amháin;

    (b)

    tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagal 24 don mhuirthimpeallacht tagairt don timpeallacht ina n-oibríonn an soitheach iascaireachta intíre;

    (c)

    coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 21, 24 agus 27 a bhaineann go sonrach le soithigh iascaireachta muirí, ní leathnófar iad chun an iascaireacht intíre a chumhdach.

    6.   Chun fauna agus flora uisceach a chosaint agus a fhorbairt, leis an gcabhair, ní fhéadfar tacú ach leis an méid seo a leanas:

    (a)

    bainistiú, athbhunú agus faireachán láithreáin NATURA 2000 a bhfuil tionchar ag gníomhaíochtaí iascaireachta orthu agus le hathshlánú na n-uiscí intíre i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), lena n-áirítear láithreacha sceite agus bealaí imirce do speicis imirceacha, gan dochar d’Airteagal 26(2), pointe (d), den Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, in éineacht le rannpháirtíocht iascairí intíre;

    (b)

    tógáil, suiteáil nó nuachóiriú saoráidí buana nó sochorraithe atá beartaithe chun fauna agus flora uisceach a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh na soithí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo de bheith ag oibriú in uiscí intíre amháin.

    8.   Ní sháróidh méid na cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo, i gcoibhéis deontais chomhláin, uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe, cé is moite den bheart i mír 2, pointe (g), ag a mbeidh feidhm ag uasráta déine cabhrach de 40 %. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Roinn 2

    Gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe a chothú

    Airteagal 31

    Coinníollacha ginearálta

    1.   Comhlíonfaidh cabhair a dheonófar faoin Roinn seo na coinníollacha ginearálta seo a leanas:

    (a)

    beidh an chabhair teoranta do ghnóthais dobharshaothraithe mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo;

    (b)

    i gcás ina mbeidh sna hoibríochtaí infheistíochtaí i dtrealamh nó i mbonneagar, lena n-áiritheofar comhlíonadh na gceanglas faoi dhlí an Aontais maidir leis an gcomhshaol, le sláinte an duine nó le sláinte ainmhithe, le sláinteachas ainmhithe nó le leas ainmhithe, féadfar tacaíocht a dheonú go dtí an dáta a thiocfaidh na caighdeáin chun bheith éigeantach do na gnóthais;

    (c)

    ní dheonófar í do shaothrú orgánach géinmhodhnaithe;

    (d)

    ní dheonófar í d’oibríochtaí an dobharshaothraithe i limistéir mhuirí faoi chosaint, má chinn údarás inniúil an Bhallstáit, ar bhonn measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol, go mbeadh drochthionchar suntasach ar an gcomhshaol nach bhféadfaí a mhaolú go leordhóthanach, mar thoradh ar an oibríocht.

    2.   Ní dheonófar cabhair faoin Roinn seo le haghaidh infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh margaí nua a shaothrú ach amháin i gcás ina soláthróidh an gnóthas is tairbhí doiciméadacht a léireoidh go bhfuil ionchais mhaithe agus inbhuanaithe mhargaidh ann don tionscadal.

    3.   Maidir le hinfheistíocht a mbeidh measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) ag teastáil ina leith, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh dháta deonaithe na cabhrach aonair.

    Airteagal 32

    Cabhair le haghaidh nuálaíocht sa dobharshaothrú

    1.   Beidh cabhair le haghaidh nuálaíocht sa dobharshaothrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go spreagfar nuálaíocht sa dobharshaothrú leis an gcabhair;

    (b)

    go ndíreofar leis an gcabhair ar an méid seo a leanas a bhaint amach:

    (i)

    eolas teicniúil, eolaíoch nó eagraíochtúil i bhfeirmeacha dobharshaothraithe a fhorbairt, lena ndéantar go háirithe an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, an spleáchas ar mhin éisc agus ar ola éisc a laghdú, úsáid inbhuanaithe acmhainní a chothú, leas ainmhithe a fheabhsú nó modhanna nua inbhuanaithe táirgthe a éascú;

    (ii)

    speicis nua dobharshaothraithe lena mbaineann cumas margaidh, táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór, próisis nua nó próisis atá feabhsaithe go mór, córais bhainistíochta nó eagrúcháin nua nó atá feabhsaithe a fhorbairt nó a thabhairt isteach sa mhargadh;

    (iii)

    indéantacht theicniúil nó eacnamaíoch táirgí nó próiseas atá nuálach a fhiosrú.

    2.   Déanfar seirbhísí fóirdheonaithe faoin Airteagal seo i gcomhar le comhlachtaí eolaíocha nó teicniúla poiblí nó príobháideacha atá aitheanta ag an mBallstát a dhéanfaidh torthaí na seirbhísí fóirdheonaithe sin a bhailíochtú, sin nó déanfaidh siad uathu féin iad.

    3.   Beidh torthaí na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoi réir poiblíocht leordhóthanach ag an mBallstát.

    4.   D’fhéadfadh na rudaí seo a leanas a bheith ina gcostais incháilithe:

    (a)

    costais foirne dhíreacha i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;

    (b)

    costais ionstraimí agus trealaimh a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad;

    (c)

    costais foirgneamh, a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad agus faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;

    (ii)

    maidir le talamh, is costais incháilithe iad costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó costais chaipitil a thabhaítear iarbhír;

    (d)

    costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal; nó

    (e)

    forchostais bhreise agus speansais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal.

    Chun críocha phointe (b), i gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí agus an trealamh sin le haghaidh a saolré iomlán le haghaidh an tionscadail, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe.

    5.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 33

    Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena ndéantar táirgiúlacht a mhéadú nó lena mbeidh tionchar dearfach ar an gcomhshaol sa dobharshaothrú

    1.   Beidh cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena ndéantar táirgiúlacht a mhéadú nó lena mbeidh tionchar dearfach ar an gcomhshaol sa dobharshaothrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacaíonn an chabhair leis an méid seo a leanas:

    (a)

    infheistíochtaí táirgiúla i ndobharshaothrú;

    (b)

    éagsúlú na táirgeachta dobharshaothraithe agus na speiceas saothraithe;

    (c)

    aonaid dobharshaothraithe a nuachóiriú lena n-áirítear feabhas ar dhálaí oibre agus sábháilteachta oibrithe in earnáil an dobharshaothraithe;

    (d)

    feabhas agus nuachóiriú i sláinte agus leas ainmhithe lena n-áirítear trealamh a cheannach lena ndírítear ar fheirmeacha a chosaint ó chreachadóirí fiáine;

    (e)

    tionchar diúltach a laghdú nó éifeachtaí dearfacha a mhéadú maidir leis an gcomhshaol agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú;

    (f)

    infheistíochtaí i gcaighdeán na dtáirgí dobharshaothraithe a fheabhsú nó i gcur leo;

    (g)

    infheistíochtaí lena ndéantar locháin nó muirligh dhobharshaothraithe atá ann cheana féin a athbhunú trí shíolta a bhaint, nó infheistíochtaí atá dírithe ar shil-leagan a chosc;

    (h)

    ioncam na ngnóthas dobharshaothraithe a éagsúlú trí ghníomhaíochtaí comhlántacha a fhorbairt;

    (i)

    infheistíochtaí lena ndéantar laghdú suntasach ar thionchar na ngnóthas dobharshaothraithe ar úsáid agus ar cháilíocht an uisce, go háirithe trí laghdú a dhéanamh ar mhéid an uisce, na gceimiceán, na n-antaibheathach agus na gcógas eile a úsáidtear, nó trí cháilíocht an uisce aschurtha a fheabhsú, lena n-áirítear trí fheidhm a bhaint as córais iltrófacha dobharshaothraithe;

    (j)

    córais dhúnta dobharshaothraithe a chur chun cinn ina ndéantar táirgí dobharshaothraithe a shaothrú i gcórais dhúnta athshruthúcháin, lena n-úsáidtear an méid is lú uisce is féidir; nó

    (k)

    infheistíochtaí lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus lena ndéantar tiontú gnóthas dobharshaothraithe go foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn.

    2.   Ní dheonófar cabhair dá tagraítear i mír 1, pointe (h), do ghnóthais dobharshaothraithe ach amháin ar an gcoinníoll go mbaineann na gníomhaíochtaí comhlántacha le croíghnó dobharshaothraithe na ngnóthas, lena n-áirítear turasóireacht slatiascaireachta, seirbhísí comhshaoil dobharshaothraithe nó gníomhaíochtaí oideachais i ndáil leis an dobharshaothrú.

    3.   Féadfar cabhair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú d’infheistíochtaí lena ndéantar táirgeacht a mhéadú agus/nó gnóthais dobharshaothraithe atá ann cheana a nuachóiriú, nó d’acmhainneacht táirgeachta nua a fhorbairt, ar an gcoinníoll go mbeidh an fhorbairt comhsheasmhach leis an bplean maidir le forbairt an dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    4.   Áirítear ar na hinfheistíochtaí dá dtagraítear i mír (1), pointe (e), na hinfheistíochtaí sin a bhaineann le beatha níos inbhuanaithe a úsáid, scaoileadh cothaitheach agus eisiltigh a laghdú agus a bhainistiú, éalú éisc a laghdú, ceimiceáin agus cógais leighis a bhfuil tionchar níos ísle acu ar an gcomhshaol a úsáid, cur chuige ciorclach a ghlacadh maidir le bainistiú dramhaíola, trealamh dobharshaothraithe a dhiúscairt nó trealamh dobharshaothraithe in-bhithmhillte a úsáid chun bruscar muirí a sheachaint, creachadóirí a bhainistiú, agus infheistíochtaí a rannchuidíonn ar bhealach intomhaiste leis an mbithéagsúlacht nó leanúnachas éiceolaíoch a athbhunú.

    5.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde. I gcás oibríochtaí a bhfuil tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol, is 80 % a bheidh i gceist leis an uasráta déine cabhrach mura mbeadh ráta déine cabhrach níos airde infheidhme maidir le hIarscríbhinn IV.

    Airteagal 34

    Cabhair le haghaidh seirbhísí bainistíochta, faoisimh agus comhairleacha le haghaidh feirmeacha dobharshaothraithe

    1.   Beidh cabhair le haghaidh seirbhísí bainistíochta, faoisimh agus comhairleacha le haghaidh feirmeacha dobharshaothraithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go gcuirfear feabhas ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar iomaíochas na bhfeirmeacha dobharshaothraithe leis an gcabhair;

    (b)

    go laghdófar tionchar comhshaoil diúltach na bhfeirmeacha dobharshaothraithe leis an gcabhair; agus

    (c)

    go dtacóidh an chabhair le seirbhísí comhairleacha feirme teicniúla, eolaíocha, dlíthiúla, comhshaoil nó eacnamaíocha a cheannach.

    Chun críocha phointe (c), ní dheonófar cabhair ach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i réimse an dobharshaothraithe nó d’eagraíochtaí dobharshaothraithe lena n-áirítear eagraíochtaí táirgeoirí i réimse an dobharshaothraithe agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí i réimse an dobharshaothraithe.

    2.   Cumhdófar na nithe seo a leanas sna seirbhísí comhairleacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c):

    (a)

    na riachtanais bhainistíochta atá de dhíth chun go gcomhlíonfaidh an dobharshaothrú reachtaíocht náisiúnta agus an Aontais um chosaint an chomhshaoil mar aon le ceanglais na pleanála spásúlachta muirí;

    (b)

    measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol dá dtagraítear i dTreoir 2011/92/AE agus i dTreoir 92/43/CEE;

    (c)

    na riachtanais bhainistíochta atá de dhíth chun go gcomhlíonfaidh an dobharshaothrú reachtaíocht náisiúnta agus Aontais maidir le sláinte agus leas ainmhithe uisceacha nó reachtaíocht maidir leis an tsláinte phoiblí;

    (d)

    caighdeáin bunaithe ar reachtaíocht an Aontais agus ar an reachtaíocht náisiúnta;

    (e)

    straitéisí margaíochta agus gnó; nó

    (f)

    staidéir indéantachta agus seirbhísí comhairleacha ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht bearta a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht faoi Theideal II, Caibidil III de Rialachán (AE) 2021/1139.

    3.   Cuirfidh comhlachtaí eolaíocha nó teicniúla, chomh maith leis na heintitis a sholáthraíonn comhairle dhlí nó eacnamaíoch a bhfuil na hinniúlachtaí riachtanacha acu atá aitheanta ag an mBallstát, na seirbhísí comhairleacha dá dtagraítear i mír 1 ar fáil. Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe nó deontas díreach.

    4.   Ní bhfaighidh gnóthais is tairbhithe cabhair níos mó ná uair amháin sa bhliain le haghaidh gach catagóire seirbhíse comhairlí dá dtagraítear i mír 2.

    5.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 35

    Cabhair chun caipiteal daonna agus líonrú a chur chun cinn sa dobharshaothrú

    1.   Beidh cabhair chun caipiteal daonna agus líonrú a chur chun cinn sa dobharshaothrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair leis an méid seo a leanas:

    (a)

    oiliúint ghairmiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil, eolas eolaíoch agus teicniúil agus cleachtais nuálacha a scaipeadh, scileanna gairmiúla nua a ghnóthú sa dobharshaothrú agus tionchar oibríochtaí dobharshaothraithe ar an gcomhshaol a laghdú;

    (b)

    coinníollacha oibre a fheabhsú agus sábháilteacht gairme a chur chun cinn; agus

    (c)

    líonrú agus malartú taithí agus dea-chleachtais i measc gnóthais dobharshaothraithe nó eagraíochtaí gairmiúla agus páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachtaí eolaíocha agus teicniúla nó na comhlachtaí sin a chuireann comhdheiseanna idir fir agus mná chun cinn.

    2.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe nó deontas díreach.

    3.   Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe seo a leanas a thabhófar go díreach mar thoradh ar an tionscadal dá dtabharfar tacaíocht:

    (a)

    costais tuarastail dhíreacha;

    (b)

    táillí rannpháirtíochta;

    (c)

    costais taistil;

    (d)

    costais foilseachán;

    (e)

    seirbhísí bailithe sonraí, staidéir, tionscadail phíolótacha a cheannaítear;

    (f)

    áitribh agus seastáin taispeántais a fháil ar cíos agus na costais a bhaineann lena suiteáil agus lena ndíchóimeáil; nó

    (g)

    costais a bhaineann le heolas eolaíoch agus faisnéis fhíorasach a scaipeadh.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 36

    Cabhair chun acmhainneacht na láithreán dobharshaothraithe a mhéadú

    1.   Beidh cabhair chun acmhainneacht na láithreán dobharshaothraithe a mhéadú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go gcuirfidh an chabhair le forbairt na láithreán agus na mbonneagar dobharshaothraithe agus go laghdófar tionchar diúltach na n-oibríochtaí ar an gcomhshaol léi;

    (b)

    go dtacóidh an chabhair leis an méid seo a leanas:

    (i)

    na limistéir is oiriúnaí d’fhorbairt an dobharshaothraithe a shainaithint agus a mhapáil agus, i gcás inarb iomchuí, próisis pleanála spásúla a chur san áireamh, agus na limistéar inar cheart an dobharshaothrú a eisiamh a shainaithint agus a mhapáil d’fhonn ról na limistéar sin i bhfeidhmiú an éiceachórais a choinneáil ar bun;

    (ii)

    áiseanna tacaíochta agus bonneagair a fheabhsú agus a fhorbairt, ar áiseanna iad atá riachtanach chun acmhainneacht na limistéar dobharshaothraithe a mhéadú agus tionchar diúltach an dobharshaothraithe ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí i gcomhdhlúthú talún, i soláthar fuinnimh nó i mbainistiú uisce;

    (iii)

    gníomhaíocht arna glacadh agus arna cur chun feidhme ag na húdaráis inniúla faoi Airteagal 9(1) de Threoir 2009/147/CE nó Airteagal 16(1) de Threoir 92/43/CEE a bhfuil sé mar aidhm aici damáistí tromchúiseacha don dobharshaothrú a chosc; nó

    (iv)

    gníomhaíocht arna glacadh agus arna cur chun feidhme ag údaráis inniúla tar éis básmhaireacht nó galair mhéadaithe a bhrath dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (31).

    Chun críocha phointe (b)(iv), ní dheonófar cabhair ach chun glacadh pleananna gníomhaíochta maidir le sliogiasc a chumhdach, arb é is aidhm dóibh cosaint, athbhunú agus bainistiú, lena n-áirítear tacaíocht do tháirgeoirí sliogéisc chun bainc nádúrtha sliogéisc agus limistéir ghabhála a choinneáil ar bun.

    2.   Féadfar na costais seo a leanas a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal a bheith i gceist leis na costais incháilithe:

    (a)

    na costais a bhaineann le hinfheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe;

    (b)

    costais tuarastail dhíreacha; nó

    (c)

    na costais a bhaineann le comhairleoireacht, taighde conarthach, agus seirbhísí tacaíochta a sholáthraíonn sainchomhairleoirí seachtracha.

    3.   Ní bheidh ach na gnóthais sin ar chuir an Ballstát na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) de chúram orthu ina ngnóthais is tairbhithe faoin Airteagal seo.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 37

    Cabhair chun fiontraithe nua dobharshaothraithe inbhuanaithe a spreagadh

    1.   Beidh cabhair chun fiontraithe nua dobharshaothraithe inbhuanaithe a spreagadh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go ndéanfar fiontraíocht sa dobharshaothrú a chothú leis an gcabhair; agus

    (b)

    go dtacófar le fiontraithe nua gnóthais inbhuanaithe dobharshaothraithe a chur ar bun leis an gcabhair.

    2.   Deonófar an chabhair d’fiontraithe dobharshaothraithe ag tosú amach san earnáil ar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go mbeidh scileanna gairmiúla leordhóthanacha agus inniúlacht ghairmiúil leordhóthanach acu;

    (b)

    go mbeidh FBManna dobharshaothraithe á bhunú acu, agus iad i gceannas ar an ngnóthas sin, den chéad uair; agus

    (c)

    go gcuirfidh siad plean gnó isteach maidir le forbairt a ngníomhaíochtaí dobharshaothraithe.

    3.   Chun scileanna gairmiúla leordhóthanacha a shealbhú, d’fhéadfadh fiontraithe ag tosú amach san earnáil tairbhe a bhaint as cabhair dá dtagraítear in Airteagal 35(1).

    4.   Féadfar na costais seo a leanas a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal a bheith i gceist leis na costais incháilithe:

    (a)

    costais tuarastail;

    (b)

    forchostais bhreise agus costais eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí;

    (c)

    costais trealaimh; nó

    (d)

    na costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe.

    5.   Ní bheidh an méid cabhrach faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 38

    Cabhair chun athrú chuig scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil agus dobharshaothrú orgánach

    1.   Beidh cabhair chun athrú chuig scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil agus dobharshaothrú orgánach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go ndéanfar forbairt an dobharshaothraithe orgánaigh nó an dobharshaothraithe atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn leis an gcabhair;

    (b)

    go dtacóidh an chabhair le ceann amháin de na rudaí seo a leanas:

    (i)

    modhanna traidisiúnta táirgthe dobharshaothraithe a athrú go dobharshaothrú orgánach de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/848 (32) agus i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 ón gCoimisiún (33);

    (ii)

    rannpháirtíocht i scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) an Aontais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (34).

    2.   Ní dheonófar an chabhair ach amháin maidir le haistriú gnóthais is tairbhithe a thugann gealltanas go mbeidh siad rannpháirteach in EMAS ar feadh 3 bliana ar a laghad nó go gcomhlíonfaidh siad riachtanais an táirgthe orgánaigh ar feadh 5 bliana ar a laghad. Beidh clásal maidir le hathbhreithniú i ngealltanas a thabharfar de bhun na míre seo chun a áirithiú go ndéanfar iad a choigeartú i gcás leasuithe ar na ceanglais, caighdeáin agus coinníollacha sainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo.

    3.   Is i bhfoirm cúitimh a bheidh an chabhair ar feadh uastréimhse 3 bliana le linn na tréimhse ina bhfuil an gnóthas ag athrú go táirgeadh orgánach nó le linn an ullmhúcháin do rannpháirtíocht i EMAS. Déanfaidh na Ballstáit an cúiteamh sin a ríomh ar bhonn ceann amháin de na rudaí seo a leanas:

    (a)

    caillteanas ioncaim arna thabhú nó na costais bhreise arna dtabhú le linn na tréimhse aistrithe ón táirgeadh traidisiúnta go dtí an táirgeadh orgánach i gcás oibríochtaí atá incháilithe faoi mhír 1, pointe (b)(i);

    (b)

    na costais bhreise a eascraíonn ón iarratas agus ón ullmhúchán do rannpháirtíocht in EMAS i gcás oibríochtaí atá incháilithe faoi mhír 1, pointe (b)(ii).

    4.   Mura mbeidh an gnóthas is tairbhí in ann na gealltanais faoi mhír 2 a chomhlíonadh mar gheall ar chúinsí eisceachtúla seachtracha, déanfar an méid cabhrach a ríomhfar faoi mhír 3 a asbhaint agus a aisghabháil go comhréireach bunaithe ar fhad an ghealltanais thosaigh agus ar an méid ama nár chomhlíonadh na gealltanais.

    5.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 39

    Cabhair le haghaidh seirbhísí comhshaoil

    1.   Beidh cabhair le haghaidh gnóthais atá gníomhach san earnáil dobharshaothraithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshaoil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go gcothófar forbairt na hearnála dobharshaothraithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshaoil leis an gcabhair; agus

    (b)

    go dtacóidh an chabhair le ceann amháin de na bearta seo a leanas:

    (i)

    modhanna dobharshaothraithe atá comhoiriúnach le riachtanais chomhshaoil shonracha agus faoi réir ceanglais bhainistíochta shonracha a eascraíonn ó ainmniú limistéir NATURA 2000 i gcomhréir le Treoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE;

    (ii)

    rannpháirtíocht, i dtéarmaí na gcostas a bhaineann go díreach léi, i gcaomhnú agus atáirgeadh ex-situ ainmhithe uisceacha, faoi chuimsiú cláir caomhnaithe agus athbhunaithe bithéagsúlachta arna bhforbairt ag údaráis phoiblí, nó faoina maoirseacht;

    (iii)

    oibríochtaí dobharshaothraithe lena n-áirítear caomhnú agus feabhsú an chomhshaoil, bithéagsúlacht, agus bainistiú an tírdhreacha agus na ngnéithe traidisiúnta de chriosanna dobharshaothraithe.

    2.   Beidh cabhair dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i), den Airteagal seo i bhfoirm cúiteamh bliantúil. Is iad na costais incháilithe na costais bhreise a thabhaítear agus/nó an t-ioncam a tharscaoiltear mar thoradh ar cheanglais bhainistíochta sna limistéir lena mbaineann agus a bhaineann le cur chun feidhme Threoracha 92/43/CEE nó 2009/147/CE.

    3.   Chun críocha phointe (b)(ii) i mír 1, is iad na costais incháilithe na costais bhreise dhíreacha a thabhaítear mar thoradh ar oibríochtaí lena mbaineann.

    4.   Ní dheonófar an chabhair dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(iii), ach amháin do ghnóthais is tairbhithe a thugann gealltanas go gcomhlíonfaidh siad ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ceanglais maidir leis an gcomhshaol uisce a théann thar chur i bhfeidhm simplí dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta. Taispeánfar buntáistí comhshaoil na hoibríochta i measúnú roimh ré arna dhéanamh ag comhlachtaí inniúla atá ainmnithe ag an mBallstát, mura bhfuil na buntáistí comhshaoil a bhaineann le hoibríocht ar leith aitheanta cheana féin.

    5.   Beidh cabhair dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(iii), i bhfoirm cúiteamh bliantúil. Is iad na costais incháilithe na costais bhreise dhíreacha a thabhaítear agus/nó an t-ioncam a tharscaoiltear.

    6.   Beidh torthaí na n-oibríochtaí a bhfaighidh cabhair faoin Airteagal seo faoi réir poiblíocht leordhóthanach ag an mBallstát.

    7.   I gcás gealltanais a thabharfar de bhun an Airteagal seo, beidh clásal maidir le hathbhreithniú iontu chun a áirithiú go ndéanfar iad a choigeartú i gcás leasuithe ar na ceanglais, caighdeáin agus coinníollacha sainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo.

    8.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 40

    Cabhair le haghaidh bearta sláinte poiblí

    1.   Beidh cabhair le haghaidh bearta sláinte poiblí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair le scéim cúitimh lena dtugtar cúiteamh d’fheirmeoirí moileasc as buaint na moileasc feirme a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach, i gcás ina dtarlaíonn an fionraí sin ar chúiseanna sláinte phoiblí amháin.

    2.   Cabhair dá dtagraítear i mír 1, ní fhéadfar í a dheonú ach i gcás ina mbeidh dúnadh an limistéir táirgthe nó athsheachadta aicmithe, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún (35), de bharr an iomadaithe planctón ginte tocsain nó de bharr planctón a bheith ann ina bhfuil bith-thocsainí a sháraíonn na teorainneacha a bhunaítear in Iarscríbhinn III, Roinn VII, Caibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), agus ar choinníoll:

    (a)

    go mairfidh an t-éilliú tréimhse atá níos faide ná ceithre mhí as a chéile; nó

    (b)

    go mbeidh an caillteanas a eascraíonn as cur ar fionraí na buainte níos mó ná 25 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna trí bliana roimh an mbliain inar cuireadh an bhuaint ar fionraí;

    Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rialacha speisialta ríomha a leagan síos a bheidh le húsáid i ndáil le cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta níos lú ná 3 bliana.

    3.   Is é 12 mhí le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2029 an uastréimhse ar féidir cúiteamh a thabhairt ina leith. I gcásanna a bhfuil údar maith leo, féadfar síneadh 12 mhí eile a chur leis an tréimhse, go huastréimhse 24 mí.

    4.   Is iad na costais incháilithe na costais bhreise dhíreacha a thabhaítear agus/nó an t-ioncam a tharscaoiltear mar thoradh ar na bearta lena mbaineann. Déanfar an chúiteamh a laghdú le haon chostas nach dtabhaítear go díreach mar thoradh ar an teagmhas agus a thabhódh an tairbhí ina ainneoin sin.

    5.   Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaightear chun an damáiste a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais, beidh siad teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 41

    Cabhair le haghaidh bearta um shláinte agus leas ainmhithe

    1.   Beidh cabhair le haghaidh bearta um shláinte agus leas ainmhithe i ngnóthais dobharshaothraithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    gurb é is aidhm don chabhair sláinte agus leas ainmhithe a chothú i ngnóthais dobharshaothraithe, inter alia, maidir le cosc agus bithshlándáil; agus

    (b)

    nach bhféadfar a chumhdach leis an gcabhair ach ceann amháin de na bearta seo a leanas:

    (i)

    dea-chleachtais ghinearálta agus dea-chleachtais a bhaineann go sonrach le speiceas ar leith nó cóid iompair maidir le bithshlándáil nó riachtanais sláinte agus leasa ainmhithe sa dobharshaothrú a fhorbairt;

    (ii)

    tionscnaimh lena ndírítear ar an méid a bhraitheann an dobharshaothrú ar chógais tréidliachta a laghdú;

    (iii)

    staidéir tréidliachta nó chógaisíochta agus scaipeadh agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas maidir le galair thréidliachta sa dobharshaothrú, a bhfuil sé d’aidhm acu úsáid iomchuí na gcógas tréidliachta a chur chun cinn;

    (iv)

    grúpaí cosanta sláinte a bhunú agus a eagrú san earnáil dobharshaothraithe mar atá aitheanta ag na Ballstáit; nó

    (v)

    cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí moileasc as a ngníomhaíochtaí a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach mar gheall ar ollbhásmhaireacht eisceachtúil, nuair a théann an ráta básmhaireachta bliantúil os cionn 20 % nó nuair atá an caillteanas a eascraíonn as cur ar fionraí na gníomhaíochta níos mó ná 30 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais sin, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sna 3 bliana roimh an mbliain inar cuireadh na gníomhaíochtaí ar fionraí.

    Chun críocha phointe (b), féadfaidh na Ballstáit rialacha speisialta ríomha a bhunú a bheidh le húsáid i ndáil le cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta níos lú ná 3 bliana.

    Ní chumhdófar ceannach cógas tréidliachta sa chabhair dá dtagraítear i bpointe (b)(iii).

    Déanfaidh an Ballstát tuairisciú agus poiblíocht leormhaith ar thorthaí na staidéar arna maoiniú faoi phointe (b)(iii).

    2.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe nó deontas díreach.

    3.   Chun críocha phointe (b)(i) go (iv) i mír 1, is iad na costais incháilithe na costais bhreise dhíreacha a thabhaítear mar thoradh ar bhearta lena mbaineann. Chun críocha phointe (b)(v) i mír 1, is iad na costais incháilithe na costais bhreise dhíreacha a thabhaítear agus/nó an t-ioncam a tharscaoiltear mar thoradh ar bhearta lena mbaineann.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 42

    Cabhair chun galair a chosc, a rialú agus a dhíothú

    1.   Beidh cabhair chun galair a chosc, a rialú agus a dhíothú i ngnóthais dobharshaothraithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair leis na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas a chosc, a rialú agus a dhíothú:

    (a)

    na galair sa dobharshaothrú a liostaítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429, nó atá ar an liosta de ghalair ainmhithe i gCód Shláinte um Ainmhithe Uisceacha na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe, lena n-áirítear na costais oibríochtúla is gá chun na hoibleagáidí i bplean díothaithe a chomhlíonadh;

    (b)

    galair atá ag teacht chun cinn a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/429;

    (c)

    zónóisí na n-ainmhithe uisceacha a liostaítear in Iarscríbhinn III, pointe 2, a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37); nó

    (d)

    galair seachas galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/429 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 226 den Rialachán sin.

    2.   Ní íocfar an chabhair ach i ndáil le galair ainmhithe uisceacha arb ann do rialacha de chuid an Aontais nó rialacha náisiúnta ina leith, cibé acu a leagtar síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin iad.

    3.   Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe seo a leanas chun críocha an choisc, an rialaithe agus an díothaithe:

    (a)

    seiceálacha sláinte, anailísí, tástálacha, agus bearta eile maidir le scagadh;

    (b)

    feabhas a chur ar bhearta bithshlándála;

    (c)

    ceannach, stóráil, riar nó dáileadh vacsaíní, cógas, agus substaintí le haghaidh cóireáil ainmhithe;

    (d)

    marú, ciondíothú agus scrios ainmhithe;

    (e)

    scrios táirgí ainmhithe agus táirgí atá nasctha leo;

    (f)

    ní, dífhabhtú nó dímhíolú an ghabháltais agus an trealaimh; nó

    (g)

    an damáiste a thabhaítear de dheasca marú, ciondíothú agus scrios ainmhithe, táirgí ainmhithe, agus táirgí nasctha leo.

    4.   Ní bhainfidh an chabhair le bearta a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais gur gá don tairbhí costas na mbeart sin a sheasamh, mura rud é go ndéantar costas na mbeart sin a fhritháireamh ina n-iomláine le muirir éigeantacha ar na tairbhithe.

    5.   Tabharfar isteach laistigh de 3 bliana scéimeanna cabhrach a bhaineann le galair ainmhithe agus íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta a tharlaíonn an costas an nó an damáiste mar thoradh ar an ngalar ainmhithe.

    6.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 43

    Cabhair le haghaidh infheistíochta chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca galair ainmhithe a chosc agus a mhaolú

    1.   Beidh cabhair le haghaidh infheistíochta chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca galair ainmhithe sa dobharshaothrú a chosc agus a mhaolú agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go bhfuil sé de phríomhaidhm ag an infheistíocht damáiste a tharlaíonn de dheasca galair ainmhithe a chosc nó a mhaolú faoi Airteagal 42(1), pointe (a). den Rialachán seo.

    2.   Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe atá díreach agus sonrach le haghaidh bearta coisctheacha. Ní fhéadfar ach na costais a bhaineann leis na rudaí seo a leanas a áireamh leis na costais:

    (a)

    maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú nó feabhsú; nó

    (b)

    innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne.

    3.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 65 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 44

    Cabhair le haghaidh árachas do stoic dhobharshaothraithe

    1.   Beidh cabhair le haghaidh árachas do stoic dobharshaothraithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go gcuirfear chun cinn leis an gcabhair ioncam na dtáirgeoirí dobharshaothraithe a chosaint; agus

    (b)

    go gcuirfidh an chabhair le hárachas do stoic dobharshaothraithe lena gcumhdófar caillteanais eacnamaíocha a tharlaíonn de bharr ceann amháin, ar a laghad, de na nithe seo a leanas:

    (i)

    tubaistí nádúrtha;

    (ii)

    teagmhais dhíobhálacha aeráide;

    (iii)

    athruithe tobanna ar cháilíocht agus ar chainníocht an uisce nach bhfuil an t-oibreoir freagrach astu;

    (iv)

    galair dobharshaothraithe, teip nó scriosadh na saoráidí táirgthe nach bhfuil an t-oibreoir freagrach astu;

    (v)

    géarchéimeanna sláinte poiblí;

    (vi)

    caillteanas táirgthe mar gheall ar ionsaí ag ainmhithe cosanta nó ag ainmhithe creachacha;

    (vii)

    nach n-éileoidh nó nach sonróidh an t-árachas cineál nó méid na táirgeachta sa todhchaí agus nach mbeidh an chabhair teoranta d’árachas arna sholáthar ag cuideachta árachais ar leith nó ag grúpa cuideachtaí ar leith.

    2.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann tarlú na gcúinsí dá dtagraítear i mír 1, pointí (b)(i), (ii) agus (v) sa dobharshaothrú a aithint go foirmiúil mar tharlú den sórt sin.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, critéir a leagan síos roimh ré ar a mbonn a measfar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear i mír 2 a bheith deonaithe.

    4.   Bainfidh na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), le cumhach na gcostas le haghaidh suas le 70 % de phréimh le haghaidh conradh lena gcumhdaítear suas le 100 % den chaillteanas eacnamaíoch ionchasach.

    Roinn 3

    Bearta a bhaineann le margú agus le próiseáil

    Airteagal 45

    Cabhair le haghaidh bearta margaíochta

    1.   Beidh cabhair le haghaidh bearta margaíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go dtacóidh an chabhair le bearta margaíochta maidir le táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe; agus

    (b)

    go ndíreofar leis an gcabhair ar an méid seo a leanas:

    (i)

    eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe a bhunú atá le haithint i gcomhréir le Caibidil II, Roinn II, de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

    (ii)

    margaí nua a aimsiú agus feabhas a chur ar na coinníollacha faoina gcuirtear táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe ar an margadh, lena n-áirítear:

    speicis lena mbaineann cumas margaíochta;

    gabhálacha de thaisme ó stoic thráchtála a chuirtear í dtír i gcomhréir le bearta teicniúla, le hAirteagal 15 den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le hAirteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

    táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a fhaightear trí úsáid a bhaint as modhanna a bhfuil tionchar íseal acu ar an gcomhshaol, nó táirgí orgánacha dobharshaothraithe de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/848;

    (iii)

    an cháilíocht agus an breisluach a chur chun cinn trí na nithe seo a leanas a éascú:

    iarratas a dhéanamh ar tháirge ar leith a chlárú agus oibreoirí lena mbaineann a oiriúnú i leith na gceanglas ábhartha comhlíonta agus deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

    deimhniú agus cur chun cinn lena n-áirítear maidir le táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe atá inbhuanaithe, go háirithe táirgí ó iascaireacht chósta ar mhionscála, agus modhanna próiseála atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

    margú díreach táirgí iascaigh ag iascairí cósta ar mhionscála, iascairí imirceacha, iascairí intíre, iascairí de chois nó táirgeoirí dobharshaothraithe;

    táirgí a chur i láthair agus a phacáistiú;

    (iv)

    rannchuidiú le trédhearcacht an táirgthe agus na margaí agus suirbhéanna margaidh agus staidéir a dhéanamh ar an méid a bhraitheann an tAontas ar allmhairí;

    (v)

    rannchuidiú le hinrianaitheacht táirgí iascaigh nó táirgí dobharshaothraithe agus, i gcás inarb ábhartha, le héicilipéad ar fud an Aontais a fhorbairt do tháirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

    (vi)

    conarthaí caighdeánacha a luíonn le dlí an Aontais a dhréachtú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

    (vii)

    feachtais fógraíochta agus cumarsáide réigiúnacha, náisiúnta nó thrasnáisiúnta a stiúradh chun cur leis an bhfeasacht i leith táirgí inbhuanaithe iascaigh agus táirgí inbhuanaithe dobharshaothraithe.

    2.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe nó deontas díreach.

    3.   Ní fhéadfar ach na costais incháilithe seo a leanas a chumhdach leis an gcabhair:

    (a)

    costais tuarastail dhíreacha;

    (b)

    táillí rannpháirtíochta;

    (c)

    costais taistil;

    (d)

    costais foilseachán;

    (e)

    staidéir a cheannaítear;

    (f)

    áitribh agus seastáin taispeántais a fháil ar cíos agus na costais a bhaineann lena suiteáil agus lena ndíchóimeáil; nó

    (g)

    costais a bhaineann le heolas eolaíoch agus faisnéis fhíorasach a scaipeadh maidir le táirgí iascaigh cineálacha agus a dtairbhí cothaitheacha agus úsáidí molta dóibh.

    4.   D’fhéadfadh gníomhaíochtaí táirgthe, próiseála agus margaíochta an tslabhra soláthair a bheith san áireamh in oibríochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Ní dhéanfar tagairt d’aon ghnóthas, ainm branda ná tionscnamh ar leith sna hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(vii).

    5.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 46

    Cabhair chun táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a phróiseáil

    1.   Beidh cabhair chun táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a phróiseáil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair le hinfheistíochtaí i bpróiseáil na dtáirgí iascaigh agus na dtáirgí dobharshaothraithe agus gurb é is aidhm don chabhair tacú le bearta a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

    (a)

    a rannchuideoidh le fuinneamh a choigilt nó le tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear cóireáil dramhaíola;

    (b)

    a chuirfidh feabhas ar choinníollacha sábháilteachta, sláinteachais, sláinte, agus oibre;

    (c)

    a thacóidh le próiseáil gabhálacha iasc tráchtála nach mbeidh le caitheamh ag an duine;

    (d)

    a bhainfidh le próiseáil fotháirgí a d’eascair ó phríomhghníomhaíochtaí próiseála;

    (e)

    a bhainfidh le próiseáil táirgí orgánacha dobharshaothraithe de bhun Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2018/848;

    (f)

    a mbeidh táirgí nua nó feabhsaithe, próisis nua nó fheabhsaithe, nó córais bainistíochta nó eagrúcháin nua nó fheabhsaithe mar thoradh orthu;

    (g)

    a chomhlíonfaidh na coinníollacha a bhaineann le costais na ngalar dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (a) a chosc, a rialú agus a dhíothú; nó

    (h)

    a chomhlíonfaidh na coinníollacha a bhaineann le hinfheistíochtaí a chosc agus a mhaolú faoi choinníoll Airteagal 43.

    2.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 50 % de na costais incháilithe. Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar chun na galair dá dtagraítear faoi mhír 1, pointe (g), den Airteagal a chosc, a rialú agus a dhíothú níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 100 % de na costais incháilithe. Ní bheidh an chabhair le haghaidh infheistíochta chun an damáiste dá dtagraítear faoi mhír 1, pointe (h), den Airteagal seo a chosc agus a mhaolú níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 65 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Roinn 4

    Catagóirí eile cabhrach

    Airteagal 47

    Cabhair chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú, a úsáid agus a phróiseáil

    1.   Beidh cabhair chun sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú, a úsáid agus a phróiseáil agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair leis na sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid, mar a fhoráiltear in Airteagal 25(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus a shonraítear a thuilleadh i Rialachán (CE) Uimh. 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).

    2.   Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na bearta seo a leanas:

    (a)

    bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí ar mhaithe le hanailís eolaíoch agus le cur chun feidhme CBI;

    (b)

    cláir shamplála náisiúnta, thrasnáisiúnta agus fonáisiúnta ilbhliantúla ar chuntar go ndéanfaidh siad tagairt do na stoic a chumhdaítear le CBI;

    (c)

    faireachán ar muir a dhéanamh ar iascach tráchtála agus áineasa, lena n-áirítear faireachán ar fhoghabháil orgánach muirí amhail mamaigh farraige agus éin na mara;

    (d)

    suirbhéanna taighde ar muir; nó

    (e)

    feabhas a chur ar chórais bailithe sonraí agus ar chórais bainistithe sonraí agus treoirstaidéir a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar na córais atá ann cheana i dtaca le sonraí a bhailiú agus a bhainistiú.

    3.   Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe seo a leanas a thabhófar go díreach mar thoradh ar na bearta dá dtabharfar tacaíocht:

    (a)

    costais tuarastail dhíreacha;

    (b)

    táillí rannpháirtíochta;

    (c)

    costais taistil;

    (d)

    costais foilseachán;

    (e)

    infheistíochtaí i gcórais bailithe sonraí agus bainistithe sonraí;

    (f)

    seirbhísí bailithe sonraí a cheannaítear.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 48

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a chosc agus a mhaolú

    1.   Beidh cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a chosc agus a mhaolú agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go bhfuil sé de phríomhaidhm ag an infheistíocht damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a chosc nó a mhaolú.

    2.   Maidir le hinfheistíocht a mbeidh measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE ag teastáil ina leith, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh dháta deonaithe na cabhrach aonair.

    3.   Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe atá díreach agus sonrach le haghaidh bearta coisctheacha. Ní fhéadfar ach na costais seo a leanas a áireamh leis na costais:

    (a)

    maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú nó feabhsú;

    (b)

    innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 65 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 49

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú

    1.   Beidh cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(2), pointe (b), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go mbeidh aitheantas foirmiúil tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit go bhfuil an imeacht ina thubaiste nádúrtha; agus

    (b)

    go mbeidh nasc cúisíoch díreach idir an tubaiste nádúrtha agus an damáiste a dhéantar don ghnóthas.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, critéir a leagan síos roimh ré ar a mbonn a mheasfar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo a bheith deonaithe.

    3.   Íocfar cabhair go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas sin. I gcás gur le grúpa táirgeoirí agus le heagraíocht táirgeoirí a íocfar an chabhair, ní sháróidh méid na cabhrach an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.

    4.   Bunófar scéimeanna cabhrach i ndáil le tubaiste nádúrtha shonrach laistigh de 3 bliana ón dáta a tharlaíonn an tubaiste nádúrtha. Íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta sin.

    5.   D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na costais incháilithe costais an damáiste a tharlaíonn mar thoradh díreach ar an tubaiste nádúrtha, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí inniúil, saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó gnóthas árachais. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis an damáiste sin:

    (a)

    damáiste ábhartha ar shócmhainní amhail foirgnimh, trealamh, innealra, stoic agus modhanna táirgthe; nó

    (b)

    caillteanas ioncaim mar gheall ar an iascach nó an táirgeacht dobharshaothraithe nó modhanna táirgeachta den sórt sin a scriosadh go foriomlán nó go páirteach go ceann tréimhse nach faide ná 6 mí ó tharla an tubaiste.

    6.   Beidh ríomh an damáiste ábhartha bunaithe ar chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar difear nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne sin roimh an tubaiste. Ní bheidh sé níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an luach margaidh cothrom mar thoradh ar an tubaiste nádúrtha, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach sular tharla an tubaiste agus go díreach ina diaidh.

    7.   Ríomhfar an caillteanas ioncaim le dealú an méid seo a leanas:

    (a)

    an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an chainníocht táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a tháirgtear le linn bhliain na tubaiste nádúrtha, nó i ngach bliain ina dhiaidh sin atá buailte ag scrios iomlán nó páirtscrios na modhanna táirgthe, faoin meánphraghas díola le linn na bliana sin; ón méid seo a leanas:

    (b)

    an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an mheánchainníocht bhliantúil táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a táirgeadh le linn na tréimhse 3 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha, nó an meán thar 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha, seachas an iontráil is airde agus an iontráil is ísle, faoin meánphraghas díola a fuarthas.

    8.   Déanfar an damáiste a ríomh ag leibhéal an ghnóthais aonair. I gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas, tuigfear go dtagraíonn an tagairt do na tréimhsí 3 bliana i mír 7, pointe (b) don láimhdeachas a ghin nó don chainníocht táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a tháirg agus a dhíol meánghnóthas den mhéid céanna leis an iarratasóir, is é sin micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, de réir mar a bheidh, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearnadh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha difear di.

    9.   Maidir leis an gcabhair a dheonófar agus aon íocaíocht eile a gheofar chun an damáiste a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais, beidh siad teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 50

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a chosc agus a mhaolú

    1.   Beidh cabhair le haghaidh infheistíochtaí chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a chosc agus a mhaolú agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

    2.   Maidir le hinfheistíocht a mbeidh measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE ag teastáil ina leith, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh dháta deonaithe na cabhrach aonair.

    3.   Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe atá díreach agus sonrach le haghaidh bearta coisctheacha. Féadfar na costais le haghaidh ceann amháin de na rudaí seo a leanas a áireamh leis na costais:

    (a)

    maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú nó feabhsú;

    (b)

    innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 65 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 51

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú

    1.   Beidh cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

    2.   Comhlíonfaidh an chabhair na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    d’aithin údarás inniúil an Bhallstáit go foirmiúil go bhfuil tréithe ag roinnt leis an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha; agus

    (b)

    beidh nasc cúisíoch díreach ann idir an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha agus an damáiste a rinneadh don ghnóthas.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, critéir a leagan síos roimh ré ar a mbonn a mheasfar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear i mír 2(a) den Airteagal seo a bheith deonaithe.

    4.   Íocfar an chabhair go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann.

    5.   Bunófar scéimeanna cabhrach laistigh de thrí bliana ón dáta a tharlaíonn an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha. Íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta sin.

    6.   D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na costais incháilithe costais an damáiste a thabhaítear mar thoradh díreach ar an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó gnóthas árachais. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis an damáiste sin:

    (a)

    damáiste ábhartha ar shócmhainní amhail foirgnimh, trealamh, innealra, stoic agus modhanna táirgthe; nó

    (b)

    caillteanas ioncaim mar gheall ar an iascach nó an táirgeacht dobharshaothraithe nó modhanna táirgeachta den sórt sin a scriosadh go foriomlán nó go páirteach go ceann tréimhse nach faide ná 6 mí ó tharla an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha.

    7.   Beidh ríomh an damáiste ábhartha bunaithe ar chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar dochar nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne sin roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha. Ní sháróidh sé an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an margadhluach cothrom arbh é an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha ba chúis leis, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha agus go díreach ina dhiaidh.

    8.   Ríomhfar an caillteanas ioncaim le dealú an méid seo a leanas:

    (a)

    an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an chainníocht táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a tháirgtear le linn bhliain an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, nó i ngach bliain ina dhiaidh sin atá buailte ag scrios iomlán nó páirtscrios na modhanna táirgthe, faoin meánphraghas díola le linn na bliana sin; ón méid seo a leanas:

    (b)

    an toradh atá ar mheánchainníocht bhliantúil na dtáirgí iascaigh agus na dtáirgí dobharshaothraithe a táirgeadh sa tréimhse 3 bliana roimh na teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, nó ar mheán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh na teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, cé is moite den iontráil is airde agus is ísle, a iolrú faoin meánphraghas díola a fuarthas.

    9.   Déanfar an damáiste a ríomh ag leibhéal an ghnóthais aonair. I gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas, tuigfear go dtagraíonn an tagairt do na tréimhsí 3 bliana i mír 7, pointe (b) don láimhdeachas a ghin nó don chainníocht táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a tháirg agus a dhíol meánghnóthas den mhéid céanna leis an iarratasóir, is é sin micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, de réir mar a bheidh, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearnadh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha difear di.

    10.   Maidir leis an gcabhair a dheonófar agus aon íocaíocht eile a gheofar chun an damáiste a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais, beidh siad teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 52

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a chosc agus a mhaolú

    1.   Beidh cabhair le haghaidh infheistíochtaí chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a shlánú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go mbeidh sé de phríomhaidhm ag an infheistíocht damáiste a tharlaíonn de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta a chosc nó a mhaolú;

    (b)

    maidir le hiascaigh, gurb é is cuspóir don infheistíocht an fhoghail a chosc agus a mhaolú agus damáiste do threalamh iascaireachta nó d’ábhar eile oibríochta a tharlaíonn de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta a chosc agus a mhaolú.

    2.   Maidir le hinfheistíocht a mbeidh measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE ag teastáil ina leith, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh dháta deonaithe na cabhrach aonair.

    3.   Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe atá díreach agus sonrach le haghaidh bearta coisctheacha. Féadfar ceann amháin de na costais a leanas a áireamh leis na costais:

    (a)

    maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú nó feabhsú;

    (b)

    innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne.

    4.   Ní bheidh an méid cabhrach a dheonófar faoin Airteagal seo níos mó, i gcoibhéis deontais chomhláin, ná an t-uasráta déine cabhrach de 100 % de na costais incháilithe. Beidh na huasrátaí sonracha déine cabhrach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 1 go 11 d’Iarscríbhinn IV, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

    Airteagal 53

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú

    1.   Beidh cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a shlánú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:

    (a)

    go mbeidh nasc cúise díreach ann idir an damáiste a dhéantar agus iompraíocht na n-ainmhithe cosanta;

    (b)

    gurb éard a bheidh sna costais incháilithe costais an damáiste a tharlaíonn mar thoradh díreach ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó gnóthas árachais; agus

    (c)

    i gcás iascaigh, go mbeidh cabhair maidir le damáiste i gcás ainmhithe teoranta do dhamáiste do ghabhálacha.

    2.   Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis an damáiste atá le slánú:

    (a)

    damáiste as ainmhithe sa dobharshaothrú: bunaítear na costais incháilithe ar mhargadhluach an ainmhí a ndearna na hainmhithe cosanta damáiste dó nó a mharaigh é;

    (b)

    damáiste do ghabhálacha san earnáil iascaigh de dheasca ainmhithe cosanta; nó

    (c)

    an damáiste ábhartha do na sócmhainní seo a leanas: trealamh, innealra, maoin.

    3.   Déanfar an margadhluach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a shuí ar bhonn luach na n-ainmhithe go díreach sular tharla an damáiste de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta, agus amhail nach ndearna iompraíocht na n-ainmhithe cosanta aon difear dóibh.

    4.   Beidh ríomh an damáiste ábhartha bunaithe ar chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar difear nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne sin sula ndearnadh an damáiste. Ní bheidh sé níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an luach margaidh cothrom mar thoradh ar na hainmhithe cosanta, is é sin an difríocht idir luach na maoine go díreach sular ndearnadh an damáiste agus go díreach ina diaidh.

    5.   Féadfar an damáiste atá le slánú a mhéadú le costais eile a thabhaíonn an ngnóthas is tairbhí mar gheall ar iompraíocht na n-ainmhithe cosanta, agus laghdófar é le haon chostas nach dtabhaítear go díreach mar gheall ar iompraíocht na n-ainmhithe cosanta agus a thabhódh an gnóthas is tairbhí ina ainneoin sin, agus le haon ioncam a ghintear trí tháirgí atá nasctha leis na hainmhithe damáistithe nó maraithe a dhíol.

    6.   Ach amháin i gcás céad ionsaithe ag ainmhithe cosanta, ceanglófar ar an ngnóthas is tairbhí iarracht réasúnta a dhéanamh chun maolú a dhéanamh ar an riosca maidir le saobhadh ar an iomaíocht agus chun dreasacht a sholáthar chun an riosca sin a íoslaghdú. Beidh an iarracht sin i bhfoirm bearta coisctheacha, amhail sconsaí sábháilteachta, agus beidh na cearta coisctheacha sin comhréireach leis an riosca damáiste de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta sa limistéar lena mbaineann, seachas mura féidir na bearta sin a ghlacadh go réasúnta.

    7.   Íocfar cabhair go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas sin. I gcás gur le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí a íocfar an chabhair, ní sháróidh méid na cabhrach an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.

    8.   Bunófar an scéim cabhrach laistigh de thréimhse 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste. Íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta sin.

    9.   Maidir leis an gcabhair a dheonófar agus aon íocaíocht eile a gheofar chun an damáiste a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais, beidh siad teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 54

    Cabhair le haghaidh tionscadail CLLD

    1.   Beidh cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD faoi Rialachán (AE) 2021/1139 comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

    2.   Cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus a ainmnítear mar fhorbairt áitiúil de chuid LEADER faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe i bhfabhar tionscadail dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

    3.   Beidh na costais seo a leanas incháilithe maidir le tionscadail CLLD:

    (a)

    na costais a bhaineann le tacaíocht ullmhúcháin, fothú acmhainneachta, oiliúint agus líonrú d’fhonn straitéis CLLD dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) a ullmhú agus a chur chun feidhme;

    (b)

    na costais a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibríochtaí formheasta;

    (c)

    na costais a bhaineann le hullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí comhair an ghrúpa;

    (d)

    costais oibriúcháin atá nasctha le cur chun feidhme na straitéise CLLD a bhainistiú; nó

    (e)

    na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm na straitéise CLLD chun malartú idir páirtithe leasmhara a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus an straitéis agus na tionscadail a chur chun cinn, agus chun tacú le tairbhithe féideartha d’fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.

    4.   Na costais a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear i mír 1, ní fhéadfaidh siad a bheith incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo ach ar choinníoll go saothrófar iad i gceann amháin de na réimsí seo a leanas:

    (a)

    taighde, forbairt agus nuálaíocht;

    (b)

    an comhshaol;

    (c)

    fostaíocht agus oiliúint;

    (d)

    cultúr agus caomhnú oidhreachta;

    (e)

    caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara agus fionnuisce;

    (f)

    cur chun cinn táirgí bia nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE;

    (g)

    spóirt.

    5.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar na huasrátaí tacaíochta a fhoráiltear maidir le gach cineál oibríochta i Rialachán (AE) 2021/1139.

    Airteagal 55

    Méideanna teoranta cabhrach do thionscadail CLLD

    1.   Cabhair le haghaidh gnóthais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagal 54(1) den Rialachán seo, nó a thairbhíonn de thionscadail den sórt sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c) CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

    2.   Cabhair le haghaidh bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagal 54(1) den Rialachán seo, nó a thairbhíonn de thionscadail den sórt sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    3.   Na costais a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh siad a bheith incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo ach ar choinníoll go saothrófar iad i gceann amháin de na réimsí seo a leanas:

    (a)

    taighde, forbairt agus nuálaíocht;

    (b)

    an comhshaol;

    (c)

    fostaíocht agus oiliúint;

    (d)

    cultúr agus caomhnú oidhreachta;

    (e)

    caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara agus fionnuisce;

    (f)

    cur chun cinn táirgí bia nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE;

    (g)

    spóirt.

    4.   Méid iomlán na cabhrach faoin Airteagal seo a dheonófar in aghaidh an tionscadail, ní rachaidh sé thar EUR 200 000.

    Airteagal 56

    Díolúintí agus laghduithe cánach i gcomhréir le Treoir 2003/96/CE

    1.   Beidh cabhair i bhfoirm díolúintí nó laghduithe cánach arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 15(1), pointe (f) agus Airteagal 15(3) de Threoir 2003/96/CE comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c) agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) CFAE ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i dTreoir 2003/96/CE agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

    2.   Roghnófar gnóthas is tairbhí na ndíolúintí nó na laghduithe cánach ar bhonn critéir thrédhearcacha oibiachtúla. I gcás inarb infheidhme, íocfaidh sé ar a laghad an leibhéal íosta cánachais ábhartha a leagtar síos i dTreoir 2003/96/CE.

    CAIBIDIL IV

    Idirthréimhseacha agus Críochnaitheacha Forálacha

    Airteagal 57

    Cur i bhfeidhm leanúnach Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014

    In Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ón gCoimisiún (41), sonraítear go mbeidh feidhm ag an Rialachán sin go dtí an 31 Nollaig 2022. Cuirfear an Rialachán seo in ionad Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ar dhul in éag dó.

    Airteagal 58

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair aonair a deonaíodh sular tháinig sé i bhfeidhm, má chomhlíonann an chabhair na coinníollacha go léir a leagtar síos sa Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 9.

    2.   Aon chabhair nach bhfuil díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE faoin Rialachán seo nó faoi rialacháin eile arna nglacadh de bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588 a bhí i bhfeidhm roimhe seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú uirthi i gcomhréir leis na creataí, treoirlínte, teachtaireachtaí agus fógraí iomchuí.

    3.   Aon chabhair aonair a dheonófar roimh an 1 Eanáir 2023 faoi aon rialachán a ghlactar de bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588 agus a bhí i bhfeidhm roimhe sin tráth deonaithe na cabhrach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE.

    4.   I ndeireadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, aon scéim cabhrach a dhíolmhaítear faoin Rialachán seo, leanfaidh sí de bheith amhlaidh le linn tréimhse choigeartúcháin sé mhí.

    Airteagal 59

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2029.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 14 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.

    (2)  IO C 185, 6.5.2022, lch. 1.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lch. 1).

    (5)  IO C 217, 2.7.2015, lch. 1.

    (6)  Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

    (7)  IO C 155, 20.6.2008, lch. 10.

    (8)  IO C 14, 19.1.2008, lch. 6.

    (9)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

    (10)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

    (11)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

    (12)  De réir an tsainmhínithe ar FBM, sainmhíniú a atáirgtear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ní féidir a mheas gur FBM é fiontar má tá 25 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála faoi rialú díreach nó indíreach ag comhlacht poiblí amháin nó níos mó, i gcomhpháirt nó go haonarach (cf. Airteagal 3(4) den Iarscríbhinn sin).

    (13)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

    (14)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999. (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

    (15)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006. (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

    (16)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

    (17)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

    (18)  Rialachán (AE) 2017/1130 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 lena sainmhínítear saintréithe soithí iascaireachta. (IO L 169, 30.6.2017, lgh. 1).

    (19)  Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

    (20)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

    (21)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

    (22)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (23)  Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).

    (24)  Commission staff working document, Common methodology for State aid evaluation [Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin, Modheolaíocht choiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar státchabhair], (28.5.2014, SWD(2014) 179 final).

    (25)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

    (26)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

    (27)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, Green Infrastructure (GI) — Enhancing Europe’s Natural Capital [Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú], (COM/2013) 249 final, 6.5.2013.

    (28)  Treoir 60/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

    (29)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

    (30)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

    (31)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha d’fhaireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

    (32)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

    (33)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021 lena n-údaraítear táirgí agus substaintí áirithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus lena mbunaítear a liostaí (IO L 253, 16.7.2021, lch. 13).

    (34)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).

    (35)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51).

    (36)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

    (37)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

    (38)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

    (39)  Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).

    (40)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

    (41)  Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach don mhargadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 369, 24.12.2014, lch. 37).


    IARSCRÍBHINN I

    Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)

    1.   Fiontar

    Meastar gur fiontar atá in aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma cén fhoirm dlíthiúil atá aige. Áirítear leis sin, go háirithe, daoine féinfhostaithe agus gnólachtaí teaghlaigh a ghabhann do ghníomhaíochtaí ceirde nó do ghníomhaíochtaí eile, agus comhpháirtíochtaí nó comhlachais a ghabhann do ghníomhaíocht eacnamaíoch rialta.

    2.   Líon foirne agus tairseacha airgeadais agus catagóirí fiontair á gcinneadh

    2.1.

    I gcatagóir na bhfiontar beag, meánmhéide agus na micrifhiontar (“FBManna”) tá fiontair a bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe acu agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 milliún, agus/nó clár comhordaithe bliantúil iomlán nach mó ná EUR 43 mhilliún.

    2.2.

    Laistigh den chatagóir FBM, sainmhínítear fiontar beag mar fhiontar a fhostaíonn líon is lú ná 50 duine agus nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil agus/nó a chlár comhardaithe bliantúil EUR 10 milliún.

    2.3.

    Laistigh den chatagóir FMB, sainmhínítear micrifhiontar mar fhiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 duine agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil agus/nó clár comhordaithe bliantúil iomláin nach mó ná EUR 2 mhilliún.

    3.   Cineálacha fiontar a chuirtear san áireamh agus líon foirne agus méideanna airgeadais á ríomh

    3.1.

    Is éard is “fiontar uathrialaitheach” ann aon fhiontar nach n-aicmítear mar fhiontar comhpháirtíochta de réir bhrí phointe 3.2 ná mar fhiontar nasctha de réir bhrí phointe 3.3.

    3.2.

    Is éard is “fiontair chomhpháirtíochta” ann na fiontair uile nach n-aicmítear mar fhiontair nasctha de réir bhrí phointe 3.3 agus a bhfuil an caidreamh seo a leanas eatarthu: fiontar (fiontar réamhtheachtach) ag a bhfuil, is é sin, go haonarach nó i gcomhpháirt le fiontar nasctha amháin nó níos mó de réir bhrí phointe 3.3, 25 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála de chuid fiontar eile (fiontar iartheachtach).

    Mar sin féin, féadfar fiontar a rangú mar fhiontar uathrialaitheach, agus mar fhiontar nach bhfuil aon fhiontar comhpháirtíochta aige, dá bhrí sin, fiú amháin má bhaineann na hinfheisteoirí seo a leanas an tairseach 25 % sin amach nó má sháraíonn siad í, de réir bhrí mhír 3, is é sin, ina n-aonar nó i gcomhpháirt leis an bhfiontar i gceist:

    (a)

    corparáidí infheistíochta poiblí, cuideachtaí caipitil fiontair, daoine aonair nó grúpaí daoine aonair a bhfuil gníomhaíocht tráthrialta maidir le hinfheistíocht caipitil fiontair acu agus a infheistíonn caipiteal cothromais i ngnólachtaí neamhluaite (“aingil ghnó”), ar choinníoll go bhfuil infheistíocht iomlán na n-aingeal gnó sin san fhiontar céanna níos lú ná EUR 1 250 000;

    (b)

    ollscoileanna nó ionaid taighde neamhbhrabúis;

    (c)

    infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear cistí forbraíochta réigiúnaí;

    (d)

    údaráis áitiúla féinrialaitheacha ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.

    3.3.

    Is éard is “fiontair nasctha” ann fiontair a bhfuil aon cheann de na caidrimh seo a leanas eatarthu:

    (a)

    tá formhór de chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí i bhfiontar eile ag fiontar;

    (b)

    tá sé de cheart ag fiontar formhór de na comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid fiontar eile a cheapadh nó a chur as oifig;

    (c)

    tá sé de cheart ag fiontar tionchar ceannasach a imirt ar fhiontar eile de bhun conradh a dhéantar leis an bhfiontar sin nó de bhun foráil ina mheabhrán nó ina airteagail chomhlachais;

    (d)

    déanann fiontar, ar scairshealbhóir nó comhalta fiontair eile é, rialú ina aonar, de bhun comhaontú le scairshealbhóirí nó comhaltaí eile de chuid an fhiontair sin, ar fhormhór de chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí san fhiontar sin.

    Tá toimhde ann nach ann do thionchar ceannasach mura bhfuil baint dhíreach ná indíreach ag na hinfheisteoirí a liostaítear sa dara fomhír de phointe 3.2 le bainistiú an fhiontair i gceist, gan dochar dá gcearta mar scairshealbhóirí.

    Fiontair ag a bhfuil aon cheann de na caidrimh a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír trí fhiontar amháin eile nó níos mó, nó trí aon cheann de na hinfheisteoirí dá dtagraítear i bpointe 3.2, meastar iad a bheith nasctha freisin.

    Fiontair ag a bhfuil ceann amháin nó ceann eile de na caidrimh den chineál sin le duine nádúrtha nó grúpa de dhaoine nádúrtha ag gníomhú i gcomhpháirt, meastar gur fiontair nasctha iad chomh maith má thugann siad faoina ngníomhaíocht nó faoi chuid dá ngníomhaíocht sa mhargadh ábhartha céanna nó i margaí cóngaracha.

    Meastar gur “margadh cóngarach” é an margadh do tháirge nó do sheirbhís atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach ón margadh iomchuí.

    3.4.

    Ach amháin sna cásanna a leagtar amach sa dara fomhír de phointe 3.2, ní féidir a mheas gur FBM é fiontar má tá 25 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála faoi rialú díreach nó indíreach ag comhlacht poiblí amháin nó níos mó ná sin, i gcomhpháirt nó go haonarach.

    3.5.

    Féadfaidh fiontair dearbhú stádais mar fhiontar uathrialaitheach, fiontar comhpháirtíochta, nó fiontar nasctha a dhéanamh, agus na sonraí maidir leis na tairseacha a leagtar amach i bpointe 2 á gcur san áireamh. Féadfar an dearbhú a dhéanamh fiú amháin má scaiptear an caipiteal ar bhealach a fhágann nach féidir an sealbhóir a chinneadh go beacht, agus sa chás sin féadfaidh an fiontar a dhearbhú de mheon macánta gur féidir leis a thoimhdiú go dlisteanach nach bhfuil 25 % nó níos mó ná sin de faoi úinéireacht ag fiontar amháin nó ag fiontair nasctha i gcomhpháirt. Déantar dearbhuithe den sórt sin gan dochar do na seiceálacha agus do na himscrúduithe dá bhforáiltear i rialacha náisiúnta nó i rialacha an Aontais.

    4.   Sonraí a úsáidtear don líon foirne agus do na méideanna airgeadais agus don tréimhse thagartha

    4.1.

    Is iad na sonraí nach mór a chur i bhfeidhm maidir leis an líon foirne agus leis na méideanna airgeadais na sonraí i ndáil leis an tréimhse cuntasaíochta fhormheasta is déanaí a ríomhtar ar bhonn bliantúil. Cuirtear san áireamh ón dáta a dhúntar na cuntais iad. Ríomhtar an méid a roghnaítear don láimhdeachas gan cáin bhreisluacha (CBL) ná cánacha indíreacha eile a chur san áireamh.

    4.2.

    Sa chás, ar an dáta a dhúntar na cuntais, go bhfaigheann fiontar amach gur sháraigh sé nó gur thit sé, ar bhonn bliantúil, faoin líon foirne nó faoi na tairseacha airgeadais a luaitear i bpointe 2, ní bheidh caillteanas nó gnóthú stádais mar fhiontar meánmhéide, fiontar beag nó micrifhiontar mar thoradh air sin, ach amháin má sháraítear na tairseacha sin le linn dhá thréimhse cuntasaíochta leanúnacha.

    4.3.

    I gcás fiontair nuabhunaithe nach bhfuil cuntais faofa acu go fóill, bainfear úsáid as meastachán bona fide a rinneadh le linn na bliana airgeadais.

    5.   Líon foirne

    Comhfhreagraíonn an líon foirne do líon na n-aonad oibrithe bliantúla (AOB), i.e. an líon daoine a d’oibrigh go lánaimseartha laistigh den fhiontar i gceist nó thar a cheann le linn na bliana tagartha iomláine atá á meas. Cuirtear obair daoine nár oibrigh go lánaimseartha le linn na bliana iomláine, obair iad siúd a d’oibrigh go páirtaimseartha, gan beann ar an bhfad, agus obair oibrithe séasúracha san áireamh mar chodáin AOB. Ar an bhfoireann áirítear:

    (a)

    fostaithe;

    (b)

    daoine atá ag obair don fhiontar, atá faoina réir agus a mheastar a bheith ina bhfostaithe faoin dlí náisiúnta;

    (c)

    bainisteoirí ar úinéirí iad;

    (d)

    comhpháirtithe a ghabhann do ghníomhaíocht tráthrialta san fhiontar agus a bhaineann tairbhe as buntáistí airgeadais ón bhfiontar.

    Ní dhéantar printísigh ná mic léinn a ghabhann do ghairmoiliúint a bhfuil conradh printíseachta nó gairmoiliúna acu a áireamh mar dhaoine den fhoireann. Ní chuirtear tréimhsí saoire máithreachais ná tuismitheoireachta san áireamh.

    6.   Na sonraí a bhaineann le fiontar a bhunú

    6.1.

    I gcás fiontar uathrialaitheach, cinntear na sonraí, lena n-áirítear an líon foirne, ar bhonn chuntais an fhiontair sin agus orthu sin amháin.

    6.2.

    Cinntear na sonraí, an líon foirne san áireamh, a bhaineann le fiontar ag a bhfuil fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha ar bhonn na gcuntas agus sonraí eile de chuid an fhiontair nó, sa chás gurb ann dóibh, ar bhonn cuntais chomhdhlúite an fhiontair, nó ar bhonn na gcuntas comhdhlúite ina bhfuil an fiontar páirteach de bharr comhdhlúthú.

    Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirtear na sonraí a bhaineann le haon fhiontar comhpháirtíochta de chuid an fhiontair i gceist agus atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach uaidh. Is i gcomhréir leis an gcéatadán úis sa chaipiteal nó sna cearta vótála (cibé acu is mó) a dhéantar comhiomlánú. I gcás tras-sealúchas, tá feidhm ag an gcéatadán is airde.

    Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír cuirtear 100 % de na sonraí a bhaineann le haon fhiontar atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bhfiontar i gceist, sa chás nár cuireadh na sonraí san áireamh cheana féin i gcomhdhlúthú na gcuntas.

    6.3.

    Chun pointe 6.2 a chur i bhfeidhm:

    (a)

    díorthaítear sonraí fhiontair chomhpháirtíochta an fhiontair i gceist óna gcuntais agus óna gcuid sonraí eile, cinn chomhdhlúite más ann dóibh. Cuirtear leis sin 100 % de shonraí na bhfiontar atá nasctha leis na fiontair chomhpháirtíochta sin, ach amháin sa chás gur cuireadh a sonraí cuntas san áireamh cheana féin mar gheall ar chomhdhlúthú;

    (b)

    Ní mór sonraí na bhfiontar atá nasctha leis an bhfiontar i gceist a dhíorthú óna gcuntais agus óna sonraí eile, cuntais agus sonraí comhdhlúite más ann dóibh. Leis sin cuirtear, pro rata, sonraí aon fhiontair comhpháirtíochta féideartha eile de chuid an fhiontair nasctha sin, ar fiontar go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach é, ach amháin sa chás gur cuireadh san áireamh cheana féin é sna cuntais chomhdhlúite agus céatadán leis atá i gcomhréir ar a laghad leis an gcéatadán a d’aithníodh faoin dara fomhír de phointe 6.2.

    6.4.

    I gcás nach dtaispeántar aon sonra foirne le haghaidh fiontar ar leith sna cuntais chomhdhlúite, ríomhtar figiúirí foirne leis na sonraí óna fhiontair chomhpháirtíochta a chomhiomlánú go comhréireach agus leis na sonraí ó na fiontair lena bhfuil an fiontar i gceist nasctha a chur leo.

    IARSCRÍBHINN II

    Faisnéis maidir le státchabhair a dhíolmhaítear faoi choinníollacha an Rialacháin seo

    CUID I

    le soláthar trí chóras fógartha leictreonach bunaithe an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11

    Tagairt na cabhrach

    (le comhlánú ag an gCoimisiún)

    Ballstát

     

    Uimhir thagartha an Bhallstáit

     

    Réigiún

    Ainm an Réigiúin/na Réigiún (NUTS  (1))

    ………………………

    Image 1
    Na réigiúin is forimeallaí

    Image 2
    Oileáin iargúlta na Gréige

    Image 3
    Oileáin Dugi Otok, Vis, Mljet agus Lastovo sa Chróit

    Image 4
    Eile

    Údarás deonúcháin

    Ainm

     

    Seoladh poist

     

    Seoladh gréasáin

     

    Teideal an bhirt cabhrach

     

    Bunús dlí náisiúnta (Tagairt don fhoilseachán oifigiúil náisiúnta ábhartha)

     

    Nasc gréasáin chuig téacs iomlán an bhirt cabhrach

     

    An cineál birt

    Image 5

    Scéim

     

    Image 6

    Cabhair ad hoc

    Ainm an tairbhí agus an ghrúpa (2) lena mbaineann sé

     

     

    Leasú ar scéim cabhrach nó ar chabhair ad hoc atá ann cheana

     

    Tagairt chabhrach an Choimisiúin

    Image 7

    Fadú

     

    Image 8

    Modhnú

     

    Fad (3)

    Image 9

    Scéim

    ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb

    An dáta deonúcháin

    Image 10

    Cabhair ad hoc

    ll/mm/bbbb

    An earnáil nó na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann

    Image 11

    Gach earnáil eacnamaíoch is incháilithe chun cabhair a fháil

     

    Image 12

    Teoranta chuig earnálacha áirithe: Sonraigh ar leibhéal ghrúpa NACE (4)

     

    An cineál tairbhí

    Image 13

    FBM

     

    Image 14

    Gnóthais mhóra

     

    Buiséad

    Méid iomlán bliantúil an bhuiséid atá beartaithe faoin scéim (5)

    Airgeadra náisiúnta ………………….. (méideanna iomlána)

    Méid foriomlán na cabhrach ad hoc a deonaíodh don ghnóthas (6)

    Airgeadra náisiúnta ………………….. (méideanna iomlána)

    Image 15

    Le haghaidh ráthaíochtaí (7)

    Airgeadra náisiúnta ………………….. (méideanna iomlána)

    An ionstraim cabhrach

    Image 16

    Deontas/Fóirdheontais ráta úis

    Image 17

    Seirbhísí fóirdheonaithe

    Image 18

    Iasacht/Réamhíocaíochtaí iníoctha

    Image 19

    Ráthaíocht (i gcás inarb iomchuí le tagairt don chinneadh ón gCoimisiún (8))

    Image 20

    Buntáiste cánach nó díolúine chánach

     

    Image 21
    Eile (sonraigh)

    Sonraigh an chatagóir ghinearálta thíos ab oiriúnaí i dtéarmaí na héifeachta/feidhme:

    Image 22
    Deontas

    Image 23
    Seirbhísí fóirdheonaithe
    Image 24
    Iasacht

    Image 25
    Ráthaíocht

    Image 26
    Buntáiste cánach

    Más cómhaoiniú ciste nó cistí de chuid an Aontais atá ann

    Ainm an chiste nó na gcistí de chuid an Aontais:

    Méid an chistiúcháin (de réir chiste an Aontais)

    Airgeadra náisiúnta . (méideanna iomlána)

     

     

     

    CUID II

    le soláthar trí chóras fógartha leictreonach bunaithe an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11

    Cuir in iúl cé acu foráil de FIBER faoina gcuirtear an beart cabhrach chun feidhme.

    Image 27

    Cabhair le haghaidh nuálaíochta in iascaigh (Airteagal 15)

    Image 28

    Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha (Airteagal 16)

    Image 29

    Cabhair le haghaidh comhpháirtíocht idir eolaithe agus iascairí (Airteagal 17)

    Image 30

    Cabhair chun caipiteal daonna agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn (Airteagal 18)

    Image 31

    Cabhair chun éagsúlú agus cineálacha nua ioncaim a éascú (Airteagal 19)

    Image 32

    Cabhair chun an chéad soitheach iascaireachta a fháil (Airteagal 20)

    Image 33

    Cabhair chun sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre na n-iascairí a fheabhsú (Airteagal 21)

    Image 34

    Cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha (Airteagal 22)

    Image 35

    Cabhair chun tacú le córais lena leithdháiltear deiseanna iascaireachta (Airteagal 23)

    Image 36

    Cabhair chun tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol a theorannú agus an iascaireacht a chur in oiriúint do chosaint speiceas (Airteagal 24)

    Image 37

    Cabhair le haghaidh nuálaíocht atá nasctha le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara (Airteagal 25)

    Image 38

    Cabhair chun bithéagsúlacht agus éiceachórais agus córais na mara agus a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe (Airteagal 26)

    Image 39

    Cabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú (Airteagal 27)

    Image 40

    Cabhair do bhreisluach, cáilíocht táirge agus úsáid gabhálacha de thaisme (Airteagal 28)

    Image 41

    Cabhair do chalafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus foscadáin (Airteagal 29)

    Image 42

    Cabhair le haghaidh iascaireacht intíre agus fauna agus flora uisceach intíre (Airteagal 30)

    Image 43

    Cabhair le haghaidh nuálaíochta sa dobharshaothrú (Airteagal 32)

    Image 44

    Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena ndéantar táirgiúlacht a mhéadú nó lena mbeidh tionchar dearfach ar an gcomhshaol sa dobharshaothrú (Airteagal 33)

    Image 45

    Cabhair le haghaidh seirbhísí bainistíochta, faoisimh agus comhairle le haghaidh feirmeacha dobharshaothraithe (Airteagal 34)

    Image 46

    Cabhair chun caipiteal daonna agus líonrú a chur chun cinn sa dobharshaothrú (Airteagal 35)

    Image 47

    Cabhair chun acmhainneacht na láithreán dobharshaothraithe a mhéadú (Airteagal 36)

    Image 48

    Cabhair chun fiontraithe nua dobharshaothraithe inbhuanaithe a spreagadh (Airteagal 37)

    Image 49

    Cabhair chun athrú chuig scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil agus dobharshaothrú orgánach (Airteagal 38)

    Image 50

    Cabhair le haghaidh seirbhísí comhshaoil (Airteagal 39)

    Image 51

    Cabhair le haghaidh bearta sláinte poiblí (Airteagal 40)

    Image 52

    Cabhair le haghaidh bearta um shláinte agus leas ainmhithe (Airteagal 41)

    Image 53

    Cabhair chun galair a chosc, a rialú agus a dhíothú (Airteagal 42)

    Image 54

    Cabhair le haghaidh infheistíochta chun an damáiste a d’eascair as galair ainmhithe a chosc nó a mhaolú (Airteagal 43)

    Image 55

    Cabhair le haghaidh árachas do stoic dhobharshaothraithe (Airteagal 44)

    Image 56

    Cabhair le haghaidh bearta margaíochta (Airteagal 45)

    Image 57

    Cabhair chun táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a phróiseáil(Airteagal 46)

    Image 58

    Cabhair chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú, a úsáid agus a phróiseáil (Airteagal 47)

    Image 59

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha a chosc agus a mhaolú (Airteagal 48)

    Image 60

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú (Airteagal 49)

    An cineál tubaiste nádúrtha:

    Image 61
    crith talún

    Image 62
    maidhm shléibhe

    Image 63
    sciorradh talún

    Image 64
    tuile

    Image 65
    tornádó

    Image 66
    spéirling

    Image 67
    brúchtadh bolcánach

    Image 68
    falscaí

    Image 69
    eile

    Sonraigh: ….

    Dáta na tubaiste nádúrtha

    ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb

    Image 70

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a chosc agus a mhaolú (Airteagal 50)

    Image 71

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú (Airteagal 51)

    An cineál imeachta:

    Image 72
    sioc

    Image 73
    stoirmeacha

    Image 74
    cloichshneachta

    Image 75
    báisteach throm nó sheasta

    Image 76
    triomaigh thromchúiseacha

    Image 77
    eile

    Sonraigh: …….

    Dáta an imeachta:

    ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb

    Image 78

    Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a chosc agus a mhaolú (Airteagal 52)

    Image 79

    Cabhair chun an damáiste a dhéanann ainmhithe cosanta a shlánú (Airteagal 53)

    Image 80

    Cabhair le haghaidh tionscadail CLLD (Airteagal 54)

    Image 81

    Méideanna teoranta cabhrach do thionscadail CLLD (Airteagal 55)

    Image 82

    Díolúintí agus laghduithe cánach i gcomhréir le Treoir 2003/96/CE (Airteagal 56)

    Spreagadh

    Sonraigh an fáth ar bunaíodh Scéim státchabhrach nó ar deonaíodh cabhair ad-hoc, in áit cúnamh ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID):

    Image 83
    beart nach gcumhdaítear leis an gclár oibríochtúil náisiúnta;

    Image 84
    tosaíocht maidir le leithdháileadh cistí faoin gclár oibríochtúil náisiúnta;

    Image 85
    níl cistiú ar fáil a thuilleadh faoi CEMID

    Image 86
    eile

    Sonraigh: …….…….


    (1)  NUTS – Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh. De ghnáth, sonraítear an réigiún ar leibhéal 2.

    (2)  Chun críocha na rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh agus chun críocha an Rialacháin seo is éard is gnóthas ann aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma cén stádas dlíthiúil atá aige ná cén bealach a mhaoinítear é. Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart eintitis atá á rialú ag an eintiteas céanna (ar bhonn dlíthiúil nó de facto) a mheas mar aon ghnóthas amháin

    (3)  An tréimhse ar féidir leis an údarás deonúcháin gealltanas a thabhairt an chabhair a dheonú.

    (4)  NACE Rev. 2 — Aicmiú Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha san Aontas Eorpach. De ghnáth, sonrófar an earnáil ag leibhéal grúpa.

    (5)  I gcás scéim cabhrach: Sonraigh méid foriomlán bliantúil an bhuiséid atá beartaithe faoin scéim nó an caillteanas cánach measta in aghaidh na bliana le haghaidh na n-ionstraimí cabhrach uile atá sa scéim.

    (6)  I gcás dámhachtain cabhrach ad hoc: Sonraigh méid foriomlán na cabhrach / an chaillteanais cánach.

    (7)  Le haghaidh ráthaíochtaí, sonraigh méid (uasta) na n-iasachtaí ráthaithe.

    (8)  I gcás inarb iomchuí, tagairt don chinneadh ón gCoimisiún lena bhfaomhtar an mhodheolaíocht chun an choibhéis deontais chomhláin a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(c).


    IARSCRÍBHINN III

    Forálacha maidir le foilsiú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9(1)

    Eagróidh na Ballstáit a suíomhanna gréasáin cuimsitheacha maidir le státchabhair, ar a mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1) le foilsiú, ar bhealach lena gceadófar rochtain éasca ar an bhfaisnéis.

    Foilseofar faisnéis i bhformáid scarbhileoige sonraí, lenar féidir sonraí a chuardach, a asbhaint agus a fhoilsiú go héasca ar an Idirlíon, i bhformáid CSV nó XML cuir i gcás. Beidh rochtain ag aon pháirtí leasmhar ar an suíomh gréasáin gan srian. Ní theastóidh aon chlárú úsáideora roimh ré chun rochtain ar an suíomh gréasáin a fháil.

    Foilseofar an fhaisnéis seo a leanas maidir le dámhachtain cabhrach aonair dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c) (1):

    Ainm an tairbhí;

    Aitheantóir an tairbhí;

    Cineál fiontair (FBM/mór) ar dháta an deonaithe;

    An réigiún ina bhfuil an tairbhí suite, ar leibhéal NUTS II (2);

    Earnáil na gníomhaíochta ar leibhéal ghrúpa NACE (3);

    An ghné cabhrach, arna sloinneadh mar mhéid iomlán san airgeadra náisiúnta (4);

    Ionstraim cabhrach (5) (deontas/fóirdheontais ar ráta úis, iasacht/réamhíocaíochtaí iníoctha/deontas inaisíoctha, ráthaíocht, buntáiste chánach nó díolúine chánach, eile (sonraigh));

    An dáta deonúcháin;

    Cuspóir na cabhrach;

    Údarás deonúcháin

    Tagairt an bhirt chabhrach (6).


    (1)  I bhfianaise an leasa dhlisteanaigh i dtrédhearcacht maidir le faisnéis a chur ar fáil don phobal, agus tar éis measúnú a dhéanamh ar na riachtanais trédhearcachta leis na cearta faoi na rialacha cosanta sonraí, cinneann an Coimisiún go bhfuil údar le hainm thairbhí na cabhrach a fhoilsiú nuair is duine nádúrtha nó duine dlítheanach é tairbhí na cabhrach (féach C-92/09, Volker und Markus Schecke agus Eifert, mír 53), agus Airteagal 49(1)(g) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin á gcur san áireamh, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE. Is é is aidhm do rialacha trédhearcachta comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus, ar deireadh, caiteachas poiblí níos éifeachtaí a bhaint amach. Beidh forlámhas ag an aidhm sin ar chearta cosanta sonraí daoine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht phoiblí

    (2)  NUTS – Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh. De ghnáth, sonraítear an réigiún ar leibhéal 2.

    (3)  Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1990 maidir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (IO L 293, 24.10.1990, lch. 1).

    (4)  Olldeontas coibhéiseach. I gcás scéimeanna fioscacha, is féidir an méid seo a sholáthar leis na raonta a leagtar amach in Airteagal 9(2).

    (5)  I gcás ina ndeonaítear an chabhair le níos mó ná ionstraim cabhrach amháin, soláthrófar an méid cabhrach le hionstraim.

    (6)  Arna soláthar ag an gCoimisiún faoin nós imeachta leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo


    IARSCRÍBHINN IV

    Na huasrátaí sonracha déine cabhrach

    Catagóir shonrach oibríochta

    An tuasráta déine cabhrach

     

     

     

    1

    Na hoibríochtaí seo a leanas lena rannchuidítear le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

    oibríochtaí lena gcuirtear feabhas ar roghnaíocht méideanna nó roghnaíocht speiceas an trealaimh iascaireachta;

    oibríochtaí lena gcuirtear feabhas ar bhonneagar na gcalafort iascaireachta, na hallaí ceantála, na láithreán ag a dtugtar iasc i dtír, agus foscadáin, chun tabhairt i dtír agus stóráil na ngabhálacha de thaisme a éascú;

    oibríochtaí lena n-éascaítear margú na ngabhálacha de thaisme a thugtar i dtír ó stoic thráchtála i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.

    100 %

    75 %

    75 %

    2

    Oibríochtaí lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta

    75 %

    3

    Oibríochtaí atá lonnaithe sna réigiúin is forimeallaí

    85 %

    4

    Oibríochtaí atá lonnaithe ar oileáin na Gréige atá iargúlta de réir an dlí náisiúnta agus ar oileáin Dugi Otok, Vis, Mljet agus Lastovo sa Chróit

    85 %

    5

    Oibríochtaí a bhaineann le hiascaireacht chósta ar mhionscála

    100 %

    6

    Oibríochtaí a chomhlíonann gach ceann de na critéir a leanas:

    (i)

    baineann leas comhchoiteann leo;

    (ii)

    tá tairbhí comhchoiteann acu;

    (iii)

    baineann saintréithe nuálacha leo agus áirithítear go bhfuil rochtain ag an bpobal ar a dtorthaí

    100 %

    7

    Oibríochtaí arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí nó d'eagraíochtaí idirchraoibheacha

    75 %

    8

    Oibríochtaí a thacaíonn leis an dobharshaothrú inbhuanaithe a chur chun cinn

    60 %

    9

    Oibríochtaí a thacaíonn le táirgí, próisis nó trealaimh nuálacha san iascach, sa dobharshaothrú agus sa phróiseáil bunaithe ar Airteagal 15, Airteagal 25, Airteagal 28, Airteagal 30, Airteagal 32, Airteagal 33 agus Airteagal 36.

    75 %

    10

    Oibríochtaí arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí iascairí nó tairbhithe comhchoiteanna eile

    60 %

    11

    Ionstraimí airgeadais

    100 %


    Top