This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2419
Regulation (EU) 2022/2419 of the European Central Bank of 6 December 2022 amending Regulation (EU) 2021/378 on the application of minimum reserve requirements (ECB/2021/1) (ECB/2022/43)
Rialachán (AE) 2022/2419 ón mBanc Ceannais Eorpach an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/378 maidir le maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta (BCE/2022/43) (ECB/2022/43)
Rialachán (AE) 2022/2419 ón mBanc Ceannais Eorpach an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/378 maidir le maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta (BCE/2022/43) (ECB/2022/43)
ECB/2022/43
IO L 318, 12.12.2022, pp. 7–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
12.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 318/7 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2419 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 6 Nollaig 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/378 maidir le maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta (BCE/2022/43) (ECB/2022/43)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 19(1) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh 2531/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ag an mBanc Ceannais Eorpach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Íocadh luach saothair le cúlchistí íosta ag ráta príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin BCE go dtí seo. D’fhonn luach saothair na gcúlchistí íosta a ailíniú níos dlúithe le coinníollacha an mhargaidh airgid, chinn an Chomhairle Rialaithe ar an 27 Deireadh Fómhair 2022 luach saothair a shocrú ag ráta saoráide taisce (‘deposit facility rate’ (DFR)) an Eurochórais. Faoi na coinníollacha margaidh agus leachtachta atá i réim, is fearr a léiríonn DFR an ráta ag ar féidir cistí a infheistiú in ionstraimí margaidh airgid mura sealbhaítear iad mar chúlchistí íosta agus an ráta ag a bhféadfaidh bainc cistí a fháil ar iasacht sa mhargadh airgid chun cúlchistí íosta a chomhlíonadh. Féachfaidh an t-athrú ar luach saothair na gcúlchistí íosta a áirithiú nach gcuirfidh córas cúlchistí íosta an Euro ualach ar an gcóras baincéireachta sa limistéar euro, ná nach gcuirfidh sé bac ar leithdháileadh éifeachtúil acmhainní. Chun aistriú éifeachtach a áirithiú, ba cheart an t-athrú luacha saothair a ailíniú le tús na tréimhse cothabhála, ag tosú an 21 Nollaig 2022. |
|
(2) |
Chun soiléireacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú, mar obair leantach ar chinneadh na Comhairle Rialaithe an 17 Feabhra 2022 luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta ar leibhéal an Eurochórais a athbhreithniú, is iomchuí láimhseáil luacha saothair na gcistí a áirítear ar dtús i sealúchais cúlchistí íosta a shainiú freisin, ar cistí iad a mheastar ina dhiaidh sin go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 3(1)(d) de Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/1) (2), agus, dá bhrí sin, eisiatar iad ó shealúchais chúlchistí na hinstitiúide faoin ngníomh sin. |
|
(3) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 21 Nollaig 2022. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1):
“Airteagal 9
Luach saothair
1. Tabharfaidh an BCN ábhartha luach saothair do shealúchais na gcúlchistí íosta sna cuntais chúlchiste ar mheánráta saoráide taisce an Eurochórais (arna ualú de réir líon na laethanta féilire), a thógfar thar an tréimhse chothabhála, de réir na foirmle seo a leanas (de réir an toraidh a chothromú go dtí an cent is gaire):
I gcás gurb ionann:
|
Rt |
= |
luach saothair le híoc ar shéalúchais na gcúlchistí íosta don tréimhse chothabhála t; |
|
Ht |
= |
sealúchais laethúla ar an meán de na cúlchistí íosta don tréimhse chothabhála t; |
|
nt |
= |
líon na laethanta féilire sa tréimhse chothabhála t, |
|
rt |
= |
rt = ráta luach saothair ar shealúchais na gcúlchistí ceangailteacha don tréimhse chothabhála t; cuirfear slánú caighdeánach an ráta luach saothair go dtí dhá dheachúil i bhfeidhm; |
|
i |
= |
ith lá féilire den tréimhse chothabhála t; |
|
DFRi |
= |
an ráta saoráide taisce gach lá i den tréimhse chothabhála. |
2. Íocfaidh an BCN ábhartha an luach saothair ar shéalúchais na gcúlchistí íosta ar an dara lá gnó TARGET2 tar éis dheireadh na tréimhse cothabhála ar gnóthaíodh an luach saothair ina leith.
3. Maidir le cistí a áirítear i sealúchais cúlchistí íosta a eisiatar ina dhiaidh sin ón gcúlchistí íosta sin de bhun Airteagal 3(1)(d), íocfaidh BCN ábhartha luach saothair i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le taiscí beartais neamhairgeadaíochta i dTreoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7) (*1), le héifeacht ón data a mbeidh feidhm ag coinníoll sonrach Airteagal 3(1)(d), mar a chinnfear an BCN ábhartha.
Airteagal 2
Forálacha críochnaitheacha
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an gcúigiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 21 Nollaig 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 6 Nollaig 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) IO L 318, 27.11.1998, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le cúlchistí íosta (BCE/2021/1) (IO L 73, 3.3.2021, lch. 1).