This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2401
Council Implementing Regulation (EU) 2022/2401 of 8 December 2022 implementing Article 9 of Regulation (EC) No 1183/2005 concerning restrictive measures in view of the situation in the Democratic Republic of the Congo
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2401 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2401 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
ST/14923/2022/INIT
IO L 317, 9.12.2022, p. 32–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
9.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 317/32 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2401 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Nollaig 2022
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 an 18 Iúil 2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005. |
(2) |
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sriantacha breise a leagtar síos in Airteagal 2b de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, ba cheart an ráiteas ar chúiseanna a bhaineann le daoine áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. RAKUŠAN
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN Ia
LIOSTA NA nDAOINE NÁDÚRTHA NÓ DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2b
A. Daoine
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Forais leis an liostú |
Dáta an liostaithe |
||
1 |
Ilunga KAMPETE |
Ar a dtugtar freisin Gaston Hughes Ilunga Kampete; Hugues Raston Ilunga Kampete Dáta Breithe: 24.11.1964 Áit bhreithe: Lubumbashi, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir aitheantais mhíleata: 1-64-86-22311-29 Seoladh: 69, avenue Nyangwile, Kinsuka Mimosas, Kinshasa/Ngaliema, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Cheannasaí ar an Republican Guard (GR) go dtí mí Aibreáin 2020, bhí Ilunga Kampete freagrach as aonaid GR a imscaradh ar an talamh agus bhí baint aige le forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa. Bhí sé freagrach freisin as cearta an duine a chur faoi chois agus as sárú ar chearta an duine a rinne gníomhairí GR, amhail slógadh den fhreasúra in Lubumbashi a chur faoi chois go foréigneach i mí na Nollag 2018. Ó mhí Iúil 2020, tá sé ina shaighdiúir ard chéimneach, mar Leifteanant Ginearálta i bhFórsaí Armtha an Chongó (FARDC) agus Ceannasaí bhunáit mhíleata Kitona i gCúige Chongó Láir. De bhua a fheidhmeanna, is air féin atá an fhreagracht as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine. Dá bhrí sin, bhí baint ag Ilunga Kampete le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. |
12.12.2016 |
||
2 |
Gabriel Amisi KUMBA |
Ar a dtugtar freisin Gabriel Amisi Nkumba; ‘Tango Fort’; ‘Tango Four’ Dáta Breithe: 28.5.1964 Áit bhreithe: Malela, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir aitheantais mhíleata: 1-64-87-77512-30 Seoladh: 22, avenue Mbenseke, Ma Campagne, Kinshasa/Ngaliema, DRC Inscne: Fireann |
Iar-Cheannasaí ar chéad chrios cosanta Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), ar ghlac a fhórsaí páirt i bhforneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa. Bhí Gabriel Amisi Kumba ina Leas-Cheann Foirne ar Fórsaí Armtha an Chongó agus bhí sé i gceannas ar na hoibríochtaí agus ar an bhfaisnéis ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020. Ó shin i leith, tá feidhmeanna Ardchigire FARDC aige. Agus na hardfheidhmeanna sin a bheith aige, tá freagracht air as sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine. Dá bhrí sin, bhí baint ag Gabriel Amisi Kumba le gníomhartha arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh. |
12.12.2016 |
||
3 |
Célestin KANYAMA |
Ar a dtugtar freisin Kanyama Tshisiku Celestin; Kanyama Celestin Cishiku Antoine; Kanyama Cishiku Bilolo Célestin; ‘Esprit de mort’ Dáta Breithe: 4.10.1960 Áit bhreithe: Kananga, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir phas DRC: OB0637580 (bailí ó 20.5.2014 go 19.5.2019) Víosa Schengen uimh. 011518403, a eisíodh an 2.7.2016 Seoladh: 56, avenue Usika, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Choimisinéir an Congolese National Police (PNC), bhí Célestin Kanyama freagrach as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa. I mí Iúil 2017, ceapadh Célestin Kanyama mar Ard-Stiúrthóir ar scoileanna oiliúna PNC. I mí Dheireadh Fómhair 2018, agus é sa phost sin, d’fhorchuir oifigigh phóilíneachta imeaglú agus díothú na saoirse ar iriseoirí tar éis foilsiú sraithe alt maidir le míleithreasú chiondálacha na ndaltaí póilíneachta agus an ról a bhí ag Célestin Kanyama sna himeachtaí sin. Agus an ról sin mar oifigeach sinsearach in PNC a bheith aige, agus atá fós aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne PNC le déanaí ar chearta an duine. Dá bhrí sin, bhí baint ag Célestin Kanyama le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. |
12.12.2016 |
||
4 |
John NUMBI |
Ar a dtugtar freisin John Numbi Banza Tambo; John Numbi Banza Ntambo; Tambo Numbi Dáta Breithe: 16.8.1962 Áit bhreithe: Jadotville-Likasi-Kolwezi, DRC Náisiúntacht: DRC Seoladh: 5, avenue Oranger, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Bhí John Numbi ina Ard-Chigire ar Fhórsaí Armtha an Chongó (FARDC) ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC ar chearta an duine idir mí Iúil 2018 agus mí Iúil 2020, amhail an foréigean díréireach a d’úsáid FARDC faoina údarás díreach ar mhianadóirí neamhdhleathacha ó mhí an Mheithimh go dtí mí Iúil 2019. Dá bhrí sin, bhí baint ag John Numbi le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Go dtí tús na bliana 2021, bhí seasamh ag John Numbi ina raibh tionchar aigé in FARDC, go háirithe in Katanga, áit ar tuairiscíodh go ndearna FARDC sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Tá John Numbi fós ina bhagairt do staid chearta an duine in DRC, go háirithe in Katanga. |
12.12.2016 |
||
5 |
Evariste BOSHAB |
Ar a dtugtar freisin Evariste Boshab Mabub Ma Bileng Dáta Breithe: 12.1.1956 Áit bhreithe: Tete Kalamba, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir an phas taidhleoireachta: DP0000003 (bailí ó 21.12.2015 go dtí 20.12.2020) Víosa Schengen in éag an 5.1.2017 Seoladh: 3, avenue du Rail, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Ina cháil mar Leas-Phríomh-Aire agus ina Aire Gnóthaí Baile agus Slándála ó mhí na Nollag 2014 go dtí mí na Nollag 2016, bhí Evariste Boshab freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le leas díréireach a bhaint as forneart, lena n-áirítear idir mí Mheán Fómhair 2016 agus mí na Nollag 2016 mar fhreagairt ar léirsithe in Kinshasa, agus an toradh air gur mharaigh nó gur ghortaigh seirbhísí slándála líon mór sibhialtach. Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Evariste Boshab le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Bhí baint ag Evariste Boshab freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, réigiún ina bhfuil seasamh aige ina bhfuil tionchar aige i gcónaí, go háirithe ó ceapadh ina Sheanadóir ar Kasai é i mí Mhárta 2019. |
29.5.2017 |
||
6 |
Alex Kande MUPOMPA |
Ar a dtugtar freisin Alexandre Kande Mupomba; Kande Mupompa Dáta Breithe: 23.9.1950 Áit bhreithe: Kananga, DRC Náisiúntacht: DRC and Belgian Uimhir phas DRC: OP0024910 (bailí ó 21.3.2016 go 20.3.2021)
Inscne: Fireann |
Agus é ina Ghobharnóir ar Kasai Láir go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí Alex Kande Mupompa freagrach as an úsáid dhíréireach a bhain fórsaí slándála agus Póilíní Náisiúnta an Chongó (PNC) as forneart, cur faoi chois foréigneach agus maruithe seachbhreithiúnacha in Kasai Láir ó mhí Lúnasa 2016, lena n-áirítear maruithe ar chríoch Dibaya i mí Feabhra 2017. Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Alex Kande Mupompa le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Bhí baint ag Alex Kande Mupompa freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, áit a raibh sé ina ionadaí go dtí mí Dheireadh Fómhair 2019 agus ina bhfuil seasamh aige ina bhfuil tionchar aige i gcónaí tríd an Congrès des alliés pour l’action au Congo (CAAC), atá ina chuid de rialtas cúigeach Kasai. |
29.5.2017 |
||
7 |
Éric RUHORIMBERE |
Ar a dtugtar freisin Eric Ruhorimbere Ruhanga; ‘Tango Two’; ‘Tango Deux’ Dáta Breithe: 16.7.1969 Áit bhreithe: Minembwe, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir aitheantais mhíleata: 1-69-09-51400-64 Uimhir phas DRC: OB0814241 Seoladh: Mbujimayi, Kasai Province, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Leas-Cheannasaí ar an 21ú réigiún míleata ó mhí Mheán Fómhair 2014 go dtí mí Iúil 2018, bhí Éric Ruhorimbere freagrach as úsáid dhíréireach fornirt agus as maruithe seachbhreithiúnacha a rinne Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), go háirithe i gcoinne mhílíste Nsapu agus i gcoinne ban agus leanaí. Tá Éric Ruhorimbere ina Cheannasaí ar earnáil oibríochtúil an Nord Equateur ó mhí Iúil 2018. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine. Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Éric Ruhorimbere le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. |
29.5.2017 |
||
8 |
Emmanuel Ramazani SHADARY |
Ar a dtugtar freisin Emmanuel Ramazani Shadari Mulanda; Shadary Dáta Breithe: 29.11.1960 Áit bhreithe: Kasongo, DRC Náisiúntacht: DRC Seoladh: 28, avenue Ntela, Mont Ngafula, Kinshasa, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Leas-Phríomh-Aire agus ina Aire Gnóthaí Baile agus Slándála go dtí mí Feabhra 2018, bhí Emmanuel Ramazani Shadary freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le forneart a úsáid go díréireach, amhail cniogbheartaíocht fhoréigneach ar chomhaltaí den ghluaiseacht Bundu Dia Congo (BDK) in Kongo Láir, as an gcur faoi chois in Kinshasa ó mhí Eanáir go mí Feabhra 2017 agus as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i gcúigí Kasai. Sa cháil sin, dá bhrí sin, bhí baint ag Emmanuel Ramazani Shadary le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Ó mhí Feabhra 2018, tá Emmanuel Ramazani Shadari ina rúnaí buan den Parti du peuple pour la reconstruction et le développement (PPRD), arbh é, go dtí mí na Nollag 2020, an príomhpháirtí sa chomhghuaillíocht faoin iarUachtarán Joseph Kabila. Sa cháil sin, i mí Iúil 2022, dhearbhaigh sé go raibh PPRD réidh chun páirt a ghlacadh sna toghcháin uachtaránachta 2023. |
29.5.2017 |
||
9 |
Kalev MUTONDO |
Ar a dtugtar freisin Kalev Katanga Mutondo; Kalev Motono; Kalev Mutundo; Kalev Mutoid; Kalev Mutombo; Kalev Mutond; Kalev Mutondo Katanga; Kalev Mutund Dáta Breithe: 3.3.1957 Náisiúntacht: DRC Uimhir phas DRC: DB0004470 (bailí ó 8.6.2012 go 7.6.2017) Seoladh: 24, avenue Ma Campagne, Kinshasa, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Cheannasaí na Seirbhíse Náisiúnta Faisnéise (ANR) go dtí mí Feabhra 2019, bhí baint ag Kalev Mutondo le comhaltaí den fhreasúra, gníomhaithe sa tsochaí sibhialta agus daoine eile a ghabháil go treallach agus a choinneáil agus le drochíde a thabhairt dóibh agus bhí sé freagrach as an méid sin. Dá bhrí sin, bhí baint ag Kalev Mutondo le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. I mí na Bealtaine 2019, shínigh sé dearbhú maidir le dílseacht san am atá caite agus sa todhchaí do Joseph Kabila, agus tá sé mór leis i gcónaí. Go dtí luath sa bhliain 2021, bhí tionchar mór polaitiúil ag Kalev Mutondo ina ról mar ‘chomhairleoir polaitiúil’ do Phríomh-Aire DRC. Líomhnaítear go bhfuil tionchar fós aige i gcodanna áirithe de na fórsaí slándála. |
29.5.2017 |
B. Eintitis