EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2400

Rialachán (AE) 2022/2400 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/39/2022/REV/1

IO L 317, 9.12.2022, p. 24–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2400/oj

9.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 317/24


RIALACHÁN (AE) 2022/2400 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Samhain 2022

lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis na gealltanais a leagtar amach i gCoinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (“an Coinbhinsiún”), arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle (3), agus sa Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail le Cinneadh 2004/259/CE ón gComhairle (4), déantar na gealltanais sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha.

(2)

Ag an seachtú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 4 go dtí an 15 Bealtaine 2015, comhaontaíodh peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir (“peinteaclóraifeanól”) a chur isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ag an naoú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 29 Aibreán go dtí an 10 Bealtaine 2019, comhaontaíodh déchófól chomh maith le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chur isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 6 go dtí an 17 Meitheamh 2022, comhaontaíodh aigéad sárfhluaraiheacsáin sulfónach (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara a chur isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. I bhfianaise na leasuithe sin ar an gCoinbhinsiún agus chun a áirithiú go ndéantar dramhaíl ina bhfuil na substaintí sin a bhainistiú i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, is gá Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú freisin trí pheinteaclóraifeanól, déchófól agus PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara, chomh maith le PFHxS, a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara, a chur isteach sna hIarscríbhinní agus teorainneacha tiúchana comhfhreagracha gach ceann ar leith díobh a lua.

(3)

Le Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún (6), liostaíodh peinteaclóraifeanól roimhe in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus luach 100 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn IV agus luach 1 000 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn V. I Rialachán (AE) 2019/1021, lenar aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 850/2004, fágadh peinteaclóraifeanól ar lár go neamhbheartaithe. Is gá, dá bhrí sin, Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú chun peinteaclóraifeanól a chur isteach iontu.

(4)

Tá teorainneacha tiúchana cheana féin ann in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir leis na substaintí nó na grúpaí substaintí seo a leanas: (a) suim na dtiúchan éitir teitreabrómaidhéfheinile, éitir peinteabrómaidhéfheinile, éitir heicseabrómaidhéfheinile, éitir heipteabrómaidhéfheinile agus éitir deacabrómaidhéfheinile (cé is moite den cheann deireanach, ceann nach liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin); (b) Heicseabrómaiciogladóideacán; (c) Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna); agus (d) débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF). De bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/1021, is iomchuí na teorainneacha tiúchana in Iarscríbhinn IV a leasú maidir leis na substaintí sin chun a dteorainnluachanna a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Chun bheith comhsheasmhach leis an liosta d’éitir dhéfheinile pholabróimínithe (PBDEnna) a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart an tsubstaint éitear deacabrómaidhéfheinile a chur isteach i measc na PBDEnna a liostaítear sa tríú colún d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

(5)

Chun a chur ar chumas na mBallstát sonraí a bhailiú maidir leis an méid iarbhír PCDD/PCDF agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna) i luaithreach agus súiche ó theaghlaigh phríobháideacha, agus i luaith cháithníneach ó aonaid bhithmhaise le haghaidh táirgeadh teasa agus cumhachta, agus chun dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt do Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart feidhm a bheith ag an teorainn tiúchana leasaithe le haghaidh shuim PCDD/PCDF agus dl-PCBanna, a mhéid a bhaineann le luaithreach agus súiche ó theaghlaigh phríobháideacha agus le luaith cháithníneach ó aonaid bhithmhaise, tráth níos déanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun gur féidir beartais oiriúnacha a dhearadh chun an luaithreach agus an súiche sin a bhailiú agus a chóireáil agus chun tacú leis an athbhreithniú dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV agus leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a bhailiú maidir le PCDD/PCDF agus dl-PCBanna a bheith i luaithreach agus súiche ó theaghlaigh phríobháideacha agus i luaith cháithníneach ó aonaid bhithmhaise le haghaidh táirgeadh teasa agus cumhachta. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2026.

(6)

A mhéid a bhaineann le PBDEnna a liostaítear i Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart an teorainn tiúchana le haghaidh shuim na substaintí sin i ndramhaíl a shocrú ag 500 mg/kg. Agus aird chuí á tabhairt ar an meath atá ag teacht ar thiúchain PBDEnna i ndramhaíl áirithe, atá mar thoradh ar na srianta atá ann cheana ar PBDEnna a chur ar an margadh agus a úsáid, agus i bhfianaise na héabhlóide a d’fhéadfadh teacht ar mhodhanna ábhartha sórtála agus anailíse, ba cheart an teorainnluach a ísliú go 350 mg/kg 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus go 200 mg/kg 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

(7)

Ós rud é go bhfuil airíonna tocsaineolaíocha ag gabháil le foghrúpa ina bhfuil 12 chomhaicmeach PCB, eadhon PCB-77, PCB-81, PCB-105, PCB-114, PCB-118, PCB-123, PCB-126, PCB-156, PCB-157, PCB-167, PCB-169 agus PCB 189, ar a dtugtar dl-PCBanna, airíonna tocsaineolaíocha atá cosúil go mór le hairíonna tocsaineolaíocha PCDD/PCDF, agus chun éifeacht chomhiomlánaithe na gcomhdhúl dé-ocsainiúil uile a liostaítear i Rialachán (AE) 2019/1021 a chur san áireamh, is iomchuí dl-PCBanna a chur isteach san iontráil ghrúpa atá ann cheana le haghaidh PCDD/PCDF in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021. Ba cheart an liosta de luachanna fachtóra coibhéise tocsaineachta i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú freisin chun na luachanna comhfhreagracha a thabhairt isteach i leith na gcomhaicmeach dl-PCB aonair.

(8)

Na teorainneacha tiúchana atá beartaithe in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, socraíodh iad trí bhíthin na modheolaíochta céanna lenar bunaíodh na teorainneacha tiúchana i leasuithe a rinneadh roimhe seo ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004. Ba cheart prionsabal an réamhchúraim, mar a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a bheith mar bhuntaca leis na teorainneacha tiúchana atá beartaithe agus ba cheart é a bheith mar aidhm leo deireadh a chur, nuair is féidir, le scaoileadh truailleán orgánach marthanach sa chomhshaol, chun go mbainfear amach leo an cuspóir maidir le leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol, cosaint lena ngabhann scriosadh nó claochlú do-aisiompaithe na substaintí lena mbaineann. Ba cheart a chur san áireamh leis na teorainneacha sin freisin an cuspóir beartais leathan maidir le huaillmhian truailliú nialasach a bhaint amach chun críche timpeallacht atá saor ó thocsainí, athchúrsáil a mhéadú, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, timthriallta ábhar neamhthocsaineach a fhorbairt, agus geilleagar ciorclach neamhthocsaineach, a chumhdaítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], a bhaint amach.

(9)

Na teorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart iad a bheith comhleanúnach agus ba cheart dóibh cur le cur i bhfeidhm theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability — Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht — I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí].

(10)

Chun inrianaitheacht níos fearr agus cóireáil éifeachtach ar an dramhaíl ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha a áirithiú, agus chun neamhréireachtaí i ndlí an Aontais a sheachaint, is gá comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha a bhaineann le dramhaíl ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha a leagadh amach i dtosach i Rialachán (CE) Uimh. 850/2004, atá aisghairthe anois le Rialachán (AE) 2019/1021, agus na forálacha sin a leagtar amach ina dhiaidh sin. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé iomchuí go bhfuil dramhaíl ina bhfuil aon truailleáin orgánacha mharthanacha a sháraíonn na teorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 le haicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach, agus ba cheart dó togra reachtach a chur ar aghaidh, más iomchuí, chun Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a leasú nó togra a chur ar aghaidh chun Cinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún (9) a leasú, nó iad araon, dá réir sin.

(11)

De réir chuspóirí na Straitéise Teicstílí, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Márta 2022 dar teideal EU Strategy for Sustainable and Circular Textiles [Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha], ba cheart táirgí teicstíle a chuirtear ar mhargadh an Aontais a bheith déanta den chuid is mó as snáithíní athchúrsáilte atá saor ó shubstaintí guaiseacha. Chun a áirithiú go bhfuil teicstílí athchúrsáilte saor ó cheimiceáin ghuaiseacha amhail PFOA ón tús, is gá teorainnluachanna i leith PFOA, a shalann agus a chomhdhúl PFOA-ghaolmhar i ndramhaíl a neartú ós rud é go bhféadfadh a láithreacht tionchar a bheith ar bhailiú agus cóireáil dramhaíola teicstíle. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an teorainn tiúchana d’fhonn an luach a ísliú, i gcás inarb indéanta an t-ísliú sin i gcomhréir leis an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir.

(13)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse leordhóthanach ionas go mbeidh cuideachtaí agus údaráis inniúla in ann iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua.

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr éifeachtaí trasteorann na dtruailleán sin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1021 mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 21a

Foráil idirthréimhseach

1.   Beidh feidhm ag luach 10 μg/kg maidir le luaith cháithníneach ó aonaid bhithmhaise le haghaidh táirgeadh teasa agus cumhachta ina bhfuil débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF) agus défheinil pholaclóirínithe dé-ocsainiúil (dl-PCBanna), nó atá éillithe leo, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV go dtí an 30 Nollaig 2023. Beidh feidhm ag luach 5 μg/kg dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV maidir le luaith cháithníneach ó aonaid bhithmhaise le haghaidh táirgeadh teasa agus cumhachta ón 31 Nollaig 2023.

2.   Leanfaidh luach 15 μg/kg d’fheidhm a bheith aige maidir le luaithreach agus súiche ó theaghlaigh phríobháideacha ina bhfuil débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/P CDF) mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, nó atá éillithe leo, go dtí an 31 Nollaig 2024. Maidir le luaithreach agus súiche ó theaghlaigh phríobháideacha ina bhfuil débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF) agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna), nó atá éillithe leo, beidh feidhm ag luach 5 μg/kg dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV ón 1 Eanáir 2025.”;

(2)

Déantar Iarscríbhinní IV agus V a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an mbeadh sé iomchuí Treoir 2008/98/CE nó Cinneadh 2000/532/CE, nó iad araon, a leasú chun a aithint go bhfuil dramhaíl ina bhfuil aon truailleáin orgánacha mharthanacha a sháraíonn na teorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 le haicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach, agus, más iomchuí, bunaithe ar an measúnú sin agus tráth nach déanaí ná 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh sé togra reachtach a chur ar aghaidh chun Treoir 2008/98/CE a leasú nó togra a chur ar aghaidh chun Cinneadh 2000/532/CE a leasú, nó iad araon, dá réir sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 10 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 197.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsiodh san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 1).

(4)  Cinneadh 2004/259/CE ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Phrótacail a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (IO L 81, 19.3.2004, lch. 35).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).

(6)  Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 109, 24.4.2019, lch. 6).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7).

(8)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(9)  Cinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 ag ionadú Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Treoir 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach (IO L 226, 6.9.2000, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní IV agus V mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear na rónna seo a leanas leis an tábla:

“Peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir

87-86-5 agus cinn eile

201-778-6 agus cinn eile

100 mg/kg

Déchófól

115-32-2

204-082-0

50 mg/kg

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I

335-67-1 agus cinn eile

206-397-9 agus cinn eile

1 mg/kg

(PFOA agus a shalainn),

40 mg/kg

(suim de na comhdhúile PFOA-ghaolmhara)

Athbhreithneoidh an Coimisiún an teorainn tiúchana sin agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé togra reachtach chun an luach sin a ísliú, i gcás inarb indéanta an t-ísliú sin i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, tráth nach déanaí ná an 30 Nollaig 2027.

Aigéad sárfhluaraiheacsáin sulfónach (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara

355-46-4 agus cinn eile

355-46-4 agus cinn eile

1 mg/kg

(PFHxS agus a shalainn), 40 mg/kg

(suim de na comhdhúile PFHxS-ghaolmhara)

Athbhreithneoidh an Coimisiún an teorainn tiúchana sin agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé togra reachtach chun an luach sin a ísliú, i gcás inarb indéanta an t-ísliú sin i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, tráth nach déanaí ná an 30 Nollaig 2027.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró na substainte Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhra) (SCCPanna):

“Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna)

85535-84-8

287-476-5

1 500 mg/kg

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an teorainn tiúchana sin agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé togra reachtach chun an luach sin a ísliú tráth nach déanaí ná an 30 Nollaig 2027.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna na substaintí Éitear teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O, Éitear peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O, Éitear heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O, Éitear heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O agus Éitear deacabrómaidhéfheinile C12Br10O:

“Éitear teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O

40088-47-9

agus cinn eile

254-787-2

agus cinn eile

Suim na dtiúchan éitir teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O, éitir peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O, éitir heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O, éitir heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O agus éitir deacabrómaidhéfheinile C12Br10O:

(a)

go dtí an 29 Nollaig 2027, 500 mg/kg;

(b)

ón 30 Nollaig 2025 go dtí an 28 Nollaig 2027, 350 mg/kg nó, más airde, suim thiúchan na substaintí sin i gcás inarb ann dóibh i meascáin nó in earraí, mar a leagtar amach sa cheathrú colún, pointe 2, d’Iarscríbhinn I maidir leis na substaintí éitear teitreabrómaidhéfheinile, éitear peinteabrómaidhéfheinile, éitear heicseabrómaidhéfheinile, éitear heipteabrómaidhéfheinile agus éitear deacabrómaidhéfheinile;

(c)

ón 30 Nollaig 2027, 200 mg/kg nó, más airde, suim thiúchan na substaintí sin i gcás inarb ann dóibh i meascáin nó in earraí, mar a leagtar amach sa cheathrú colún, pointe 2, d’Iarscríbhinn I maidir leis na substaintí éitear teitreabrómaidhéfheinile, éitear peinteabrómaidhéfheinile, éitear heicseabrómaidhéfheinile, éitear heipteabrómaidhéfheinile agus éitear deacabrómaidhéfheinile.”

Éitear peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O

32534-81-9

agus cinn eile

251-084-2

agus cinn eile

Éitear heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O

36483-60-0

agus cinn eile

253-058-6

agus cinn eile

Éitear heicseabrómaidhéfheinile C12H3Br7O

68928-80-3

agus cinn eile

273-031-2

agus cinn eile

Éitear heipteabrómaidhéfheinile; decaBDE) C12Br10O

1163-19-5

agus cinn eile

214-604-9

agus cinn eile

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró na substaintí Débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin (PCDD/PCDF):

“Débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF) agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna)

 

 

5 μg/kg  (1)

Athbhreithneoidh an Coimisiún an teorainn tiúchana sin agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé togra reachtach chun an luach sin a ísliú, i gcás inarb indéanta an t-ísliú sin i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, tráth nach déanaí ná an 30 Nollaig 2027.

(e)

cuirtear an méid seo i leanas in ionad ró na substainte heicseabrómaiciogladóideacán:

“Heicseabrómaiciogladóideacán (2)

25637-99-4, 3194-55-6, 134237-50-6, 134237-51-7, 134237-52-8

247-148-4 221-695-9

500 mg/kg

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an teorainn tiúchana sin agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé togra reachtach chun an luach sin a ísliú go luach nach airde ná 200 mg/kg tráth nach déanaí ná an 30 Nollaig 2027.

(2)

leasaítear Cuid 2 d’Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

sa dara mír, déantar an chéad cholún den tábla dar teideal “Dramhaíl mar a aicmítear í i gCinneadh 2000/532/CE” a leasú mar a leanas:

(i)

cuirtear an téacs seo a leanas isteach i ndiaidh “10.01 Dramhaíl ó stáisiúin chumhachta agus ó stáisiúin dócháin eile (seachas 19)”:

“10 01 03: luaith cháithníneach ó mhóin agus ó adhmad neamhchóireáilte”;

(ii)

cuirtear an téacs seo a leanas isteach i ndiaidh “17 05 03* Ithir agus clocha ina bhfuil substaintí guaiseacha”:

“17 05 04: ithir agus clocha seachas iad sin a luaitear in 17 05 03”;

(iii)

cuirtear an téacs seo a leanas isteach i ndiaidh “19 04 03* Céim sholadach neamhghloinithe”:

“20 DRAMHAÍL CHATHRACH (DRAMHAÍL TÍ AGUS DRAMHAÍL TRÁCHTÁLA, THIONSCLAÍOCH AGUS INSTITIÚIDEACH DEN CHINEÁL CÉANNA) LENA nÁIRÍTEAR CODÁIN DRAMHAÍOLA A BHAILÍTEAR AR LEITHLIGH

20 01: codáin dramhaíola a bhailítear ar leithligh (seachas 15 01)

20 01 41: dramhaíl ó shimléir a scuabadh”;

(b)

sa dara mír, déantar an dara colún den tábla dar teideal “Teorainneacha uastiúchana na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn IV”, a leasú mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs “Débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin: 5 mg/kg;”:

“Débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna): 5 mg/kg;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs “Suim na dtiúchan éitir teitreabrómaidhéfheinile (C12H6Br4O), éitir peinteabrómaidhéfheinile (C12H5Br5O), éitir heicseabrómaidhéfheinile (C12H4Br6O) agus éitir heipteabrómaidhéfheinile (C12H3Br7O): 10 000 mg/kg;”:

“Suim na dtiúchan éitir teitreabrómaidhéfheinile (C12H6Br4O), éitir peinteabrómaidhéfheinile (C12H5Br5O), éitir heicseabrómaidhéfheinile (C12H4Br6O), éitir heipteabrómaidhéfheinile (C12H3Br7O) agus éitir deacabrómaidhéfheinile (C12Br10O): 10 000 mg/kg;”;

(iii)

cuirtear an téacs seo a leanas isteach i ndiaidh “Tocsaiféin: 5 000 mg/kg.”:

“Peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir: 1 000 mg/kg;

Déchófól: 5 000 mg/kg;

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara: 50 mg/kg (PFOA agus a shalainn), 2 000 mg/kg (comhdhúile PFOA-ghaolmhara);

Aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara:

50 mg/kg (PFHxS agus a shalainn), 2 000 mg/kg (comhdhúile PFHxS-ghaolmhara).”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Is de réir na bhfachtóirí coibhéise tocsaineachta (TEFanna) seo a leanas a ríomhfar an teorainn uastiúchana le haghaidh débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD agus PCDF) agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna):

Fachtóirí coibhéise tocsaineachta (TEFanna) le haghaidh PCDD, PCDF agus dl-PCBanna

PCDD

TEF

2,3,7,8-TeCDD

1

1,2,3,7,8-PeCDD

1

1,2,3,4,7,8-HxCDD

0,1

1,2,3,6,7,8-HxCDD

0,1

1,2,3,7,8,9-HxCDD

0,1

1,2,3,4,6,7,8-HpCDD

0,01

OCDD

0,0003

PCDF

TEF

2,3,7,8-TeCDF

0,1

1,2,3,7,8-PeCDF

0,03

2,3,4,7,8-PeCDF

0,3

1,2,3,4,7,8-HxCDF

0,1

1,2,3,6,7,8-HxCDF

0,1

1,2,3,7,8,9-HxCDF

0,1

2,3,4,6,7,8-HxCDF

0,1

1,2,3,4,6,7,8-HpCDF

0,01

1,2,3,4,7,8,9-HpCDF

0,01

OCDF

0,0003

dl-PCBanna

TEF

PCB 77

0,0001

PCB 81

0,0003

PCB 105

0,00003

PCB 114

0,00003

PCB 118

0,00003

PCB 123

0,00003

PCB 126

0,1

PCB 169

0,03

PCB 156

0,00003

PCB 157

0,00003

PCB 167

0,00003

PCB 189

0,00003 ”.


(1)  Ríomhtar an teorainn de réir shuim na PCDDanna, na PCDFanna agus na dl-PCBanna agus de réir na bhfachtóirí coibhéise tocsaineachta (TEFanna) a leagtar amach i gCuid 2, sa tríú mír, sa tábla, d’Iarscríbhinn V.”;

(2)  Ciallaíonn ‘heicseabrómaiciogladóideacán’ heicseabrómaiciogladóideacán, 1,2,5,6,9,10-heicseabrómaiciogladóideacán agus a dhiaisteiré-isiméirí príomha: alfa-heicseabrómaiciogladóideacán, béite-heicseabrómaiciogladóideacán agus gáma-heicseabrómaiciogladóideacán.”;


Top