Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2375

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2375 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2022 lena bhformheastar leasuithe de chuid an Aontais ar an tsonraíocht ar Shonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint nó ar Thásc Geografach Faoi Chosaint “Bianco di Custoza”/“Custoza” (STFC)

    C/2022/8895

    IO L 314, 6.12.2022, p. 88–89 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2375/oj

    6.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 314/88


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2375 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Samhain 2022

    lena bhformheastar leasuithe de chuid an Aontais ar an tsonraíocht ar Shonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint nó ar Thásc Geografach Faoi Chosaint “Bianco di Custoza”/“Custoza” (STFC)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasuithe de chuid an Aontais ar an tsonraíocht táirge ar an ainm tionscnaimh faoi chosaint “Bianco di Custoza”/“Custoza” a chuir an Iodáil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcomhar le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún. Ar na hathruithe tá athrú ainm ó “Bianco di Custoza”/”Custoza” go “Custoza”.

    (2)

    D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas leasuithe de chuid an Aontais ar an tsonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3), de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

    (3)

    Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart leasuithe an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Formheastar leis seo na leasuithe ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Bianco di Custoza”/“Custoza” (STFC).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

    (3)  IO C 295, 2.8.2022, lch. 5.


    Top