Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2373

    Rialachán (AE) 2022/2373 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

    ST/14654/2022/INIT

    IO L 314, 6.12.2022, p. 79–80 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2373/oj

    6.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 314/79


    RIALACHÁN (AE) 2022/2373 ÓN gCOMHAIRLE

    an 5 Nollaig 2022

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2377 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1).

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle (3) agus déantar foráil ann maidir le bearta áirithe atá dírithe i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), lena n-áirítear a gcuid sócmhainní a reo.

    (2)

    Le Cinneadh (CBES) 2022/2377, méadaítear na critéir maidir le liostú uathrialach an Aontais.

    (3)

    Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2022/2377, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na bearta sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit uile.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Áireofar in Iarscríbhinn Ia na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gComhairle ar aon cheann de na forais seo a leanas:

    (a)

    bac a chur ar réiteach síochánta comhthoilíoch ar thoghcháin in PDC, lena n-áirítear trí ghníomhartha foréigin, cos ar bolg nó foréigean a ghríosú, nó tríd an mbonn a bhaint den smacht reachta;

    (b)

    gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in PDC;

    (c)

    a bheith freagrach as an gcoinbhleacht armtha, as an éagobhsaíocht nó as an neamhshláine a chothú in PDC;

    (d)

    tacaíocht a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c);

    (e)

    foréigean a ghríosú i ndáil leis na gníomhaíochtaí a luaitear i bpointí (b), (c) agus (d);

    (f)

    saothrú a dhéanamh ar an gcoinbhleacht armtha, as an éagobhsaíocht nó as an neamhshlándáil in PDC, lena n-áirítear trí acmhainní nádúrtha agus fiadhúlra a thrádáil nó a shaothrú go haindleathach;

    (g)

    a bheith bainteach le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (e) nó (f).”

    ;

    (2)

    in Iarscríbhinn Ia, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2b”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. KUPKA


    (1)  Féach leathanach 97 den Iris Oifigiúil seo.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1).

    (3)  Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).


    Top