Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2304

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2304 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2022 lena n-ainmnítear saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh heipitíteas eansótach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/8383

IO L 305, 25.11.2022, p. 51–52 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2304/oj

25.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 305/51


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2304 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Samhain 2022

lena n-ainmnítear saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh heipitíteas eansótach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 93(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2156 ón gCoimisiún (2), bunaíodh saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh heipitíteas eansótach.

(2)

Tar éis saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh heipitíteas eansótach a bhunú, agus i gcomhréir le hAirteagal 93(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625, lean an Coimisiún próiseas roghnúcháin poiblí chun saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh heipitíteas eansótach a ainmniú.

(3)

Ceapadh coiste meastóireachta agus roghnúcháin don phróiseas roghnúcháin poiblí chun saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh heipitíteas eansótach a ainmniú. Tháinig an coiste meastóireachta agus roghnúcháin sin ar an gconclúid go gcomhlíonann an tsaotharlann Iodálach Istituto Zooprofilattico Sperimentale dell’Abruzzo e del Molise “G. Caporale” na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 93(3) de Rialachán (AE) 2017/625 agus go bhfuil sé in ann na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 94 den Rialachán sin a dhéanamh.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart an tsaotharlann Iodálach Istituto Zooprofilattico Sperimentale dell’Abruzzo e del Molise “G. Caporale” a ainmniú mar shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh heipitíteas eansótach. Ba cheart a chlár oibre a bheith i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí na gclár oibre ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(5)

Chun a áirithiú go gcoinnítear ar bun an leibhéil iomchuí modhanna anailíse, tástála nó diagnóise, mar aon le forbairt na modhanna bailíochtaithe agus cúnamh comhordaithe na saotharlainne oifigiúla, agus i gcomhréir le hAirteagal 93(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625, ba cheart athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an ainmniúchán mar shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh.

(6)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith infheidhme ón 1 Eanáir 2023, an dáta ar cheart do shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh heipitíteas eansótach tús a chur lena gníomhaíochtaí.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ainmnítear an tsaotharlann seo a leanas mar shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh heipitíteas eansótach:

Istituto Zooprofilattico Sperimentale dell’Abruzzo e del Molise “G. Caporale”, Via Campo Boario, 64100 Teramo (TE), an Iodáil.

Airteagal 2

Déanfar athbhreithniú tráthrialta ar an ainmniúchán in Airteagal 1.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2156 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh a bhunú le haghaidh an heipitíteas eansótach (IO L 436, 7.12.2021, lch. 26).

(3)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).


Top