Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2229

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2229 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/14055/2022/INIT

    IO L 293I, 14.11.2022, p. 9–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2229/oj

    14.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 293/9


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2229 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Samhain 2022

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

    (2)

    Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

    (3)

    Tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag réimeas na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá gan chúis, gan údar. An 20 Deireadh Fomhair 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1985 (2).

    (4)

    I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart beirt daoine aonair agus dhá eintiteas a raibh baint acu le forbairt agus seachadadh Aerárthaí Gan Foireann chuig an Rúis a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 78, 17.3.2014, lch.6.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1985 ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 272 I, 20.10.2022, lch. 1).


    ARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Ráiteas ar Chúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “1266.

    Hossein SALAMI

    حسین سلامی

    Dáta breithe: 1960

    Áit bhreithe: Golpayagan, Iran

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Grád: Maorghinearál

    Post: Commander of the Islamic Revolutionary Guard Corps

    Is é an Maor-Ghinearál Hossein Salami Ceannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps (Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí), cór a dhéanann maoirseacht ar fhorbairt chlár Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV) na hIaráine agus ar aistriú UAVanna thar lear. Sa cháil sin, tá an Maorghinearál Hossein Salami freagrach as an gcomhar cosanta a bhaineann le UAVanna, lena n-áirítear UAVanna a sholáthar do Chónaidhm na Rúise lena n-úsáid sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá an Maorghinearál Hossein Salami freagrach as tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    14.11.2022

    1267.

    Amir Ali HAJIZADEH

    امیرعلی حاجیزاده

    (ar a dtugtar freisin Amir Ali Haji ZADEH)

    Dáta breithe: 28.2.1962

    Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Grád: Briogáidireghinearál

    Post: Commander of the Islamic Revolutionary Guard Corps — Aerospace Force

    Is é an Briogáidireghinearál Amir Ali Hajizadeh Ceannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps — Aerospace Force (Fórsa Aeraspáis, Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí), fórsa a dhéanann maoirseacht ar fhorbairt chlár Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV) na hIaráine agus ar aistriú UAVanna thar lear. Sa cháil sin, tá Amir Ali Hajizadeh freagrach as an gcomhar cosanta a bhaineann le UAVanna, lena n-áirítear UAVanna a sholáthar do Chónaidhm na Rúise lena n-úsáid sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá an Briogáidireghinearál Amir Ali Hajizadeh freagrach as tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    14.11.2022”

    Eintitis

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Ráiteas ar Chúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “120.

    Islamic Revolutionary Guard Corps - Aerospace Force

    (IRGC ASF)

    نیروی هوافضای سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

    (ar a dtugtar freisin IRGC Air Force)

     

    Tá an Islamic Revolutionary Guard Corps Aerospace Force (Fórsa Aeraspáis Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí) (IRGC ASF) freagrach as forbairt a dhéanamh ar chlár Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV) na hIaráine, lena n-áirítear Shahed-136 agus Mohajer-6, atá á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Mar phríomhoibreoir chabhlach UAVanna na hIaráine, tá ról tábhachtach ag IRGC ASF i soláthar ladrann do chomhghuaillithe idirnáisiúnta na hIaráine, lena n-áirítear Cónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá IRGC ASF freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    14.11.2022

    121.

    Qods Aviation Industries

    صنایع هوایی قدس

    (dá ngairtear freisin Qods Aeronautics Industries)

     

    Is cuideachta Iaránach í Qods Aviation Industries a dhearann agus a mhonaraíonn Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV). Is fochuideachta í de Iran Aviation Industries Organization (IAIO), fiontar faoi úinéireacht stáit atá faoi cheannas Iranian Ministry of Defense and Armed Forces Logistics (MODAFL) (Aireacht Cosanta na hIaráine agus Loighistic na bhFórsaí Armtha). Táirgeann Qods Aviation Industries ladrainn Mohajer-6, ladrainn a soláthraíodh do Chónaidhm na Rúise agus a úsáideadh sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Qods Aviation Industries freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

    14.11.2022”


    Top