Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2203

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2203 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le hinfheidhmeacht na gceanglas chun aerárthach atá i nguais a aimsiú

    C/2022/7934

    IO L 293, 14.11.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2203/oj

    14.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 293/3


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2203 ÓN gCOIMISIÚN

    an 11 Samhain 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le hinfheidhmeacht na gceanglas chun aerárthach atá i nguais a aimsiú

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 31 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rinneadh Caighdeán ICAO 6.18.1 a ionchorprú i bpointe CAT.GEN.MPA.210 d’Iarscríbhinn IV (Cuid-CAT) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (2) ón gCoimisiún, lena gceanglaítear eitleáin áirithe a bheith feistithe le modhanna daingne agus uathoibríocha chun suíomh an phointe deiridh na heitilte a dheimhniú go cruinn i ndiaidh tionóisce ina ndearnadh damáiste tromchúiseach don eitleán.

    (2)

    Ghlac Comhairle ICAO Leasú 48 ar ICAO Iarscríbhinn 6, Cuid I ag an 16ú Cruinniú dá 226ú Seisiún an 18 Iúil 2022. Leis an leasú sin, cuirtear ar atráth dáta infheidhmeachta Chaighdeán ICAO 6.18.1 go dtí an 1 Eanáir 2025 agus cuirtear srian lena infheidhmeacht maidir le heitleáin ar eisíodh Deimhniú Aeracmhainneachta (CofA) aonair dóibh den chéad uair an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.

    (3)

    Leis an leasú sin tá sé beartaithe (i) aghaidh a thabhairt ar na moilleanna suntasacha, moilleanna iad a bhíonn ar gach monaróir aerárthaí lena mbaineann ar fud an domhain, ar eitleáin a fheistiú leis an trealamh is gá, agus ar an mbonneagar cumarsáide is gá a chur ar bun idir na páirtithe leasmhara ábhartha go léir (lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí aerthráchta (ATS) agus lárionaid chomhordaithe tarrthála (RCCanna)), agus (ii) níos mó ama a thabhairt do RCCanna agus d’aonaid seirbhísí aerthráchta chun a nósanna imeachta a ullmhú agus a oiriúnú.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a leasú dá réir sin.

    (5)

    D’ullmhaigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh dréachtrialacha cur chun feidhme agus chuir sí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh iad i dTuairim Uimh. 5/2022 i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

    (6)

    Tá na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le rialacha comhchoiteanna sábháilteachta a chur i bhfeidhm i réimse na heitlíochta sibhialta arna mbunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe CAT.GEN.MPA.210 d’Iarscríbhinn IV (Cuid-CAT) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún:

    “CAT.GEN.MPA.210 Suíomh aerárthaigh atá i nguais — Eitleáin

    Ón 1 Eanáir 2025, déanfar na heitleáin seo a leanas a fheistiú le modhanna daingne agus uathoibríocha chun suíomh an phointe deiridh eitilte a dheimhniú go cruinn i ndiaidh tionóisce ina ndéantar damáiste tromchúiseach don eitleán:

    (a)

    gach eitleán ag a bhfuil MCTOM níos mó ná 27 000 kg, ag a bhfuil MOPSC níos mó ná 19 agus ar eisíodh a CofA aonair den chéad uair an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin; agus

    (b)

    gach eitleán ag a bhfuil MCTOM níos mó ná 45 500 kg agus ar eisíodh a CofA aonair den chéad uair an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin;”

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).


    Top