Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2194

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2194 ón gComhairle an 10 Samhain 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala

    ST/12464/2022/INIT

    IO L 292, 11.11.2022, p. 24–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2194/oj

    11.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 292/24


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2194 ÓN gCOMHAIRLE

    an 10 Samhain 2022

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/2063.

    (2)

    An 11 Samhain 2021, i bhfianaise na géarchéime leanúnaí polaitiúla, eacnamaíche, sóisialta agus daonnúla i Veiniséala agus na ngníomhaíochtaí leanúnacha a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus den urraim do chearta an duine, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1965 (2) a rinne na bearta sriantacha a bhí i bhfeidhm a athnuachan go dtí an 14 Samhain 2022, lena n-áirítear gach uile ainmniúchán. An dáta céanna, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1959 (3) lenar leasaíodh an ráiteas ar chúiseanna do 26 dhuine atá liostaithe.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2017/2063, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha atá i bhfeidhm. Bunaithe ar an athbhreithniú sin, ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine ar an liosta a choimeád agus ba cheart an ráiteas ar chúiseanna atá le 17 nduine a thabhairt cothrom le dáta.

    (4)

    Ní dhéanann na bearta sin difear don phobal i gcoitinne agus is féidir iad a fhreaschur i bhfianaise an dul chun cinn a dhéanfar chun an daonlathas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine a athbhunú i Veiniséala.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  IO L 295, 14.11.2017, lch. 21.

    (2)  Cinneadh (CBSE) 2021/1965 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (IO L 400, 12.11.2021, lch.148).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1959 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (IO L 400, 12.11.2021, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine a liostaítear thíos:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “3.

    Tibisay LUCENA RAMÍREZ

    Dáta breithe: an 26 Aibreán 1959

    Inscne: baineann

    An tAire Oideachais Ollscoile ó mhí Dheireadh Fómhair 2021. Uachtarán an National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral nó CNE) ó mhí Aibreáin 2006 go dtí mí an Mheithimh 2020. Tá a cuid gníomhaíochtaí agus beartas tar éis an bonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trína áirithiú nach bhfanfadh an CNE ina hinstitiúid neamhchlaonta, neamhspleách i gcomhréir le bunreacht Veiniséala, rud a d’éascaigh bunú an Constituent Assembly agus atoghadh Nicolás Maduro i mí na Bealtaine 2018 trí thoghcháin uachtaráin nach raibh cóir ná cothrom.

    22.1.2018

    5.

    Maikel José MORENO PÉREZ

    Dáta breithe: an 12 Nollaig 1965

    Inscne: fireann

    Breitheamh ar an Criminal Appeal Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). IarUachtarán agus Iar-Leas-Uachtarán an Supreme Court. Sna róil sin, thacaigh sé le agus d’éascaigh sé gníomhaíochtaí agus beartais an Rialtais a bhain an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus as ráitis a bhain an t-údarás den National Assembly, lena n-áirítear an National Electoral Council (CNE) a ceapadh i mí an Mheithimh 2020 agus ceannaireacht trí pháirtí den fhreasúra a chur ar fionraí agus a ionadú i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020.

    22.1.2018

    15.

    Freddy Alirio BERNAL ROSALES

    Dáta breithe: an 16 Meitheamh 1962

    Áit bhreithe: San Cristóbal, Táchira State, Venezuela

    Inscne: fireann

    Gobharnóir Táchira State tar éis dó na toghcháin a bhuachan i mí na Samhna 2021. IarCheann an National Control Centre of the Committee for Local Supply and Production (CLAP) agus iarCosantóir Táchira State. Coimisinéir Ginearálta de chuid an Bolivarian National Intelligence Service (SEBIN) freisin. Mar Cheann CLAP agus mar Chosantóir stát Táchira, bhí sé in ann glaoch ar Special Forces (FAES) agus tionchar a imirt ar cheapadh breithiúna agus ionchúisitheoirí. Tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas trí ionramháil ar dháileadh chlár CLAP i measc vótálaithe. Ina theannta sin, mar Choimisinéir Ginearálta SEBIN, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí SEBIN, lena n-áirítear sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine amhail coinneáil threallach.

    25.6.2018

    22.

    Alexis Enrique ESCALONA MARRERO

    Dáta breithe: an 12 Deireadh Fómhair 1962

    Inscne: fireann

    Ceannaire an National Office Against Organized Crime and Terrorist Financing (ONDOFT) ó mhí Eanáir 2018 go dtí mí na Bealtaine 2019. Maor-Ghinearál ar scor, iarLeas-Aire coisc agus sábháilteachta poiblí ag an Aireacht Gnóthaí Baile (arna cheapadh in 2017 ag an Uachtarán Maduro) agus iarCheannasaí Náisiúnta ar an National Anti-Extortion and Kidnapping Command (Comando Nacional Antiextorsión y Secuestro (CONAS)) (idir 2014 agus 2017). Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt ag baill CONAS faoina cheannas do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Tá sé freagrach freisin as cos ar bolg ar an tsochaí shibhialta a bheith á imirt ag baill de CONAS faoina cheannas.

    27.9.2019

    27.

    Gladys DEL VALLE REQUENA

    Dáta breithe: an 9 Samhain 1952

    Áit bhreithe: Puerto Santo, Sucre, Venezuela

    Uimhir Aitheantais: V-4114842

    Inscne: baineann

    Ardchigire na gcúirteanna ón 27 Aibreán 2022 i leith. iarChomhalta den National Assembly nár toghadh go daonlathach agus iarchomhalta agus an Dara Leas-Uachtarán den National Constituent Assembly (ANC) nach n-aithnítear. Sa ról ceannasach a bhí aici san ANC, nach n-aithnítear, bhain sí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear tríd an bhforaithne a shíniú lenar baineadh an díolúine pharlaiminteach a bhí ag uachtarán an National Assembly of Venezuela, Juan Guaidó.

    29.6.2020

    30.

    Juan José MENDOZA JOVER

    Dáta breithe: an 11 Márta 1969

    Áit bhreithe: Trujillo, Venezuela

    Seoladh: Arnoldo Gabaldón, Candelaria, Edo. Trujillo

    Uimhir Aitheantais: V-9499372

    Inscne: fireann

    IarDhara Leas-Uachtarán ar Supreme Court Veiniséala (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) agus iarUachtarán an Constitutional Chamber of the Supreme Court (mí Feabhra 2017 go mí Aibreáin 2022). Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí roinnt rialuithe breithiúnacha a ritheadh le 2 bhliain anuas agus a chuir srian le cumhachtaí bunreachtúla chomhlacht reachtach Veiniséala, an National Assembly, a toghadh go daonlathach, nó a bhain an bonn de.

    29.6.2020

    37.

    Remigio CEBALLOS ICHASO

    Dáta breithe: an 1 Bealtaine 1963

    Uimhir Aitheantais: V-6557495

    Inscne: fireann

    Ó mhí Lúnasa 2021 i leith, Aire Gnóthaí Baile agus Ceartais Veiniséala agus Leas-Uachtarán an Government for Citizen Security. IarCheannasaí ar Operational and Strategic Command de na Bolivarian National Armed Forces of Venezuela (Comando Estratégico Operacional Fuerzas Armadas Nacionales Bolivarianas (CEOFANB)), an t-orgán is airde sa Venezuelan Armed Forces, (Meitheamh 2017 — Iúil 2021). Rialaíonn CEOFANB na Bolivarian National Armed Forces (FANB) agus an Bolivarian National Guard. Tá CEOFANB freagrach freisin as idirghábhálacha FANB i léirsithe a chomhordú. Agus é ina Cheannasaí ar CEOFANB, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear forneart iomarcach a bheith á úsáid agus íde mhídhaonna, tháireach á tabhairt ag oifigigh FANB agus ag fo-fhórsaí faoina cheannas, lena n-áirítear an Bolivarian National Guard. Dar le foinsí éagsúla, an Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala ina measc, tá FANB agus an Bolivarian National Guard freagrach as sáruithe ar chearta an duine.

    22.2.2021

    38.

    Omar José PRIETO FERNÁNDEZ

    Dáta breithe: an 25 Bealtaine 1969

    Uimhir Aitheantais: V-9761075

    Inscne: fireann

    IarGhobharnóir Zulia State (2017-2021). Sa phost sin, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta in Zulia State. Cuireadh faoi mhionn é ag an National Constituent Assembly (ANC) nach n-aithnítear, tar éis do bhuaiteoir dlisteanach an toghcháin diúltú a bheith faoi mhionn ag an ANC. Chuir Omar José Prieto Fernández na toghcháin neamhdhaonlathacha don National Assembly a bhí ar siúl an 6 Nollaig 2020 chun cinn go gníomhach. Thairis sin, in Zulia State, bhagair sé ‘cuairteanna baile’ ar cheannairí freasúra agus dúirt sé go ndearbhódh sé go raibh Zulia State neamhspleách dá nglacfadh rialtas eatramhach faoi cheannas Juan Guaidó cumhacht.

    22.2.2021

    42.

    Lourdes Benicia SUÁREZ ANDERSON

    Dáta breithe: an 7 Márta 1965

    Inscne: baineann

    Breitheamh den Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) ó mhí na Nollag 2005 i leith agus Leas-Uachtarán an Constitutional Chamber ó mhí Aibreáin 2022 i leith. IarUachtarán an Constitutional Chamber agus an iarChéad-Leas-Uachtarán ar an Supreme Court. Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, tá sí freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí Bealtaine 2021, go ceann bliana eile. Dá bhrí sin, lena cuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sí leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sí é sin.

    22.2.2021

    44.

    René Alberto DEGRAVES ALMARZA

    Inscne: fireann

    Breitheamh ionadach ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) ó mhí Aibreáin 2022 i leith. Iar-bhreitheamh den Constitutional Chamber of the Supreme Court. Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, bhí sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí Bealtaine 2021, go ceann bliana eile. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin.

    22.2.2021

    45.

    Arcadio DELGADO ROSALES

    Dáta breithe: an 23 Meán Fómhair 1954

    Inscne: fireann

    Iar-Bhreitheamh agus Leas-Uachtarán ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, bhí sé freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí Bealtaine 2021, go ceann bliana eile. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sé leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sé é sin.

    22.2.2021

    46.

    Carmen Auxiliadora ZULETA DE MERCHÁN

    Dáta breithe: an 13 Nollaig 1947

    Inscne: baineann

    Iar-Bhreitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Mar chomhalta den Constitutional Chamber of the Supreme Court, bhí sí freagrach as gníomhaíochtaí, ráitis agus rialuithe lenar forghabhadh cumhachtaí bunreachtúla an National Assembly agus lenar baineadh an bonn de chearta toghchánacha an fhreasúra lena n-áirítear an ceapachán aontaobhach a rinne an Supreme Court of the National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) i mí an Mheithimh 2020 agus cur ar fionraí agus ionadú cheannaireacht na dtrí phríomhpháirtí freasúra i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020, chomh maith le síneadh a chur leis an rialú maidir le Acción Democrática i mí na Bealtaine 2021, ar feadh bliain eile. Dá bhrí sin, lena cuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus thacaigh sí leis an mbonn a bheith á bhaint den daonlathas agus den smacht reachta ag an mbrainse feidhmiúcháin agus d’éascaigh sí é sin.

    22.2.2021

    47.

    Indira Maira ALFONZO IZAGUIRRE

    Dáta breithe: an 29 Aibreán 1968

    Áit bhreithe: La Guaira, La Guaira State, Venezuela

    Uimhir Aitheantais: V-6978710

    Inscne: baineann

    Iar-Bhreitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)). Iarchathaoirleach ar an National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) a ceapadh an 13 Meitheamh 2020. Iarchomhalta den Electoral Chamber agus den Plenary Chamber of the Supreme Court, an Dara Leas-Chathaoirleach ar an Supreme Court ó 2015 go dtí an 24 Feabhra 2017, Leas Chathaoirleach ar TSJ ón 24 Feabhra 2017 go dtí an 12 Meitheamh 2020. Mar chomhalta den Electoral Chamber den Supreme Court, tá Indira Maira Alfonzo Izaguirre freagrach as na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcoinne an National Assembly a bhí nuathofa ag an am i mí na Nollag 2015, arb é ba thoradh leo nárbh fhéidir leis an National Assembly a chumhacht reachtach a fheidhmiú. Thairis sin, ghlac sí lena ceapachán mar chathaoirleach ar CNE i mí an Mheithimh 2020, ceapachán a rinne an Supreme Court cé gurb é sin sainphribhléid an National Assembly. Sa ról sin, d’eagraigh sí agus mhaoirsigh sí toghcháin neamhdhaonlathacha an National Assembly a tionóladh an 6 Nollaig 2020 agus ghlac sí páirt san athrú a rinneadh, an 30 Meitheamh 2020, ar na noirm thoghchánacha do na toghcháin sin, gan an Supreme Court a fhágáil go foirmiúil (cead sealadach chun CNE a chomhtháthú). Tar éis athnuachan CNE i mBealtaine 2021, d’fhill sí ar an Supreme Court. Dá bhrí sin, lena cuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

    22.2.2021

    48.

    Leonardo Enrique MORALES POLEO

    Inscne: fireann

    IarLeas-Uachtarán ar an National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) agus Uachtarán ar an Political Participation and Financing Commission (mí Lúnasa 2020 go mí na Bealtaine 2021). Cheap an Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) Leonardo Enrique Morales Poleo ina Leas-Uachtarán ar CNE agus ina Uachtarán ar an Political Participation and Financing Commission an 7 Lúnasa 2020 cé gurb é sin sainphribhléid an National Assembly. Thairis sin, díreach sular ceapadh é, bhí sé sa Advanced Progressive Party (Avanzada progresista). Mar chomhalta (reachtóir) agus mar Leas-Uachtarán ar CNE, ghlac sé páirt iomlán i bpróiseas cinnteoireachta CNE. Thacaigh sé le maoirsiú an phróisis thoghchánaigh, agus d’éascaigh sé é, as a d’eascair toghcháin neamhdhaonlathacha an National Assembly an 6 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn a thuilleadh den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Ghlac Leonardo Enrique Morales Poleo lena cheapadh ar CNE agus d’fhan sé ina phost mar Leas-Uachtarán ar CNE fad is a bhí an bonn á bhaint den daonlathas i Veiniséala.

    22.2.2021

    49.

    Tania D’AMELIO CARDIET

    Dáta breithe: an 5 Nollaig 1971

    Áit bhreithe: Italy

    Náisiúntacht: Veiniséalach

    Uimhir Aitheantais: V-11691429

    Inscne: baineann

    Breitheamh ar an Constitutional Chamber of the Supreme Court (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) ó mhí Aibreáin 2022 i leith. Iarchomhalta (reachtaire) den National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral (CNE)) don tréimhse 2016 go 2023. Iarchomhalta (reachtaire) de CNE don tréimhse 2010 go 2016. Rannchuidigh Tania d’Amelio Cardiet, mar reachtaire CNE ó 2010 i leith, go díreach trína gníomhaíocht i mbun a cuid feidhmeanna leis an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí thoghcháin neamhdhaonlathacha don National Assembly in 2020 a ullmhú, páirt a ghlacadh san athrú an 30 Meitheamh 2020 ar na noirm thoghcháin do na toghcháin sin, agus páirt a ghlacadh in eagrú agus i bhforghníomhú thoghcháin uachtaránachta 2018. Thairis sin, ghlac Tania d’Amelio Cardiet lena ceapachán ar an CNE ag an Supreme Court in 2016, cé gur leis an National Assembly an saincheart sin.

    22.2.2021

    52.

    Jesús Emilio VÁSQUEZ QUINTERO

    Uimhir Aitheantais: V-7422049

    Inscne: fireann

    Uachtarán an Court Martial and the Military Criminal Judicial Circuit ón 17 Meán Fómhair 2021 i leith. Ginearál rannáin ón 5 Iúil 2019 agus iarArd-Aighne Oifig an Military Prosecutor’s Office (Nollaig 2017 — 17 Meán Fómhair 2021). Ina cháil mar Ard-Aighne an Military Prosecutor’s Office bhí sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Tá an Military Prosecutor’s Office nasctha le hionchúiseamh breithiúnach inmheánach sna Fórsaí Armtha, agus gan teagmhais a imscrúdú, lena n-áirítear cás bhás an Chaptaein Acosta in 2019. Thairis sin, tá an dlí míleata á chur i bhfeidhm ar shibhialtaigh.

    22.2.2021

    54.

    Manuel Eduardo PÉREZ URDANETA

    Dáta breithe: an 29 Nollaig 1960 nó an 26 Bealtaine 1962

    Áit bhreithe: Cagua, State of Aragua

    Uimhir Aitheantais: V-6357038

    Pasuimhir: 001234503 (chuaigh in éag in 2012)

    Inscne: fireann

    IarLeas-Aire Gnóthaí Baile agus Dlí agus Cirt. In Aireacht Gnóthaí Baile agus Ceartais Veiniséala, bhí an Briogáidire-Ghinearál Manuel Eduardo Pérez Urdaneta ar dhuine de chúigear Leas-Airí. Ba chuid dá chúram iad an tslándáil choisctheach agus an tsábháilteacht phoiblí (Viceministro de prevención y Seguridad Ciudadana). Roimhe sin, bhí an Briogáidire-Ghinearál Pérez ina Stiúrthóir ar an Bolivarian National Police. Sa ról sin bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear úsáid dianfhórsa fhisiciúil i gcoinne agóideoirí síochánta, arna ndéanamh ag oifigigh an Bolivarian National Police a bhí faoina údarás.

    22.2.2021”.


    Top