Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2189

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2189 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

    C/2022/7904

    IO L 289, 10.11.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2189/oj

    10.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 289/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2189 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Samhain 2022

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, is allmhairí iad atá faoi réir dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ón gCoimisiún (2).

    (2)

    Alnan Aluminium Inc., cód breise TARIC (3) C616, cuideachta atá faoi réir ráta dleachta frithdhumpála aonair 19,0 %, chuir sí in iúl don Choimisiún an 13 Meitheamh 2022 gur athraigh sí a hainm Béarla go ALG Aluminium Inc.

    (3)

    D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún a dhearbhú nach ndéanfaidh an t-athrú ar a hainmníocht Bhéarla aon difear do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta frithdhumpála aonair ab infheidhme maidir léi faoin ainmníocht Bhéarla a bhí uirthi roimhe sin.

    (4)

    Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus ba é conclúid an scrúdaithe go raibh an t-athrú ar an ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon ghaol nua ann le grúpaí eile cuideachtaí mar thoradh air, cuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

    (5)

    Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ar an ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784, go háirithe don ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis.

    (6)

    Ba cheart feidhm a bheith leis an athrú ainm ón dáta a d’athraigh an chuideachta a hainm, i.e. an 7 Meitheamh 2022. D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a dheimhniú an raibh an dáta sin iomchuí nó nach raibh.

    (7)

    I bhfianaise a bhfuil sna haithrisí thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 a leasú chun ainm nua na cuideachta a léiriú, ainm ar sannadh cód breise TARIC C616 dó roimhe seo.

    (8)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   An Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784, leasaítear í mar a leanas:

    “Alnan Aluminium Inc.

    C616”

    cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

    “ALG Aluminium Inc.

    C616”

    2.   Cód breise TARIC C616 a sannadh roimhe seo do Alnan Aluminium Inc., beidh feidhm aige maidir le ALG Aluminium Inc., ón 7 Meitheamh 2022 i leith. Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag ALG Aluminium Inc. de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 a mhéid a bhaineann le Alnan Aluminium Inc., is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 359, 11.10.2021, lch. 6).

    (3)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.


    Top