Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2122

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2122 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla i ndáil le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4839

    IO L 287, 8.11.2022, p. 101–119 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2122/oj

    8.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 287/101


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2122 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Iúil 2022

    lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla i ndáil le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 31(9), an tríú fomhír, di,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun cumarsáid agus comhar idir na húdaráis inniúla a éascú chun críocha Rialachán (AE) 2020/1503, ba cheart do gach údarás inniúil pointe teagmhála a ainmniú agus a chur in iúl don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA).

    (2)

    Ar chúiseanna trédhearcachta agus chun dea-chomhar idir údaráis inniúla a áirithiú, tá sé tábhachtach a leagan síos go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a dhiúltaíonn gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis nó de bhun iarraidh maidir le comhoibriú le himscrúdú, dá dtagraítear in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2020/1503, fógra a thabhairt don údarás inniúil iarrthach faoin diúltú sin agus go gcuirfidh siad an t-údarás inniúil sin ar an eolas maidir leis na cúiseanna atá leis an diúltú sin.

    (3)

    Ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann comhoibriú ar bhealach éifeachtúil agus gníomhaíochtaí maoirseachta, imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin á ndéanamh acu chun críocha Rialachán (AE) 2020/1503. Chun na críche sin, is gá nósanna imeachta coiteanna aonfhoirmeacha a leagan amach i gcás ina bhfuil baint ag an gcomhar a iarrtar le ráitis a ghlacadh. Ba cheart a leagan amach sna nósanna imeachta sin na heilimintí atá le breithniú ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais is infheidhme, le linn dóibh comhoibriú chun ráiteas a ghlacadh ó aon duine. Ba cheart a áireamh leis na heilimintí sin cearta an duine a nglacfar an ráiteas uaidh agus na socruithe lena gcuirfear ar a cumas d’fhoireann na n-údarás inniúil dul ar aghaidh go héifeachtúil leis an gcomhar. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú, go háirithe, go gcosnófar an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime agus an ceart chun toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosanta, a chumhdaítear in Airteagail 47 agus 48 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (4)

    Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh na húdaráis inniúla aghaidh ar iarrataí go héifeachtúil, iarrataí ar chomhar maidir le cigireacht nó imscrúdú ar an láthair, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena iomchuí atá sé cigireacht chomhpháirteach nó imscrúdú comhpháirteach ar an láthair a dhéanamh. Is gá, dá bhrí sin, nósanna imeachta coiteanna aonfhoirmeacha a leagan síos chun an chumarsáid, na comhairliúcháin agus na hidirghníomhaíochtaí idir an t-údarás inniúil iarrthach agus an t-údarás inniúil iarrtha a éascú, agus chun a áirithiú go dtabharfar cosaint éifeachtach do chearta na ndaoine atá faoi réir cigireachta nó imscrúdaithe ar an láthair.

    (5)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir ESMA faoi bhráid an Choimisiúin.

    (6)

    Ní dhearna ESMA comhairliúcháin phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, ná ní dhearna sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, toisc go mbeadh sé sin an-díréireach i ndáil le raon feidhme agus tionchar na gcaighdeán sin, ós rud é go mbaineann siad go príomha leis na húdaráis inniúla.

    (7)

    D’iarr ESMA comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (8)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Pointí teagmhála

    1.   Ainmneoidh na húdaráis inniúla pointí teagmhála chun oibriú i gcomhar agus chun faisnéis a mhalartú de bhun Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2020/1503.

    2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla sonraí na bpointí teagmhála in iúl don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus cuirfidh siad ESMA ar an eolas maidir le haon athrú ar na sonraí sin.

    3.   Coinneoidh ESMA liosta cothrom le dáta ar bun de gach pointe teagmhála arna hainmniú i gcomhréir le mír 1 agus tabharfaidh siad an liosta cothrom le dáta de réir mar is gá lena úsáid ag na húdaráis inniúla.

    Airteagal 2

    Iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

    1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise i scríbhinn, tríd an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I a úsáid.

    2.   Agus iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise á déanamh ag údaráis inniúla iarrthacha, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

    (a)

    na mionsonraí maidir leis an bhfaisnéis atá á lorg ag an údarás inniúil iarrthach ón údarás inniúil iarrtha a shonrú;

    (b)

    i gcás inarb iomchuí, saincheisteanna a shainaithint a bhaineann le rúndacht na faisnéise atá á lorg.

    3.   I gcásanna práinneacha, féadfaidh na húdaráis inniúla iarrthacha an iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise a dhéanamh ó bhéal, ar choinníoll go ndéanfar deimhniú ar an iarraidh ina dhiaidh sin i scríbhinn laistigh de thréimhse réasúnach ama trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I, seachas má chomhaontaíonn an t-údarás inniúil iarrtha a mhalairt.

    Airteagal 3

    Admháil fála i leith iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

    1.   Laistigh de 10 lá oibre tar éis iarraidh a rinneadh de bhun Airteagal 2 a fháil, seolfaidh an t-údarás inniúil iarrtha admháil fála chuig an údarás inniúil iarrthach tríd an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II a úsáid agus, i gcás inar féidir, sonróidh dáta measta le haghaidh freagra.

    2.   I gcás ina bhfuil aon amhras ar an údarás inniúil iarrtha maidir le hábhar beacht an chomhair nó an mhalartaithe faisnéise a iarrtar, iarrfaidh sé soiléirithe breise a luaithe is féidir trí úsáid a bhaint as aon mhodh is iomchuí, bíodh sin ó bhéal nó i scríbhinn.

    Airteagal 4

    Freagra ar iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

    1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil iarrtha an méid seo a leanas agus é ag freagairt d’iarraidh a dhéantar de bhun Airteagal 2:

    (a)

    freagra i scríbhinn a thabhairt, tríd an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a úsáid;

    (b)

    gach céim réasúnach a dhéanamh de réir a chumhachtaí chun an comhar nó an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil;

    (c)

    gníomhú gan moill mhíchuí agus ar bhealach lena n-áiritheofaí gur féidir dul ar aghaidh go caoithiúil le haon ghníomh rialála is gá, agus castacht na hiarrata agus an gá le tríú páirtithe nó údarás inniúil eile a bheith rannpháirteach á gcur san áireamh.

    2.   I gcásanna práinneacha, féadfaidh an t-údarás inniúil iarrtha freagairt d’iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise ó bhéal, ar choinníoll go dtabharfar an freagra ina dhiaidh sin i scríbhinn laistigh de thráthchlár réasúnach tríd an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a úsáid, seachas má chomhaontaíonn an t-údarás inniúil iarrthach a mhalairt.

    Airteagal 5

    Modhanna cumarsáide

    1.   Seachas i gcás ina luaitear a mhalairt sa Rialachán, déanfar aon fhoirm atá le húsáid faoin Rialachán seo a tharchur i scríbhinn tríd an bpost nó trí mhodhanna leictreonacha.

    2.   Agus cinneadh á dhéanamh faoi na modhanna cumarsáide is iomchuí in aon chás ar leith, tabharfar aird chuí ar chúinsí rúndachta, ar an méid ama is gá chun comhfhreagras a dhéanamh, ar an méid ábhair atá le cur in iúl, agus ar a éasca atá an t-údarás inniúil iarrtha in ann an fhaisnéis a rochtain.

    3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcoimeádfar iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise is ábhar don mhalartú le linn an tarchuir.

    Airteagal 6

    Nósanna imeachta chun iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise a phróiseáil agus a fhorghníomhú

    1.   Freagróidh an t-údarás inniúil iarrthach go pras d’aon iarraidh ar shoiléiriú dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ón údarás inniúil iarrtha.

    2.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil iarrtha fógra don údarás inniúil iarrthach i gcás ina measfaidh sé go mbeidh moill níos mó ná 5 lá oibre ann tar éis an dáta freagartha mheasta a shonraítear san admháil fála dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

    3.   I gcás ina bhfuil an iarraidh cáilithe mar iarraidh phráinneach ag an údarás inniúil iarrthach, tiocfaidh an t-údarás inniúil iarrtha agus an t-údarás inniúil iarrthach ar chomhaontú maidir lena mhinice a dhéanfaidh an t-údarás inniúil iarrtha eolas a thabhairt don údarás inniúil iarrthach faoin gcaoi a bhfuil an iarraidh á láimhseáil aige agus faoin dáta a mheasann sé freagra a thabhairt.

    4.   Comhoibreoidh an t-údarás inniúil iarrtha agus an t-údaráis inniúil iarrthach chun aon deacracht a thiocfaidh chun cinn agus an iarraidh á forghníomhú a réiteach.

    5.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, aiseolas dá chéile maidir lena úsáidí a bhí an cúnamh a fuarthas, toradh an cháis ar lorgaíodh an cúnamh ina leith agus aon fhadhb a tháinig chun cinn agus an cúnamh sin á sholáthar.

    Airteagal 7

    Fógra maidir le diúltú gníomhú de bhun na hiarrata ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

    I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil iarrtha, i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2020/1503, gníomhú, go hiomlán nó go páirteach, de bhun iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, déanfaidh sé, laistigh de 15 lá oibre tar éis an iarraidh a fháil, fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás inniúil iarrthach faoina dhiúltú gníomhú, tríd an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a úsáid.

    Airteagal 8

    Nósanna imeachta maidir le hiarraidh ar chomhar lena mbaineann ráiteas a ghlacadh

    1.   I gcás ina bhfuil ina bhfuil sé i gceist le hiarraidh ar chomhar dá dtagraítear in Airteagal 2 ráiteas a ghlacadh ó aon duine, déanfaidh an t-údarás inniúil iarrthach agus an t-údarás inniúil iarrtha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, gach ceann de na nithe seo a leanas a mheasúnú agus a chur san áireamh:

    (a)

    cearta an duine óna bhfuil an ráiteas le glacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

    (b)

    cearta an duine i ndáil le teanga an ráitis, agus scéimeanna aistriúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann;

    (c)

    ról fhoireann an údaráis inniúil iarrthaigh agus an údaráis inniúil iarrtha maidir le glacadh an ráitis;

    (d)

    cé acu atá nó nach bhfuil sé de cheart ag an duine óna bhfuil an ráiteas le glacadh cúnamh a fháil ó ionadaí dlíthiúil agus, má tá, raon feidhme chúnamh an ionadaí dhlíthiúil le linn ghlacadh an ráitis, lena n-áirítear i ndáil le haon taifead nó tuarascáil ar an ráiteas;

    (e)

    cé acu atá nó nach bhfuil an ráiteas le glacadh ar bhonn deonach nó éigeantach;

    (f)

    cé acu atá nó nach bhfuil, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil tráth na hiarrata, an duine óna bhfuil an ráiteas le glacadh ina fhinné in imscrúdú riaracháin nó breithiúnach nó faoi réir imscrúdú riaracháin nó breithiúnach;

    (g)

    cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí an ráiteas a úsáid in imeachtaí dlíthiúla, nó cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe é a úsáid in imeachtaí dlíthiúla, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil tráth na hiarrata;

    (h)

    taifeadadh an ráitis agus na nósanna imeachta is infheidhme, lena n-áirítear cé acu a bheidh nó nach mbeidh sé comhaimseartha nó cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar achoimre air i miontuairiscí scríofa nó i dtaifead fuaime nó closamhairc;

    (i)

    nósanna imeachta maidir le deimhniú nó daingniú an ráitis ag an duine a sholáthraíonn an ráiteas, lena n-áirítear cé acu a dhéantar nó nach ndéantar é sin tar éis an ráiteas a ghlacadh;

    (j)

    nósanna imeachta seachadta an ráitis chuig an údarás inniúil iarrthach, lena n-áirítear an fhormáid iarrtha agus an tréimhse ama.

    2.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil iarrtha agus an t-údarás inniúil iarrthach go bhfuil socruithe i bhfeidhm chun go mbeidh a bhfoireann in ann dul i mbun oibre go héifeachtúil agus chun go mbeidh siad in ann teacht ar chomhaontú maidir le haon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith riachtanach, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    dátaí a phleanáil;

    (b)

    liosta na gceisteanna atá le cur ar an duine óna mbeidh an ráiteas le glacadh agus an t-athbhreithniú air;

    (c)

    socruithe taistil nó físchomhdhála, lena n-áirítear a áirithiú, i gcás inar gá, gur féidir leis na húdaráis inniúla lena mbaineann teacht le chéile chun an t-ábhar a phlé sula nglacfar an ráiteas;

    (d)

    socruithe aistriúcháin.

    Airteagal 9

    Nósanna imeachta le haghaidh iarraidh ar chomhar i dtaobh cigireacht nó imscrúdú ar an láthair

    1.   I gcás ina mbaineann iarraidh ar chomhar dá dtagraítear in Airteagal 2 le cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, rachaidh an t-údarás inniúil iarrthach agus an t-údarás inniúil iarrtha i gcomhairle a chéile maidir leis an mbealach is fearr chun éifeacht a thabhairt don iarraidh sin, lena n-áirítear an fiúntas a bhaineann le cigireacht chomhpháirteach ar an láthair nó imscrúdú comhpháirteach ar an láthair a dhéanamh.

    2.   Chun críocha an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas san áireamh:

    (a)

    ábhar na hiarrata, lena n-áirítear an oiriúnacht chun an t-imscrúdú nó an chigireacht ar an láthair a dhéanamh go comhpháirteach;

    (b)

    cé acu atá nó nach bhfuil a gcuid fiosrúchán féin á ndéanamh ag na húdaráis inniúla ar leithligh ar ábhar a bhfuil impleachtaí trasteorann aige, agus an bhféadfaí déileáil leis an ábhar sin ar bhealach ní b’oiriúnaí trí chomhar comhpháirteach;

    (c)

    an creat dlíthiúil agus rialála is infheidhme i ngach ceann de dhlínsí na n-údarás inniúil, lena n-áirithítear go bhfuil tuiscint mhaith ag an dá údarás inniúla ar na srianta agus ar na teorainneacha dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann lena n-iompar agus le haon imeacht a d’fhéadfadh teacht ina dhiaidh, lena n-áirítear aon saincheist a bhaineann leis an bprionsabal ‘ne bis in idem’ agus le cosaint chearta na ndaoine atá faoi réir na cigireachta ar an láthair nó an imscrúdaithe ar an láthair;

    (d)

    an bainistiú agus an treorú is gá chun an t-imscrúdú nó an chigireacht ar an láthair a dhéanamh;

    (e)

    acmhainní a leithdháileadh agus foireann a cheapadh a bheidh i gceannas ar an imscrúdú nó an chigireacht ar an láthair a dhéanamh;

    (f)

    an fhéidearthacht plean gníomhaíochta comhpháirteach agus tráthchlár oibre a bhunú;

    (g)

    na gníomhaíochtaí atá le déanamh, go comhpháirteach nó go haonarach, ag na húdaráis inniúla;

    (h)

    comhroinnt fhrithpháirteach na faisnéise a bhailítear agus torthaí na ngníomhaíochtaí aonair a dhéantar a thuairisciú.

    3.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil iarrtha féin an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair dá dtagraítear in Airteagal 31(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2020/1503, coinneoidh sé an t-údarás inniúil iarrthach ar an eolas maidir le dul chun cinn na cigireachta nó an imscrúdaithe agus soláthróidh sé a thorthaí in am trátha.

    (a)

    Údaráis inniúla a chinneann imscrúdú comhpháirteach ar an láthair nó cigireacht chomhpháirteach ar an láthair dá dtagraítear in Airteagal 31(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/1503 a dhéanamh, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

    (b)

    dul i mbun idirphlé leanúnach chun an próiseas bailithe faisnéise agus an t-aimsiú fíricí a chomhordú;

    (c)

    oibriú i ndlúthchomhar agus comhoibriú le chéile agus an t-imscrúdú ar an láthair á dhéanamh nó an chigireacht ar an láthair á déanamh;

    (d)

    na ceanglais shonracha dhlíthiúla is ábhar don imscrúdú nó don chigireacht ar an láthair a shainaithint;

    (e)

    cúnamh frithpháirteach a sholáthar maidir le nósanna imeachta forfheidhmiúcháin ina dhiaidh sin a mhéid a cheadaítear go dlíthiúil, lena n-áirítear comhordú a dhéanamh i ndáil le haon imeacht nó aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin eile a bhaineann le toradh an imscrúdaithe nó na cigireachta ar an láthair nó, i gcás inarb iomchuí, na féidearthachtaí atá ann maidir le socraíocht;

    (f)

    i gcás inarb ábhartha, teacht ar chomhaontú maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:

    (g)

    plean gníomhaíochta comhpháirteach a tharraingt suas lena sonraítear substaint, cineál agus tráthchlár na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh, lena n-áirítear leithdháileadh na bhfreagrachtaí maidir le toradh na hoibre a bhaint amach agus tosaíochtaí gach údaráis inniúil faoi seach á gcur san áireamh;

    (h)

    aon teorainn dhlíthiúil is infheidhme nó aon srian is infheidhme agus aon difríocht i nósanna imeachta maidir le gníomhaíocht imscrúdaitheach nó gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin nó aon imeacht eile, lena n-áirítear cearta aon duine atá faoi réir imscrúdaithe, a shainaithint agus a mheasúnú;

    (i)

    pribhléidí gairmiúla dlíodóra sonracha a shainaithint agus a mheasúnú, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na himeachtaí imscrúdúcháin chomh maith leis na himeachtaí forfheidhmiúcháin, lena n-áirítear féin-ionchoiriú;

    (j)

    an straitéis phoiblí agus preasa;

    (k)

    an úsáid atá beartaithe a bhaint as an bhfaisnéis arna malartú le linn an imscrúdaithe chomhpháirtigh ar an láthair nó le linn na cigireachta comhpháirtí ar an láthair.

    Airteagal 10

    Malartú faisnéise gan iarraidh

    1.   Údarás inniúil a bhfuil faisnéis aige a chreideann sé a bheith ina chuidiú le húdarás inniúil eile a dhualgais a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2020/1503, déanfaidh sé an fhaisnéis sin a tharchur i scríbhinn tríd an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a úsáid.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina gcreideann an t-údarás inniúil atá ag seoladh na faisnéise gur cheart an fhaisnéis a sheoladh go práinneach, féadfaidh sé an fhaisnéis a chur in iúl ó bhéal ar dtús, ar choinníoll go ndéanfaidh sé an fhaisnéis a tharchur ina dhiaidh sin laistigh de thréimhse réasúnta ama tríd an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a úsáid, seachas má chomhaontaíonn an t-údarás inniúil atá ag fáil na faisnéise a mhalairt.

    Airteagal 11

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    IARSCRÍBHINN I

    An fhoirm le haghaidh iarrataí ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

    Iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

    Uimhir thagartha: …

    Dáta: …

    Faisnéis ghinearálta

    Ó:

    Ballstát:

    Údarás inniúil iarrthach:

    Seoladh:

    (Sonraí an phointe teagmhála)

    Ainm:

    Uimhir theileafóin:

    Seoladh ríomhphoist:

    CHUIG:

    Ballstát:

    Faighteoir:

    Seoladh:

    (Sonraí an phointe teagmhála)

    Ainm:

    Uimhir theileafóin:

    Seoladh ríomhphoist:

    A [cuir isteach an t-ainm cuí], a chara

    I gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá d’ionchur á lorg i ndáil leis an ábhar nó leis na hábhair a leagtar amach thíos go mionsonraithe.

    Bheinn buíoch as freagra a fháil ar an iarraidh thuas faoin [cuir isteach an dáta táscach le haghaidh an fhreagra agus, i gcás iarraidh phráinneach, cuir isteach an spriocdháta chun an fhaisnéis a chur ar fáil] nó, i gcás nach mbeidh sin indéanta, an dáta a mheasann tú go mbeidh tú in ann an cúnamh atá á iarraidh a sholáthar.

    An cineál iarrata

    Cuir tic leis an mbosca (nó na boscaí) cuí

    Gníomhaíochtaí maoirseachta (faisnéis a sholáthar, ráiteas a ghlacadh, eile)

    Imscrúdú nó cigireachtaí ar an láthair

    Forfheidhmiú

    Nós imeachta údarúcháin

    Cúiseanna atá leis an iarraidh

    [Cuir isteach foráil/forálacha na reachtaíochta earnálaí faoina bhfuil an t-údarás inniúil iarrthach inniúil chun déileáil leis an ábhar]

    Baineann an iarraidh le [comhar] nó [malartú faisnéise] maidir le

    [Cuir isteach tuairisc ar ábhar na hiarrata, an cuspóir a bhfuil an comhar nó an malartú faisnéise á lorg ina leith, na fíorais is bun le haon imscrúdú atá ina bhunús leis an iarraidh agus míniú ar a chabhraí atá sé]

    Anuas ar …

    [Más infheidhme, cuir isteach mionsonraí na hiarrata roimhe sin chun go mbeifear in ann í a shainaithint]

    Gníomhaíochtaí maoirseachta (faisnéis a sholáthar, ráiteas a ghlacadh)

    Faisnéis a sholáthar

    (a)

    Tabhair, le do thoil, tuairisc mhionsonraithe ar an bhfaisnéis shonrach atá á lorg chomh maith leis na cúiseanna a mbeidh an fhaisnéis sin ina cúnamh agus, más eol sin, liosta de na daoine a mheastar go bhfuil an fhaisnéis atá á lorg acu agus/nó na háiteanna inar féidir an fhaisnéis sin a fháil.

    (b)

    Má bhaineann an iarraidh le comhar nó malartú faisnéise a bhaineann le hurrús inaistrithe sonrach, le huirlis a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin nó le hiasacht a bhaineann le tairiscint sluachistiúcháin, tabhair, le do thoil, an fhaisnéis seo a leanas:

    Aitheantas na tairisceana sluachistiúcháin: …

    [Cuir isteach tuairisc bheacht ar an tairiscint sluachistiúcháin, lena n-áirítear an sainaitheantóir dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2119 ón gCoimisiún (2) ]

    Aitheantas pearsanta: …

    [Cuir isteach céannacht aon duine a bhaineann leis an tairiscint sluachistiúcháin agus/nó an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ábhartha]

    Dáta: …

    [Cuir isteach an dáta a soláthraíodh an tairiscint sluachistiúcháin ar an ardán sluachistiúcháin]

    (c)

    Má bhaineann an iarraidh le faisnéis a bhaineann le gnó duine nó le gníomhaíochtaí duine, tabhair, le do thoil, faisnéis atá chomh cruinn agus is féidir chun go mbeifear in ann an duine sin a aithint.

    (d)

    Má tá cúinsí speisialta ann maidir le híogaireacht na faisnéise a lorgaítear (lena n-áirítear de bharr cúinsí imscrúdaithe), tabhair léiriú ar an íogaireacht sin agus ar aon réamhchúram speisialta is gá a dhéanamh agus an fhaisnéis á bailiú.

    (e)

    Tabhair aon fhaisnéis bhreise, le do thoil.

    [Sonraigh an raibh nó an mbeidh an t-údarás inniúil iarrthach i dteagmháil le haon údarás eile nó le haon ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí eile ina Bhallstát i ndáil le hábhar na hiarrata nó an bhfuil aon údarás eile ann a bhfuil a fhios ag an údarás iarrthach go bhfuil leas gníomhach aige in ábhar na hiarrata]]

    (f)

    I gcás iarraidh phráinneach agus aon spriocdháta a leagan síos, tabhair, le do thoil, míniú iomlán ar phráinn na hiarrata agus míniú ar aon spriocdháta ar iarr an t-údarás inniúil an fhaisnéis a chur ar fáil faoi.

    Ráiteas a ghlacadh

    Léirigh, le do thoil:

    (a)

    Ráiteas faoi: mhionn☐/faoi dhearbhasc ☐ ceachtar, i gcás ina bhfuil sé incheadaithe ☐

    (b)

    An gá agus an cuspóir atá le glacadh an ráitis:

    (c)

    Ainm an duine/na ndaoine óna bhfuil an ráiteas le glacadh:

    [Cuir isteach mionsonraí na ndaoine óna bhfuil an ráiteas le glacadh chun a chumasú don údarás inniúil iarrtha tús a chur leis an bpróiseas toghairme i gcás inarb infheidhme]

    (d)

    Tuairisc mhionsonraithe ar an bhfaisnéis atá á lorg, lena n-áirítear réamhliosta ceisteanna (má tá siad ar fáil tráth na hiarrata).

    (e)

    Aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith úsáideach:

    [Cé acu a iarrann nó nach n-iarrann an t-údarás inniúil iarrthach ar a fhoireann a bheith rannpháirteach i nglacadh an ráitis, cuir isteach sonraí oifigigh rannpháirteacha an údaráis inniúil iarrthaigh, agus, i gcás inarb iomchuí, tuairisc ar aon cheanglas dlíthiúil nó ar aon cheanglas nós imeachta nach mór a chomhlíonadh chun inghlacthacht an ráitis i ndlínse an údaráis inniúil iarrthaigh a áirithiú]

    Cigireacht nó imscrúdú ar an láthair

    Má bhaineann an iarraidh le cigireacht nó imscrúdú ar an láthair, tabhair, le do thoil, faisnéis lena gcumasaítear don fhaighteoir measúnú a dhéanamh ar cé acu de na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 31(4), an dara fomhír, pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 a fhéadfaidh sé a dhéanamh agus an bhféadfadh sé gur spéis leis dul isteach i gcigireacht chomhpháirteach ar an láthair nó imscrúdú comhpháirteach ar an láthair. Tabhair, le do thoil, faisnéis maidir le togra an údaráis inniúil iarrthaigh le haghaidh na cigireachta nó an imscrúdaithe, faoin réasúnú atá léi/leis agus faoi na tairbhí don fhaighteoir.

    [Cuir isteach gach faisnéis is ábhartha chun go gcuirfear ar a chumas d’fhaighteoir na hiarrata an cúnamh is gá a chur ar fáil, de réir mar is iomchuí]

    Forfheidhmiú

    (a)

    Tabhair, le do thoil, tuairisc mhionsonraithe ar an bhfaisnéis shonrach atá á lorg mar aon leis na cúiseanna a mbeidh an fhaisnéis ina cúnamh.

    (b)

    Má bhaineann an iarraidh le comhar nó malartú faisnéise a bhaineann le hurrús inaistrithe sonrach, uirlis a ligtear isteach chun críoch sluachistiúcháin nó le hiasacht a bhaineann le tairiscint sluachistiúcháin, tabhair, le do thoil, an fhaisnéis seo a leanas

    Aitheantas na tairisceana sluachistiúcháin: …

    [Cuir isteach tuairisc bheacht ar an tairiscint sluachistiúcháin, lena n-áirítear an sainaitheantóir dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2119 ón gCoimisiún]

    Aitheantas pearsanta: …

    [Cuir isteach céannacht aon duine a bhaineann leis an tairiscint sluachistiúcháin agus/nó an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ábhartha]

    Dáta: …

    [Cuir isteach an dáta a soláthraíodh an tairiscint sluachistiúcháin ar an ardán sluachistiúcháin]

    Nós imeachta údarúcháin

    a)     Ábhar:

    b)     Faisnéis maidir leis an nós imeachta údarúcháin:

    c)     Faisnéis maidir le haon údarás inniúil eile lena mbaineann:

    Tabhair faisnéis anseo, le do thoil, nó déan tagairt don doiciméadacht atá i gceangal leis seo ina bhfuil an fhaisnéis]

    d)     Faisnéis atá á lorg:

    [Cuir isteach, le do thoil, tuairisc shonrach ar an bhfaisnéis atá á lorg, lena n-áirítear aon doiciméad ábhartha arna iarraidh mar aon leis na cúiseanna a bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun an t-iarratas ar údarú a athbhreithniú]

    e)     Aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith úsáideach:

    [Cuir isteach aon fhaisnéis ábhartha eile. Má tá cúinsí speisialta ann maidir le híogaireacht na faisnéise a lorgaítear, tabhair, le do thoil, léiriú ar an íogaireacht sin agus ar aon réamhchúram speisialta is gá a dhéanamh agus an fhaisnéis á bailiú.]

    Déanfaidh ESMA aon sonra pearsanta a chuirfear ar fáil a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áiritheoidh ESMA agus na húdaráis inniúla ábhartha araon go háirithe go gcuirfear gach faisnéis ábhartha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ar fáil do na hábhair sonraí i gcomhréir le Roinn 2 ‘Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta’ de CHAIBIDIL III ‘Cearta an ábhair sonraí’ de na Rialacháin seo.

    Mise le meas,

    [síniú]


    (1)  Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2119 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí (Féach leathanach 63 den Iris Oifigiúil seo).


    IARSCRÍBHINN II

    An fhoirm admhála fála

    Admháil fála

    Uimhir thagartha:

    Dáta:

    Ó:

    Ballstát:

    Faighteoir:

    Seoladh:

    (Sonraí an phointe teagmhála)

    Ainm:

    Uimhir theileafóin:

    Seoladh ríomhphoist:

    CHUIG:

    Ballstát:

    Údarás inniúil iarrthach:

    Seoladh:

    (Sonraí an phointe teagmhála)

    Ainm:

    Uimhir theileafóin:

    Seoladh ríomhphoist:

    A [cuir isteach an t-ainm iomchuí], a chara

    De bhun d’iarrata [cuir isteach tagairt don iarraidh], admhaímid leis seo go bhfuarthas an iarraidh sin an [cuir isteach an dáta a fuarthas an iarraidh ar chomhar nó an iarraidh ar fhaisnéis].

    Dáta measta freagartha: ….

    Déanfaidh ESMA aon sonra pearsanta a chuirfear ar fáil a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áiritheoidh ESMA agus na húdaráis inniúla ábhartha araon go háirithe go gcuirfear gach faisnéis ábhartha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ar fáil do na hábhair sonraí i gcomhréir le Roinn 2 ‘Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta’ de CHAIBIDIL III ‘Cearta an ábhair sonraí’ de na Rialacháin seo.

    Mise le meas,

    [síniú]


    IARSCRÍBHINN III

    An fhoirm chun freagra a thabhairt ar iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise agus le haghaidh malartú faisnéise gan iarraidh

    [Freagra ar iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise][Malartú faisnéise gan iarraidh]

    Uimhir thagartha:

    Dáta:

    Faisnéis ghinearálta

    Ó:

    Ballstát:

    Údarás inniúil iarrthach:

    Seoladh:

    (Sonraí an phointe teagmhála)

    Ainm:

    Uimhir theileafóin:

    Seoladh ríomhphoist:

    CHUIG:

    Ballstát:

    Faighteoir:

    Seoladh:

    (Sonraí an phointe teagmhála)

    Ainm:

    Uimhir theileafóin:

    Seoladh ríomhphoist:

    A [cuir isteach an t-ainm iomchuí], a chara

    Admhaímid leis seo go bhfuil d’iarraidh dar dáta [ll.mm.bbbb] lena ngabhann an uimhir thagartha [cuir isteach uimhir thagartha na hiarrata] próiseáilte againn [ní bhaineann le hábhar i gcás malartú faisnéise gan iarraidh].

    Faisnéis a bailíodh

    [Má bailíodh an fhaisnéis, leag amach anseo, le do thoil, an fhaisnéis nó tabhair míniú ar an gcaoi a dtabharfar í].

    [I gcás malartú faisnéise gan iarraidh, leag amach an fhaisnéis atá le tabhairt ar bhonn gan iarraidh].

    Tá an fhaisnéis a thugtar faoi rún agus nochtar í le [cuir isteach ainm an údaráis inniúil iarrthaigh] de bhun Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus ar an mbonn go bhfanfaidh an fhaisnéis faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2020/1503.] [nó] [Tá cead an fhaisnéis a thugtar a nochtadh de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2020/1503.]

    Déanfaidh [cuir isteach ainm an údaráis inniúil iarrthaigh nó an údaráis inniúil fála]na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2020/1503 a urramú.

    I gcás inarb ábhartha, mínigh, le do thoil, aon soiléiriú a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait maidir leis an bhfaisnéis bheacht a iarrtar:

    Tabhair, le do thoil, as do stuaim féin, aon fhaisnéis fhíor-riachtanach lena bhféadfadh tuilleadh cúnaimh a thabhairt don chomhar nó don mhalartú faisnéise chun críocha na hiarrata:

    Déanfaidh ESMA aon sonra pearsanta a chuirfear ar fáil a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áiritheoidh ESMA agus na húdaráis inniúla ábhartha araon go háirithe go gcuirfear gach faisnéis ábhartha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ar fáil do na hábhair sonraí i gcomhréir le Roinn 2 ‘Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta’ de CHAIBIDIL III ‘Cearta an ábhair sonraí’ de na Rialacháin seo.

    Mise le meas,

    [síniú]


    (1)  Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN IV

    An fhoirm chun fógra a thabhairt maidir le diúltú

    Fógra maidir le diúltú

    Uimhir thagartha:

    Dáta:

    Ó:

    Ballstát:

    Údarás inniúil iarrthach:

    Seoladh:

    (Sonraí an phointe teagmhála)

    Ainm:

    Uimhir theileafóin:

    Seoladh ríomhphoist:

    CHUIG:

    Ballstát:

    Faighteoir:

    Seoladh:

    (Sonraí an phointe teagmhála)

    Ainm:

    Uimhir theileafóin:

    Seoladh ríomhphoist:

    A [cuir isteach an t-ainm iomchuí], a chara

    De bhun d’iarrata [cuir isteach tagairt don iarraidh], tugaimid fógra duit leis seo go bhfuilimid ag diúltú gníomhú ina leith de dheasca imthosca eisceachtúla i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

    Bhraith muid ar na himthosca eisceachtúla seo a leanas maidir leis an diúltú seo chun gníomhú de bhun d’iarrata …

    [Cuir isteach tuairisc ar an imthoisc ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/1503].

    Bhí ár gcinneadh chun diúltú gníomhú de bhun d’iarrata bunaithe ar na cúiseanna seo a leanas …

    [Cuir isteach na cúiseanna iomlána le diúltú an fhaighteora gníomhú de bhun iarraidh an údaráis inniúil iarrthaigh ar chomhar nó ar fhaisnéis, agus aird chuí á tabhairt do na himthosca eisceachtúla ar a bhfuil an diúltú bunaithe]

    Déanfaidh ESMA aon sonra pearsanta a chuirfear ar fáil a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áiritheoidh ESMA agus na húdaráis inniúla ábhartha araon go háirithe go gcuirfear gach faisnéis ábhartha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ar fáil do na hábhair sonraí i gcomhréir le Roinn 2 ‘Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta’ de CHAIBIDIL III ‘Cearta an ábhair sonraí’ de na Rialacháin seo.

    Mise le meas,

    [síniú]


    (1)  Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).


    Top