EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2115

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun rátaí mainneachtana iasachtaí a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin a ríomh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/4830

IO L 287, 8.11.2022, p. 33–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2115/oj

8.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 287/33


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2115 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun rátaí mainneachtana iasachtaí a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin a ríomh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 20(3), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gá infheisteoirí a chumasú chun cinntí eolasacha infheistíochta a dhéanamh. Ós rud é go bhféadfadh sé go dtairgfí níos mó ná iasacht amháin le tionscadal sluachistiúcháin amháin, is gá, agus an mhodheolaíocht á sonrú chun rátaí mainneachtana tionscadal a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin a ríomh, rialacha a leagan síos maidir le rátaí mainneachtana a ríomh ar leibhéal gach iasachta aonair i ndáil le tionscadal sluachistiúcháin ar leith a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin. Le sainmhíniú ar mhainneachtain ar leibhéal níos mionsonraithe, i.e. ar leibhéal na hiasachta, is féidir cásanna a ghabháil nach dócha go gcomhlíonfaidh úinéir tionscadail a oibleagáidí creidmheasa a bhaineann le hiasacht amháin ach nach mbaineann le hiasachtaí eile. Dá bhrí sin, chun rátaí mainneachtana tionscadal a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin a ríomh, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a mheas go huathoibríoch go bhfuil na hiasachtaí difriúla a bhaineann leis an tionscadal céanna ar mainneachtain an tráth céanna. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin measúnú a dhéanamh ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann roinnt táscairí mainneachtana leis an tionscadal sluachistiúcháin ina iomláine, seachas le hiasacht ar leith. Go háirithe, i gcás ina bhfuil cuid mhór de na hiasachtaí a bhaineann le tionscadal sluachistiúcháin ar mainneachtain, féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a mheas nach dócha go n-íocfar na hiasachtaí eile a bhaineann leis an tionscadal sluachistiúcháin sin ina n-iomláine gan dul i muinín gníomhaíochtaí, lena n-áirítear urrús a réadú agus caitheamh leis na hiasachtaí sin mar iasachtaí ar mainneachtain freisin.

(2)

Is gá arbatráiste rialála a sheachaint agus é a chur ar a gcumas d’infheisteoirí comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin arb é atá i gceist leo deonú iasachtaí a éascú agus, go háirithe, cáilíocht tionscadal a thairgtear ar ardáin sluachistiúcháin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na heilimintí a shonrú, ar eilimintí iad ar cheart do na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin a mheas ar a mbonn gur tharla mainneachtain maidir le hiasacht a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart próisis éifeachtacha a bheith i bhfeidhm ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin lena gcuirtear ar a gcumas dóibh an fhaisnéis is gá a fháil chun a shainaithint, gan moill mhíchuí, gur mhainnigh iasachtaí a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin.

(3)

Le hAirteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2020/1503, ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin arb é atá i gceist leo deonú iasachtaí a éascú rátaí mainneachtana na dtionscadal sluachistiúcháin a tairgeadh ar a n-ardán sluachistiúcháin le linn na 36 mhí roimhe sin ar a laghad a nochtadh gach bliain agus ráiteas torthaí a fhoilsiú laistigh de cheithre mhí ag deireadh gach bliana airgeadais ina léirítear ráta mainneachtana ionchasach agus iarbhír na n-iasachtaí uile a d’éascaigh siad. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag infheisteoirí agus infheisteoirí ionchasacha ar fhaisnéis lena mbaineann tréimhsí ama comhchosúla le haghaidh méadracht riosca agus luaíochta i ndáil leis na hiasachtaí a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin, is gá comhsheasmhacht le hAirteagal 180(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a áirithiú, agus úsáid a bhaint as rátaí mainneachtana 1 bhliana mar thagairt chun rátaí mainneachtana a ríomh. Tá na rátaí mainneachtana 1 bhliana ina léiriú ar an sciar iasachtaí a théann ó stádas neamh-mhainnithe go stádas mainnithe ar a laghad uair amháin le linn tréimhse breathnóireachta 1 bhliana. Dá bhrí sin, leis an ráta mainneachtana ionchasach, ba cheart meastachán a thabhairt ar an gcion d’iasachtaí neamh-mhainnithe a mheastar a bheidh ar mainneachtain le linn tréimhse breathnóireachta 1 bhliana. Dá bhrí sin, chun an meastachán ar an ráta mainneachtana ionchasach sin a bhunú ar an ráta mainneachtana iarbhír, ba cheart ríomh an ráta mainneachtana iarbhír a bheith teoranta d’iasachtaí atá i stádas neamh-mhainnithe ag tús na tréimhse breathnóireachta 1 bhliana. Chun léiriú inchomparáide agus cothrom ar na rátaí mainneachtana a áirithiú, níor cheart aon scéim ualaithe a chur i bhfeidhm chun na rátaí mainneachtana bliantúla a ríomh (ríomh iasachtbhunaithe). Dá bhrí sin, níor cheart suim airgid na n-iasachtaí a úsáid chun na rátaí mainneachtana a ríomh ionas nach dtabharfar níos mó tosaíochta d’iasachtaí áirithe agus na rátaí mainneachtana á ríomh. I gcás ina bhfuil claontacht ann mar gheall ar iasachtaí gearrthéarmacha a bheith ann, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin arb é atá i gceist leo deonú iasachtaí a éascú, ba cheart dóibh ríomh an ráta mainneachtana a choigeartú. Chun a áirithiú go léireofar go cothrom na rátaí mainneachtana d’infheisteoirí, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí arb é atá i gceist leo deonú iasachtaí a éascú, níor cheart dóibh na rátaí mainneachtana a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2020/1503 a chúbláil ná mífhaisnéis a thabhairt ina leith.

(4)

D’fhéadfadh earráidí i ríomh na rátaí mainneachtana le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin a bheith mar thoradh ar shonraí atá neamhréireach, míchruinn, neamhiomlán nó as dáta. Dá bhrí sin, chun iontaofacht agus ardcháilíocht sonraí a áirithiú, ba cheart na nósanna imeachta a bhaineann le bailiú agus stóráil sonraí a bheith láidir agus dea-dhoiciméadaithe.

(5)

Maidir le modh inmheánach soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin chun na rátaí mainneachtana iarbhír agus ionchasacha a ríomh, ba cheart dó a bheith bunaithe ar fhaisnéis faoi fheidhmíocht iasachtaí a éascaíonn na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin agus na catagóirí riosca a leagtar amach sa chreat bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 19(7), pointe (d), de Rialachán (AE) 2020/1503.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”) faoi bhráid an Choimisiúin, i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach.

(7)

Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(8)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Mainneachtain iasachtaí a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin

1.   Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin arb é atá i gceist leo deonú iasachtaí a éascú, measfaidh siad gur tharla mainneachtain maidir le hiasacht ar leith a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin i gcás ina dtarlaíonn ceachtar de na teagmhais seo a leanas, nó an dá cheann:

(a)

measann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nach dócha go ndéanfaidh úinéir an tionscadail an iasacht a íoc ina hiomláine, nó a oibleagáidí creidmheasa a bhaineann leis an iasacht lena mbaineann a chomhlíonadh, gan dul i muinín beart, amhail urrús a réadú;

(b)

tá úinéir an tionscadail níos faide ná 90 lá thar téarma maidir le haon oibleagáid chreidmheasa ábhartha a bhaineann leis an iasacht lena mbaineann.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (a), measfar na heilimintí seo a leanas mar tháscairí maidir le mídhóchúlacht na híocaíochta:

(a)

tharla athchóiriú struis na hoibleagáide creidmheasa a bhaineann leis an iasacht lena mbaineann i gcás inar dócha go mbeidh mar thoradh air sin oibleagáid airgeadais níos lú mar gheall ar chealú ábhartha, nó ar chur siar na príomhshuime, an úis nó, i gcás inarb ábhartha, na dtáillí.

(b)

rinne úinéir an tionscadail iarratas ar fhéimheacht nó ar chosaint chomhchosúil, nó breithníodh é ina fhéimheach nó fuair sé cosaint chomhchosúil, rud a d’fhágfadh nach mbeadh air oibleagáid chreidmheasa a bhaineann leis an iasacht lena mbaineann a aisíoc le hinfheisteoirí nó go gcuirfí moill ar an aisíocaíocht sin.

Chun críocha phointe (a), measfar gur tharla athchóiriú struis i gcás inar leathnaíodh lamháltais chuig úinéir tionscadail a bhfuil deacrachtaí aige nó atá ar tí deacrachtaí a bheith aige a ghealltanais airgeadais a chomhlíonadh.

3.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), i gcás ina gceadaítear go sainráite leis an gcomhaontú creidmheasa d’úinéir an tionscadail an sceideal íocaíochta a athrú, nó na híocaíochtaí a chur ar fionraí nó a chur siar faoi choinníollacha áirithe, agus i gcás ina ngníomhaíonn úinéir an tionscadail laistigh de na cearta a deonaíodh sa chomhaontú creidmheasa sin, ní mheasfar na híocaíochtaí athraithe, curtha ar fionraí nó curtha siar a bheith thar téarma, ach beidh áireamh na laethanta thar téarma bunaithe ar an sceideal íocaíochta nua a luaithe a shonrófar é. Mar sin féin, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin anailís ar na cúiseanna leis na hathruithe sin ar an sceideal íocaíochta, nó ar chur ar fionraí nó ar chur siar na n-íocaíochtaí, agus déanfaidh siad measúnú ar an bhféidearthacht maidir le mídhóchúlacht na híocaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

4.   Nochtfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an tairseach ábharthachta a úsáidtear chun críocha mhír 1, pointe (b).

5.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin infheisteoirí ar an eolas gan mhoill i gcás mainneachtain iasachta.

Airteagal 2

Modheolaíocht chun ráta mainneachtana iasachtaí a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin a ríomh

1.   Chun críocha an nochta dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2020/1503, ríomhfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin meán simplí an ráta mainneachtana 1 bhliana a breathnaíodh thar an tréimhse bhreathnóireachta stairiúil iomlán trí úsáid a bhaint as fuinneoga breathnóireachta neamhfhorluiteacha 12 mhí.

2.   Chun an ráta mainneachtana 1 bhliana dá dtagraítear i mír 1 a ríomh, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

gurb é atá san ainmneoir an líon iasachtaí neamh-mhainnithe a breathnaíodh ag tús na fuinneoige breathnóireachta 12 mhí;

(b)

go n-áirítear leis an uimhreoir gach iasacht a mheastar san ainmneoir a raibh ar a laghad teagmhas mainneachtana amháin aici le linn na fuinneoige breathnóireachta 12 mhí.

3.   Chun críocha mhír 2, iasachtaí nach bhfuil aon íocaíocht sceidealta ina leith sa sceideal íocaíochta le linn na tréimhse breathnóireachta 12 mhí, eisiafar iad ón tacar sonraí a úsáidtear chun an ráta mainneachtana a ríomh le haghaidh na tréimhse sin.

4.   Chun críocha mhír 1 agus gan beann ar cé acu atá soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ag úsáid foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán de na trí cinn sin, 36 mhí ar a laghad a bheidh sa tréimhse bhreathnóireachta stairiúil fholuiteach a úsáidfear i gcás foinse amháin ar a laghad. I gcás inar faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta atá ar fáil i gcás aon fhoinse, is í an tréimhse is faide a úsáidfear. Soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin atá i mbun oibríochta le níos lú ná 36 mhí, bainfidh sé úsáid as an tréimhse ar lena linn a bhí sé i mbun oibríochta.

5.   Nochtfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an t-ainmneoir agus an t-uimhreoir a úsáidtear chun an ráta mainneachtana 1 bhliana a ríomh i gcomhréir le mír 2 le haghaidh na tréimhse arna cinneadh i gcomhréir le mír 4.

Airteagal 3

Modheolaíocht chun an ráta mainneachtana iarbhír iasachtaí de réir catagóir riosca a ríomh

1.   Chun rátaí mainneachtana iarbhír gach iasachta a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2020/1503, ríomhfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin meáin shimplí an ráta mainneachtana 1 bhliana de réir catagóir riosca a breathnaíodh thar an tréimhse bhreathnóireachta stairiúil iomlán trí úsáid a bhaint as fuinneoga breathnóireachta neamhfhorluiteacha 12 mhí.

2.   Chun an ráta mainneachtana 1 bhliana de réir catagóir riosca a ríomh, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

gurb é atá san ainmneoir an líon iasachtaí neamh-mhainnithe a breathnaíodh ag tús na tréimhse breathnóireachta 12 mhí laistigh den chatagóir riosca a ríomhtar an ráta mainneachtana ina leith;

(b)

go n-áirítear leis an uimhreoir gach iasacht a mheastar san ainmneoir a raibh ar a laghad teagmhas mainneachtana amháin aici le linn na tréimhse breathnóireachta 12 mhí.

3.   Chun críocha mhír 2, iasachtaí nach bhfuil aon íocaíocht sceidealta ina leith sa sceideal íocaíochta le linn na tréimhse breathnóireachta 12 mhí, eisiafar iad ón tacar sonraí a úsáidtear chun an ráta mainneachtana a ríomh le haghaidh na tréimhse sin.

4.   Chun críocha mhír 1, gan beann ar cé acu atá soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ag úsáid foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán de na trí cinn sin, 36 mhí ar a laghad a bheidh sa tréimhse bhreathnóireachta stairiúil fholuiteach a úsáidfear i gcás foinse amháin ar a laghad. I gcás inar faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta atá ar fáil i gcás aon fhoinse, is í an tréimhse is faide a úsáidfear. Soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin atá i mbun oibríochta le níos lú ná 36 mhí, bainfidh sé úsáid as an tréimhse ar lena linn a bhí sé i mbun oibríochta.

5.   Nochtfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an t-ainmneoir agus an t-uimhreoir a úsáidtear chun an ráta mainneachtana iarbhír de réir catagóir riosca a bhaineann le gach iasacht a ríomh i gcomhréir le mír 2 le haghaidh na tréimhse arna cinneadh i gcomhréir le mír 4.

Airteagal 4

Modheolaíocht chun an ráta mainneachtana ionchasach iasachtaí de réir catagóir riosca a ríomh

1.   Chun rátaí mainneachtana ionchasacha gach iasachta a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2020/1503, bunóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a meastacháin ar na rátaí mainneachtana ionchasacha de réir catagóir riosca ar rátaí mainneachtana iarbhír iasachtaí de réir catagóir riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3.

2.   Chun críocha mhír 1 agus gan beann ar cé acu atá soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ag úsáid foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán de na trí cinn sin, 36 mhí ar a laghad a bheidh sa tréimhse bhreathnóireachta stairiúil fholuiteach a úsáidfear i gcás foinse amháin ar a laghad. I gcás inar faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta atá ar fáil i gcás aon fhoinse, is í an tréimhse is faide a úsáidfear. Soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin atá i mbun oibríochta le níos lú ná 36 mhí, bainfidh sé úsáid as an tréimhse ar lena linn a bhí sé i mbun oibríochta.

Airteagal 5

Sannadh do chatagóirí riosca

Chun críocha Airteagail 3 agus 4, sannfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na hiasachtaí aonair don chatagóir riosca ábhartha a leagtar amach sa chreat bainistithe riosca ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus na tosca ábhartha uile á gcur san áireamh acu, ar tosca iad a bhféadfadh éifeachtaí neamhfhabhracha a bheith acu ar fheidhmíocht na n-iasachtaí.

Airteagal 6

Cruinneas sonraí

Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin comhsheasmhacht agus oiriúnacht na sonraí a úsáidtear chun na rátaí mainneachtana a ríomh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top