Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2113

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2113 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i ndáil le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4860

    IO L 287, 8.11.2022, p. 22–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2113/oj

    8.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 287/22


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2113 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Iúil 2022

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i ndáil le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 31(8), an tríú fomhír di,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leis an bhfaisnéis nach mór d’údaráis inniúla a mhalartú de bhun Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2020/1503, ba cheart é a chur ar a gcumas do na húdaráis sin a gcuid gníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh faoin Rialachán sin. Dá bhrí sin, is gá a shonrú an fhaisnéis nach mór d’údaráis inniúla a mhalartú chun go mbeidh siad in ann na cúraimí sin a dhéanamh.

    (2)

    Chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis chúlra ghinearálta agus doiciméid bhunreachtúla a mhalartú, lena n-áirítear doiciméid chorpraithe náisiúnta, nó doiciméid eile lena dtugtar léargas ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’údaráis inniúla faisnéis a mhalartú freisin faoin bpróiseas údarúcháin agus faoi chomhlachtaí bainistíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, lena n-áirítear faisnéis faoina oiriúnaí atá sé soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú agus faoi chlú chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, agus faisnéis faoi scairshealbhóirí, faoi phionóis agus faoi bhearta riaracháin arna bhforchur, faoi ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus stair ábhartha iompair agus comhlíontachta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.

    (3)

    Chun a ndualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh ar bhealach cuimsitheach, ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis ábhartha a mhalartú freisin maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile agus maidir le tríú páirtithe a bhaineann leis an sluachistiúchán atá ábhartha i dtaca le soláthar na seirbhísí a sholáthraíonn na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, lena n-áirítear faisnéis maidir le tríú páirtithe atá ainmnithe chun feidhmeanna oibríochtúla a chomhlíonadh i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin.

    (4)

    Is sna himthosca sin ina bhféadfadh saincheisteanna teacht chun cinn ar ábhair imní rialála iad a bhaineann leis na heintitis atá faoi réir Rialachán (AE) 2020/1503 is mó a bheidh an malartú faisnéise úsáideach, lena n-áirítear faisnéis faoi iarratas tosaigh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar údarú, faoin maoirseacht leanúnach ar chomhlíontacht eintitis leis an Rialachán sin, agus faoi ghníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar oibríochtaí eintitis i ndlínse eile.

    (5)

    Ba cheart an malartú faisnéise idir údaráis inniúla maidir le gníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcomhréir leis an gceart chun sonraí pearsanta na ndaoine lena mbaineann a chosaint, mar a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8, faoi seach, den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ní mór dó a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (6)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin.

    (7)

    Ní dhearna ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, ná ní dhearna sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, toisc go mbeadh sé sin an-díréireach i ndáil le raon feidhme agus tionchar na gcaighdeán sin, ós rud é go mbaineann na caighdeáin sin go príomha leis na húdaráis inniúla.

    (8)

    D’iarr ESMA comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (9)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Faisnéis atá le malartú faoi sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

    Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis seo a leanas a mhalartú faoi sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin:

    (a)

    faisnéis ghinearálta agus doiciméid a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin:

    (i)

    ainm an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, seoladh a cheannoifige nó a oifige cláraithe, sonraí teagmhála, a chód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh (LEI) ISO 17442 agus sleachta ábhartha ó chláir a shealbhaítear go náisiúnta;

    (ii)

    faisnéis a bhaineann le doiciméid bhunreachtúla a cheanglaítear ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bheith aige faoin reachtaíocht náisiúnta is infheidhme;

    (b)

    faisnéis faoi na daoine nádúrtha atá freagrach as an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú, faisnéis a cuireadh ar fáil mar chuid den phróiseas údarúcháin, lena n-áirítear:

    (i)

    an t-ainm agus an uimhir aitheantais phearsanta, i gcás ina bhfuil an uimhir sin ar fáil sa Bhallstát ábhartha;

    (ii)

    faisnéis faoi na poist atá ag na daoine sin laistigh den soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

    (c)

    an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar dhea-chlú agus ar oiriúnacht na ndaoine nádúrtha atá freagrach as an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh sí ar fáil:

    (i)

    faisnéis faoina dtaithí oibre;

    (ii)

    an fhaisnéis seo a leanas faoina gclú:

    (1)

    faisnéis faoi thaifid choiriúla, nó faoi smachtbhannaí riaracháin nó sibhialta agus faisnéis faoi imscrúduithe coiriúla arna n-oscailt in aghaidh na ndaoine sin i leith sáruithe ar rialacha náisiúnta i réimsí an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, an dlí maidir le seirbhísí airgeadais, an dlí maidir le frithsciúradh airgid, an dlí calaoise nó oibleagáidí maidir le dliteanas gairmiúil, trí dheimhniú oifigiúil, nó trí dhoiciméad coibhéiseach eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus tuairisc mhionsonraithe ar aon smachtbhanna sibhialta nó riaracháin arna bhforchur;

    (2)

    faisnéis faoi imscrúduithe nó imeachtaí atá fós ar siúl seachas iad siúd a leagtar amach i bpointe (c)(ii)(1)

    (3)

    faisnéis faoi aon diúltú clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais chun gabháil do ghnó nó do ghairm, agus faisnéis faoi aistarraingt, cúlghairm nó foirceannadh clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais den sórt sin, nó faoi dhíbirt a rinne comhlacht rialála nó rialtais nó comhlacht gairmiúil nó comhlachas gairmiúil;

    (4)

    faisnéis maidir le dífhostú as fostaíocht a bhaineann le poist agus tascanna a bhaineann le bainistiú cistí nó caidrimh mhuiníneacha chomhchosúla agus tuairisc ar na cúiseanna leis an dífhostú sin;

    (d)

    faisnéis faoi scairshealbhóirí a shealbhaíonn 20 % nó níos mó de scairchaipiteal nó de chearta vótála an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, lena n-áirítear faisnéis faoin easpa taifead coiriúil nó smachtbhannaí riaracháin nó sibhialta agus faisnéis faoi imscrúduithe coiriúla arna n-oscailt in aghaidh na scairshealbhóirí sin, i leith sáruithe ar rialacha náisiúnta i réimsí an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, an dlí maidir le seirbhísí airgeadais, an dlí maidir le frithsciúradh airgid, an dlí calaoise nó oibleagáidí maidir le dliteanas gairmiúil agus tuairisc mhionsonraithe ar aon smachtbhanna sibhialta nó riaracháin arna bhforchur;

    (e)

    faisnéis faoi struchtúr eagrúcháin, coinníollacha oibriúcháin agus comhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/1503, faisnéis a cuireadh ar fáil mar chuid den phróiseas údarúcháin agus a tugadh cothrom le dáta trí ghníomhaíochtaí maoirseachta an údaráis inniúil a fhaigheann an iarraidh ar fhaisnéis, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

    (i)

    faisnéis faoi na socruithe rialachais agus na sásraí rialaithe inmheánaigh lena n-áirithítear comhlíontacht le Rialachán (AE) 2020/1503, lena n-áirítear nósanna imeachta bainistithe riosca agus nósanna imeachta cuntasaíochta;

    (ii)

    clár oibríochtaí ina leagtar amach na cineálacha seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1503;

    (iii)

    taifid chomhlíontachta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, lena n-áirítear faisnéis atá i seilbh na n-údarás inniúil;

    (iv)

    faisnéis is féidir a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin i ndáil leis na gníomhaíochtaí agus na ceanglais a shonraítear in Airteagail 3 go 11 de Rialachán (AE) 2020/1503;

    (f)

    faisnéis faoin údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó faoin tarraingt siar údarúcháin de bhun Airteagail 12, 13 agus 17 de Rialachán (AE) 2020/1503;

    (g)

    faisnéis faoi aon phionós, lena n-áirítear pionóis choiriúla, bearta riaracháin nó gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, arna bhforchur ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

    (h)

    aon fhaisnéis eile is gá chun comhar a dhéanamh i ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2020/1503.

    Airteagal 2

    Faisnéis atá le malartú faoi dhaoine eile agus faoi eintitis neamhchorpraithe

    1.   I ndáil le tríú páirtithe a bhaineann leis an sluachistiúchán agus atá ábhartha maidir le soláthar na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus ar daoine nádúrtha iad, déanfaidh na húdaráis inniúla ainm, dáta breithe agus áit bhreithe, uimhir aitheantais phearsanta, i gcás ina mbeidh sí ar fáil sa Bhallstát lena mbaineann, agus seoladh agus sonraí teagmhála an duine a mhalartú.

    2.   I ndáil le tríú páirtithe a bhaineann leis an sluachistiúchán agus atá ábhartha maidir le soláthar na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus ar daoine dlítheanacha iad, féadfaidh údarás inniúil doiciméid a iarraidh lena ndeimhnítear an méid seo a leanas:

    (a)

    ainm gnó an duine dhlítheanaigh;

    (b)

    seoladh cheannoifig nó oifig chláraithe an duine dhlítheanaigh, agus a sheoladh poist i gcás nach ionann iad;

    (c)

    sonraí teagmhála an duine dhlítheanaigh, agus a uimhir aitheantais náisiúnta nó a chód LEI i gcás ina mbeidh siad ar fáil;

    (d)

    clárúchán fhoirm dhlíthiúil an duine dhlítheanaigh, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme;

    (e)

    liosta iomlán daoine a stiúrann gnó an duine dhlítheanaigh go héifeachtach, lena n-áirítear a n-ainm, a ndáta breithe agus a n-áit bhreithe, a seoladh, a sonraí teagmhála, agus a n-uimhir aitheantais phearsanta i gcás ina mbeidh sí ar fáil sa Bhallstát lena mbaineann.

    3.   Malartóidh na húdaráis inniúla aon fhaisnéis eile is gá chun comhar a dhéanamh i ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2020/1503.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

    (4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    Top