EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2093

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2093 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

C/2022/7849

IO L 281, 31.10.2022, p. 21–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 20/11/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2093/oj

31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 281/21


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2093 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Deireadh Fómhair 2022

lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 ón gCoimisiún (2), rinneadh próiseálaí bia leictrimheicniúil dar meáchan iomlán 9 kg, darb ionchur cumhachta 1 kW agus babhla dar toilleadh 3,5 l, a aicmiú faoi chód AC 8438 80 99 (“innealra le haghaidh ullmhú nó monarú tionsclaíoch bia nó dí, seachas innealra le haghaidh eastóscadh nó ullmhú saillte nó olaí plandúla do-ghalaithe, ainmhíocha nó miocróbacha”).

(2)

Bhain Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 le haicmiú earra eile chomh maith, eadhon córas leictreonach le haghaidh priontáil ó shonraí digiteacha, ach rinneadh an chuid sin den Rialachán sin a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 936/1999 ón gCoimisiún (3).

(3)

Sa cholún “Cúiseanna” den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88, rinneadh aicmiú an phróiseálaí bia faoi cheannteideal 8509 mar fhearas tís leictrimheicniúil ina bhfuil mótar leictreach neamhspleách a fhágáil as an áireamh ar an bhforas seo a leanas: “Mar gheall ar chumhacht agus ar thoilleadh an mheaisín seo, ní cineál meaisín é a úsáidtear de ghnáth sa teaghlach agus ní chomhlíonann sé téacs chód AC 8509”.

(4)

Ní thagraíonn ceannteideal 8509 ná Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (NMCC) a ghabhann leis an gceannteideal sin d’aon tairseach chruinn maidir le cumhacht ná toilleadh. Luaitear an méid seo a leanas in NMCC a ghabhann le ceannteideal 8509: “Ciallaíonn an téarma ‘fearais tís’ sa cheannteideal seo fearais a úsáidtear de ghnáth sa teaghlach. Tá na fearais sin inaitheanta, ag brath ar an gcineál, trí shainghné amháin nó níos mó amhail toisí foriomlána, dearadh, toilleadh, toirt. Is é an tslat tomhais chun na sainghnéithe sin a bhreith nár cheart na fearais atá i gceist a bheith ag oibriú ag leibhéal a sháraíonn riachtanais an teaghlaigh.” Is critéir dhinimiciúla iad sin a fhásann le cois an dul chun cinn theicniúil.

(5)

Faoi láthair, mar thoradh ar an éabhlóid theicniúil, tá go leor próiseálaithe bia a bhfuil a gcumhacht agus a dtoilleadh inchomparáide le cumhacht agus toilleadh an phróiseálaí bia a aicmítear le Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88, próiseálaí a dearadh go bunúsach le haghaidh úsáid teaghlaigh nó úsáid tís. Nuair a glacadh Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88, ní raibh meaisíní den sórt sin ann lena n-úsáid sa bhaile.

(6)

Sa lá atá inniu ann, is iondúil a úsáidtear an próiseálaí bia a ndéantar cur síos air i Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 sa teaghlach agus ní (go príomha) chun críoch tionsclaíoch nó tráchtála. Dá bhrí sin, tá a aicmiú mar innealra le haghaidh ullmhú tionsclaíoch nó monarú tionsclaíoch bia nó dí imithe i léig. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 a aisghairm.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2022

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 1988 maidir le haicmiú earraí áirithe san ainmníocht chomhcheangailte (IO L 301, 4.11.1988, lch. 8).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 936/1999 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 1999 lena leasaítear nó lena n-aisghairtear rialacháin áirithe a bhaineann le haicmiú earraí san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 117, 5.5.1999, lch. 9).


Top