Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2091

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2091 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 511/2012 maidir le fógraí ó na Ballstáit faoi eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil na déiríochta

    C/2022/6007

    IO L 281, 31.10.2022, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2091/oj

    31.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 281/16


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2091 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Lúnasa 2022

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 511/2012 maidir le fógraí ó na Ballstáit faoi eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil na déiríochta

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 174(1), pointe (a), 174(2), pointe (a) agus 223(3), pointe (b), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leagtar síos rialacha sonracha maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith.

    (2)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, foráiltear go bhfuil ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoina gcinntí aitheantais a dheonú, a dhiúltú nó a aistarraingt le haghaidh eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe le linn na bliana féilire roimhe sin.

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún (2), leagtar síos oibleagáidí tuairiscithe áirithe le haghaidh eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí trasnáisiúnta na n-eintiteas sin atá aitheanta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte.

    (4)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 511/2012 ón gCoimisiún (3), leagtar síos, i measc nithe eile, oibleagáidí tuairiscithe i ndáil le heagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta in earnáil na déiríochta.

    (5)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 ón gCoimisiún (4) arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2092 ón gCoimisiún (5), déantar foráil maidir le córas fógartha feabhsaithe cuíchóirithe d’eagraíochtaí táirgeoirí náisiúnta agus trasnáisiúnta, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta ar bhealach aonfhoirmeach le haghaidh gach earnála. Dá réir sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le fógraí ó na Ballstáit a leagtar síos sa Rialacháin sin maidir le faisnéis faoi eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí i ngach earnáil de tháirgí talmhaíochta a liostaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, lena n-áirítear an fhaisnéis a atá ag teastáil faoi Airteagal 21 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 a mhéid a bhaineann le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus faoi Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 511/2012 a mhéid a bhaineann le hearnáil na déiríochta.

    (6)

    Chun an cás a sheachaint ina mbeadh ar na Ballstáit an fhaisnéis is gá a sholáthar faoi dhó, is iomchuí Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 agus (AE) Uimh. 511/2012 a leasú.

    (7)

    Chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar chúrsaí idir an seanchóras fógartha agus an córas fógartha nua, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    I gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, scriostar pointe 2.

    Airteagal 2

    Scriostar Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 511/2012.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 511/2012 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2012 maidir le fógraí a bhaineann le heagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe agus caibidlíocht chonarthach agus caidreamh conarthach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle in earnáil na déiríochta (IO L 156, 16.6.2012, lch. 39).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe de chomhar táirgeoirí (IO L 44, 19.2.2016, lch. 1).

    (5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2092 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 maidir le fógraí ó na Ballstáit faoi eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta (Féach leathanach 18 den Iris Oifigiúil seo).


    Top