Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2077

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2077 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena n-ainmnítear an lárionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá freagrach as rannchuidiú ar bhonn eolaíoch agus teicniúil le bunú agus comhchuibhiú na modhanna chun pórtha i mbaol a chaomhnú, agus chun an éagsúlacht ghéiniteach atá ann cheana laistigh de na pórtha sin a chaomhnú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/7578

    IO L 280, 28.10.2022, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2077/oj

    28.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 280/10


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2077 ÓN gCOIMISIÚN

    an 27 Deireadh Fómhair 2022

    lena n-ainmnítear an lárionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá freagrach as rannchuidiú ar bhonn eolaíoch agus teicniúil le bunú agus comhchuibhiú na modhanna chun pórtha i mbaol a chaomhnú, agus chun an éagsúlacht ghéiniteach atá ann cheana laistigh de na pórtha sin a chaomhnú

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 29(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chuir na Ballstáit agus páirtithe leasmhara in iúl gur gá bunú agus comhchuibhiú na modhanna a bhíonn in úsáid ag cumainn phóir agus ag tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 27(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/1012 a chur chun cinn, chun pórtha atá i mbaol a chaomhnú nó chun an éagsúlacht ghéiniteach atá laistigh de na pórtha sin a chaomhnú.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2016/1012, rinne an Coimisiún glao poiblí ar roghnú agus ainmniú an lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá freagrach as rannchuidiú ar bhonn eolaíoch agus teicniúil le bunú agus comhchuibhiú na modhanna chun pórtha i mbaol a chaomhnú, agus chun an éagsúlacht ghéiniteach atá ann cheana laistigh de na pórtha sin a chaomhnú (“an t-ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do phórtha ainmhithe atá i mbaol”).

    (3)

    An coiste meastóireachta agus roghnúcháin a ceapadh don ghlao sin, tháinig sé ar an gconclúid maidir leis an gcuibhreannas faoi stiúir Stichting Wageningen Research, Wageningen Livestock Research, an Ísiltír, agus a chuimsíonn Institut de l’Elevage, an Fhrainc agus Oifig Cónaidhme um Thalmhaíocht agus Bia na Gearmáine, go gcomhlíonann an cuibhreannas sin na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1012 agus go bhfuil sé d’acmhainn aige na cúraimí a leagtar amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn sin a dhéanamh.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart an cuibhreannas faoi stiúir Stichting Wageningen Research, Wageningen Livestock Research, an Ísiltír, agus a chuimsíonn Institut de l’Elevage, an Fhrainc agus Oifig Cónaidhme um Thalmhaíocht agus Bia na Gearmáine, a ainmniú ina lárionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do phórtha ainmhithe atá i mbaol. Tá raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1012 teoranta d’ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí agus dá bhrí sin níor cheart baint a bheith ag gníomhaíochtaí an lárionaid tagartha sin de chuid an Aontais Eorpaigh ach le pórtha den speiceas ainmhithe sin atá i mbaol amháin.

    (5)

    Níor cheart ainmniú an lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do phórtha ainmhithe atá i mbaol a theorannú ó thaobh ama de ach ba cheart é a athbhreithniú go rialta dá dtagraítear in Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2016/1012.

    (6)

    Ba cheart don lárionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do phórtha ainmhithe atá i mbaol tús a chur lena ghníomhaíochtaí ón 1 Eanáir 2023 toisc go gcuireann sé le tionscnaimh bheartais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus dá bhrí sin ba cheart an Rialachán seo a bheith infheidhme ón dáta sin.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Zótheicnic,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déanfar an lárionad seo a leanas a ainmniú ina lárionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá freagrach as rannchuidiú ar bhonn eolaíoch agus teicniúil le bunú agus comhchuibhiú na modhanna chun pórtha i mbaol a chaomhnú, agus chun an éagsúlacht ghéiniteach atá ann cheana laistigh de na pórtha sin a chaomhnú:

    An cuibhreannas faoi stiúir Stichting Wageningen Research, Wageningen Livestock Research, P.O. Box 338, 6700 AH Wageningen, an Ísiltír, agus a chuimsíonn Institut de l’Elevage, 149 Rue de Bercy, 75012 Páras, an Fhrainc, agus Oifig Cónaidhme um Thalmhaíocht agus Bia na Gearmáine, Deichmanns Aue 29, 53179 Bonn, an Ghearmáin.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 171, 29.6.2016, lch. 66.


    Top