Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2060

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha (IMA) agus lena sonraítear minicíocht an mheasúnaithe sin faoi Airteagal 325be(3) den Rialachán sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/3801

IO L 276, 26.10.2022, pp. 60–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 28/05/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2060/oj

26.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 276/60


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2060 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meitheamh 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha (IMA) agus lena sonraítear minicíocht an mheasúnaithe sin faoi Airteagal 325be(3) den Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325be(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an measúnú ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal dá dtagraítear in Airteagal 325be(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart cinneadh a dhéanamh ar an tomhas priacail iomchuí a bheidh le húsáid ag institiúidí chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh i gcás gach fachtóra priacal atá curtha san áireamh, nó atá á gcur san áireamh, i gcur chuige malartach samhlacha inmheánacha na hinstitiúide a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart fachtóirí priacal insamhaltaithe a bheith faoi réir an tomhais priacail easnaimh ionchasaigh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus ba cheart fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe a bheith faoi réir an tomhais priacail maidir le cás struis, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325bk den Rialachán sin.

(2)

Ba cheart a chuimsiú leis an tomhas priacail easnaimh ionchasaigh dáileadh dóchúlachta fachtóirí priacal thar thréimhse stairiúil atá fada go leor, tréimhse ina bhfuil na sonraí ábhartha margaidh le haghaidh na bhfachtóirí priacal sin inbhraite. Dá bhrí sin, ba cheart fachtóir priacal a mheas mar fhachtóir priacal insamhaltaithe i gcás ina bhfuil líon leordhóthanach praghsanna infhíoraithe ar fáil, ar praghsanna infhíoraithe iad atá inbhraite agus atá ionadaíoch ar an bhfachtóir priacal sin. Chun an measúnú sin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh tréimhse bhreathnóireachta 12 mhí iomchuí, ar tréimhse í dar críoch an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin. Mar sin féin, chun aon mhoill a d’fhéadfadh a bheith ar infhaighteacht sonraí a chur san áireamh, ba cheart cead a bheith ag institiúidí tréimhse aistrithe 12 mhí a chur in ionad na tréimhse breathnóireachta 12 mhí sin. Chun inchomparáideacht cleachtas ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart aistriú den sórt sin a bheith teoranta do 1 mhí amháin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’institiúidí tréimhsí aistrithe den sórt sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcás gach fachtóra priacal den chineál céanna agus ba cheart dóibh doiciméadacht mhionsonraithe a chur ar fáil dá n-údarás inniúil a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na dtréimhsí aistrithe sin.

(3)

Meastar go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis uile is gá faoi phraghsanna ag institiúidí chun measúnú a dhéanamh ar an insamhaltaitheacht óna ngníomhaíocht trádála féin. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu atá nó nach bhfuil fachtóirí priacal insamhaltaithe, ba cheart cead a bheith ag institiúidí freisin úsáid a bhaint as faisnéis faoi phraghsanna a fhaightear ó dhíoltóirí tríú páirtí, ar choinníoll go bhfuil na praghsanna sin infhíoraithe agus go bhfuil na díoltóirí tríú páirtí sin faoi réir iniúchadh neamhspleách maidir le bailíocht na faisnéise atá acu faoi phraghsanna.

(4)

Is céim thábhachtach é sa mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil fachtóirí priacal insamhaltaithe measúnú a dhéanamh ar ionadaíochas praghsanna infhíoraithe sainaitheanta ar na fachtóirí priacal sin. Ba cheart a mheas go bhfuil praghas infhíoraithe ionadaíoch ar fhachtóir priacal institiúide i gcás inar féidir leis an institiúid luach an fhachtóra priacal a bhaint as luach an phraghais infhíoraithe trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí cainníochtúla a úsáidtear go coitianta. I gcás roinnt de na modheolaíochtaí sin, tá gá le sonraí ionchuir breise chun go mbeidh institiúidí in ann luach fachtóra priacal a bhaint, rud a fhágann go bhfuil sé níos casta ionadaíochas na bpraghsanna infhíoraithe a léiriú. Dá bhrí sin, na modheolaíochtaí sin, mar aon leis na sonraí ionchuir breise, i gcás ina bhfuil gá leo, ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil atá doiciméadaithe go cuí agus, dá bhrí sin, cosc a chur ar institiúidí toimhdí neamhfhónta a úsáid. Mar gheall ar an easpa infhíoraitheachta agus ionadaíochais a bhaineann leo, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, níor cheart réitigh chomhthaobhacha ná luachálacha comhthaobhacha a mheas mar fhoinsí incháilithe praghsanna infhíoraithe.

(5)

I gcás inar pointí ar chuar, ar dhromchla nó ar chiúb iad fachtóirí priacal, ba cheart measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht na bhfachtóirí priacal sin de réir insamhaltaitheacht gach buicéid ar an gcuar, ar an dromchla nó ar an gciúb sin, i ngeall ar shaintréithe comhroinnte fachtóirí priacal a bhaineann le buicéad ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht an bhuicéid sin faoi threoir na bpraghsanna infhíoraithe uile a leithdháiltear ar an mbuicéad sin agus ba cheart a mheas go bhfuil na praghsanna infhíoraithe atá ionadaíoch ar fhachtóir priacal amháin i mbuicéad áirithe ionadaíoch ar na fachtóirí priacal uile a bhaineann leis an mbuicéad céanna. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag institiúidí buicéid chaighdeánacha a roghnú, nó, i gcás ina meastar é a bheith níos iomchuí i gcás cuar, dromchla nó ciúb sonrach, buicéid mhalartacha arna bhforbairt acu féin.

(6)

Thairis sin, leis na critéir maidir le hinsamhaltaitheacht fachtóirí priacal, ba cheart na cásanna sin a chumhdach ina n-úsáideann institiúid feidhm pharaiméadrach chun cuar, dromchla nó ciúb a léiriú agus ina socraíonn sí na paraiméadair feidhme mar na fachtóirí priacal ina samhail tomhais priacal. Sna cásanna sin, ba cheart a shonrú sna critéir sin an chaoi ar cheart an measúnú ar insamhaltaitheacht a dhéanamh, agus sainiúlachtaí na bhfeidhmeanna paraiméadracha sin agus na bparaiméadar feidhme á gcur san áireamh.

(7)

Chun cabhrú leis na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an gcomhlíontacht leis an Rialachán seo, is gá a shonrú an chaoi a ndéanfaidh institiúidí an ceanglas maidir le doiciméadacht ghinearálta dá bhforáiltear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu atá nó nach bhfuil fachtóir priacal insamhaltaithe.

(8)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(9)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Critéir chun measúnú a déanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal nach mbaineann le cuar, le dromchla ná le ciúb

1.   Maidir le fachtóirí priacal na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 325be(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach mbaineann le cuar, le dromchla ná le ciúb, déanfar iad a mheasúnú mar fhachtóirí insamhaltaithe i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na critéir seo a leanas:

(a)

thar thréimhse bhreathnóireachta 12 mhí dar críoch an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin, dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (3), comhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

tá sé sainaitheanta ag an institiúid gur ann do 24 phraghas ar a laghad i gcás an fhachtóra priacal sin, ar praghsanna iad atá infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo, a bhfuil dátaí breathnóireachta ar leith ag baint leo agus a meastar iad a bheith ionadaíoch ar an bhfachtóir priacal sin i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo;

(ii)

ní raibh tréimhse 90 lá nó níos mó ann ina raibh níos lú ná ceithre cinn de na praghsanna infhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (i);

(b)

thar an tréimhse bhreathnóireachta 12 mhí dá dtagraítear i bpointe (a), tá sé sainaitheanta ag an institiúid gur ann do 100 praghas ar a laghad i gcás an fhachtóra priacal sin, ar praghsanna iad atá infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo, a bhfuil dátaí breathnóireachta ar leith ag baint leo agus a meastar iad a bheith ionadaíoch ar an bhfachtóir priacal sin i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

2.   Féadfaidh institiúid tréimhse 12 mhí dar críoch tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin, dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 (“tréimhse aistrithe”), a chur in ionad na tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuireann an institiúid an tréimhse aistrithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach fachtóir priacal den chineál céanna leis an bhfachtóir priacal lena mbaineann;

(b)

cuireann an institiúid an tréimhse aistrithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama;

(c)

soláthraíonn an institiúid tuairisc mhionsonraithe don údarás inniúil maidir le cur i bhfeidhm na tréimhse aistrithe sin.

Airteagal 2

Praghsanna infhíoraithe

1.   Measfar praghas a bheith infhíoraithe i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

faightear an praghas ó idirbheart a raibh an institiúid ar cheann de na páirtithe ann agus a rinneadh ar neamhthuilleamaí;

(b)

faightear an praghas ó idirbheart a rinne tríú páirtithe ar neamhthuilleamaí agus atá i gcomhréir leis na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 5;

(c)

faightear an praghas ó luachaintí iomaíocha iarbhír tairisceana agus ofrála a tugadh de mheon macánta, a chuir an institiúid féin nó tríú páirtithe ar fáil ar neamhthuilleamaí, na luachanna ar a bhfuil gealltanas tugtha ag an institiúid nó ag na tríú páirtithe idirbheart a dhéanamh i gcomhréir le gnás trádála agus atá i gcomhréir leis na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 5.

2.   D’ainneoin mhír 1, ní mheasfar praghas a bheith infhíoraithe i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

faightear an praghas ó idirbheart nó ó luachaintí tairisceana agus ofrála idir dhá eintiteas den ghrúpa céanna;

(b)

faightear an praghas ó idirbheart nó ó luachaintí tairisceana agus ofrála de mhéid diomaibhseach i gcomparáid leis an ngnáthmhéid idirbheart nó luachaintí a bhíonn ina léiriú ar dhálaí reatha an mhargaidh;

(c)

faightear an praghas ó luachaintí ina bhfuil raon difríochta idir tairiscint agus ofráil a imíonn go mór ó raoin difríochta idir tairiscint agus ofráil atá ina léiriú ar dhálaí reatha an mhargaidh;

(d)

faightear an praghas ó idirbheart a rinneadh d’aon toisc chun líon leordhóthanach praghsanna infhíoraithe atá i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo a shainaithint;

(e)

faightear an praghas ó luachaintí a bhfuil gealltanas tugtha ina dtaobh d’aon toisc chun líon leordhóthanach praghsanna infhíoraithe atá i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo a shainaithint.

3.   Beidh an dáta breathnóireachta a bhaineann le praghas infhíoraithe comhionann leis an dáta a ndearnadh an t-idirbheart nó leis an dáta ar tugadh gealltanas i dtaobh na luachaintí tairisceana agus ofrála. Déanfar na dátaí breathnóireachta a bhaineann le praghsanna infhíoraithe a thaifeadadh bunaithe ar chrios ama comhsheasmhach amháin le haghaidh gach foinse sonraí.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh díoltóir tríú páirtí gnóthas a sholáthraíonn sonraí maidir le hidirbhearta nó luachaintí d’institiúidí chun críocha Airteagal 1 den Rialachán seo, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (36a), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus córais iltaobhacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (19), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

5.   Ní bhainfear úsáid as idirbheart ná as luachaintí tairisceana agus ofrála chun críocha mhír 1, pointe (b) agus pointe (c), ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh an t-idirbheart nó na luachaintí a phróiseáil trí dhíoltóir tríú páirtí nó bhailigh díoltóir tríú páirtí iad;

(b)

tá sé comhaontaithe ag an díoltóir tríú páirtí nó ag an institiúid fianaise maidir leis an idirbheart nó maidir leis na luachaintí agus fianaise maidir le hinfhíoraitheacht an phraghais a fuarthas ón idirbheart sin nó ó na luachaintí sin a sholáthar d’údarás inniúil na hinstitiúide, i gcás ina n-iarrtar sin;

(c)

chuir an díoltóir tríú páirtí in iúl don institiúid an dáta ar breathnaíodh an t-idirbheart nó na luachaintí, agus tacar íosta faisnéise faoin idirbheart nó faoi na luachaintí chun é a chur ar a cumas don institiúid an praghas infhíoraithe a mhapáil ar na fachtóirí priacal a bhfuil an praghas sin a fuarthas ón idirbheart sin nó ó na luachaintí sin ionadaíoch orthu i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo;

(d)

d’fhíoraigh an institiúid go bhfuil an díoltóir tríú páirtí faoi réir iniúchadh neamhspleách, uair sa bhliain ar a laghad, ag gnóthas tríú páirtí, de réir bhrí Airteagal 325bi(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le bailíocht a fhaisnéise faoi phraghsanna, a rialachais agus a chuid próiseas, agus go bhfuil rochtain aige ar thorthaí agus ar thuarascálacha iniúchóireachta, chun go mbeidh sé in ann na torthaí agus na tuarascálacha sin a chur in iúl dá údarás inniúil, i gcás ina n-iarrtar sin.

6.   Chun críocha mhír 5, pointe (d), déanfar measúnú san iniúchadh neamhspleách ar na nithe uile seo a leanas:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá ag an díoltóir tríú páirtí chun a sheiceáil go bhfuil an praghas infhíoraithe agus chun an praghas infhíoraithe a mhapáil ar na fachtóirí priacal a bhfuil an praghas sin ionadaíoch orthu i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil an díoltóir tríú páirtí in ann sláine na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) a léiriú;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil próisis inmheánacha i bhfeidhm ag an díoltóir tríú páirtí mar aon le líon leordhóthanach foirne ag a bhfuil leibhéal scileanna atá iomchuí chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a bhainistiú;

(d)

cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáid chonarthach ar an díoltóir tríú páirtí infhíoraitheacht an phraghais a sheiceáil i gcás nach soláthraíonn díoltóir tríú páirtí an fhaisnéis is gá don institiúid chun infhíoraitheacht an phraghais a sheiceáil.

7.   I gcás nach soláthraíonn díoltóir tríú páirtí an fhaisnéis is gá don institiúid chun infhíoraitheacht an phraghais a sheiceáil, beidh an institiúid in ann a léiriú dá húdarás inniúil go bhfuil oibleagáid chonarthach ar an díoltóir tríú páirtí infhíoraitheacht an phraghais a sheiceáil.

Airteagal 3

Ionadaíochas praghsanna infhíoraithe le haghaidh fachtóirí priacal

1.   Measfar praghas infhíoraithe a bheith ionadaíoch ar fhachtóir priacal óna dháta breathnóireachta i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá dlúthbhaint ag an bhfachtóir priacal leis an bpraghas infhíoraithe;

(b)

shonraigh an institiúid modheolaíocht atá fónta ar bhonn coincheapúil chun luach an fhachtóra priacal a bhaint as luach an phraghais infhíoraithe.

Chun críocha phointe (b), aon sonra ionchuir nó aon fhachtóir priacal a úsáidfear sa mhodheolaíocht seachas an praghas infhíoraithe, beidh sé bunaithe ar shonraí oibiachtúla.

2.   Féadfar aon phraghas infhíoraithe a áireamh mar bhreathnú chun críocha Airteagal 1 i gcás gach ceann de na fachtóirí priacal a bhfuil sé ionadaíoch orthu i gcomhréir le mír 1.

3.   I gcás ina n-úsáideann institiúid fachtóir priacal córasach creidmheasa nó cothromais chun gluaiseachtaí ar fud an mhargaidh a chuimsiú i leith tréithe ar leith a bhíonn ag comhthiomsú d’eisitheoirí, lena n-áirítear tír, réigiún nó earnáil na n-eisitheoirí sin, ní mheasfar praghsanna infhíoraithe ó innéacsanna margaidh ná ó ionstraimí eisitheoirí aonair a bheith ionadaíoch ar an bhfachtóir priacal córasach sin ach amháin i gcás ina bhfuil na tréithe céanna acu agus atá ag an bhfachtóir priacal córasach sin.

Airteagal 4

Critéir chun measúnú a déanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal a bhaineann le cuar, le dromchla nó le ciúb

1.   Maidir le fachtóirí priacal le haghaidh na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 325be(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhaineann le cuar, le dromchla nó le ciúb, déanfar iad a mheasúnú mar fhachtóirí insamhaltaithe trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:

(a)

i gcás gach cuair, dromchla nó ciúib, cinneann an institiúid na buicéid ábhartha fachtóirí priacal i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo;

(b)

cinneann an institiúid insamhaltaitheacht na mbuicéad ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomhréir le mír 2;

(c)

measann an institiúid gur fachtóir insamhaltaithe é aon fhachtóir priacal a bhaineann le buicéad a measadh a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le mír 2.

2.   Is é a bheidh sna critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil buicéad insamhaltaithe ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

thar thréimhse bhreathnóireachta 12 mhí dar críoch an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin, dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451:

(i)

tá sé sainaitheanta ag an institiúid gur ann do 24 phraghas ar a laghad i gcás an bhuicéid sin, ar praghsanna iad atá infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo, a bhfuil dátaí breathnóireachta ar leith ag baint leo agus a leithdháiltear ar an mbuicéad sin; agus

(ii)

ní raibh tréimhse 90 lá nó níos mó ann ina raibh níos lú ná ceithre cinn de na praghsanna infhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (i);

(b)

thar an tréimhse bhreathnóireachta 12 mhí dá dtagraítear i bpointe (a), tá sé sainaitheanta ag an institiúid gur ann do 100 praghas ar a laghad i gcás an bhuicéid sin, ar praghsanna iad atá infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo, a bhfuil dátaí breathnóireachta ar leith ag baint leo agus a leithdháiltear ar an mbuicéad sin.

3.   Féadfaidh institiúid tréimhse 12 mhí dar críoch tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin, dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 (“tréimhse aistrithe”), a chur in ionad na tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 2, i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuireann an institiúid an tréimhse aistrithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach buicéad cuair, dromchla nó ciúib;

(b)

cuireann an institiúid an tréimhse aistrithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama;

(c)

soláthraíonn an institiúid tuairisc mhionsonraithe dá húdarás inniúil maidir le cur i bhfeidhm na tréimhse aistrithe sin.

4.   Leithdháilfear praghas infhíoraithe ar bhuicéad i gcás ina bhfuil sé ionadaíoch i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo ar fhachtóir priacal a bhaineann leis an mbuicéad sin.

5.   Chun críocha mhír 4, féadfaidh institiúid aon phointe ar chuar, ar dhromchla nó ar chiúb a bhaineann leis an mbuicéad a mheas mar fhachtóir priacal, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an pointe sin ar cheann de na fachtóirí priacal a áirítear ina samhail tomhais priacal.

Airteagal 5

Cuir chuige buicéadaithe maidir le fachtóirí priacal a bhaineann le cuair, dromchlaí nó ciúbanna

1.   I gcás gach cuair, dromchla nó ciúib lena mbaineann fachtóir priacal, cinnfidh institiúidí buicéid an chuair, an dromchla nó an chiúib sin trí úsáid a bhaint as na buicéid chaighdeánacha réamhshainithe dá dtagraítear i mír 2, nó as na buicéid arna sainiú ag na hinstitiúidí féin ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí sin ceanglais mhír 3.

2.   Chun críocha mhír 1, is é a bheidh sna buicéid chaighdeánacha réamhshainithe an méid seo a leanas:

(a)

na naoi mbuicéad dá dtagraítear i ró i de Thábla 1 de mhír 3 maidir le fachtóirí priacal ag a bhfuil gné aibíochta amháin, is é sin “t”, arna sloinneadh i mblianta, a sannadh do na catagóirí leathana fachtóra priacal seo a leanas:

(i)

“ráta úis”, seachas na fachtóirí priacal sin a shanntar don fhochatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “luaineacht”;

(ii)

“malairt eachtrach”, seachas na fachtóirí priacal sin a shanntar don fhochatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “luaineacht”;

(iii)

“tráchtearra”, seachas na fachtóirí priacal sin a shanntar do na fochatagóirí leathana fachtóra priacal dar teideal “luaineacht fuinnimh agus luaineacht astaíochtaí carbóin”, “luaineacht miotail lómhair agus luaineacht miotail neamhfheiriúil” agus “luaineacht tráchtearraí eile”;

(b)

na sé bhuicéad dá dtagraítear i ró ii de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh gach gné aibíochta “t” a bhaineann le fachtóirí priacal ag a bhfuil níos mó ná gné aibíochta amháin, arna sloinneadh i mblianta, a sannadh do na catagóirí leathana fachtóra priacal seo a leanas:

(i)

“ráta úis”, seachas na fachtóirí priacal a shanntar don fhochatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “luaineacht”;

(ii)

“malairt eachtrach”, seachas na fachtóirí priacal a shanntar don fhochatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “luaineacht”;

(iii)

“tráchtearra”, seachas na fachtóirí priacal a shanntar do na fochatagóirí leathana fachtóra priacal dar teideal “luaineacht fuinnimh agus luaineacht astaíochtaí carbóin”, “luaineacht miotail lómhair agus luaineacht miotail neamhfheiriúil” agus “luaineacht tráchtearraí eile”;

(c)

na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iii de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh gach gné aibíochta “t” a bhaineann le fachtóirí priacal ag a bhfuil gné aibíochta amháin nó níos mó, arna sloinneadh i mblianta, a sannadh do na catagóirí leathana fachtóra priacal seo a leanas:

(i)

“raon difríochta creidmheasa”, seachas na fachtóirí priacal sin a shanntar don fhochatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “luaineacht”;

(ii)

“cothromas”, seachas na fachtóirí priacal sin a shanntar do na fochatagóirí leathana fachtóra priacal dar teideal “luaineacht (caipitliú mór margaidh)” agus “luaineacht (caipitliú beag margaidh)”;

(d)

na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iv de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh fachtóirí priacal ag a bhfuil gné airgeadúlachta amháin nó níos mó, mar a shloinntear trí úsáid a bhaint as deilte na roghanna (“δ);

(e)

na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iii de Thábla 1 de mhír 3 agus na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iv de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh fachtóirí priacal a sannadh do na catagóirí leathana fachtóra priacal seo a leanas:

(i)

“malairt eachtrach”, le haghaidh na bhfachtóirí priacal sin a shanntar don fhochatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “luaineacht’;

(ii)

“raon difríochta creidmheasa”, le haghaidh na bhfachtóirí priacal sin a shanntar don fhochatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “luaineacht”;

(iii)

“cothromas”, le haghaidh na bhfachtóirí priacal sin a shanntar do na fochatagóirí leathana fachtóra priacal dar teideal “luaineacht (caipitliú mór margaidh)” agus “luaineacht (caipitliú beag margaidh)”;

(iv)

“tráchtearra”, i gcás na bhfachtóirí priacal sin a shanntar do na fochatagóirí leathana fachtóra priacal dar teideal “luaineacht fuinnimh agus luaineacht astaíochtaí carbóin”, “luaineacht miotail lómhair agus luaineacht miotail neamhfheiriúil” agus “luaineacht tráchtearraí eile”;

(f)

na sé bhuicéad dá dtagraítear i ró ii de Thábla 1 de mhír 3, na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iii de Thábla 1 de mhír 3 agus na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iv de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh fachtóirí priacal a shanntar don chatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “ráta úis” agus don fhochatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “luaineacht” ag a bhfuil gné aibíochta, éaga agus airgeadúlachta.

Chun críocha phointe (d), i gcás margaí rogha ina n-úsáidtear coinbhinsiúin eile seachas deilte na rogha chun an airgeadúlacht a shainiú, déanfaidh na hinstitiúidí na buicéid dá dtagraítear i ró iv de Thábla 1 de mhír 3 a thiontú chuig na coinbhinsiúin atá i réim sna margaí rogha sin trí úsáid a bhaint as teicnící cainníochtúla a dhíorthaítear ó shamhlacha praghsála na hinstitiúide féin, ar choinníoll go bhfuil doiciméadú maith agus athbhreithniú neamhspleách déanta ar na samhlacha praghsála sin.

3.   Chun críocha mhír 2, féadfar buicéad caighdeánach a fhoroinnt ina bhuicéid níos lú.

Tábla 1

Uimh. an Bhuicéid

1

2

3

4

5

6

7

8

9

i.

0 ≤ t < 0,75

0,75 ≤ t <1,5

1,5 ≤ t <4

4 ≤ t < 7

7 ≤ t < 12

12 ≤ t < 18

18 ≤ t < 25

25 ≤ t < 35

35 ≤ t

ii.

0 ≤ t <0,75

0,75 ≤ t < 4

4 ≤ t < 10

10 ≤ t < 18

18 ≤ t < 30

30 ≤ t

 

 

 

iii.

0 ≤ t < 1,5

1,5 ≤ t < 3,5

3,5 ≤ t < 7,5

7,5 ≤ t < 15

15 ≤ t

 

 

 

 

iv.

0 ≤ δ < 0,05

0,05 ≤ δ < 0,3

0,3 ≤ δ < 0.7

0,7 ≤ δ < 0,95

0,95 ≤ δ ≤ 1

 

 

 

 

4.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh institiúidí buicéid a bhunú iad féin le haghaidh cuar, dromchla nó ciúb ar leith i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cumhdaítear an cuar, an dromchla nó an ciúb ina iomlán leis na buicéid;

(b)

níl aon fhorluí ann idir na buicéid;

(c)

tá díreach fachtóir priacal amháin i ngach buicéad ar cuid é an fachtóir priacal sin de ríomh na n-athruithe teoiriciúla ar luach na punainne ar cheann amháin de dheasca trádála na hinstitiúide chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhlíontacht leis na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais a leagtar síos in Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

5.   Chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal atá sa chatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “raon difríochta creidmheasa” agus a bhaineann le buicéad aibíochta áirithe, ní fhéadfaidh institiúid praghsanna infhíoraithe buicéid a ath-leithdháileadh ar an mbuicéad atá cóngarach dó a bhaineann le haibíochtaí níos giorra, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl an institiúid neamhchosanta ar aon fhachtóir priacal a bhaineann leis an mbuicéad a chomhfhreagraíonn do na haibíochtaí níos faide agus, dá bhrí sin, ní bhaineann sí úsáid as aon cheann de na fachtóirí priacal sin laistigh dá samhail bainistithe priacal;

(b)

ní áirítear aon phraghas infhíoraithe ach i mbuicéad aibíochta amháin;

(c)

ní ath-leithdháiltear aon phraghas infhíoraithe ach aon uair amháin.

Airteagal 6

Critéir chun measúnú a déanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal lena léirítear paraiméadair feidhme cuair pharaiméadraigh, dromchla pharaiméadraigh nó ciúib pharaiméadraigh

1.   Institiúidí a úsáideann feidhm pharaiméadrach amháin nó níos mó chun cuar, dromchla nó ciúb a léiriú agus a ionchorpraíonn na paraiméadair feidhme mar fhachtóirí priacal ina samhlacha inmheánacha tomhais priacal, déanfaidh siad measúnú ar insamhaltaitheacht na bparaiméadar feidhme sin trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le gach feidhm pharaiméadrach san ord seo a leanas:

(a)

sainaithneoidh na hinstitiúidí sin an tacar pointí ar an gcuar, ar an dromchla nó ar an gciúb ar baineadh úsáid astu chun an fheidhm pharaiméadrach a chalabrú;

(b)

cuirfidh na hinstitiúidí sin an cur chuige buicéadaithe a leagtar amach in Airteagal 5(2) i bhfeidhm amhail is gurbh iad na fachtóirí priacal atá ina samhail tomhais priacal na pointí arna sainaithint de bhun phointe (a);

(c)

déanfaidh na hinstitiúidí sin, i gcomhréir le hAirteagal 4, mír 2 agus mír 3, measúnú ar insamhaltaitheacht na mbuicéad a thagann as cur i bhfeidhm an chur chuige buicéadaithe a leagtar amach in Airteagal 5(2), amhail is gurbh iad na fachtóirí priacal atá ina samhail tomhais priacal na pointí arna sainaithint i gcomhréir le pointe (a).

2.   Déanfar measúnú ar insamhaltaitheacht paraiméadair den fheidhm pharaiméadrach dá dtagraítear i mír 1 tríd an tacar pointí ar an gcuar, ar an dromchla nó ar an gciúb a shainaithint ar baineadh úsáid astú chun an paraiméadar feidhme sin a chalabrú. I gcás nach mbaineann na pointí arna sainaithint ach le buicéid a ndearnadh measúnú orthu mar bhuicéid insamhaltaithe de bhun mhír 1, pointe (c), déanfar an paraiméadar feidhme a mheasúnú mar pharaiméadar insamhaltaithe.

Airteagal 7

Doiciméadacht

1.   Déanfaidh institiúidí gach ceann de na nithe seo a leanas a dhoiciméadú ina mbeartais inmheánacha:

(a)

tacar na bhfachtóirí priacal agus an tuairisc a thugtar orthu ina samhail inmheánach tomhais priacal faoi réir an mheasúnaithe ar insamhaltaitheacht;

(b)

foinsí faisnéise faoi phraghsanna infhíoraithe a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal;

(c)

na critéir faoina meastar praghas a bheith infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 2, lena n-áirítear achoimre ar an gcaoi a ndéanann an institiúid measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil méid idirbhirt nó méid luachana ar tugadh gealltanas ina taobh neamhdhiomaibhseach dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b), agus cé acu atá nó nach bhfuil an raon difríochta idir tairiscint agus ofráil a bhaineann le luachan áirithe réasúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (c);

(d)

an próiseas mapála agus na critéir a úsáidtear chun ionadaíochas praghsanna infhíoraithe a chinneadh le haghaidh fachtóirí priacal dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n-áirítear achoimre ar an modheolaíocht a shonraítear chun luach an fhachtóra priacal a bhaint as na praghsanna infhíoraithe agus aon ionchur breise a bhféadfadh gá a bheith leis le haghaidh na modheolaíochta;

(e)

an measúnú ar insamhaltaitheacht le haghaidh cuair pharaiméadracha, dromchlaí paraiméadracha nó ciúbanna paraiméadracha dá dtagraítear in Airteagal 6;

(f)

úsáid na gcur chuige buicéadaithe dá dtagraítear in Airteagal 5, agus sonrú freisin ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann an institiúid Airteagal 5(5) i bhfeidhm agus ar an gcaoi a gcuireann sí i bhfeidhm é;

(g)

úsáid na tréimhse aistrithe 12 mhí i gcomhréir le hAirteagal 1(2) nó le hAirteagal 4(3).

2.   I gcás gach fachtóra priacal, coimeádfaidh institiúidí taifead de thorthaí a measúnaithe ar insamhaltaitheacht thar bhliain amháin ar a laghad, lena n-áirítear an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1. I gcás fachtóirí priacal nach bhfuil taifead de thorthaí thar bhliain amháin ar fáil ina leith go fóill, coimeádfaidh institiúidí an taifead uasta atá ar fáil de na torthaí.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


Top