EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2059

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí teicniúla na gceanglas cúltástála agus na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 325bf agus Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/3800

IO L 276, 26.10.2022, p. 47–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 26/10/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2059/oj

26.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 276/47


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2059 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meitheamh 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí teicniúla na gceanglas cúltástála agus na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 325bf agus Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325bf(9), an tríú fomhír, agus Airteagal 325bg(4), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 325bf(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar institiúidí róluaineachtaí laethúla a chomhaireamh ar bhonn cúltástála ar na hathruithe hipitéiseacha agus iarbhír ar luach a bpunainne atá comhdhéanta de na suíomhanna go léir a sannadh dá ndeasca trádála. Is é is aidhm don chúltástáil sin measúnú a dhéanamh, ach sin ag brath ar an leibhéal ar a ndéantar í, an bhfuil sé iomchuí na ceanglais cistí dílse le haghaidh suíomhanna ar dheasc trádála a ríomh trí chur chuige malartach na samhla inmheánaí a úsáid, agus an leor na ceanglais cistí dílse a bhaineann le fachtóirí priacail insamhaltaithe. Le hAirteagal 325bf(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar institiúidí luach deireadh lae na punainne a úsáid mar thúsphointe le haghaidh cúltástáil den sórt sin, lena n-áirítear gach coigeartú, amhail cúlchistí nó aon choigeartú luachála.

(2)

Sa chúltástáil ar an uimhir luacha faoi phriacal, maidir le roinnt éifeachtaí priacail margaidh nach gcuirtear san áireamh leis an tsamhail tomhais priacal inmheánach, ba cheart iad a chur san áireamh fós sna hathruithe iarbhír ar luach na punainne. Dá réir sin, gach coigeartú a bhaineann le priacal margaidh, gan beann ar a mhinice a thugann institiúidí cothrom le dáta iad, ba cheart iad a áireamh sna hathruithe iarbhír ar luach na punainne. An chúltástáil ar an uimhir luacha faoi phriacal leis na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne, ba cheart í a dhéanamh, áfach, faoin toimhde go mbeidh punann statach ann. Dá bhrí sin, níor cheart d’institiúidí a áireamh agus athruithe hipitéiseacha den sórt sin á ríomh ar luach na punainne ach na coigeartuithe sin a ríomhtar go laethúil agus a áirítear sa tsamhail tomhais priacal inmheánach.

(3)

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé, de bharr chineál an choigeartaithe agus de bharr na bainistíochta priacail inmheánaí is infheidhme maidir leis an gcoigeartú sin, go ndéanfaí an coigeartú sin a ríomh thar na sraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin. Chun comhchuibhiú a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart a cheangal ar institiúidí, agus na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála á ríomh acu, an coigeartú sin a athríomh i ndáil le gach deasc thrádála ar bhonn neamhspleách i dtaca leis na suíomhanna a shanntar don deasc thrádála amháin, nó, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha sonracha, na hathruithe a thagann as an gcoigeartú sin a léiriú i gcomhthéacs na cúltástála amháin dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá réir sin, i gcás ina ndéanann institiúidí an próiseas luachála deireadh lae chun luachanna deireadh lae punainne na ndeasc trádála a dhíorthú, níor cheart cead a bheith acu, agus athruithe hipitéiseacha agus iarbhír á ríomh acu ar leibhéal na deisce trádála, an coigeartú a leithdháileadh ar na deasca trádála ar bhealach atá comhréireach le rannchuidiú gach deasc trádála le luach an choigeartaithe.

(4)

Tá ról tábhachtach ag an gceanglas sannta brabúis agus caillteanais a leagtar síos in Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun a áirithiú go bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála gar go leor dá chéile. Na tástálacha staidrimh a áirítear sna caighdeáin idirnáisiúnta a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman agus méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov, chun an ceanglas sannta brabúis agus caillteanais a oibríochtú, tá siad iomchuí chun na críche sin agus ba cheart d’institiúidí iad a úsáid dá bhrí sin.

(5)

Sna caighdeáin idirnáisiúnta, leagtar síos gur cheart d’institiúidí ceanglas caipitil breise a chomhlíonadh i gcás nach bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha ar luach punann na ndeasc trádála gar go leor dá chéile. Sa chás sin, ba cheart a cheangal ar institiúidí an ceanglas caipitil breise sin maidir leis na deasca trádála sin a ríomh agus a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

(6)

Agus institiúidí ag tuairisciú na dtorthaí ar shannadh brabúis agus caillteanais i gcomhréir le hAirteagal 325az(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart dóibh aird a tharraingt freisin ar chás ina bhfuil difríocht ábhartha idir na hathruithe hipitéiseacha agus na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála. Ba cheart go gcabhródh sé sin le hinstitiúidí easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann i ríomh na n-athruithe teoiriciúla a shainaithint.

(7)

Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais, déantar athruithe teoiriciúla ar luach punainne a chur i gcomparáid le hathruithe hipitéiseacha a ríomhtar faoin toimhde go bhfuil punann statach ann. Is é is aidhm don chomparáid sin ábharthacht na ndifríochtaí a aithint i bpróisis luachála shamhail tomhais priacal na hinstitiúide ina dtáirgtear na hathruithe teoiriciúla, chomh maith le próisis luachála chórais inmheánacha na hinstitiúide ina dtáirgtear na hathruithe hipitéiseacha. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh athruithe ar chomhdhéanamh na punainne difear don chomparáid sin, ba cheart na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne a úsáidtear sa cheanglas sannta brabúis agus caillteanais a ríomh freisin faoin toimhde go bhfuil punann statach ann.

(8)

Chun comhsheasmhacht le caighdeáin idirnáisiúnta a áirithiú, ba cheart na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne a ríomhtar chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais, ba cheart iad a ailíniú leis na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne, a ríomhann institiúid chun críocha na cúltástála.

(9)

D’fhéadfadh difríochtaí idir na próisis luachála lena gcruthaítear athruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla ar luach punainne a bheith ann mar gheall ar fhachtóirí priacail áirithe a fhágáil ar lár sa tsamhail tomhais priacail nó mar gheall ar shimpliú ar an tsamhail tomhais priacail. D’fhéadfadh difríochtaí eile a bheith mar thoradh ar mhí-ailínithe sna sonraí a úsáideann institiúid mar ionchur chun luach a punann a chinneadh. Chun foinsí breise neamhréitigh mar thoradh ar dhifríochtaí den sórt sin i sonraí ionchuir a sheachaint, ba cheart cead a bheith ag institiúidí na sonraí ionchuir a ailíniú ar choinníoll go gcomhlíontar roinnt coinníollacha sonracha.

(10)

An mhinicíocht ag a bhfuil torthaí an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais le tuairisciú, ba cheart í a ailíniú leis an minicíocht ag a ndéantar insamhaltaitheacht na bhfachtóirí priacail a mheasúnú agus leis an minicíocht ag a ndéantar na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a thuairisciú. Ar an gcaoi sin, beidh institiúidí in ann na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a chinneadh bunaithe ar thorthaí comhsheasmhacha do na ceanglais chúltástála, na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais agus an measúnú ar insamhaltaitheacht.

(11)

An chaoi ar cheart do na hinstitiúidí a gceanglais cistí dílse iomlána le haghaidh priacal margaidh a chomhiomlánú, ba cheart í a ailíniú leis na caighdeáin idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart torthaí an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais a léiriú san fhoirmle chomhiomlánaithe, lena n-áirítear an ceanglas caipitil breise i gcás nach bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha gar go leor dá chéile. Ina theannta sin, ba cheart go léireofaí san fhoirmle chomhiomlánaithe laghdú ar shochair éagsúlaithe i gcás ina ndéantar na ceanglais cistí dílse le haghaidh deasc thrádála a ríomh leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach seachas le cur chuige malartach na samhla inmheánaí.

(12)

Chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla a sheiceáil an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag na hinstitiúidí, ba cheart a cheangal ar institiúidí cur chun feidhme an Rialacháin seo a dhoiciméadú.

(13)

Tá dlúthbhaint ag forálacha an Rialacháin seo lena chéile, ós rud é go mbaineann siad ar fad le heilimintí a bheidh le cur san áireamh ar athruithe ar luach punainne deisce trádála chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh a ríomh trí úsáid a bhaint as cur chuige malartach na samhla inmheánaí. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, ar forálacha iad ba cheart a theacht i bhfeidhm an tráth céanna, chun tuiscint chuimsitheach ar na forálacha sin a éascú agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca orthu ag daoine atá faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach iontu, is inmhianaithe na caighdeáin theicniúla rialála go léir a cheanglaítear le hAirteagal 325bf(9), an tríú fomhír, agus le hAirteagal 325bg(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áireamh in aon Rialachán amháin.

(14)

Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE a bhunaítear an Rialachán seo.

(15)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann, agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

EILIMINTÍ TEICNIÚLA ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH SNA hATHRUITHE IARBHÍR AGUS HIPITÉISEACHA AR LUACH PUNAINNE CHUN CRÍOCHA NA gCEANGLAS CÚLTÁSTÁLA

Roinn 1

eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe iarbhír ar luach punainne

Airteagal 1

Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála do na ceanglais chúltástála a dhéantar ar leibhéal na deisce trádála

1.   Chun críocha na cúltástála deisce trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, paraiméadrachtaí samhaltaithe agus sonraí margaidh, a úsáidtear sa phróiseas a úsáidtear chun na luachanna deireadh lae a ríomh (“próiseas luachála ag deireadh an lae”), lena n-áirítear na torthaí ar fhíorú neamhspleách praghsanna dá dtagraítear in Airteagal 105(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.   Agus na hathruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála á ríomh, léireoidh institiúidí na hathruithe ar luach na punainne sin atá ann mar thoradh ar imeacht ama.

3.   Nuair a bheidh na hathruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála á ríomh, déanfaidh institiúidí na coigeartuithe sin uile a breithníodh sa phróiseas luachála deireadh lae dá dtagraítear i mír 1 agus ar coigeartuithe iad a bhaineann le priacal margaidh a áireamh sa luach sin, cé is moite de na coigeartuithe seo a leanas uile:

(a)

coigeartuithe luachála creidmheasa a léiríonn margadhluach reatha phriacal creidmheasa na gcontrapháirtithe san institiúid;

(b)

chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (b) nó pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; coigeartuithe a cuireadh i leith phriacal creidmheasa na hinstitiúide féin atá eisiata ó

(c)

coigeartuithe luacha breise a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

4.   Ríomhfaidh institiúidí luach coigeartaithe dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn na suíomhanna go léir a shannfar don deasc thrádála chéanna. Ní chuirfidh institiúidí athruithe ar luach an choigeartaithe san áireamh ach amháin ar an dáta a ríomhfar an coigeartú.

5.   De bhreis ar na heisiaimh a leagtar síos i mír 3, pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), féadfaidh institiúidí coigeartú a ríomhfar sa phróiseas luachála deireadh lae thar shraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin ar bhonn glan, a eisiamh ó ríomh na n-athruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

go ndéantar an coigeartú sin, de bharr a chineáil, a ríomh ar bhonn glan thar shraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin;

(b)

go bhfuil bainistíocht priacal inmheánach an choigeartaithe sin comhsheasmhach leis an leibhéal ar a ríomhtar an coigeartú;

(c)

go ndoiciméadaíonn an institiúid lena mbaineann gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i)

na sraitheanna suíomhanna a ríomhtar an coigeartú thar a gceann;

(ii)

an réasúnaíocht atá mar bhonn le ríomh an choigeartaithe thar na sraitheanna suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (i);

(iii)

an bonn cirt atá ann gan an coigeartú a ríomh ar bhonn suíomhanna arna sannadh don deasc thrádála sin amháin.

Airteagal 2

Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe iarbhír ar luach na punainne do na ceanglais chúltástála arna ndéanamh ar leibhéal na hinstitiúide

1.   Chun críocha na cúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe iarbhír ar luach punainne trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, paraiméadrachtaí samhaltaithe agus sonraí margaidh, a úsáidtear sa phróiseas luachála deireadh lae, lena n-áirítear na torthaí ar fhíorú neamhspleách praghsanna dá dtagraítear in Airteagal 105(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.   Agus na hathruithe iarbhír ar luach punainne á ríomh, léireoidh institiúidí an t-athrú ar luach na punainne sin atá ann mar thoradh ar imeacht ama.

3.   Agus na hathruithe iarbhír ar luach punainne á ríomh, déanfaidh institiúidí na coigeartuithe uile a breithníodh sa phróiseas luachála deireadh lae dá dtagraítear i mír 1 agus a bhaineann le priacal margaidh a chur san áireamh sa luach sin, cé is moite de na coigeartuithe seo a leanas go léir:

(a)

coigeartuithe luachála creidmheasa a léiríonn margadhluach reatha phriacal creidmheasa na gcontrapháirtithe san institiúid;

(b)

coigeartuithe a cuireadh i leith phriacal creidmheasa na hinstitiúide féin atá eisiata ó chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (b) nó pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

coigeartuithe luacha breise a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

4.   Ríomhfaidh institiúidí an t-athrú ar luach na gcoigeartuithe dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

na suíomhanna sin uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(b)

na suíomhanna uile faoi réir na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal margaidh.

5.   Ní chuirfidh institiúidí athruithe ar luach an choigeartaithe san áireamh ach amháin ar an dáta a ríomhfar an coigeartú.

Roinn 2

Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe hipitéiseacha ar cheanglais luacha punainne

Airteagal 3

Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála do na ceanglais chúltástála a dhéantar ar leibhéal na deisce trádála

1.   Chun críocha na cúltástála deisce trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, paraiméadrachtaí samhaltaithe agus sonraí margaidh, a úsáidtear sa phróiseas luachála deireadh lae, gan aon táille ná aon choimisiún a chur san áireamh.

2.   Agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála á ríomh, léireoidh institiúidí na hathruithe ar luach punainne na deisce trádála atá ann mar thoradh ar imeacht ama, ach sin ar an mbealach céanna leis an mbealach a léiríonn siad na hathruithe sin i ríomh an mhéid seo a leanas:

(a)

an beart priacail easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

an beart priacail maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.   Nuair a bheidh na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála á ríomh, déanfaidh institiúidí na coigeartuithe sin uile a breithníodh sa phróiseas luachála deireadh lae dá dtagraítear i mír 1, ar coigeartuithe iad a bhaineann le priacal margaidh, a ríomhtar ar bhonn laethúil agus a áirítear i samhail tomhais priacail na hinstitiúide, a áireamh sa luach sin, cé is moite de na coigeartuithe seo a leanas uile:

(a)

coigeartuithe luachála creidmheasa a léiríonn margadhluach reatha phriacal creidmheasa na gcontrapháirtithe san institiúid;

(b)

coigeartuithe a cuireadh i leith phriacal creidmheasa na hinstitiúide féin atá eisiata ó chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (b) nó pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

coigeartuithe luacha breise a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

4.   Ríomhfaidh institiúidí luach coigeartaithe dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn na suíomhanna uile a shannfar don deasc thrádála sin. Cuirfidh institiúidí athruithe ar luach coigeartaithe atá bunaithe ar chomparáid idir luach an choigeartaithe deireadh lae agus, ag glacadh leis nach bhfuil athruithe ar shuíomhanna i bpunann na deisce trádála, luach an choigeartaithe ag deireadh an lae dar gcionn.

5.   De bhreis ar na heisiaimh a leagtar síos i mír 3, pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), féadfaidh institiúidí coigeartú a eisiamh ó ríomh na n-athruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála, ar coigeartú é a ríomhtar ar bhonn glan sa phróiseas luachála deireadh lae thar shraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

go ndéantar an coigeartú sin, de bharr a chineáil, a ríomh ar bhonn glan thar shraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin;

(b)

go bhfuil bainistíocht priacal inmheánach an choigeartaithe sin comhsheasmhach leis an leibhéal ar a ríomhtar an coigeartú;

(c)

doiciméadaíonn an institiúid gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i)

na sraitheanna suíomhanna a ríomhtar an coigeartú thar a gceann;

(ii)

an réasúnaíocht atá mar bhonn le ríomh an choigeartaithe thar na sraitheanna suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (i);

(iii)

an bonn cirt atá le gan an coigeartú a ríomh ar bhonn suíomhanna arna sannadh don deasc thrádála sin amháin.

Airteagal 4

Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne do na ceanglais chúltástála arna ndéanamh ar leibhéal na hinstitiúide

1.   Chun críocha na cúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, paraiméadrachtaí samhaltaithe agus sonraí margaidh, a úsáidtear sa phróiseas luachála deireadh lae, gan aon táille ná aon choimisiúin a chur san áireamh.

2.   Agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne á ríomh, léireoidh institiúidí na hathruithe ar luach na punainne atá ann mar thoradh ar imeacht ama, ach sin ar an mbealach céanna leis an mbealach a léiríonn siad na hathruithe sin i ríomh an mhéid seo a leanas:

(a)

an beart priacail easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

an beart priacail maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.   Agus athruithe hipitéiseacha ar luach punainne á ríomh, déanfaidh institiúidí na coigeartuithe sin uile a breithníodh sa phróiseas luachála deireadh lae dá dtagraítear i mír 1 agus atá bainteach le priacal margaidh, a ríomhtar ar bhonn laethúil agus a áirítear i samhail tomhais priacail na hinstitiúide, a áireamh sa luach sin, cé is moite de na coigeartuithe seo a leanas uile:

(a)

coigeartuithe luachála creidmheasa a léiríonn margadhluach reatha phriacal creidmheasa na gcontrapháirtithe san institiúid;

(b)

coigeartuithe a cuireadh i leith phriacal creidmheasa na hinstitiúide féin atá eisiata ó chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (b) nó pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

coigeartuithe luachála breise a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

4.   Ríomhfaidh institiúidí na hathruithe ar luach na gcoigeartuithe dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

na suíomhanna sin uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(b)

na suíomhanna uile faoi réir ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh.

Airteagal 5

Ceanglais doiciméadachta

Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí lena leagfar amach conas a ríomhfaidh siad na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála nó ar luach punainne i gcomhréir le hAirteagal 1 go hAirteagal 4 den Rialachán seo. Beidh na heilimintí uile seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:

(a)

agus tuairisc á tabhairt ar an gcaoi a ríomhtar na hathruithe iarbhír ar luach na punainne lena mbaineann, achoimre ar na difríochtaí idir na hathruithe sna luachanna punainne deireadh lae arna dtáirgeadh ag an bpróiseas luachála deireadh lae agus na hathruithe iarbhír ar luach na punainne lena mbaineann;

(b)

na táillí agus na coimisiúin agus an chaoi a gcuirtear an t-eisiamh dá dtagraítear in Airteagal 325bf(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm;

(c)

liosta de na coigeartuithe uile, ina sonrófar gach ceann díobh seo a leanas i ndáil le gach coigeartú:

(i)

tuairisc ar an gcoigeartú agus cuspóir an choigeartaithe;

(ii)

an mhodheolaíocht agus an próiseas a úsáidtear chun an coigeartú a ríomh;

(iii)

minicíocht ríomh an choigeartaithe agus, i gcás inar lú an mhinicíocht ná minicíocht laethúil, réasúnaíocht na minicíochta sin;

(iv)

an bhfuil an coigeartú faoi réir priacal margaidh;

(v)

na sraitheanna suíomhanna a ríomhtar an coigeartú thar a gceann agus na cúiseanna a ndearnadh an ríomh thar na sraitheanna sin;

(vi)

an bhfuil an priacal a eascraíonn as athruithe ar an gcoigeartú fálaithe go gníomhach agus cén deasc thrádála nó cé na deasca trádála atá freagrach as fálú den sórt sin agus conas a dhéantar é a fhálú;

(vii)

an gcuirtear an coigeartú san áireamh, agus conas a chuirtear san áireamh é, sna hathruithe iarbhír ar luach na punainne lena mbaineann chun críocha na cúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an chúltástáil dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6) den Rialachán sin;

(viii)

an gcuirtear an coigeartú san áireamh sna hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne lena mbaineann, agus conas a chuirtear é sin san áireamh, chun críocha Airteagal 325bf agus Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus achoimre ar an gcaoi a ríomhtar an t-athrú ar an gcoigeartú má ghlactar leis nach bhfuil aon athrú ar shuíomhanna sa phunann.

CAIBIDIL 2

SONRAÍOCHT THEICNIÚIL AN CHEANGLAIS SANNTA BRABÚIS AGUS CAILLTEANAIS

Roinn 1

Na critéir is gá chun a áirithiú go bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála gar go leor dá chéile agus go mbeidh iarmhairtí ann do na deasca trádála nach gcomhlíonann an coinníoll sin

Airteagal 6

Ceanglais ghinearálta

1.   Chun críocha Airteagal 325bg(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo agus méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán seo a ríomh do phunann deisce trádála ar leith agus cuirfidh siad na critéir dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo i bhfeidhm, i bhfianaise thorthaí na ríomhanna sin. I gcás nach bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála gar go leor dá chéile, de réir na gcritéar sin, beidh institiúidí faoi réir ag an iarmhairt a leagtar amach in Airteagal 10 den Rialachán seo.

2.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh institiúidí an pointe ama (seat ama) ar ina leith a ríomhann siad na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála i ndáil leis an seat ama ar ina leith a ríomhann siad na hathruithe hipitéiseacha ar an luach sin.

Airteagal 7

Ríomh chomhéifeacht comhghaolúcháin Spearman

1.   Ríomhfaidh institiúidí comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo trí na céimeanna seo a leanas a chur i gcrích san ord seo a leanas:

(a)

cinnfidh siad amshraith na mbreathnóireachtaí maidir leis na hathruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála i ndáil leis na 250 lá gnó is déanaí;

(b)

ó amshraith na n-athruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh institiúidí amshraith na gcéimeanna comhfhreagracha a tháirgeadh i gcomhréir le mír 2, agus caithfidh siad le hamshraith na n-athruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla mar amshraith thionscnaimh;

(c)

ríomhfaidh siad comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

R HPL

=

amshraith na gcéimeanna a tháirgtear ó amshraith na n-athruithe hipitéiseacha dá dtagraítear i bpointe (b);

R RTPL

=

amshraith na gcéimeanna a tháirgtear ó amshraith na n-athruithe teoiriciúla dá dtagraítear i bpointe (b);

Formula

=

diall caighdeánach amshraith na gcéimeanna RHPL arna ríomh i gcomhréir le mír 3, pointe (a);

Formula

=

diall caighdeánach amshraith na gcéimeanna RRTPL arna ríomh i gcomhréir le mír 3, pointe (b);

cov (RHPL , RRTPL )

=

an comhathraitheas arna ríomh i gcomhréir le mír 3, pointe (c), idir amshraith na gcéimeanna RHPL agus RRTPL .

2.   Déanfaidh institiúidí amshraith na gcéimeanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a tháirgeadh ó amshraith tionscnaimh trí na céimeanna seo a leanas a dhéanamh san ord seo a leanas:

(a)

i gcás gach breathnóireachta laistigh den amshraith thionscnaimh, déanfaidh institiúidí an líon breathnóireachtaí ag a bhfuil luach níos ísle ná an bhreathnóireacht sin a chomhaireamh laistigh den amshraith sin;

(b)

cuirfidh institiúidí lipéad ar gach breathnóireacht ar a mbeidh an uimhir a thiocfaidh as an ríomh a leagtar amach i bpointe (a) agus aon a bheith curtha leis;

(c)

i gcás ina ndéantar dhá bhreathnóireacht nó níos mó a lipéadú leis an uimhir chéanna, mar thoradh ar an lipéadú i gcomhréir le pointe (b), déanfaidh institiúidí, ina theannta sin, an líon lipéad sin a mhéadú leis an gcodán seo a leanas:

Formula

i gcás inarb ionann N agus cainníocht na lipéad leis an uimhir chéanna;

(d)

déanfaidh institiúidí amshraith na lipéad arna bhfáil i gcomhréir le pointe (b) agus le pointe (c) a mheas mar amshraith céimeanna.

3.   Déanfaidh institiúidí diall caighdeánach amshraith na gcéimeanna RHPL a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos i bpointe (a), diall caighdeánach amshraith na gcéimeanna RRTPL a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos i bpointe (b), agus an comhathraitheas idir na hamshraitheanna sin a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos i bpointe (c) mar a leanas:

(a)

Formula

;

(b)

Formula

;

(c)

Formula

;

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

i

=

an t-innéacs lena gcuirtear an bhreathnóireacht in iúl in amshraith céimeanna;

Formula

=

“i-ú” breathnóireacht amshraith na gcéimeanna R HPL ;

Formula

=

meán amshraith na gcéimeanna RHPL ;

Formula

=

“i-ú” breathnóireacht amshraith na gcéimeanna RRTPL ;

Formula

=

meán amshraith na gcéimeanna RRTPL .

Airteagal 8

Méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov a ríomh

1.   Ríomhfaidh institiúidí méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo trí na céimeanna seo a leanas a dhéanamh san ord seo a leanas:

(a)

cinnfidh siad amshraith na 250 lá gnó is déanaí de bhreathnóireachtaí maidir leis na hathruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála;

(b)

ríomhfaidh siad feidhm dáileacháin charnaigh eimpíreach na n-athruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála ó amshraith na n-athruithe hipitéiseacha dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

ríomhfaidh siad feidhm dáileacháin charnaigh eimpíreach na n-athruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála ó amshraith na n-athruithe teoiriciúla dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)

gheobhaidh siad méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov tríd an uasdifríocht a ríomh idir an dá dháileachán charnacha eimpíreacha arna ríomh i gcomhréir le pointe (b) agus pointe (c) ag aon luach brabúis agus caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann.

2.   Chun críocha mhír 1, tuigfear gurb é an fheidhm dáileacháin eimpíreach a fhaightear ó amshraith an fheidhm a bhfuil mar thoradh uirthi, i bhfianaise aon uimhreach mar ionchur, an cóimheas idir an líon breathnóireachtaí laistigh den amshraith a bhfuil a luach níos ísle ná an uimhir ionchuir nó cothrom léi agus an líon iomlán breathnóireachtaí laistigh den amshraith.

Airteagal 9

Sonrú na gcritéar is gá chun a áirithiú go bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála gar go leor dá chéile

1.   Chun críocha Airteagal 325bg(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí gach ceann de na deasca trádála a aicmiú mar dheasc creasa ghlais, oráiste, bhuí nó dheirg i gcomhréir le mír 2 go mír 5.

I gcás ina n-aicmítear deasc thrádála mar dheasc creasa ghlais, measfar go bhfuil athruithe teoiriciúla agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála sin gar go leor dá chéile.

I gcás ina n-aicmítear deasc thrádála mar dheasc creasa oráiste, bhuí nó dheirg, ní mheasfar go bhfuil athruithe teoiriciúla ná na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála sin gar go leor dá chéile.

2.   Aicmeofar deasc thrádála mar “dheasc creasa ghlais” i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur mó ná 0,8 comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman le haghaidh na deisce trádála, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo;

(b)

gur ísle ná 0,09 méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov le haghaidh na deisce trádála, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo.

3.   Aicmeofar deasc thrádála mar “dheasc creasa dheirg” i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur ísle ná 0,7 comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman le haghaidh na deisce trádála, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo;

(b)

gur mó ná 0,12 méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov le haghaidh na deisce trádála, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo;

4.   Aicmeofar deasc thrádála mar “dheasc creasa oráiste” i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní aicmítear an deasc thrádála mar dheasc creasa ghlais ná mar dheasc creasa dheirg;

(b)

rinneadh na ceanglais cistí dílse maidir leis na suíomhanna uile a sannadh don deasc thrádála sin a ríomh sa ráithe roimhe sin bunaithe ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

5.   Deasc thrádála nach n-aicmítear mar dheasc creasa ghlais, oráiste nó dheirg, déanfar í a aicmiú mar “dheasc creasa bhuí”.

Airteagal 10

Iarmhairtí do dheasca trádála a aicmítear mar dheasca creasa bhuí, oráiste nó dheirg

1.   Institiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le suíomhanna a shanntar do dheasca trádála a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg, oráiste nó bhuí i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, déanfaidh siad formhuirear caipitil a ríomh i ndáil leis na suíomhanna sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

k

=

faoi mar a shonraítear i mír 2;

SAima

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le punann na suíomhanna uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

IMAima

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomhtar i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le punann na suíomhanna uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.   Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhéifeacht k i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

SA i

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na suíomhanna go léir a sannadh don deasc thrádála “i”;

Formula

=

innéacsanna na ndeasc trádála uile a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg, oráiste nó bhuí i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo i measc na ndeasc sin a ndéantar na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomh ina leith i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

Formula

=

innéacsanna na ndeasc trádála uile a ndéantar na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomh ina leith i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.   Na hinstitiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le suíomhanna a shanntar do dheasca trádála a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg nó oráiste i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin agus na torthaí ar an gceanglas sannta brabúis agus caillteanais á dtuairisciú acu i gcomhréir le hAirteagal 325az(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 2013/575.

Airteagal 11

Minicíocht an mheasúnaithe ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais

Déanfaidh institiúidí measúnú ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais ar bhonn ráithiúil do na deasca trádála uile a bhfuil an cead ag na hinstitiúidí sin maidir leo, cead dá dtagraítear in Airteagal 325az(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun na ceanglais cistí dílse a ríomh ag úsáid samhlacha inmheánacha.

Roinn 2

Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála chun críocha an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais

Airteagal 12

Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála

1.   Chun críocha Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne deisce trádála bunaithe ar chomparáid idir luach deireadh lae na punainne agus, ag glacadh leis nach bhfuil athruithe ar shuíomhanna sa phunann deisce trádála, luach na punainne sin ag deireadh an lae dar gcionn.

2.   Déanfaidh institiúidí na hathruithe teoiriciúla ar phunann deisce trádála a ríomh trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, na paraiméadrachtaí samhla agus na sonraí margaidh céanna a úsáidtear sa tsamhail tomhais priacail.

3.   Ní áireofar le hathruithe teoiriciúla ar luach punainne deisce trádála ach na hathruithe ar luach na bhfachtóirí priacail uile a áirítear sa tsamhail tomhais priacail a gcuireann institiúidí na cásanna turraingí amach anseo i bhfeidhm ina leith.

Airteagal 13

Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála don cheanglas sannta brabúis agus caillteanais

Chun críocha Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí athruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

Airteagal 14

Ailíniú sonraí maidir leis na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais

1.   Chun críocha Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúidí luach na sonraí ionchuir a ionadú le haghaidh fachtóir priacail ar leith a úsáidtear chun na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála a ríomh le luach na sonraí ionchuir den chineál céanna don fhachtóir priacail céanna a úsáidtear chun na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála á ríomh, ar choinníoll go gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is é is cúis le difríochtaí sna sonraí ionchuir gur ó sholáthraithe sonraí éagsúla a fhaightear na sonraí;

(b)

is é is cúis le difríochtaí sna sonraí ionchuir go mbaintear na sonraí ionchuir ó fhoinse na sonraí margaidh ag amanna difriúla le linn an lae gnó chéanna.

2.   Chun críocha Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúidí luach an fhachtóra priacail a úsáidtear chun na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála a ríomh le luach an fhachtóra priacail chéanna arna úsáid chun na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála a ríomh i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

an fachtóir priacail a úsáidtear chun na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála a ríomh, ní fhreagraíonn sé go díreach do na sonraí ionchuir;

(b)

díorthaíodh an fachtóir priacail ó na sonraí ionchuir trí úsáid a bhaint as teicnící na gcóras luachála a úsáidtear le haghaidh na n-athruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála;

(c)

ní dhearnadh aon cheann de theicnící na gcóras luachála dá dtagraítear i bpointe (b) a atógáil sna córais luachála arna n-úsáid sa tsamhail tomhais priacail chun luach an fhachtóra priacail a dhíorthú a úsáidtear chun na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála a ríomh.

Airteagal 15

Ceanglais doiciméadachta

1.   Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí ina leagfar amach conas a ríomhann siad na hathruithe teoiriciúla i gcomhréir le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 14 den Rialachán seo, ina mbeidh míniú ar an gcaoi a ríomhtar na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála le haghaidh fachtóirí priacail insamhaltaithe agus neamh-insamhaltaithe.

2.   Agus na nósanna imeachta á gceapadh chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo a ailíniú, cuirfidh institiúidí an dá ní seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

déanfaidh siad comparáid idir na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála gan na hailínithe dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo agus na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála leis na hailínithe dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo, agus déanfaidh siad an chomparáid sin a dhoiciméadú;

(b)

déanfaidh siad measúnú ar éifeacht na n-ailínithe ar mhéadraigh na dtástálacha a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán seo agus déanfaidh siad an measúnú sin a dhoiciméadú.

3.   Déanfaidh institiúidí aon choigeartú, ar coigeartuithe iad a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo, ar na sonraí ionchuir le haghaidh na bhfachtóirí priacail a dhoiciméadú laistigh de ríomh na n-athruithe teoiriciúla ar an bpunann deisce trádála, chomh maith leis an réasúnaíocht a bhaineann leis na coigeartuithe sin.

Roinn 3

ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí

Airteagal 16

Na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí le haghaidh institiúidí a bhfuil deasca trádála acu

Institiúidí a ríomhann na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na suíomhanna a shanntar do chuid dá ndeasca trádála, ríomhfaidh siad na ceanglais cistí dílse i gcomhair a suíomhanna leabhair trádála uile agus a suíomhanna leabhair neamhthrádála uile lena ngintear priacail malairte eachtraí nó priacail tráchtearraí mar shuim thorthaí na bhfoirmlí a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) mar a leanas:

(a)

Formula

(b)

Formula

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

IMAima

=

IMAima faoi mar a shonraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;

SAima

=

SAima faoi mar a shonraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;

Formhuirear caipitil

=

an formhuirear caipitil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo;

C U

=

na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 don phunann suíomhanna nach sanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

SAall desks

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh na suíomhanna leabhair trádála uile agus na suíomhanna leabhair neamhthrádála uile lena ngintear priacail malairte eachtraí nó priacail tráchtearraí i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


Top