Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2002

Rialachán (AE) 2022/2002 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil dé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine in earraí bia áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/7398

IO L 274, 24.10.2022, pp. 64–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R0915

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2002/oj

24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 274/64


RIALACHÁN (AE) 2022/2002 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil dé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine in earraí bia áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear dé-ocsainí agus défheinilí polaclóirínithe (PCBanna) de chineál dé-ocsaine, in earraí bia.

(2)

In 2018 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist do shláinte ainmhithe agus do shláinte an phobail de bharr láithreacht dé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine i mbeatha agus i mbia (3). Bhunaigh an tÚdarás iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe de 2 pg TEQ (coibhéis thocsaineach)/kg de mheáchan coirp in aghaidh na seachtaine le haghaidh shuim na ndé-ocsainí agus na PCBanna de chineál dé-ocsaine. Tugtar le fios le meastacháin maidir le nochtadh cothúcháin ainsealach an duine do dhé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine, meastacháin atá bunaithe ar na sonraí tarluithe atá ar fáil, go bhfuil daoine i ngach aoisghrúpa ag déanamh sárú nach beag ar an iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe.

(3)

Ina thuairim eolaíoch, mhol an tÚdarás go ndéanfaí athmheastóireacht ar TEFanna (Fachtóirí Tocsaineachta Coibhéisí) EDS2005 atá i bhfeidhm faoi láthair chun sonraí nua in vivo agus in vitro a chur san áireamh, go háirithe, a mhéid a bhaineann le PCB-126.

(4)

Faoi láthair, tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ag déanamh athbhreithniú ar luachanna TEF EDS2005, agus tá coinne leis go dtabharfar an t-athbhreithniú sin chun críche in 2023.

(5)

Go dtí go dtabharfar an t-athbhreithniú sin chun críche agus chun foráil a dhéanamh maidir le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine idir an dá linn, is iomchuí uasleibhéil a leagan síos i gcás dé-ocsainí agus shuim na ndé-ocsainí agus na PCBanna de chineál dé-ocsaine le haghaidh earraí bia nach gcumhdaítear go fóill le reachtaíocht an Aontais agus a bhfuil sonraí tarluithe curtha ar fáil ina leith le déanaí i mbunachar sonraí an Údaráis, amhail feoil agus táirgí feola ó ainmhithe den chineál gabhair, ó chapaill, ó choiníní, ó thoirc, ó éanlaith géim agus fiafheoil agus an t-ae ó ainmhithe den chineál gabhair, ó chapaill agus ó éanlaith géim, agus an t-uasleibhéal atá ann cheana le haghaidh uibheacha ó chearca a leathnú chun uibheacha na héanlaithe clóis uile a chumhdach seachas uibheacha gé.

(6)

Thairis sin, ós rud é nach n-itear feoil matáin ó ghéagáin portán agus crústach portáin amháin ach go n-itear feoil matáin ó bholg na gcrústach sin freisin, ón bportán miotógach go háirithe, is iomchuí go mbeidh feidhm ag na huasleibhéil maidir le feoil matáin ó bholg na gcrústach sin freisin.

(7)

Anuas air sin, agus na sonraí tarluithe atá ar fáil agus an tábhacht a bhaineann le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, go háirithe maidir le grúpaí leochaileacha den daonra, is iomchuí na huasleibhéil a laghdú cheana féin i gcás dé-ocsainí agus shuim na ndé-ocsainí agus na PCBanna de chineál dé-ocsaine i mbainne agus i dtáirgí déiríochta.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir sin.

(9)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnta chun go bhféadfaidh oibreoirí gnó bia iad féin a oiriúnú do na huasleibhéil a leagtar amach sa Rialachán seo.

(10)

Agus seilfré fhada earraí bia áirithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo á cur san áireamh, ba cheart a cheadú d’earraí bia a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo fanacht ar an margadh.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn agus a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 1 Eanáir 2023, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí a ndáta ar fearr roimhe nó a ndáta éagtha.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(3)   Scientific Opinion on the risk for animal and human health related to the presence of dioxins and dioxin-like PCBs in feed and food [Tuairim Eolaíoch maidir leis an riosca a d’fhéadfadh a bheith i gceist do shláinte ainmhithe agus do shláinte an duine de bharr láithreacht dé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine i mbeatha agus i mbia]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2018;16(11):5333, 331 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2018.5333


IARSCRÍBHINN

Roinn 5: Leasaítear “dé-ocsainí agus PCBanna” den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 5.1:

“5.1

Feoil agus táirgí feola (seachas scairteach inite) ó na hainmhithe seo a leanas6:

 

 

 

bó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

éanlaith chlóis

muca

capaill

coiníní

toirc (Sus scrofa)

éanlaith géim fhiáin

fiafheoil

2,5 pg/g saill33

1,75 pg/g saill33

1,0 pg/g saill33

5,0 pg/g saill33

1,0 pg/g saill33

5,0 pg/g saill33

2,0 pg/g saill33

3,0 pg/g saill33

4,0 pg/g saill33

3,0 pg/g saill33

1,25 pg/g saill33

10,0 pg/g saill33

1,5 pg/g saill33

10,0 pg/g saill33

4,0 pg/g saill33

7,5 pg/g saill33

40 ng/g saill33

40 ng/g saill33

40 ng/g saill33”

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 5.2:

“5.2

Ae ó bhó-ainmhithe agus ó ainmhithe den chineál gabhair, ó éanlaith chlóis, ó mhuca agus ó chapaill agus táirgí díorthaithe díobh

0,30 pg/g fliuchmheáchan

0,50 pg/g fliuchmheáchan

3,0 ng/g fliuchmheáchan

Ae ó ainmhithe den chineál caorach agus táirgí díorthaithe díobh

1,25 pg/g fliuchmheáchan

2,00 pg/g fliuchmheáchan

3,0 ng/g fliuchmheáchan”

Ae ó éanlaith géim fhiáin

2,5 pg/g fliuchmheáchan

5,0 pg/g fliuchmheáchan

 

(3)

I bpointe 5.3, scriostar fonóta (44) agus an abairt “I gcás na bportán agus na gcrústach portáin (Brachyura agus Anomura) baineann sé le feoil matáin ó ghéagáin”;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 5.8:

“5.8

Bainne amh6 agus táirgí déiríochta6, lena n-áirítear saill bhainne

2,0 pg/g saill33

4,0 pg/g saill33

40 ng/g saill33”

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 5.9:

“5.9

Uibheacha éanlaithe clóis agus táirgí uibhe seachas uibheacha gé6

2,5 pg/g saill33

5,0 pg/g saill33

40 ng/g saill33”


Top