Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1959

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1959 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach teimpléad conarthach le haghaidh conarthaí leachtachta i dtaobh scaireanna eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4836

    IO L 270, 18.10.2022, p. 4–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1959/oj

    18.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 270/4


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1959 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Iúil 2022

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach teimpléad conarthach le haghaidh conarthaí leachtachta i dtaobh scaireanna eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 13(13), an tríú fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le hAirteagal 13(12) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 go bhféadfaidh eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM, go bhféadfaidh siad conradh leachtachta a dhéanamh dá scaireanna i gcás ina gcomhlíonfaidh na conarthaí sin, inter alia, na coinníollacha maidir le cleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo a leagtar síos in Airteagal 13(2) den Rialachán sin. Áirithítear leis na coinníollacha sin go mbunófar an méid seo a leanas leis na conarthaí leachtachta – ardleibhéal coimircí d’oibriú fhórsaí an mhargaidh, an t-idirghníomhú cuí idir fórsaí an tsoláthair agus an éilimh, tionchar dearfach ar leachtacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh agus ceanglaítear leis freisin nach gcruthófar rioscaí do shláine na margaí gaolmhara. An teimpléad conarthach le haghaidh conarthaí leachtachta dá bhforáiltear iontu sin agus arb aidhm dó a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin, leagtar síos leis an teimpléad sin na heilimintí íosta ba cheart a bheith i gconradh leachtachta, ar a n-áirítear na heilimintí sin a mhéid a bhaineann leis an trédhearcacht don mhargadh agus le feidhmiú na bhforálacha maidir le leachtacht. Tá an tsaoirse ag na páirtithe clásail bhreise a chur isteach chun sainiúlachtaí an cháis aonair a chur san áireamh, i gcomhréir lena saoirse chonarthach.

    (2)

    Acmhainní eisitheora a ligtear a ionstraimí airgeadais dá chuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM agus a ndéantar iad a leithdháileadh chun conradh leachtachta a chur i gcrích i dtaobh scaireanna an eisitheora sin, ba cheart na hacmhainní sin a bheith inaitheanta láithreach. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a bheith ann sa chonradh leachtachta maidir le cuntas leachtachta tiomnaithe a oscailt. Tá gá le cuntas leachtachta tiomnaithe den sórt sin chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an chonartha leachtachta agus chun a áirithiú, i dtaca leis an trádáil a dhéanfar chun críocha an chonartha leachtachta, go mbeidh an trádáil sin scartha ó ghníomhaíochtaí trádála eile a dhéanfaidh an soláthraí leachtachta, agus ar an gcaoi sin go n-íoslaghdófar na rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa. Ba cheart méid acmhainní idir airgead agus scaireanna, ar cheart iad a shonrú sa chonradh leachtachta, a bhronnadh ar an gcuntas leachtachta sin. Níor cheart acmhainní den sórt sin a úsáid ach amháin chun an conradh leachtachta a chomhlíonadh.

    (3)

    Na hacmhainní a leithdháiltear ar an gconradh leachtachta (“teorainneacha acmhainní”), ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an trádáil a dhéanfaidh an soláthraí leachtachta a bheith faoi réir teorainneacha praghais agus méide, a íoslaghdódh, in éineacht le teorainneacha acmhainní, an riosca go dtiocfadh athruithe saorga ar an scairphraghas mar gheall ar an soláthar leachtachta agus go gcuirfeadh sé, ag an am céanna, an trádáil rialta i scaireanna neamhleachtacha chun cinn.

    (4)

    Faoi chleachtais margaidh a raibh glacadh leo roimhe seo maidir le conarthaí leachtachta, tá anailís déanta ag na húdaráis inniúla ar mheánláimhdeachas na trádála sna scaireanna a liostaítear ar mhargaí fáis FBM. Léiríodh san anailís sin gur cheart teorainneacha acmhainní a bheith ag brath ar phróifíl leachtachta na scaireanna lena mbaineann (scaireanna leachtacha vs scaireanna neamhleachtacha) agus gur cheart, i dtaca leis na teorainneacha acmhainní, an ghníomhaíocht trádála a tharlaíonn ar an margadh lena mbaineann a chur san áireamh. Bunaithe ar an anailís sin, is iomchuí foráil a dhéanamh, sa chonradh leachtachta, maidir le teorainneacha acmhainní a shocraítear mar chéatadán den mheánláimhdeachas laethúil i gcás na scaire lena mbaineann, agus an céatadán sin calabraithe ar bhonn phróifíl leachtachta na scaire agus é caidhpeáilte chun aon tionchar diúltach a bheadh ag an gconradh leachtachta ar shláine an mhargaidh agus ar fheidhmiú ordúil an mhargaidh a sheachaint. Chun foráil a dhéanamh maidir le soláthar éifeachtach leachtachta i gcás ina bhfuil an meánláimhdeachas laethúil íseal, ba cheart feidhm a bheith ag tairseach aonair le haghaidh acmhainní an chonartha leachtachta.

    (5)

    Ba cheart a áirithiú le teorainneacha praghais nach dtiocfaidh athruithe saorga ar na scairphraghsanna mar gheall ar ghníomhaíocht trádála a dhéanann an soláthraí leachtachta faoi chuimsiú an chonartha leachtachta nuair is ann do leas trádála neamhspleách.

    (6)

    Ba cheart a áirithiú le teorainneacha méide nach sáróidh trádálacha an tsoláthraí leachtachta céatadán uasta den mheánláimhdeachas laethúil i gcás scaireanna neamhleachtacha agus leachtacha. Is iomchuí ríomh an mheánláimhdeachais laethúil sin a bhunú ar na 20 lá trádála roimh an lá trádála. An ríomh sin, is léiriú iomchuí é ar an trádáil sa scair lena mbaineann, toisc gur léargas meántéarmach é, agus go gcuimsíonn sé éifeacht na mbuaiceanna trádála in aon seisiún amháin trádála nó i gcúpla seisiún trádála.

    (7)

    Chun na rioscaí a bhaineann le drochúsáid mhargaidh a laghdú, i ngnáthchúinsí margaidh, ba cheart a fhoráil sa chonradh leachtachta gur cheart don soláthraí leachtachta orduithe trádála a iontráil ar dhá thaobh an leabhair orduithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla ina gcuirfí bac ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh. Ar an gcúis chéanna, orduithe atá mór ó thaobh scála de agus idirbhearta caibidlithe, ba cheart iad a bheith laistigh de raon feidhme an chonartha leachtachta, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe a bhaineann le forghníomhú orduithe den sórt sin agus nach dtarlaíonn na trádálacha sin ach i gcásanna eisceachtúla. D’fhéadfadh cásanna eisceachtúla den sórt sin tarlú, ag pointe ama sonrach, tráth nach féidir leis an soláthraí leachtachta leachtacht a sholáthar faoin gconradh mar gheall ar choibhneas na n-acmhainní airgid i gcoinne na n-acmhainní ar scaireanna iad atá ar fáil don soláthraí leachtachta.

    (8)

    Ba cheart a chur de cheanglas sa chonradh leachtacht go gcomhlíonfaidh an soláthraí leachtachta a chonradh leachtachta ar mhodh a bheidh neamhspleách ar eisitheoir na scaire lena mbaineann agus ar chinntí trádála deasc trádála, grúpaí trádála nó aonad trádála eile laistigh den soláthraí leachtachta a théann i mbun gníomhaíochtaí trádála i dtaobh na scaire sin nó i dtaobh ionstraimí airgeadais a mbraitheann a bpraghas nó a luach ar phraghas nó ar luach na scaire lena mbaineann nó a bhfuil tionchar aige ar phraghas nó ar luach na scaire lena mbaineann. An soláthraí leachtachta a bheith neamhspleách ar an gcaoi sin, is rud riachtanach é chun rioscaí do shláine an mhargaidh a sheachaint.

    (9)

    Chun aon rioscaí do shláine agus d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh fáis FBM lena mbaineann a sheachaint, ba cheart luach saothair athraitheach an tsoláthraí leachtachta a theorannú. Ina theannta sin, chun cothrom na Féinne a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha sin ar bhealach comhsheasmhach maidir le gach conradh leachtachta a dhéanann eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM. Ba cheart na huasteorainneacha don chuid athraitheach den luach saothair, áfach, a shocrú ag céatadán réasúnta den luach saothair iomlán chun foráil a dhéanamh maidir le dreasacht don soláthraí leachtachta an conradh a chomhlíonadh mar is ceart, gan bheith chomh substaintiúil sin agus go dtabharfadh sí dreasú d’iompraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláine agus d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh lena mbaineann.

    (10)

    Áirithítear sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí le trédhearcacht i ndáil leis na conarthaí leachtachta. Le gur féidir le rannpháirtithe eile sa mhargadh cinneadh eolasach a dhéanamh faoi na scaireanna atá faoi réir an chonartha leachtachta, ba cheart foráil a dhéanamh sa chonradh leachtachta maidir le hoibleagáidí trédhearcachta lena gcumhdaítear na céimeanna éagsúla den soláthar leachtachta, eadhon roimh theacht i bhfeidhm an chonartha leachtachta, lena linn agus tar éis a fhoirceannta. I ndáil leis sin, is gá páirtí amháin a shainaithint, páirtí a bheidh i gceannas ar na hoibleagáidí trédhearcachta. Le go mbeadh sé níos fusa don phobal faisnéis a bhailiú i dtaobh na scaireanna lena mbaineann, ba cheart gurbh é an páirtí sin an t-eisitheoir agus ba cheart dó an fhaisnéis ábhartha a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

    (11)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

    (12)

    Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Teimpléad le haghaidh conradh leachtachta

    Chun conradh leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 13(12) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a dhéanamh, eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh amháin, nó níos mó, de mhargaí fáis FBM, úsáidfidh siad an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


    IARSCRÍBHINN

    Teimpléad le haghaidh conradh leachtachta

    CONRADH LEACHTACHTA

    Déantar an conradh leachtachta seo (an “conradh”) an [dáta]

    idir

    [ainm na cuideachta],

    cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal […] [EUR/airgeadra náisiúnta], a bhfuil a hoifig chláraithe ag [seoladh], atá cláraithe ar chlár cuideachtaí [cathair/tír] faoin uimhir […], arna hionadú ag […],

    (“an t-eisitheoir”)

    agus

    [ainm na cuideachta], cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal […] [EUR/airgeadra náisiúnta], a bhfuil a hoifig chláraithe ag [seoladh], atá údaraithe ag an [údarás inniúil náisiúnta], uimhir thagartha […] agus atá cláraithe ar chlár cuideachtaí [cathair/tír] faoin uimhir […], arna hionadú ag […],

    (“an soláthraí leachtachta”)

    (dá ngairtear, le chéile, anseo feasta “na páirtithe”)

    Comhaontaíonn na Páirtithe leis seo mar a leanas:

    1.   SAINMHÍNITHE

    Sa chonradh seo [agus sna leasuithe go léir a ghabhann leis], tá na bríonna seo a leanas leis na focail agus leis na habairtí seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn “margadh” an margadh fáis FBM a ligtear scaireanna an eisitheora isteach ann chun iad a liostú agus a thrádáil agus ina ndéantar an conradh a chomhlíonadh, i.e. [ainm an Mhargaidh/na Margaí Fáis FBM];

    (b)

    ciallaíonn “scaireanna” scairchaipiteal an eisitheora de [EUR/airgeadra náisiúnta], […], a ligtear isteach chun a liostaithe agus a dtrádála ar an margadh agus a roinntear ina […] scair ag a bhfuil parluach […] leis an ISIN (uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta)/na ISINanna seo a leanas: […];

    (c)

    “cuntas leachtachta”: cuntas tiomnaithe [uimhir …] arna oscailt ag an soláthraí leachtachta in ainm an eisitheora;

    (d)

    ciallaíonn “meánláimhdeachas laethúil” an láimhdeachas iomlán le haghaidh na scaireanna ábhartha roinnte ar 20; is é sin i gcás ina ndéantar an láimhdeachas iomlán sin le haghaidh na scaireanna lena mbaineann a ríomh mar a leanas; i gcás gach idirbhirt a rinneadh le linn na 20 lá trádála roimhe sin sa mhargadh fáis FBM lena mbaineann, suimítear na torthaí a fhaightear nuair a dhéantar líon na scaireanna a malartaíodh idir na ceannaitheoirí agus na díoltóirí a iolrú faoin bpraghas aonaid is infheidhme le haghaidh an idirbhirt sin;

    (e)

    ciallaíonn “scaireanna leachtacha” scaireanna a bhfuil margadh leachtach acu dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 (1).

    (f)

    ciallaíonn “scaireanna neamhleachtacha” scaireanna nach bhfuil margadh leachtach acu faoi Airteagal 1 agus Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567;

    2.   OIBLEAGÁIDÍ AN tSOLÁTHRAÍ LEACHTACHTA

    2.1.   Údarú

    Leis seo, ionadaíonn an soláthraí leachtachta an t-eisitheoir agus barántaíonn sé dó go bhfuil sé údaraithe go cuí ag an [údarás inniúil náisiúnta] chun gníomhaíocht [na seirbhíse airgeadais] a dhéanamh agus gur comhalta cláraithe den mhargadh é. Geallann an soláthraí leachtachta go gcoimeádfaidh sé an t-údarú arna eisiúint ag an údarás inniúil mar aon le comhaltas sa mhargadh ar feadh ré iomlán an chonartha.

    [Oibleagáidí breise]

    2.2.   Neamhspleáchas an tsoláthraí leachtachta

    2.2.1.

    Agus an conradh seo á chomhlíonadh ag an soláthraí leachtacha, gníomhóidh sé ar bhealach a bheidh neamhspleách ar an eisitheoir.

    2.2.2.

    Beidh bearta i bhfeidhm ag an soláthraí leachtachta chun a áirithiú go bhfanfaidh na cinntí trádála a bhaineann leis an gconradh seo neamhspleách ar chinntí trádála deasc trádála, grúpaí trádála nó aonad trádála eile laistigh den soláthraí leachtachta a théann i mbun gníomhaíochtaí trádála i dtaobh na scaireanna nó na n-ionstraimí airgeadais a mbraitheann a bpraghas nó a luach ar phraghas nó ar luach na scaireanna laistigh de shainordú an tsoláthraí leachtachta faoin gconradh seo, nó a bhfuil tionchar acu ar phraghas nó ar luach na scaireanna sin, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh arna bhfáil ó chliaint, ó bhainistíocht punainne nó orduithe a chuirtear ar a chuntas féin.

    2.2.3.

    Coimeádfaidh an soláthraí leachtachta struchtúr inmheánach iomchuí mar aon le rialuithe lena n-áiritheofar neamhspleáchas a fhoirne atá i gceannas ar thrádáil faoin gconradh seo ar dheasca, grúpaí nó aonaid trádála eile a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí trádála arna ndéanamh ag an soláthraí leachtachta.

    2.3.   Coinbhleachtaí leasa

    Beidh bearta iomchuí i bhfeidhm ag an soláthraí leachtachta chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as comhlíonadh an chonartha seo a chosc agus a bhainistiú.

    2.4.   An cuntas leachtachta

    2.4.1.

    Osclóidh an soláthraí leachtachta cuntas leachtachta le hacmhainní airgid agus/nó scaireanna arna leithdháileadh ag an eisitheoir chun an conradh leachtachta a chomhlíonadh.

    2.4.2.

    Déanfaidh an soláthraí leachtachta gach idirbheart a dhéantar faoin gconradh seo, agus na hidirbhearta sin amháin, a thaifeadadh sa chuntas leachtachta.

    2.4.3.

    Úsáidfidh an soláthraí leachtachta na hacmhainní a leithdháiltear ar an gcuntas leachtachta chun a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gconradh leachtachta seo agus chun na críche sin amháin.

    2.4.4.

    Ní dhéanfaidh an soláthraí leachtachta an cuntas leachtachta a rótharraingt i ndáil le hairgead tirim nó le scaireanna agus áiritheoidh sé go bhfuil na hacmhainní sin i gcomhréir leis na tairseacha dá dtagraítear i bpointe 3.3, an dara mír.

    2.4.5.

    Dúnfaidh an soláthraí leachtachta an cuntas leachtachta nuair a bheidh an conradh imithe in éag nó foirceanta, tar éis dó aon airgead nó scaireanna i seilbh sa chuntas leachtachta a aistriú láithreach chuig an gcuntas nó na cuntais arna n-ainmniú ag an eisitheoir.

    2.5.   Orduithe ceannaigh agus díola

    2.5.1.

    Geallann an soláthraí leachtachta go n-iontrálfaidh sé orduithe chun na scaireanna a cheannach agus a dhíol ar an margadh agus é d’aidhm aonair leis sin leachtacht na scaireanna sin a fheabhsú agus chun rialtacht na trádála sna scaireanna sin a fheabhsú nó chun luascadh praghsanna nach bhfuil bonn cirt leo de bharr threocht reatha an mhargaidh a sheachaint. Déanfaidh an soláthraí leachtachta orduithe chun trádála a iontráil ar dhá thaobh an leabhair orduithe.

    2.5.2.

    Geallann an soláthraí leachtachta gan orduithe a d’fhéadfadh tríú páirtithe a chur ar míthreoir a iontráil.

    2.5.3.

    Geallann an soláthraí leachtachta nach n-athróidh sé na praghsanna sa mhargadh i gcás ina bhfuil leas trádála ag deasca, grúpaí nó ag aonaid trádála neamhspleácha a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí trádála eile laistigh den soláthraí leachtachta nó má tá leas trádála ag tríú páirtithe neamhspleácha. Maidir le horduithe ceannaigh, geallann an soláthraí leachtachta orduithe a dhéanamh i dtaobh na scaireanna atá ar phraghas nach mó ná an t-ordú tairisceana neamhspleách is airde sa leabhar nó ar phraghas nach mó ná an trádáil neamhspleách dheireanach, cibé acu is airde. Maidir le horduithe díola, geallann an soláthraí leachtachta orduithe a dhéanamh i dtaobh na scaireanna atá ar phraghas nach lú ná an t-ordú iarrata neamhspleách is ísle sa leabhar nó ar phraghas nach lú ná an trádáil neamhspleách dheireanach, cibé acu is ísle.

    2.5.4.

    Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid orduithe chun trádála a iontráil ar dhá thaobh an leabhair orduithe dá dtagraítear i bpointe 2.5.1 in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

    (a)

    staid luaineachta lena spreagtar sásraí luaineachta i gcás na scaire atá faoi réir an chonartha leachtachta nó staid adhluaineachta lena spreagtar sásraí luaineachta le haghaidh fhormhór na n-ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar an margadh;

    (b)

    cogadh, gníomhaíocht thionsclaíoch, corraíl shibhialta nó cibearshabaitéireacht;

    (c)

    dálaí trádála mí-ordúla i gcás ina gcuirtear isteach ar thrádáil chóir, ordúil agus thrédhearcach agus ina bhfuil an soláthraí leachtachta in ann fianaise a chur ar fáil maidir le haon cheann díobh seo a leanas:

    (i)

    rinne moilleanna agus briseadh difear suntasach d’fheidhmíocht chóras an mhargaidh;

    (ii)

    tharla roinnt orduithe nó idirbheart in earráid;

    (iii)

    níl cumas an mhargaidh seirbhísí a sholáthar leordhóthanach a thuilleadh.

    2.6.   Gníomhaíocht trádála laethúil

    2.6.1.

    Ní rachaidh an soláthraí leachtachta, agus é ag trádáil, thar na méideanna laethúla seo a leanas:

    (a)

    i gcás scaireanna neamhleachtacha: 25 % den mheánláimhdeachas laethúil;

    (b)

    i gcás scaireanna leachtacha: 15 % den mheánláimhdeachas laethúil.

    I gcás nach bhféadfaidh an soláthraí leachtachta, mar gheall ar an méid laethúil a leagtar amach i bpointe (a), leachtacht a sholáthar go héifeachtach, féadfaidh an soláthraí leachtachta tairseach chrua aonair EUR 20 000 a chur i bhfeidhm nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro ina airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta arna chinneadh trí ráta tagartha malairte eachtraí euro an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chur i bhfeidhm amhail ón 31 Nollaig an bhliain roimhe sin.

    2.6.2.

    Orduithe móra agus idirbhearta caibidlithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b) agus pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 (3) ón gCoimisiún, beidh siad laistigh de raon feidhme an chonartha leachtachta seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    déantar iad a fhorghníomhú ag an ionad;

    (b)

    comhlíonann siad rialacha an mhargaidh;

    (c)

    tarlaíonn siad i gcásanna eisceachtúla.

    Faoi na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c), féadfaidh an soláthraí leachtachta dul thar na teorainneacha a leagtar amach i bpointe 2.6.1 an lá trádála sin.

    2.7.   Taifid a choimeád

    2.7.1.

    Geallann an soláthraí leachtachta taifid leordhóthanacha ar orduithe agus ar idirbhearta a bhaineann leis an gconradh a choimeád ar feadh cúig bliana.

    2.7.2.

    Geallann an soláthraí leachtachta go gcoinneoidh sé ar feadh cúig bliana an doiciméadacht lena léirítear go ndéantar orduithe a thugtar isteach a iontráil ar leithligh agus go leithleach gan orduithe a chomhiomlánú ó chliaint eile ná óna ghníomhaíocht trádála dílseánaigh féin, agus an doiciméadacht sin a fhíorú trí bhíthin comhlíonta nó trí fheidhm rialaithe inmheánaigh eile.

    2.8.   Iniúchadh agus comhlíonadh

    Barántaíonn an soláthraí leachtachta acmhainní comhlíonta agus iniúchóireachta a bheith aige chun faireachán a dhéanamh i gcónaí ar an gcomhlíonadh leis an gcreat reachtach is infheidhme agus leis na coinníollacha a leagtar síos sa chonradh seo agus an comhlíonadh sin a áirithiú i gcónaí.

    2.9.   Trédhearcacht

    Geallann an soláthraí leachtachta an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil don eisitheoir le go mbeidh an t-eisitheoir in ann a oibleagáidí trédhearcachta i leith an phobail agus i leith an [údaráis inniúil náisiúnta] a chomhlíonadh.

    3.   OIBLEAGÁIDÍ AN EISITHEORA

    3.1.   Neamhspleáchas an tsoláthraí leachtachta

    Ní imreoidh an t-eisitheoir aon tionchar ar an soláthraí leachtachta a mhéid a bhaineann le comhlíonadh an chonartha leachtachta.

    3.2.   Trédhearcacht

    3.2.1.

    Déanfaidh an t-eisitheoir cóip den chonradh seo a sholáthar go pras don [údarás inniúil náisiúnta] ábhartha arna iarraidh sin dó.

    3.2.2.

    Geallann an t-eisitheoir an fhaisnéis uile a leanas a nochtadh agus a nuashonrú go rialta ar a shuíomh gréasáin. [Déanfar an fhaisnéis a nochtadh freisin ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí leachtachta agus/nó ar shuíomh gréasáin an mhargaidh nó ar bhealach eile].

    (a)

    sula mbeadh feidhm ag an gconradh seo:

    (i)

    céannacht an eisitheora agus an tsoláthraí leachtachta;

    (ii)

    sainaithint na scaireanna is ábhar don chonradh seo;

    (iii)

    dáta tosaigh agus fad an chonartha seo, agus cásanna nó coinníollacha as a dtiocfaidh briseadh sealadach, fionraí shealadach nó foirceannadh sealadach;

    (iv)

    sainaithint an mhargaidh ar a gcuirfear na hoibleagáidí a leagtar amach sa chonradh seo i gcrích, agus, i gcás inarb infheidhme, léiriú ar an bhféidearthacht idirbhearta a fhorghníomhú i gcomhréir le pointe 2.6.2 den chonradh seo;

    (v)

    acmhainní, idir airgead agus scaireanna, atá leithdháilte ar an gconradh seo sa chuntas leachtachta;

    (b)

    le linn chomhlíonadh an chonartha seo:

    (i)

    ar bhonn leathbhliantúil, figiúirí comhiomlánaithe in aghaidh an lae i dtaobh na gníomhaíochta trádála a dhéantar faoin gconradh seo, lena n-áirítear:

    líon na n-idirbheart a forghníomhaíodh;

    an méid a trádáladh;

    meánmhéid na n-idirbheart agus na meánraonta difríochta a luadh;

    praghsanna na n-idirbheart a forghníomhaíodh;

    (ii)

    aon athrú a rinneadh ar fhaisnéis a nochtadh roimhe maidir leis an gconradh leachtachta, athruithe i ndáil le méid an airgid agus líon na scaireanna arna leithdháileadh ag an eisitheoir;

    (c)

    tar éis fhoirceannadh an chonartha seo:

    (i)

    gur scoireadh de chomhlíonadh an chonartha seo;

    (ii)

    an tuairisc ar an gcaoi a ndearnadh an conradh a chomhlíonadh;

    (iii)

    na cúiseanna leis an bhfoirceannadh sin;

    (iv)

    i gcás go n-imeodh an conradh in éag, an fhaisnéis a bhaineann lena dhul in éag.

    3.3.   Teorainneacha leis na hacmhainní arna leithdháileadh le haghaidh chomhlíonadh an chonartha

    Leithdháilfidh an t-eisitheoir acmhainní in airgead nó i scaireanna ar an gcuntas leachtachta ar bhealach comhréireach agus in-chomhthomhaiste leis an gcuspóir feabhas a chur ar an leachtacht. [XXX agus XXX, faoi seach, in airgead agus i scaireanna] a bheidh sa mhéid sin,

    Áiritheoidh an t-eisitheoir nach sáróidh leithdháileadh na n-acmhainní sin na tairseacha seo a leanas:

    (a)

    i gcás scaireanna neamhleachtacha: 500 % de mheánláimhdeachas laethúil na scaire, arna chaidhpeáil ag EUR 1 mhilliún;

    (b)

    i gcás scaireanna leachtacha: 200 % de mheánláimhdeachas laethúil na scaire, arna chaidhpeáil ag EUR 20 milliún.

    I gcás nach gcuireann an tairseach 500 % a leagtar amach i bpointe (a) ar chumas an tsoláthraí leachtachta leachtacht a sholáthar go héifeachtach, féadfar tairseach aonair EUR 500 000 a chur i bhfeidhm.

    I gcás eisitheoirí atá lonnaithe i mBallstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, déanfar an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta a chinneadh trí ráta tagartha malairte eachtraí euro an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chur i bhfeidhm amhail ón 31 Nollaig den bhliain roimh dháta an chonartha seo.

    3.4.   Luach saothair an tsoláthraí leachtachta

    I gcomaoin na seirbhísí arna gcur ar fáil faoin gconradh seo, geallann an t-eisitheoir [sonraigh an méid] agus [sonraigh an céatadán] den [sonraigh an luach saothair, na critéir chun an luach saothair athraitheach a chinneadh, rud nach féidir a bheith níos mó ná 15 % den luach saothair iomlán, mar aon leis na táillí agus minicíocht an íoctha] a íoc leis an soláthraí leachtachta.

    4.   FIONRAÍ SEALADACH NÓ SRIANADH SEALADACH AN CHONARTHA SEO

    4.1.   [na cásanna ina bhféadfar, nó na coinníollacha faoina bhféadfar, comhlíonadh an chonartha a chur ar fionraí go sealadach nó a shrianadh]

    5.   TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA CONARTHACHA EILE

    5.1.   [Tá an tsaoirse ag na páirtithe clásail bhreise a chur isteach sa teimpléad conarthach chun sainiúlachtaí an cháis aonair a chur san áireamh, i gcomhréir le saoirse chonarthach na bpáirtithe (e.g. an dlí lena rialaítear an conradh, rúndacht, ré, foirceannadh, athnuachan, dlínse agus aon fhorálacha eile chun freastal ar shainiúlachtaí an cháis aonair)]

    6.   AN DRÉACHTCHONRADH A THÍOLACADH

    Chuir an t-eisitheoir dréacht den chonradh seo faoi bhráid [oibreoir margaidh], agus d’aontaigh sé sin le téarmaí agus coinníollacha an dréachtchonartha. Deimhníonn an t-eisitheoir leis seo gurb ionann na téarmaí agus na coinníollacha atá sa chonradh seo agus téarmaí agus coinníollacha an dréachtchonartha lenar chomhaontaigh an [oibreoir margaidh].

    Dá fhianú sin, rinneadh an conradh seo an [], [mí] agus [bliain].

    ARNA SHÍNIÚ AG

    an eisitheoir

    [ainm]

    ar son agus thar ceann

    [ainm]

    an soláthraí leachtachta

    [ainm]

    ar son agus thar ceann

    [ainm]


    (1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhínithe, trédhearcacht, comhbhrú punainne agus bearta maoirseachta maidir le hidirghabháil táirge agus suíomhanna (IO L 87, 31.3.2017, lch. 90).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála um cheanglais trédhearcachta ar ionaid trádála agus ar ghnólachtaí infheistíochta maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais comhchosúla eile agus maidir le hoibleagáidí forghníomhúcháin idirbheart i ndáil le scaireanna áirithe ag ionad trádála nó i dtaca le hinmheánaitheoir córasach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 387).


    Top