Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1931

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1931 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Scalogno di Romagna” (TGFC))

    C/2022/7310

    IO L 266, 13.10.2022, p. 16–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1931/oj

    13.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 266/16


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1931 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Deireadh Fómhair 2022

    lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Scalogno di Romagna” (TGFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 53(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Scalogno di Romagna” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 2325/97 ón gCoimisiún (2).

    (2)

    Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2), pointe (a), den Rialachán sin.

    (3)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Scalogno di Romagna” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 2325/97 ón gCoimisiún an 24 Samhain 1997, lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 322, 25.11.1997, lch. 33).

    (3)  IO C 233, 16.6.2022, lch. 38.


    Top