This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1930
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/1930 of 6 July 2022 amending the regulatory technical standards laid down in Delegated Regulation (EU) 2018/1229 as regards the date of application of the provisions related to the buy-in regime (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1930 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann leis an gcóras um cheannach isteach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1930 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann leis an gcóras um cheannach isteach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/4471
IO L 266, 13.10.2022, p. 13–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 266/13 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1930 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Iúil 2022
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann leis an gcóras um cheannach isteach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 7(15) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 ón gCoimisiún (2) sonraítear bearta chun teipeanna socraíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, agus chun smacht socraíochta a spreagadh. Áirítear ar na bearta sin faireachán a dhéanamh ar theipeanna socraíochta agus pionóis airgid as teipeanna socraíochta a bhailiú agus a dháileadh. Ina theannta sin, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 sonraítear mionsonraí oibríochtúla an phróisis ceannach isteach dá dtagraítear in Airteagal 7(3) go (8) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014. |
(2) |
Leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1212 ón gCoimisiún (3) chun dáta theacht i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a chur siar go dtí an 1 Feabhra 2021. Cuireadh siar an dáta teacht i bhfeidhm sin arís go dtí an 1 Feabhra 2022 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/70 ón gCoimisiún (4). |
(3) |
Sholáthair páirtithe leasmhara fianaise, áfach, lena léirítear go bhféadfadh ceannach isteach éigeantach cur le brú leachtachta agus costais urrús a bhfuil riosca ann go gceannófaí isteach iad. D’fhéadfadh na tionchair sin a bheith níos measa fós i gcás ina mbeadh luaineacht sa mhargadh. I bhfianaise an mhéid sin, i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le ceannach isteach éigeantach mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar éifeachtúlacht agus ar iomaíochas na margaí caipitil san Aontas. D’fhéadfadh an tionchar sin, dá réir sin, a bheith ina shiocair le raon difríochta níos leithne idir tairiscint agus iarraidh, le héifeachtúlacht mhargaidh laghdaithe agus le níos lú dreasachtaí i leith urrúis a thabhairt ar iasacht sna margaí iasachtaithe agus athcheannaigh urrús agus i leith idirbhearta le taisclanna lárnacha urrús atá bunaithe san Aontas a shocrú. Dá bhrí sin, meastar gur mó na costais a bhaineann leis na rialacha maidir le ceannach isteach éigeantach a chur i bhfeidhm, mar a shonraítear faoi láthair i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ná na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann. |
(4) |
Leasaíodh Airteagal 76(5) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2022/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Foráiltear leis an leasú sin go bhféadfaí dátaí éagsúla cur i bhfeidhm a bheith ann maidir le gach ceann de na bearta maidir le smacht socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) go (13) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, mar a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229, agus é d’aidhm aige méid leordhóthanach ama a thabhairt chun athmheasúnú a dhéanamh ar an gcreat smachta socraíochta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus go háirithe ar na rialacha maidir le ceannach isteach éigeantach. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú nach mbeidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a bhaineann le ceannach isteach éigeantach go dtí go mbeidh an t-athmheasúnú sin tugtha chun críche. D’áiritheofaí leis sin freisin nach dtabhódh rannpháirtithe sa mhargadh costais dhúblacha cur chun feidhme i gcás ina leasófaí na rialacha sin mar thoradh ar athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 (6). |
(5) |
Mar thoradh air sin, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a bhaineann le ceannach isteach éigeantach ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 2 Samhain 2025. |
(6) |
De bhun Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus Airteagal 76(5) den Rialachán sin mar a bhí sé sular leasaíodh é le Rialachán (AE) 2022/858, scriosadh Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229, chun a léiriú gur measadh, ón dáta sin ar aghaidh, le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229, go gcomhchuibheofaí ar leibhéal an Aontais na bearta chun teipeanna socraíochta a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu agus raon feidhme níos leithne ná a bhí ag Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 acu ina leith sin. Ós rud é nach mbeidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a bhaineann le ceannach isteach éigeantach ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 2 Samhain 2025, is gá foráil a dhéanamh maidir leis na nósanna imeachta ceannach isteach a leagadh síos roimhe seo in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 236/2012 go dtí go mbeidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagail 21 go 38 de Rialachán (AE) 2018/1229. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a leasú dá réir sin. |
(8) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin. |
(9) |
I bhfianaise raon feidhme teoranta an leasaithe, an gá atá le soiléireacht a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh a luaithe is féidir agus an t-ionchur a thug na rannpháirtithe margaidh sin don chomhairliúchán poiblí a reáchtáil an Coimisiún Eorpach cheana féin i gcomhthéacs an togra reachtaigh le haghaidh Rialachán (AE) 2022/858, ní dhearna ESMA aon chomhairliúchán poiblí oscailte. Mar sin féin, rinne ESMA anailís ardleibhéil ar na costais ghaolmhara agus ar na tairbhí gaolmhara agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, d’oibrigh ESMA i gcomhar le comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 mar a leanas:
(1) |
i gCaibidil IV, Forálacha críochnaitheacha, cuirtear isteach an tAirteagal 41a seo a leanas: “Article 41a Forálacha idirthréimhseacha Go dtí an 2 Samhain 2025, áiritheoidh contrapháirtí lárnach i mBallstát a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh i leith scaireanna go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm a chomhlíonann gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 257, 28.8.2014, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála maidir le smacht socraíochta (IO L 230, 13.9.2018, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1212 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le ceanglais theicniúla rialála maidir le smacht socraíochta, (IO L 275, 24.8.2020, lch. 3).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/70 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le smacht socraíochta, i dtaca lena theacht i bhfeidhm (IO L 27, 27.1.2021, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2022/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014 agus Treoir 2014/65/AE (IO L 151, 2.6.2022, lch. 1).
(6) An 16 Márta 2022, ghlac an Coimisiún Eorpach togra reachtach chun Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a leasú chun éifeachtúlacht mhargaí socraíochta an Aontais a fheabhsú, agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint an tráth céanna (https://ec.europa.eu/info/publications/220316-central-securities-depositories-regulation-review_en).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).