EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1903

Rialachán (AE) 2022/1903 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/263 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin

ST/12801/2022/INIT

IO L 259I, 6.10.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1903/oj

6.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 259/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1903 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/263 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/266 an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chuig na limistéir sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle (2) tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/266.

(2)

An 6 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1908 (3) lena leasaítear teideal Chinneadh (CBES) 2022/266 agus lena leathnaítear raon feidhme geografach na srianta atá ann chun na limistéir go léir de chuid na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia a chuimsiú. Sna haithrisí a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/1908 leagtar amach an comhthéacs polaitiúil agus na cúiseanna beartais atá le leathnú raon feidhme na mbeart sriantach.

(3)

Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach sna Ballstáit go léir.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/263 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2022/263 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise”;

(2)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

ciallaíonn ‘críocha sonraithe’ na limistéair de chuid na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO L 42I, 23.2.2022, lch. 109.

(2)  Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 42I, 23.2.2022, lch. 77).

(3)  Rialachán (AE) 2022/1908 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (féach leathanach 118 den Iris Oifigiúil seo).


Top