This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1673
Commission Regulation (EU) 2022/1673 of 27 September 2022 establishing a fisheries closure for albacore in the Atlantic Ocean, north of 5°N for vessels flying the flag of Ireland
Rialachán (AE) 2022/1673 ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh tuinníní colgacha san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T i gcás soithí a bhfuil bratach na hÉireann ar foluain acu
Rialachán (AE) 2022/1673 ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh tuinníní colgacha san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T i gcás soithí a bhfuil bratach na hÉireann ar foluain acu
C/2022/6988
IO L 252, 30.9.2022, p. 8–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022
30.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 252/8 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1673 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Meán Fómhair 2022
lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh tuinníní colgacha san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T i gcás soithí a bhfuil bratach na hÉireann ar foluain acu
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2022. |
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2022 ídithe ag gabhálacha an stoic tuinníní colgacha san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T, ag soithí a bhfuil bratach na hÉireann ar foluain acu nó atá cláraithe in Éirinn. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a leithdháiltear le haghaidh 2022 ar Éirinn le haghaidh an stoic tuinníní colgacha san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T, dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na hÉireann ar foluain acu nó atá cláraithe in Éirinn. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabhann na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Uimh. |
05/TQ109 |
Ballstát |
Éire |
Stoc |
ALB/AN05N |
Speiceas |
An tuinnín colgach (Thunnus alalunga) |
Crios |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T |
Dáta deiridh |
16.8.2022 |