Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1666

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1666 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2022 lena gceartaítear an leagan Danmhairgise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/3773

    IO L 251, 29.9.2022, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1666/oj

    29.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 251/3


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1666 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Meitheamh 2022

    lena gceartaítear an leagan Danmhairgise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid faisnéis bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (1), agus go háirithe Airteagal 8(5) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sa leagan Danmhairgise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún (2), tá earráidí i gCuid 1, pointe 4(c), d’Iarscríbhinn II a athraíonn brí na forála.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Danmhairgise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 352, 9.12.2014, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (IO L 100, 12.4.2017, lch. 1).


    Top