This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1630
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1630 of 21 September 2022 establishing measures for the containment of Grapevine flavescence dorée phytoplasma within certain demarcated areas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1630 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear bearta chun fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna a imshrianadh laistigh de limistéir chríochaithe áirithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1630 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear bearta chun fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna a imshrianadh laistigh de limistéir chríochaithe áirithe
C/2022/6645
IO L 245, 22.9.2022, p. 27–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 245/27 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1630 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meán Fómhair 2022
lena mbunaítear bearta chun fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna a imshrianadh laistigh de limistéir chríochaithe áirithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (d) agus (e), agus Airteagal 28(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2), leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn II an liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais is eol a bheith ann i gcríoch an Aontais. |
(2) |
Tá fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna (“an lotnaid shonraithe”) san áireamh sa liosta sin, toisc gurb eol é a bheith i gcodanna áirithe de chríoch an Aontais, agus go mbíonn tionchar nach beag aige ar shaothrú plandaí Vitis L. (“plandaí sonraithe”), arb é an príomhóstach é don lotnaid sin. |
(3) |
Sainaithníodh Scaphoideus titanus Ball (“an veicteoir sonraithe”) mar veicteoir éifeachtúil i leith na lotnaide sonraithe. Tá ról tábhachtach ag an veicteoir sin i mbunú agus i leathadh breise fhíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna (3) i gcríoch an Aontais, agus dá bhrí sin ba cheart bearta a bhunú chun é a shainaithint agus a rialú. |
(4) |
Léiríonn na suirbhéanna a rinneadh de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/2031 nach féidir a thuilleadh an lotnaid shonraithe a dhíothú i limistéir chríochaithe áirithe. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart bearta a bhunú maidir leis an lotnaid shonraithe a imshrianadh laistigh de na limistéir chríochaithe sin, lena gcuimsítear criosanna ionfhabhtaithe agus criosanna maolánacha. Ba cheart é a bheadh i gceist leis na bearta sin na plandaí sonraithe ionfhabhtaithe a scriosadh agus a bhaint agus cóireálacha iomchuí a chur i bhfeidhm chun leathadh na lotnaide sonraithe go dtí an chuid eile de chríoch an Aontais a chosc. |
(6) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla feasacht an phobail a mhúscailt lena áirithiú go mbeidh an pobal i gcoitinne agus oibreoirí gairmiúla, lena mbaineann na bearta imshrianta sna limistéir chríochaithe, ar an eolas faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm agus faoi theorannú na limistéar críochaithe chun na críche sin. |
(7) |
Más rud é go n-aimsítear an lotnaid shonraithe i gcrios maolánach mórthimpeall crios ionfhabhtaithe atá faoi réir bearta maidir leis an lotnaid shonraithe a imshrianadh, áfach, ba cheart é a bheith ina thoradh ar aimsiú úr sin na lotnaide go mbunóidh an t-údarás inniúil limistéar críochaithe nua, ina saothrófar díothú. |
(8) |
Ba cheart suirbhéanna bliantúla maidir le láithreacht na lotnaide sonraithe agus an veicteora shonraithe mar a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún (4) a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar an lotnaid shonraithe a bhrath go luath i limistéir de chríoch an Aontais nach eol an lotnaid shonraithe a bheith iontu. Ba cheart na suirbhéanna sin a bheith bunaithe ar an gcárta suirbhéireachta lotnaidí i leith na lotnaide sonraithe agus a veicteoir arna fhoilsiú ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, toisc go gcuirtear san áireamh ann na forbairtí eolaíocha agus teicniúla is déanaí. |
(9) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo bearta chun fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna a imshrianadh laistigh de na limistéir chríochaithe nach féidir é a dhíothú iontu.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “an lotnaid shonraithe” fíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna; |
(2) |
ciallaíonn “na plandaí sonraithe” plandaí Vitis L., seachas torthaí agus síolta; |
(3) |
ciallaíonn “an veicteoir sonraithe”Scaphoideus titanus Ball; |
(4) |
ciallaíonn “an limistéar críochaithe le haghaidh imshrianadh” limistéar a liostaítear in Iarscríbhinn I, nach féidir an lotnaid shonraithe a dhíothú ann; |
(5) |
ciallaíonn “an cárta suirbhé lotnaidí” an foilseachán Pest survey card on flavescence dorée phytoplasma and its vector Scaphoideus titanus [Cárta suirbhé lotnaidí maidir le fíteaplasma galair buíochain agus a veicteoir Scaphoideus titanus] (5) de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia. |
Airteagal 3
Limistéir chríochaithe a bhunú le haghaidh imshrianadh
Bunóidh na húdaráis inniúla na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh na lotnaide sonraithe, limistéar a bheidh comhdhéanta de chrios ionfhabhtaithe agus crios maolánach a bhfuil leithead 2,5 km ar a laghad ann, thart timpeall ar an gcrios ionfhabhtaithe.
Airteagal 4
Bearta laistigh de na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh
1. Sna criosanna ionfhabhtaithe, áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar na bearta seo a leanas:
(a) |
na plandaí sonraithe a fuarthas a bheith ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe a bhaint agus a scriosadh a luaithe is féidir agus roimh thús an chéad séasúir fáis eile ar a dhéanaí; |
(b) |
cóireálacha iomchuí a chur i bhfeidhm chun an veicteoir sonraithe a rialú. |
2. Sna criosanna maolánacha, áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear cóireálacha iomchuí i bhfeidhm chun an veicteoir sonraithe a rialú, i gcás ina mbeidh an veicteoir sonraithe iontu.
I gcás inar deimhníodh go hoifigiúil gurb ann don lotnaid shonraithe sna plandaí sonraithe sa chrios maolánach, beidh feidhm ag Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2016/2031.
3. Laistigh de na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, músclaíodh na húdaráis inniúla feasacht an phobail maidir le bagairt na lotnaide sonraithe agus maidir leis na bearta a glacadh chun leathadh breise na lotnaide sin lasmuigh de na limistéir sin a chosc.
Cuirfidh na húdaráis inniúla an pobal i gcoitinne agus na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann ar an eolas maidir le teorannú an limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh.
Airteagal 5
Suirbhéanna
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla na suirbhéanna dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3, agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chárta suirbhé lotnaidí á cur san áireamh acu.
2. Déanfaidh siad suirbhéanna rioscabhunaithe bliantúla maidir le láithreacht na lotnaide sonraithe agus an veicteora shonraithe sna limistéir de chríoch an Aontais nach eol go bhfuil an lotnaid shonraithe i láthair iontu ach ina bhféadfadh sé teacht chun bheith bunaithe.
3. Sna criosanna maolánacha de chuid na limistéar críochaithe le haghaidh imshrianadh, déanfaidh siad suirbhéanna bliantúla, mar a dtagraítear dóibh in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, chun láithreacht na lotnaide sonraithe agus a veicteora shonraithe a bhrath.
Áireofar leis na bearta sin:
(a) |
scrúduithe amhairc ar na plandaí sonraithe chun an lotnaid shonraithe a bhrath; |
(b) |
sampláil agus tástáil i gcás ina bhfuil amhras ann gur ann don lotnaid shonraithe; agus |
(c) |
gaisteoireacht iomchuí chun an veicteoir sonraithe a bhrath. |
Beidh na suirbhéanna sin níos déine ná na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 2 agus déanfar líon níos mó scrúduithe amhairc, agus, i gcás inarb iomchuí, sampláil agus tástáil.
Airteagal 6
Tuairisciú
Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile torthaí na suirbhéanna a rinneadh sa bhliain féilire roimhe sin de bhun na nithe seo a leanas:
(a) |
Airteagal 5(2) den Rialachán seo, trí úsáid a bhaint as ceann de na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231; |
(b) |
Airteagal 5(3) den Rialachán seo, trí úsáid a bhaint as ceann de na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(3) EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí], 2014. Scientific Opinion on pest categorisation of Grapevine Flavescence Dorée [Tuairim Eolaíoch maidir le haicmiú lotnaidí i dtaobh Fhíteaplasma ghalar buíochain na fíniúna.] EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(10):3851, 31 lch. doi:10.2903/j.efsa.2014.3851.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2020 maidir le formáid agus treoracha le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla ar thorthaí na suirbhéanna agus ar fhormáid na gclár ilbhliantúil suirbhéireachta agus na socruithe praiticiúla ina leith, dá bhforáiltear faoi seach in Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 280, 28.8.2020, lch. 1).
(5) Pest survey card on flavescence dorée phytoplasma and its vector Scaphoideus titanus [Cárta suirbhé lotnaidí maidir le fíteaplasma galair buíochain agus a veicteoir Scaphoideus titanus] Foilseachán tacaíochta EFSA 2020:EN-1909. 36 lch. doi:10.2903/sp.efsa.2020.EN-1909.
IARSCRÍBHINN I
Liostaí de na limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh dá dtagraítear in Airteagal 2
1. An Chróit
Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC) |
Crios an LC |
Réigiún |
Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile |
||||||||||||||||||
1. |
Crios ionfhabhtaithe |
Réigiún Panónach na Cróite (contae Bjelovar-Bilogora, contae Virovitica-Podravina, contae Požega-Slavonija, contae Brod-Posavina, contae Osijek-Baranja, contae Vukovar-Srijem, contae Karlovac, contae Sisak-Moslavina) |
|
||||||||||||||||||
Crios maolánach |
Réigiún Panónach na Cróite (contae Bjelovar-Bilogora, contae Virovitica-Podravina, contae Požega-Slavonija, contae Brod-Posavina, contae Osijek-Baranja, contae Vukovar-Srijem, contae Karlovac, contae Sisak-Moslavina) |
Bardais chadastracha
|
|||||||||||||||||||
2. |
Crios ionfhabhtaithe |
An Chróit Aidriadach (contae Istria) |
Bardais chadastracha Bačva, Brkač, Brtonigla, Buje, Donja Mirna, Frata, Grožnjan, Kaldir, Karojba, Kaštel, Kaštelir, Kostajnica, Krasica, Kršete, Labinci, Lovrečica, Materada, Motovun, Nova Vas, Novigrad, Petrovija, Savudrija, Sveti Ivan, Sveti Vital, Umag, Višnjan, Vižinada, Završje, Žbandaj. |
||||||||||||||||||
Crios maolánach |
An Chróit Aidriadach (contae Istria) |
Bardais chadastracha Baderna, Beram, Brdo, Čepić, Dračevac, Funtana, Fuškulin, Gradina, Grdoselo, Kašćerga, Kringa, Kršikla, Kuberton, Kućibreg, Lim, Lovreč, Marčenegla, Merišće, Momjan, Mugeba, Muntrilj, Mušalež, Novaki Motovunski, Oprtalj, Pazin, Poreč, Rakotule, Rovinj, Rovinjsko Selo, Senj, Sovinjak, Sovišćina, Šterna, Tar, Tinjan, Triban, Trviž, Vabriga, Varvari, Vrh, Vrsar, Zamask, Zrenj, Zumesk. |
|||||||||||||||||||
3. |
Crios ionfhabhtaithe |
An Chróit Thuaidh mar aon le réigiún Chathair Shágraib (contae Međimurje, contae Varaždin, contae Koprivnica-Križevci, contae Krapina-Zagorje, contae Shágraib, Cathair Shágraib) |
Bardais chadastracha
|
||||||||||||||||||
Crios maolánach |
An Chróit Thuaidh mar aon le réigiún Chathair Shágraib (contae Međimurje, contae Varaždin, contae Koprivnica-Križevci, contae Krapina-Zagorje, contae Shágraib, Cathair Shágraib) |
Bardais chadastracha
|
2. An Ungáir
Leathnú ar chriosanna maolánacha de chuid limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, ar cinn de chuid na Cróite agus na Slóivéine iad, ar chríoch na hUngáire:
Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC) |
Crios an LC |
Réigiún |
Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile |
1. |
Crios maolánach |
Contae Bács-Kiskun Dúiche Baja |
Hercegszántó |
Crios maolánach |
Contae Baranya Dúiche Mohács |
Kölked, Homorúd |
|
2. |
Crios maolánach |
Contae Zala Dúiche Letenye |
Tótszerdahely, Molnári |
3. |
Crios maolánach |
Contae Zala Dúiche Lenti |
Bödeháza, Nemesnép, Lendvajakabfa, Márokföld, Szentgyörgyvölgy |
4. |
Crios maolánach |
Contae Zala Dúiche Lenti |
Lendvadedes |
3. An Iodáil
Leathnú ar chriosanna maolánacha de chuid limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, ar cinn de chuid na Cróite agus na Slóivéine iad, ar chríoch na hIodáile:
Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC) |
Crios an LC |
Réigiún |
Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile (go páirteach) |
1. |
Crios maolánach |
Giulia Friuli Venezia Cúige Gorizia |
Dolegna Del Collio, Gorizia, San Floriano Del Collio, Savogna D’isonzo |
2. |
Crios maolánach |
Giulia Friuli Venezia Cúige Trieste |
Duino-Aurisina, Monrupino, Muggia, San Dorligo Della Valle - Dolina, Sgonico, Trieste |
3. |
Crios maolánach |
Giulia Friuli Venezia Cúige Udine |
Prepotto |
4. An Phortaingéil
Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC) |
Crios an LC |
Réigiún |
Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile |
1. |
Crios ionfhabhtaithe |
An Phortaingéil Thuaidh |
Alijó, Amarante, Amares, Baião, Barcelos, Braga, Cabeceiras de Basto, Castelo de Paiva, Celorico de Basto, Cinfães, Esposende, Fafe, Felgueiras, Guimarães, Lousada, Maia, Marco de Canaveses, Monção, Mondim de Basto, Paços de Ferreira, Paredes, Paredes de Coura, Penafiel, Peso da Régua, Ponte de Lima, Póvoa de Lanhoso, Póvoa de Varzim, Ribeira de Pena, Sabrosa, Santa Márta de Penaguião, Santo Tirso, Trofa, Valença, Valongo, Vieira do Minho, Vila do Conde, Vila Nova de Famalicão, Vila Pouca de Aguiar, Vila Real, Vila Verde agus Vizela; Cuid de na bardais seo a leanas: Arcos de Valdevez, Ponte da Barca, Terras de Bouro agus Viana do Castelo. |
Crios maolánach |
An Phortaingéil Thuaidh |
Mesão Frio; Cuid de na bardais seo a leanas: Arcos de Valdevez, Armamar, Arouca, Boticas, Caminha, Chaves, Carrazeda de Ansiães, Gondomar, Lamego, Matosinhos, Melgaço, Montalegre, Murça, Porto, Ponte da Barca, Resende, Santa Maria da Feira, São João da Pesqueira, Tabuaço, Terras de Bouro, Valpaços, Viana do Castelo, Vila Nova de Cerveira, Vinhais. |
|
An Phortaingéil Láir |
Cuid de bhardas Castro Daire. |
5. An tSlóivéin
Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC) |
Crios an LC |
Réigiún |
Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile |
||||||||||
1. |
Crios ionfhabhtaithe |
An tSlóivéin Thiar |
Ankaran, Koper, Izola agus Piran; agus Sežana, Komen (seachas bardas cadastrach Brestovica — ID 2408) agus Renče-Vogrsko. |
||||||||||
Crios maolánach |
An tSlóivéin Thiar |
Brda, Nova Gorica, Miren-Kostanjevica, Šempeter-Vrtojba, Ajdovščina, Vipava, Divača agus Hrpelje-Kozina, agus bardas cadastrach Brestovica (ID 2408) i mbardas Komen. |
|||||||||||
2. |
Crios ionfhabhtaithe |
An tSlóivéin Thoir Theas |
Dolenjske Toplice, Straža, Mirna Peč, Novo mesto (seachas bardais chadastracha Črešnjice — ID 1458 agus Herinja vas — ID 1459). |
||||||||||
Crios maolánach |
An tSlóivéin Thoir Theas |
Žužemberk, Trebnje, Mirna, Šentrupert, Sevnica, Krško, Brežice, Mokronog-Trebelno, Šmarješke Toplice, Škocjan, Šentjernej, Kostanjevica na Krki, Semič, Črnomelj agus Metlika, agus bardais chadastracha i mbardas Novo mesto: Črešnjice (ID 1458) agus Herinja vas (ID 1459). |
|||||||||||
3. |
Crios ionfhabhtaithe |
An tSlóivéin Thoir Thuaidh |
|
||||||||||
Crios maolánach |
An tSlóivéin Thoir Thuaidh |
|
6. An Spáinn
Leathnú ar chriosanna maolánacha de limistéir chríochaithe le haghaidh imshrianadh, ar cinn de chuid na Portaingéile iad, ar chríoch na Spáinne:
Uimhir/ainm an limistéir chríochaithe (LC) |
Crios an LC |
Réigiún |
Bardais nó teorannuithe riaracháin/geografacha eile |
||||||||||||||||||||||||||
1. |
Crios maolánach |
An Ghailís Cúige Pontevedra |
A cañiza:
Arbo:
Crecente:
Tomiño:
Tui:
As Neves:
Salvaterra do Miño:
Salceda de Caselas:
|
||||||||||||||||||||||||||
An Ghailís Cúige Orense |
Padrenda: Cuid de pharóistí Crespos (San Xoán), Desteriz (San Miguel), O Condado (Santa María) agus Padrenda (San Cibrán). |
IARSCRÍBHINN II
Teimpléid chun tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna bliantúla a dhéantar de bhun Airteagal 6, pointe (b)
CUID A
1. Teimpléad chun torthaí na suirbhéanna bliantúla a thuairisciú
2. Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach
Má líontar isteach an teimpléad seo, níl an teimpléad i gCuid B den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach.
Le haghaidh cholún 1 |
: |
Tabhair ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint agus an dáta ar bunaíodh é. |
||||||
Le haghaidh cholún 2 |
: |
Léirigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé. |
||||||
Le haghaidh cholún 3 |
: |
Léirigh méid an LC tar éis an tsuirbhé. |
||||||
Le haghaidh cholún 4 |
: |
Tabhair an cur chuige: Imshrianadh (I). Áirigh an oiread rónna is gá, ag brath ar an líon LCanna in aghaidh na lotnaide agus na cineálacha cur chuige a bhfuil na réimsí seo faoina réir. |
||||||
Le haghaidh cholún 5 |
: |
Tabhair crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus áirigh an oiread rónna is gá: Crios ionfhabhtaithe (CI) nó crios maolánach (CM), ag baint úsáid as rónna ar leithligh. Nuair is infheidhme, sonraigh limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. i bhfoisceacht 20 km den CM, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) ar rónna éagsúla. |
||||||
Le haghaidh cholún 6 |
: |
Tabhair uimhir na láithreán suirbhé agus tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú i gcomhair na tuairisce:
|
||||||
Le haghaidh cholún 7 |
: |
Léirigh cad iad na limistéir riosca a sainaithníodh bunaithe ar bhitheolaíocht na lotnaide/na lotnaidí, láithreacht plandaí óstacha, dálaí éicea-aeráide agus suíomhanna riosca. |
||||||
Le haghaidh cholún 8 |
: |
Tabhair na limistéir riosca a áirítear sa suirbhé, as measc na limistéar a shainaithnítear i gcolún 7. |
||||||
Le haghaidh cholún 9 |
: |
Tabhair plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, uisce, eile, agus sonraigh an cás áirithe. |
||||||
Le haghaidh cholún 10 |
: |
Tabhair an liosta speiceas/géineas plandaí a ndearnadh suirbhé orthu, agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh an speicis/an ghéinis planda. |
||||||
Le haghaidh cholún 11 |
: |
Tabhair míonna na bliana ina ndearnadh an suirbhé. |
||||||
Le haghaidh cholún 12 |
: |
Tabhair sonraí an tsuirbhé, ag brath ar na ceanglais dhlíthiúla shonracha i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme. |
||||||
I gcás cholúin 13 agus 14 |
: |
Tabhair na torthaí, más infheidhme, agus soláthair sna colúin chomhfhreagracha an fhaisnéis atá ar fáil. Is éard is “neamhchinntithe” ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte - neamh-shainaitheanta, sean). |
||||||
Le haghaidh cholún 15 |
: |
Léirigh na fógraí faoi ráigeanna sa bhliain ina ndearnadh an suirbhé i leith torthaí sa CM. Ní gá uimhir fógartha ráige a chur san áireamh i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an toradh ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, tabhair an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 16 (“Nótaí”). |
CUID B
1. Teimpléad chun tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna bliantúla ar bhonn staidrimh
2. Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach
Má líontar isteach an teimpléad seo, níl an teimpléad i gCuid A den Iarscríbhinn seo le líonadh isteach.
Mínigh na toimhdí bunúsacha le haghaidh dhearadh an tsuirbhé in aghaidh na lotnaide. Déan achoimre orthu seo a leanas agus tabhair údar leo:
— |
an spriocphobal, an t-aonad eipidéimeolaíoch agus na haonaid chigireachta, |
— |
an modh braite agus íogaireacht an mhodha, |
— |
an toisc riosca nó na tosca riosca, agus léirigh na leibhéil riosca agus rioscaí coibhneasta comhfhreagracha agus cion coibhneasta comhfhreagrach an phobail plandaí óstacha. |
Le haghaidh cholún 1 |
: |
Tabhair ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint agus an dáta ar bunaíodh é. |
||||||
Le haghaidh cholún 2 |
: |
Léirigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé. |
||||||
Le haghaidh cholún 3 |
: |
Léirigh méid an LC tar éis an tsuirbhé. |
||||||
Le haghaidh cholún 4 |
: |
Tabhair an cur chuige: Imshrianadh (I). Áirigh an oiread rónna is gá, ag brath ar an líon LCanna in aghaidh na lotnaide agus na cineálacha cur chuige a bhfuil na réimsí seo faoina réir. |
||||||
Le haghaidh cholún 5 |
: |
Tabhair crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus áirigh an oiread rónna is gá: Crios ionfhabhtaithe (CI) nó crios maolánach (CM), ag baint úsáid as rónna ar leithligh. I gcás inarb infheidhme, sonraigh limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. i bhfoisceacht 20 km den CM, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) ar rónna éagsúla. |
||||||
Le haghaidh cholún 6 |
: |
Tabhair uimhir na láithreán suirbhé agus tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú i gcomhair na tuairisce:
|
||||||
Le haghaidh cholún 7 |
: |
Tabhair na míonna den bhliain ina ndearnadh na suirbhéanna. |
||||||
Le haghaidh cholún 8 |
: |
Tabhair an spriocphobal a roghnaíodh agus soláthair dá réir liosta na speiceas/géineas agus an limistéar a cumhdaíodh. Sainmhínítear an spriocphobal mar iomlán na n-aonad cigireachta. Is iondúil go sainítear a mhéid ina heicteáir i gcás limistéir talmhaíochta, ach d’fhéadfadh sé gur gabháltais, páirceanna, tithe gloine etc. a bheadh i gceist. Tabhair údar leis an rogha a dhéantar sna toimhdí bunúsacha. Tabhair na haonaid chigireachta a ndearnadh suirbhé orthu. Ciallaíonn “aonad cigireachta” plandaí, codanna plandaí, tráchtearraí, ábhair, veicteoirí lotnaidí a ndearnadh grinnscrúdú orthu chun na lotnaidí a shainaithint agus a bhrath. |
||||||
Le haghaidh cholún 9 |
: |
Tabhair na haonaid eipidéimeolaíocha a ndearnadh suirbhé orthu, lena n-áirítear tuairisc orthu agus a n-aonad tomhais. Ciallaíonn “aonad eipidéimeolaíoch” limistéar aonchineálach ina mbeadh an eipidéimeolaíocht chéanna ina toradh ar na hidirghníomhaíochtaí idir an lotnaid, na plandaí óstacha agus na tosca agus na dálaí aibitheacha agus bitheacha, dá mba ann don lotnaid. Is fo-rannán den spriocphobal iad na haonaid eipidéimeolaíocha atá ar aon chineál ó thaobh na heipidéimeolaíochta de le planda óstach amháin ar a laghad. I gcásanna áirithe, féadfar an pobal óstach iomlán i réigiún/limistéar/tír a shainiú mar aonad eipidéimeolaíoch. D’fhéadfadh sé gur réigiúin iad um aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS), limistéir uirbeacha, foraoisí, gairdíní róis nó feirmeacha, nó heicteáir. Ní mór údar a thabhairt sna toimhdí bunúsacha le rogha na n-aonad eipidéimeolaíoch. |
||||||
Le haghaidh cholún 10 |
: |
Tabhair na modhanna a úsáideadh le linn an tsuirbhé, lena n-áirítear an líon gníomhaíochtaí i ngach cás, ag brath ar na ceanglais dhlíthiúla shonracha i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis i gcolún áirithe. |
||||||
Le haghaidh cholún 11 |
: |
Tabhair meastachán ar éifeachtacht na samplála. Ciallaíonn éifeachtacht na samplála an dóchúlacht go roghnófaí codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe. I gcás veicteoirí, is é atá inti éifeachtacht an mhodha chun veicteoir deimhneach a ghabháil nuair a bhíonn sé i láthair i limistéar an tsuirbhé. I gcás ithreach, is é atá inti an éifeachtacht a bhaineann le sampla ithreach ina bhfuil an lotnaid a roghnú nuair a bhíonn an lotnaid i láthair sa limistéar suirbhé. |
||||||
Le haghaidh cholún 12 |
: |
Ciallaíonn “íogaireacht an mhodha” an dóchúlacht i leith modha go mbraithfí láithreacht lotnaide i gceart. Sainmhínítear íogaireacht an mhodha mar an dóchúlacht gur toradh deimhneach a bheith ar thástáil ar óstach atá deimhneach i ndáiríre. Is é atá inti éifeachtacht na samplála (i.e. an dóchúlacht go roghnófar codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe) arna hiolrú faoin íogaireacht dhiagnóiseach (arna saintréithiú tríd an gcigireacht amhairc agus/nó an tástáil saotharlainne a úsáidtear sa phróiseas sainaitheantais). |
||||||
Le haghaidh cholún 13 |
: |
Soláthair na tosca riosca i rónna éagsúla, agus úsáid á baint agat as an oiread rónna is gá. I gcás gach toisce riosca, tabhair an leibhéal riosca agus riosca agus cion coibhneasta comhfhreagrach an phobail óstaigh. |
||||||
Le haghaidh cholún B |
: |
Tabhair sonraí an tsuirbhé, ag brath ar na ceanglais dhlíthiúla shonracha i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B an cás nach bhfuil an fhaisnéis i gcolún áirithe infheidhme. Baineann an fhaisnéis atá le soláthar sna colúin seo leis an bhfaisnéis a áirítear i gcolún 10 “Modhanna braite”. |
||||||
Le haghaidh cholún 18 |
: |
Tabhair an líon láithreán gaisteoireachta i gcás nach ionann an líon sin agus an líon gaistí (colún 17) (e.g. úsáidtear an gaiste céanna in áiteanna éagsúla). |
||||||
Le haghaidh cholún 21 |
: |
Tabhair an líon samplaí a fuarthas a bhí deimhneach, diúltach nó neamhchinntithe. Is éard is “neamhchinntithe” ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte - neamh-shainaitheanta, sean). |
||||||
Le haghaidh cholún 22 |
: |
Tabhair na fógraí a tugadh faoi ráigeanna sa bhliain ina ndearnadh an suirbhé. Ní gá uimhir fógartha ráige a chur san áireamh i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an toradh ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, tabhair an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 25 (“Nótaí”). |
||||||
Le haghaidh cholún 23 |
: |
Sonraigh íogaireacht an tsuirbhé, mar a shainmhínítear i gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta (CIBF) 31. Luach sin an leibhéil muiníne a bhaintear amach maidir le saoirse lotnaidí, déantar é a ríomh bunaithe ar na scrúduithe (agus/nó samplaí) a dhéantar i bhfianaise íogaireacht an mhodha agus na leitheadúlachta dearaidh. |
||||||
Le haghaidh cholún 24 |
: |
Sonraigh an leitheadúlacht dearaidh bunaithe ar mheastachán a rinneadh roimh an suirbhé ar leitheadúlacht dhóchúil iarbhír na lotnaide ar an láthair. Socraítear an leitheadúlacht dearaidh mar sprioc i leith an tsuirbhé agus freagraíonn sí don chomhréiteach atá á dhéanamh ag na bainisteoirí riosca idir an riosca go mbeidh an lotnaid ann agus na hacmhainní atá ar fáil don suirbhé. De ghnáth, socraítear luach 1 % le haghaidh suirbhé braite. |