EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1619

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1619 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an iontráil a bhaineann leis an mBotsuáin ar an liosta tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbacha áirithe a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/6789

IO L 243, 20.9.2022, p. 141–143 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1619/oj

20.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 243/141


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1619 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an iontráil a bhaineann leis an mBotsuáin ar an liosta tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbacha áirithe a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429, leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sin maidir le sláinte ainmhithe is ea gur gá na coinsíneachtaí sin a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, déantar foráil nach gceadófar coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha ná táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a thagann siad, a liostaítear i leith na speiceas agus na gcatagóirí áirithe sin d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), bunaítear na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, a theacht isteach san Aontas.

(4)

Go sonrach, le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbacha áirithe a theacht isteach san Aontas.

(5)

An 30 Lúnasa 2022, thug an Bhotsuáin fógra don Choimisiún maidir le ráig de ghalar crúb agus béil (GCB). Tá an ráig sin ann i limistéar Butale, i Réigiún Thoir Thuaidh na tríú tíre sin agus laistigh de chrios rialaithe galar 6b arna ainmniú ag údaráis inniúla na Botsuáine, agus deimhníodh í an 27 Lúnasa 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(6)

Maidir leis an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/404, sonraítear leis go n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbacha áirithe a theacht isteach san Aontas ó chrios BW-5 sa Bhotsuáin, arb é atá ann criosanna rialaithe galar 6a agus 6b.

(7)

Mar gheall ar an riosca atá ann go dtabharfaí GCB isteach san Aontas de dheasca coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbaigh áirithe a theacht isteach ó chrios rialaithe galar 6b sa Bhotsuáin, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh do na coinsíneachtaí sin a theacht isteach san Aontas.

(8)

Dá bhrí sin, maidir leis an iontráil a bhaineann leis an mBotsuáin ar an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ba cheart í a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sa tríú tír sin a chur san áireamh.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún a leasú dá réir.

(10)

Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann sa Bhotsuáin á cur san áireamh a mhéid a bhaineann le GCB, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

I gCuid 1, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas le haghaidh chrios BW-6 sa Bhotsuáin idir an iontráil le haghaidh chrios BW-5 sa Bhotsuáin agus an iontráil le haghaidh chrios BZ-0 sa Bheilís:

“BW-6

Bó-ainmhithe

BOV

Aibiú agus díchnámhú

Cosc ar scairteach

 

27.8.2022”

 

Ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhar

OVI

 

Crúbacha géim saothraithe

RUF

 

Crúbacha géim fhiáin

RUW

 

(2)

I gCuid 2, leasaítear an iontráil a bhaineann leis an mBotsuáin mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh chrios BW-5 sa Bhotsuáin:

“an Bhotsuáin

BW-5

An crios tréidliachta maidir le rialú galar 6a”

(b)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas le haghaidh chrios BW-6 sa Bhotsuáin idir an iontráil le haghaidh chrios BW-5 sa Bhotsuáin agus an iontráil le haghaidh chrios NA-1 sa Namaib:

“an Bhotsuáin

BW-6

An crios tréidliachta maidir le rialú galar 6b”


Top