Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1615

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1615 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2022 lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/2430

    IO L 243, 20.9.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1615/oj

    20.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 243/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1615 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Aibreán 2022

    lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1) agus go háirithe Airteagal 48(h) agus Airteagal 77(1)(k) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sa leagan Sualainnise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún (2), tá earráid sa tábla, sa ró don iontráil “ex 2106”, colún (2) “Sainmhínithe”, agus athraíonn an earráid sin substaint an téacs.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 17).


    Top