This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1492
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1492 of 8 September 2022 concerning the authorisation of L-valine produced by Escherichia coli CCTCC M2020321 as a feed additive for all animal species (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1492 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Escherichia coli CCTCC M2020321 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1492 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Escherichia coli CCTCC M2020321 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/6277
IO L 234, 9.9.2022, pp. 14–16
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
9.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 234/14 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1492 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meán Fómhair 2022
maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Escherichia coli CCTCC M2020321 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Escherichia coli CCTCC M2020321 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le L-vailín arna tháirgeadh ag Escherichia coli CCTCC M2020321 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseán atá le haicmiú sa chatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus analóga”. |
|
(4) |
Sa tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 27 Eanáir 2022 (2), tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag L-vailín arna tháirgeadh ag Escherichia coli CCTCC M2020321 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe agus aistí bia á bhforlíonadh le méideanna iomchuí de. A mhéid a bhaineann le sábháilteacht an bhreiseáin don úsáideoir, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh an breiseán tocsaineach trí ionanálú, maidir leis an ngreannú craicinn ná súl a d’fhéadfadh sé a dhéanamh ná maidir leis an íogrú deirmeach ná riospráide a d’fhéadfadh sé a dhéanamh, agus thug sé dá aire nach údar guaise í gníomhaíocht iontocsaine an bhreiseáin le haghaidh úsáideoirí a láimhseálann an breiseán. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go meastar gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach L-vailín é an breiseán le haghaidh cothú ainmhithe, agus gur cheart an breiseán a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeidh sé éifeachtúil i gcás na n-athchogantach. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin na tuarascálacha ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna gcur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, i bhfianaise na tuairime ón Údarás, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. |
|
(6) |
An measúnú ar L-vailín arna tháirgeadh ag Escherichia coli CCTCC M2020321, léiríonn sé go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus analóga”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, Lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(2):7163.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga |
|||||||||||||||||
|
3c371ii |
- |
L-vailín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin L-vailín ina bhfuil íoschion 98 % (ar bhonn ábhar tirim) agus inarb é 1,5 % an t-uaschion uisce. I bhfoirm phúdair |
Gach speiceas |
- |
|
|
|
29 Meán Fómhair 2032 |
||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí L-vailín (aigéad (2S)-2-aimínea-3-meitiolbútánóch) arna tháirgeadh ag Escherichia coli CCTCC M2020321 Foirmle cheimiceach: C5H11NO2 Uimhir CAS: 72-18-4 |
|||||||||||||||||
|
Modh anailíse (1) Maidir le L-vailín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le vailín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le vailín a chainníochtú agus é i réamh mheascáin, in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc:
Maidir le vailín in uisce a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint research centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation reports_en