This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1459
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1459 of 2 September 2022 amending Implementing Regulation (EU) 2019/804 as regards the terms of authorisation of the organic form of selenium produced by Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 as feed additive for all animal species (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1459 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/804 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe na foirme orgánaí de sheiléiniam arna táirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1459 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/804 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe na foirme orgánaí de sheiléiniam arna táirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/6200
IO L 229, 5.9.2022, p. 22–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 229/22 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1459 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/804 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe na foirme orgánaí de sheiléiniam arna táirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/804 ón gCoimisiún (2) údaraíodh an fhoirm orgánach de sheiléiniam arna táirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim a eisiúint maidir le cibé an measann sé go gcomhlíonfadh údarú na foirme orgánaí de sheiléiniam arna táirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 mar bhreiseán beathaithe fós na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 dá mhodhnófaí an t-údarú sin de réir mar a bheartaigh an t-iarratasóir. Leis an modhnú sin méadaítear an t-íostiúchan seiléiniam sa bhreiseán beathaithe. Bhí na sonraí tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an iarraidh. |
(4) |
Maidir leis an modhnú a bheartaíonn an t-iarratasóir i leith théarmaí an údaraithe, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 10 Samhain 2021 (3) nach n-athraíonn an modhnú sin na conclúidí ar ar thángthas sna measúnuithe a rinneadh roimhe seo maidir leis an tsábháilteacht le haghaidh na spriocspeiceas, na dtomhaltóirí, an chomhshaoil agus éifeachtúlacht an bhreiseáin beathaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an breiseán guaiseach trí ionanálú, nach greannaitheoir súl ná craicinn é agus nach íogróir deirmeach é. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(5) |
Dá bhrí sin, i bhfianaise na tuairime ón Údarás, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. |
(6) |
Léirítear leis an measúnú ar an modhnú ar an údarú a bheartaíonn an t-iarratasóir go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/804 a leasú dá réir. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/804, leasaítear iontráil 3b810 maidir leis an bhfoirm orgánach de sheiléiniam arna táirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/804 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2019 maidir le húdarú na foirme orgánaí de sheiléiniam arna táirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 agus le húdarú seiléinimeitiainín arna tháirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae NCYC R397 a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1750/2006 agus (CE) Uimh. 634/2007 (IO L 132, 20.5.2019, lch. 28).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(12):6979
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||
Seiléiniam in mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: comhdhúile de riandúile |
|||||||||||||||||||||||||||
“3b810 |
- |
Giosta seiléinithe Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060, díghníomhaithe |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid seiléiniam orgánaigh:
|
Gach speiceas |
- |
|
0,50 (iomlán) |
|
9 Meitheamh 2029 |
||||||||||||||||||
Tréithriú na substainte gníomhaí Seiléinimeitiainín arna tháirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 Foirmle cheimiceach: C5H11NO2Se |
|||||||||||||||||||||||||||
Modh anailíse (1) Maidir le seiléinimeitiainín a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe:
Maidir leis an seiléiniam iomlán a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe:
Maidir le cion iomlán an tseiléiniam a chinneadh agus é i réamh-mheascáin, i mbeatha chumaisc agus in ábhair bheatha:
|
|||||||||||||||||||||||||||
3b810i |
- |
Giosta seiléinithe Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060, díghníomhaithe |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid seiléiniam orgánaigh:
|
Gach speiceas |
- |
|
0,50 (iomlán) |
|
9 Meitheamh 2029” |
||||||||||||||||||
Tréithriú na substainte gníomhaí Seiléinimeitiainín arna tháirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 Foirmle cheimiceach: C5H11NO2Se |
|||||||||||||||||||||||||||
Modh anailíse (1) Maidir le seiléinimeitiainín a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe:
Maidir leis an seiléiniam iomlán a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe:
Maidir le cion iomlán an tseiléiniam a chinneadh agus é i réamh-mheascáin, i mbeatha chumaisc agus in ábhair bheatha:
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas i Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en