EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1455

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1455 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le ceanglas cistí dílse le haghaidh gnólachtaí infheistíochta bunaithe ar fhorchostais sheasta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/2162

IO L 229, 5.9.2022, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1455/oj

5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1455 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Aibreán 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le ceanglas cistí dílse le haghaidh gnólachtaí infheistíochta bunaithe ar fhorchostais sheasta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (1), agus go háirithe an ceathrú fomhír d’Airteagal 13(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Os rud é nach gceanglaítear ar gach gnólacht infheistíochta ráitis airgeadais iniúchta a bheith acu, ba cheart, le rialacha lena sonraítear ceanglas cistí dílse ar ghnólachtaí infheistíochta bunaithe ar fhorchostais sheasta, a cheadú do ghnólachtaí infheistíochta ceanglas maidir le forchostais sheasta a ríomh freisin ar bhonn ráitis airgeadais neamh-iniúchóireachta, i gcás nach bhfuil oibleagáid ar ghnólachtaí infheistíochta ráitis airgeadais iniúchta a bheith acu. Thairis sin, i gcás nach gcumhdaíonn na ráitis airgeadais iniúchta tréimhse dhá mhí dhéag, ba cheart don ghnólacht infheistíochta ríomh a dhéanamh chun méid coibhéiseach bliantúil a sholáthar, chun comhsheasmhacht le ceanglas Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 a áirithiú.

(2)

Ós rud é gurb ionann an difríocht idir an t-ollbhrabús agus an glanbhrabús maidir le staid airgeadais an ghnólachta agus na costais sheasta a bhaineann le gnó an ghnólachta a reáchtáil, ba cheart a thuiscint leis an tagairt do na glanbhrabúis é scaireanna na stiúrthóirí agus na gcomhpháirtithe sa bhrabús dá dtagraítear in Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2019/2033 a bhaint as costais iomlána an ghnólachta infheistíochta.

(3)

Ina theannta sin, ós rud é gur féidir íocaíocht bónais foirne agus luach saothair eile a chur siar le himeacht ama agus go bhféadfaí iad a leanúint de réir struchtúir éagsúla comhaontuithe, ba cheart a mheas go bhfuil na bónais foirne sin agus an luach saothair eile sin ag brath ar ghlanbhrabús i gcás nach mbeadh aon tionchar aige sin ar staid chaipitil an ghnólachta, mar gheall ar íocaíochtaí a bheith déanta cheana féin nó mar gheall ar easpa na hoibleagáide íocaíochta i gcás nach mbeadh glanbhrabús ann.

(4)

Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta costais sheasta ar thríú páirtithe san áireamh agus a gcaiteachas iomlán á ríomh acu. Mar sin féin, i gcás nach dtabhaítear na costais sin go hiomlán thar ceann na ngnólachtaí infheistíochta, ba cheart iad a áireamh suas go dtí an méid atá inchurtha i leith an ghnólachta infheistíochta.

(5)

Ní úsáideann gach gnólacht infheistíochta Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais agus tá difríochtaí sna caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme maidir le ríomh na gcostas iomlán. Ba cheart gnéithe atá le hasbhaint ag gnólachtaí infheistíochta as na costais iomlána arna n-úsáid chun ceanglas maidir le forchostais sheasta a ríomh a shonrú a thuilleadh, sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2019/2033, chun inchomparáideacht a áirithiú agus ceanglas maidir le forchostais sheasta á ríomh.

(6)

I gcomhréir le sainiúlacht ghnó dhéileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí, ba cheart costais a bhaineann le hamhábhair a asbhaint ag déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí as iomlán na gcostas arna n-úsáid chun a gceanglas maidir le forchostais sheasta a ríomh.

(7)

I gcás ina ndéantar gnólacht infheistíochta ar chruthaitheoir margaidh é a fhoirceannadh, cuireann sé stop lena sheirbhísí cruthaithe margaidh a sholáthar agus dá bhrí sin ní thabhaíonn sé a thuilleadh na táillí trádála a thabhaíonn sé de ghnáth agus na seirbhísí sin á soláthar aige. Dá bhrí sin, ba cheart na táillí sin a eisiamh ó na costais iomlána a úsáidtear chun an ceanglas maidir le forchostais sheasta a ríomh. Ag an am céanna, i gcás foirceannadh, féadfaidh an cruthaitheoir margaidh leanúint fardal d’urrús a bheith aige a úsáideann sé de ghnáth ina chuid gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh. Má leachtaítear an fardal sin, bheadh táillí trádála mar thoradh air ar cheart iad a áireamh sna costais iomlána a úsáidtear chun an ceanglas maidir le forchostais sheasta a ríomh.

(8)

Féadfaidh forchostais sheasta a fhorbairt ar luas comhchosúil le gníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, agus sa chás sin níor cheart iad a mheas mar athruithe ábhartha chun críocha Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2019/2033. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh imthosca ann ina bhféadfadh sé go dtarlódh athruithe, amhail athruithe sna samhlacha gnó nó athruithe maidir le cumaisc nó éadálacha, agus go mbeadh éagsúlachtaí suntasacha sna forchostais sheasta réamh-mheasta mar thoradh orthu. Dá bhrí sin, ba cheart tairseacha oibiachtúla a bhunú leis na rialacha lena sonraítear ceanglas cistí dílse do ghnólachtaí infheistíochta bunaithe ar fhorchostais sheasta, ar tairseacha iad a bheadh bunaithe ar na forchostais sheasta réamh-mheasta chun críche coincheap an athraithe ábhartha a shonrú.

(9)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(10)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ríomh an cheanglais maidir le forchostais sheasta

1.   Chun críocha Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, tagrófar na ‘figiúirí atá mar thoradh ar an gcreat cuntasaíochta is infheidhme’ do fhigiúirí sna ráitis airgeadais iniúchta bliantúla is déanaí a rinneadh tar éis dáileadh brabús nó ráiteas airgeadais bliantúil i gcás nach bhfuil oibleagáid ar ghnólachtaí infheistíochta ráitis airgeadais iniúchta a bheith déanta ina leith.

2.   I gcás nach léireofar tréimhse dhá mhí dhéag sna ráitis airgeadais iniúchta is déanaí de chuid an ghnólachta infheistíochta, déanfaidh an gnólacht infheistíochta na méideanna a áirítear sna ráitis sin a roinnt de réir líon na míonna a léirítear sna ráitis airgeadais sin agus ina dhiaidh sin déanfar an toradh sin a iolrú faoi dhó dhéag, ionas go dtáirgfear méid coibhéiseach bliantúil.

3.   Chun críocha phointe (b), an chéad fhomhír, d’Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2019/2033, ríomhfar scaireanna brabúis de chuid fostaithe, stiúrthóirí agus comhpháirtithe ar bhonn na nglanbhrabús.

4.   Chun críocha phointe (a), an chéad fhomhír, d’Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2019/2033, measfar go mbraitheann bónais foirne agus luach saothair eile ar ghlanbhrabús an ghnólachta infheistíochta na bliana sin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

gur íocadh na bónais foirne nó luach saothair eile atá le hasbhaint leis na fostaithe sa bhliain roimh an mbliain íocaíochta nó nach mbeidh aon tionchar ag íocaíocht na mbónas foirne nó luacha saothair foirne eile ar staid chuntais chaipitil an ghnólachta sa bhliain íocaíochta;

(b)

nach bhfuil oibleagáid ar an ngnólacht, i leith na bliana reatha agus i leith na blianta atá le teacht, tuilleadh bónas nó íocaíochtaí eile i gcineál luacha saothair a leithdháileadh nó a bhronnadh ach amháin má dhéanann sé glanbhrabús sa bhliain sin.

5.   I gcás inar thabhaigh tríú páirtithe, lena n-áirítear gníomhairí faoi cheangal, costais sheasta, thar ceann na ngnólachtaí infheistíochta, nach bhfuil san áireamh cheana féin laistigh de na costais iomlána sna ráitis airgeadais bhliantúla dá dtagraítear i mír 1, cuirfear na costais sheasta sin le costais iomlána an ghnólachta infheistíochta. I gcás ina mbeidh miondealú ar chostais an tríú páirtí ar fáil, ní chuirfidh gnólacht infheistíochta leis an bhfigiúr a sheasann do na costais iomlána ach an sciar de na costais sheasta sin is infheidhme maidir leis an ngnólacht infheistíochta. I gcás nach mbeidh miondealú den sórt sin ar fáil, ní chuirfidh an gnólacht infheistíochta leis an bhfigiúr a sheasann do na costais iomlána ach a sciar de chostais an tríú páirtí mar a eascraíonn sé as plean gnó an ghnólachta infheistíochta.

6.   Sa bhreis ar na hítimí atá le hasbhaint dá dtagraítear in Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2019/2033 asbhainfear na hítimí seo a leanas ó na costais iomlána, má áirítear iad faoi chostais iomlána i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta ábhartha:

(a)

táillí, bróicéireacht agus muirir eile arna íoc le contrapháirtithe lárnacha, le malartáin agus ionaid trádála eile agus le bróicéirí idirmheánacha chun idirbhearta a fhorghníomhú, a chlárú nó a imréiteach, ach amháin i gcás ina gcuirtear iad ar aghaidh chuig an gcustaiméir agus go ngearrtar iad ar an gcustaiméir go díreach. Ní áireofar leo sin táillí agus muirir eile is gá chun ballraíocht i gcontrapháirtithe lárnacha, stocmhalartáin agus ionaid trádála eile a choinneáil ar bun nó chun na hoibleagáidí airgeadais lena mbaineann maidir le roinnt caillteanais a chomhlíonadh;

(b)

ús ar airgead cliant arna íoc le custaiméirí sa chás nach bhfuil aon oibleagáid de chineál ar bith an t-ús sin a íoc;

(c)

caiteachas cánach i gcás ina bhfuil sé dlite i ndáil le brabúis bhliantúla an ghnólachta infheistíochta;

(d)

caillteanais de bharr trádáil dílseánaigh in ionstraimí airgeadais;

(e)

íocaíochtaí a bhaineann le comhaontuithe conartha maidir le brabús agus caillteanas a aistriú ar dá réir a bhfuil oibleagáid ar ghnólacht infheistíochta, tar éis dó a ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú, a thoradh bliantúil a aistriú chuig an máthairghnóthas;

(f)

íocaíochtaí le ciste le haghaidh riosca ginearálta baincéireachta i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

(g)

costais a bhaineann le hítimí arna n-asbhaint cheana as cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

I dteannta na nithe a liostaítear sa chéad fhomhír, féadfaidh cruthaitheoirí margaidh, mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an méid seo a leanas a asbhaint freisin (A):

A = B – 4×C, i gcás:

B

=

táillí trádála arna n-íoc ag an gcruthaitheoir margaidh d’idirbhearta a soláthraíonn gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh ina leith (méid bliantúil), i gcás nár cuireadh na táillí sin ar aghaidh chuig na custaiméirí agus nár gearradh iad ar na gcustaiméirí go díreach;

C

=

táillí trádála a thabhófaí chun punann urrús a dhíol atá coibhéiseach leis an bhfardal urrús ag deireadh an lae is mó, atá i seilbh an cruthaitheoir margaidh chun críocha cruthaithe margaidh, le linn na bliana roimhe sin.

Airteagal 2

Ríomh an cheanglais maidir le forchostais sheasta do dhéileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí

Maidir le caiteachas ar amhábhair i dtaca le gnólacht infheistíochta atá ag trádáil i ndíorthaigh an tráchtearra fhorluitigh, féadfaidh déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí an caiteachas sin a asbhaint.

Airteagal 3

An coincheap maidir le hathrú ábhartha

Measfar gur tharla athrú ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

mar thoradh ar athrú, i bhfoirm méadú nó i bhfoirm laghdú, ar ghníomhaíocht ghnó an ghnólachta athrú de 30 % nó níos mó i bhforchostais sheasta réamh-mheasta an ghnólachta den bhliain reatha;

(b)

mar thoradh ar athrú, i bhfoirm méadú nó i bhfoirm laghdú, ar ghníomhaíocht ghnó an ghnólachta, ar cheanglais cistí dílse an ghnólachta bunaithe ar fhorchostais sheasta réamh-mheasta na bliana reatha cothrom le EUR 2 milliún nó níos mó ná sin.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 314, 5.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


Top