Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1450

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1450 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le beatha neamhorgánach phróitéine a úsáid le haghaidh tógáil beostoic orgánaigh de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4275

    IO L 228, 2.9.2022, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1450/oj

    2.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 228/8


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1450 ÓN gCOIMISIÚN

    an 27 Meitheamh 2022

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le beatha neamhorgánach phróitéine a úsáid le haghaidh tógáil beostoic orgánaigh de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 22(1), pointí (b) agus (c) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 ar sholáthar beatha orgánaí próitéine do roinnt Ballstát ós rud é go raibh an Úcráin ar cheann de phríomhsholáthróirí na beatha sin le haghaidh muc-ainmhithe orgánacha agus éanlaith chlóis orgánach sna Ballstáit sin.

    (2)

    De thoradh neamh-infhaighteacht beatha orgánaí próitéine sna Ballstáit sin, tá bagairt ann don leanúnachas maidir le tógáil orgánach muc-ainmhithe orgánacha níos sine agus éanlaithe orgánaí níos sine nach gcumhdaítear leis na maoluithe dá bhforáiltear i bpointe 1.9.3.1(c) agus 1.9.4.2(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 lena gceadaítear ainmhithe óga a bheathú le suas le 5 % de bheatha neamhorgánach phróitéine.

    (3)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, a cheadú do na Ballstáit inar sainaithníodh go bhfuil imthosca turraingeacha ann sa chás seo i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2146 (2) maolú ar bhonn sealadach ar phointe 1.4.1(b) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 lena gceanglaítear gur cheart beostoc orgánach a bheathú le beatha orgánach nó beatha atá á tiontú, trí na maoluithe a leagtar amach i bpointe 1.9.3.1(c) agus pointe 1.9.4.2(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leathnú chuig catagóirí níos sine muc-ainmhithe agus éanlaithe clóis.

    (4)

    Chun críche trédhearcachta agus rialuithe, is gá an fhaisnéis faoi na maoluithe arna ndeonú a chomhroinnt ar bhealach comhchuibhithe idir na Ballstáit agus an Coimisiún trí chóras ríomhaireachta.

    (5)

    Is gá a áirithiú, maidir leis na hoibreoirí ar deonaíodh na maoluithe sin dóibh, go gcomhlíonann siad coinníollacha na maoluithe sin.

    (6)

    Chun críche rialuithe, ba cheart d’oibreoirí fianaise dhoiciméadach a choimeád lena gcruthaítear gur deonaíodh na maoluithe sin dóibh agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha lena mbaineann.

    (7)

    Ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 24 Feabhra 2022, is é sin dáta fhogha míleata na Rúise in aghaidh na hÚcráine,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Sna Ballstáit inar sainaithníodh mar imthosca turraingeacha neamh-infhaighteacht beatha orgánaí próitéine i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2146, féadfaidh na húdaráis inniúla na maoluithe a leagtar amach faoi phointe 1.9.3.1(c) agus pointe 1.9.4.2(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leathnú chuig catagóirí níos sine muc-ainmhithe agus éanlaithe clóis ná iad siúd dá dtagraítear sna pointí sin, ar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go mbeidh feidhm ag na maoluithe sin ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná mar is gá, agus ar aon chuma tréimhse nach faide ná 12 mhí;

    (b)

    go mbeidh feidhm ag na maoluithe sin maidir leis na hoibreoirí uile a thógann muc-ainmhithe orgánacha nó éanlaith chlóis orgánach.

    2.   Beidh cur i bhfeidhm na maoluithe dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do bhailíocht na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 le linn na tréimhse a bhfuil feidhm ag na maoluithe, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí lena mbaineann na coinníollacha faoinar deonaíodh na maoluithe sin.

    Airteagal 2

    1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill maidir leis na maoluithe a dheonaíonn a n-údaráis inniúla de bhun Airteagal 1(1) trí chóras ríomhaireachta a chuirtear ar fáil ag an gCoimisiún lena bhféadfar doiciméid leictreonacha agus faisnéis leictreonach a mhalartú.

    2.   Aon oibreoir a bhfuil feidhm ag na maoluithe arna ndeonú maidir leis, coimeádfaidh sé fianaise dhoiciméadach ar na maoluithe sin mar aon le húsáid na maoluithe sin le linn na tréimhse ina bhfuil feidhm ag na maoluithe sin.

    3.   Fíoróidh na húdaráis inniúla, nó i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe na mBallstát, comhlíontacht na n-oibreoirí le coinníollacha na maoluithe arna ndeonú.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 24 Feabhra 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

    (2)  OJ L 428, 18.12.2020, p. 5.


    Top