This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1446
Council Implementing Regulation (EU) 2022/1446 of 1 September 2022 implementing Regulation (EU) No 269/2014 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1446 ón gComhairle an 1 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin

ST/11827/2022/INIT
IO L 227I, 1.9.2022, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
1.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 227/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1446 ÓN gCOMHAIRLE
an 1 Meán Fómhair 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine agus leanann sé de ghníomhaíochtaí agus de bhearta lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine a cháineadh. |
(3) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart triúr atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine a leanas ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:
Daoine
|
Ainm |
Faisnéis chéannachta |
Ráiteas ar Chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“1230. |
Alla Viktorovna POLYAKOVA (Алла Викторовна ПОЛЯКОВА) |
Dáta breithe: 26.11.1970 Áit bhreithe: Ryazan, Russian Federation Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Comhalta den Dúma Stáit (State Duma) a vótáil i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise Chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V. Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh a thuilleadh an Úcráin. |
1.9.2022 |
1231. |
Anton Olegovich TKACHEV (Антон Олегович ТКАЧЁВ) |
Dáta breithe: 31.3.1994 Áit bhreithe: Voronezh, Russian Federation Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Comhalta den Dúma Stáit (State Duma) a vótáil i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise Chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V. Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh a thuilleadh an Úcráin. |
1.9.2022 |
1232. |
Valery Andreevich PONOMAREV (Валерий Андреевич ПОНОМАРЕВ) |
Dáta breithe: 17.8.1959 Áit bhreithe: Kurilsky District, Sakhalin Region, Russian Federation Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Comhalta den Chomhairle Cónaidhme (Federation Council) a dhaingnigh cinntí rialtais an ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk’. |
1.9.2022” |