This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1424
Commission Regulation (EU) 2022/1424 of 18 August 2022 establishing a fisheries closure for bigeye tuna in the Atlantic Ocean for vessels flying the flag of Portugal
Rialachán (AE) 2022/1424 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2022 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu
Rialachán (AE) 2022/1424 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2022 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu
C/2022/6044
IO L 219, 24.8.2022, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022
24.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 219/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1424 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Lúnasa 2022
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/109 (2) ón gComhairle cuótaí le haghaidh 2022. |
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2022 ídithe ag gabhálacha an stoic tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Idiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a leithdháiltear ar an bPortaingéil le haghaidh an stoic tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach le haghaidh 2022 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabhann na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Uimh. |
04/TQ109 |
Ballstát |
an Phortaingéil |
Stoc |
BET/ATLANT (lena n-áirítear BET/*ATLLL agus BET/*ATLPS) |
Speiceas |
Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus) |
Limistéar |
An tAigéan Atlantach |
Dáta deiridh |
25.7.2022 |