EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1372

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1372 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta sealadacha chun cosc a chur ar theacht isteach Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) san Aontas, ar a ghluaiseacht agus a leathadh laistigh den Aontas, ar a iolrú agus a scaoileadh ann

C/2022/5553

IO L 206, 8.8.2022, p. 16–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1372/oj

8.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 206/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1372 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Lúnasa 2022

maidir le bearta sealadacha chun cosc a chur ar theacht isteach Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) san Aontas, ar a ghluaiseacht agus a leathadh laistigh den Aontas, ar a iolrú agus a scaoileadh ann

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 128(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní liostaítear Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta nó mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (3).

(2)

In 2016, chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún gur aimsíodh Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) i dtosach ina críoch i limistéar táirgthe ríse i dTuaisceart na hIodáile. Ó shin i leith, tá sé aimsithe freisin i níos mó gort ríse agus bhí caillteanas barr suas le 50 % den ghnáth-tháirgeadh mar thoradh ar na hinmhíoluithe is tromchúisí.

(3)

Sa bhliain 2017, ghlac an Iodáil bearta oifigiúla chun cosc a chur ar Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) a thabhairt isteach ina críoch tuilleadh agus ar a leathadh laistigh di (4). Baineann Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) le plandaí fréamhaithe Oryza sativa L. den chuid is mó, plandaí a fhástar in ithir agus atá beartaithe le haghaidh plandú. Tá sé bainteach freisin le plandaí óstacha eile, mar shampla eorna, ach ar bhonn níos lú ná le plandaí fréamhaithe Oryza sativa L.

(4)

Is í an Iodáil an t-aon Bhallstát amháin faoi láthair ina ndeimhnítear gurb ann do Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield). Bunaithe ar mheasúnú riosca a rinne an Iodáil in 2018 (5), meastar go gcomhlíonann an lotnaid sin na critéir a leagtar amach i bhForoinn 2 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031. Dá bhrí sin, meastar gur gá bearta sealadacha a ghlacadh i gcoinne na lotnaide sin. Ba cheart a chur san áireamh sna bearta sin na príomhbhealaí atá ann trína leathann sé, amhail plandaí le haghaidh plandú, ithir, innealra agus uirlisí, agus aistriú daonna-cuidithe.

(5)

I réigiún áirithe laistigh den limistéar sin san Iodáil a tháirgeann rís, thángthas ar an gconclúid nach féidir Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) a dhíothú a thuilleadh. Ba cheart, dá bhrí sin, cead a bheith ag an Iodáil bearta a chur i bhfeidhm chun é a shrianadh laistigh den réigiún sin, seachas é a dhíothú. Ba cheart na bearta sin a bheith dírithe ar leibhéil Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) a choinneáil cobhsaí. Mar sin féin, má léiríonn suirbhéanna go bhfuil méadú ar leibhéil Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield), ba cheart bearta atá dírithe ar é a dhíothú a chur i bhfeidhm chun a leibhéil a laghdú arís agus a leathadh a chosc.

(6)

Ba cheart do na Ballstáit an pobal i gcoitinne agus oibreoirí gairmiúla ábhartha a chur ar an eolas faoi bhagairt Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) agus faoi na bearta a ghlactar ina choinne lena chinntiú go mbeidh cur chuige níos éifeachtaí ag gach duine a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an scéal. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit feasacht a ardú faoin mbaol a bhaineann lena leathadh trí choisbheart agus trí fheithiclí, toisc gurb iad na modhanna sin na modhanna is minice a úsáideann an pobal i gcoitinne.

(7)

Ba cheart suirbhéanna a dhéanamh sna limistéir chríochaithe agus ar phlandaí óstacha lasmuigh de na limistéir sin, chun go bhféadfaí láithreacht fhéideartha Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) a bhrath go luath agus a leathadh go dtí an chuid eile de chríoch an Aontais a chosc. Ba cheart do na Ballstáit suirbhéanna bliantúla a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú ar an mbaol go dtabharfaí Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) isteach iontu.

(8)

Ó tharla gurb ann d’fhianaise ón Iodáil agus i bhfianaise dháileadh leathan Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) i dtríú tíortha a tháirgeann rís, is gá a sheiceáil gur comhlíonadh coinníollacha áirithe sna tríú tíortha sin, maidir leis na plandaí fréamhaithe de chuid Oryza sativa L., le haghaidh plandú sular tugadh isteach san Aontas iad. Go háirithe, ba cheart go mbainfeadh na coinníollacha sin le saoirse an láithreáin nó na háite táirgthe ón lotnaid, leis na cigireachtaí oifigiúla a bhíonn le déanamh agus leis na dearbhuithe riachtanacha ar an deimhniú fíteashláintíochta. Is gá na coinníollacha sin a bheith ann chun a dheimhniú go bhfuil na plandaí sin saor ó Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield).

(9)

Ina theannta sin, is gá amharc-chigireacht a dhéanamh ar phlandaí fréamhaithe de chuid Oryza sativa L. le haghaidh plandú ar theacht na bplandaí dóibh, agus nuair a léiríonn siad siomptóim Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield), is gá sampláil agus tástáil a dhéanamh chun a bhrath an ann don lotnaid sin, d’fhonn a shainaithint an bhféadfadh sé a bheith ann nó d’fhonn a dheimhniú nach ann dó.

(10)

Ba cheart bearta a chur ar fáil freisin maidir le gluaiseacht plandaí fréamhaithe Oryza sativa L. laistigh den Aontas, ar plandaí iad de thionscnamh an Aontais. Chun leibhéal iomchuí cosanta fíteashláintíochta a áirithiú, ba cheart toirmeasc a chur ar ghluaiseacht na bplandaí agus na hithreach sin ó na limistéir chríochaithe chuig an gcuid eile de chríoch an Aontais.

(11)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh tréimhse leordhóthanach chun go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh air agus athbhreithniú a dhéanamh ar láithreacht agus leathadh Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield).

(12)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar amach rialacha chun cosc a chur ar theacht isteach Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) san Aontas, ar a ghluaiseacht agus a leathadh laistigh den Aontas, ar a iolrú agus a scaoileadh ann.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “an lotnaid shonraithe”Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield);

(2)

ciallaíonn “plandaí sonraithe” plandaí le haghaidh plandú, seachas síolta, le fréamhacha Oryza sativa L., a fásadh in ithir;

(3)

ciallaíonn “plandaí óstacha” plandaí le haghaidh plandú le fréamhacha de chuid na ngéineas agus na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I, a fásadh in ithir;

(4)

ciallaíonn “plandaí óstacha deonacha” plandaí óstacha atá le feiceáil sna háiteanna táirgthe gan bheith plandaithe ann;

(5)

ciallaíonn “síolta sonraithe” síolta Oryza sativa L.;

(6)

ciallaíonn “réada sonraithe” innealra, uirlisí, feithiclí agus trealamh pearsanta, a úsáideadh le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis na plandaí óstacha a phlandú, a chóireáil nó a bhaint;

(7)

ciallaíonn “limistéar críochaithe” an limistéar ina bhfuil crios inmhíolaithe agus crios maolánach a bhunaítear nuair a aimsítear an lotnaid shonraithe;

(8)

ciallaíonn “crios inmhíolaithe” crios ina bhfuil an méid seo a leanas sa ghort nó sna goirt Oryza sativa L.:

(a)

gach planda óstach arb eol é a bheith inmhíolaithe leis an lotnaid shonraithe;

(b)

gach planda óstach a léiríonn siomptóim go bhfuil sé inmhíolaithe ag an lotnaid shonraithe;

(c)

gach planda eile a bhfuil amhras ann go bhfuil sé inmhíolaithe nó atá inmhíolaithe leis anlotnaid shonraithe, lena n-áirítear plandaí a d’fhéadfadh a bheith inmhíolaithe toisc iad a bheith so-ghabhálach i leith na lotnaide sin agus toisc iad a bheith gar do phlandaí sonraithe inmhíolaithe, nó do phlandaí a fásadh astu;

(d)

talamh, ithir nó eilimintí eile atá inmhíolaithe, nó a d’fhéadfadh a bheith inmhíolaithe, leis an lotnaid shonraithe;

(9)

ciallaíonn “crios maolánach” crios atá 100 m ar a laghad ar leithead, agus é thart ar an gcrios inmhíolaithe;

(10)

ciallaíonn “modh na mbarr gaiste” an modh faoina gcuirtear plandaí sonraithe áirithe go sealadach i ngort inmhíolaithe, chun an lotnaid shonraithe a ghaistiú, agus faoina ndéantar na plandaí sin a bhaint agus a scriosadh ina dhiaidh sin, chun plandaí sonraithe eile a chosaint ón lotnaid sin sa ghort céanna.

Airteagal 3

Toirmeasc ar thabhairt isteach agus ar ghluaiseacht laistigh den Aontas

Ní thabharfar an lotnaid shonraithe isteach san Aontas, ní ghluaisfear nó ní choinneofar í, ní iolrófar í ná ní scaoilfear í laistigh de chríoch an Aontais.

Airteagal 4

Limistéir chríochaithe a bhunú

1.   I gcás ina ndeimhnítear go bhfuil an lotnaid shonraithe i gcríoch an Aontais, bunóidh gach Ballstát lena mbaineann limistéar críochaithe láithreach.

2.   Má dhearbhaítear láithreacht na lotnaide sonraithe sa chrios maolánach, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann teorannú an chreasa inmhíolaithe agus an chreasa mhaolánaigh a athbhreithniú agus a mhodhnú dá réir.

3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi líon agus suíomh na limistéar críochaithe a bunaíodh le haghaidh na lotnaide sonraithe de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/2031.

4.   Ar bhonn na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 8, i gcás nach mbraitear an lotnaid shonraithe i limistéar críochaithe ar feadh tréimhse 3 bliana as a chéile, féadfar deireadh a chur leis an limistéar críochaithe sin. Sna cásanna sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas go bhfuil deireadh curtha leis an limistéar críochaithe de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2016/2031.

Airteagal 5

Bearta díothaithe

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann gach ceann de na bearta seo a leanas i bhfeidhm sa limistéar críochaithe nó sna limistéir chríochaithe chun an lotnaid shonraithe a dhíothú:

(1)

déanfar na plandaí sonraithe sa chrios inmhíolaithe a bhaint agus a scriosadh i ngoirt atá gar don bhuaint. Scriosfar na plandaí sonraithe, in situ nó in áit in aice láimhe a bheidh ainmnithe chun na críche sin laistigh den chrios inmhíolaithe, ar bhealach lena n-áiritheofar nach leathfar an lotnaid shonraithe;

(2)

ní chuirfear síolta sonraithe ná ní phlandófar plandaí óstacha sa chrios inmhíolaithe;

(3)

déanfar plandaí óstacha deonacha a dhíothú go rialta;

(4)

déanfar na goirt sa chrios inmhíolaithe a chur faoi uisce go leanúnach ar feadh níos mó ná 18 mí. Mura féidir na goirt a chur faoi uisce go leanúnach, cuirfear i bhfeidhm modh na mbarr gaiste, nó modhanna eile lena gcuirtear cosc ar lotnaid a saolré a thabhairt chun críche;

(5)

scriosfar plandaí sonraithe a úsáidtear le haghaidh an mhodha bharra gaiste laistigh de 5 seachtaine tar éis iad a phlandú;

(6)

réada sonraithe a úsáideadh i gcrios inmhíolaithe, déanfar iad a ghlanadh ó smionagar ithreach agus plandaí sula n-aistreofar iad go dtí na goirt máguaird. Agus an smionagar á ghlanadh, seachnófar a scaipeadh lasmuigh den ghort inmhíolaithe.

Airteagal 6

Bearta srianta

1.   Sna limistéir chríochaithe a liostaítear in Iarscríbhinn II, cuirfidh an t-údarás inniúil na bearta uile seo a leanas i bhfeidhm chun an lotnaid shonraithe a shrianadh laistigh de na limistéir sin agus chun a leathadh lasmuigh de na limistéir sin a chosc:

(a)

ní fhéadfar síolta sonraithe a chur agus plandaí sonraithe a phlandú ach amháin má tá ceann amháin de na bearta fíteashláintíochta seo a leanas déanta:

(i)

an talamh a bheith coimeádta faoi uisce go leanúnach ar feadh 6 mhí ar a laghad ón mbuaint deiridh;

(ii)

modh na mbarr gaiste trína scriosfar plandaí sonraithe laistigh de chúig seachtaine tar éis iad a phlandú;

(iii)

uainíocht na mbarr a dhéanamh le plandaí nach plandaí óstacha iad nó le plandaí óstacha saothraithe den ghéineas Brassica L. nó de na speicis Allium cepa L., Glycine max (L.) Merr., Hordeum vulgare L., Panicum miliaceum L., Sorghum bicolor (L.) Moench, Triticum aestivum L. agus Zea mays L., plandaí atá ceaptha le haghaidh bleibeanna, glasraí nó gráinní a thairgeadh, le haghaidh na n-úsáideoirí deiridh seachas úsáid a bhaint astu mar phlandaí le haghaidh plandú;

(b)

déanfar plandaí óstacha deonacha a dhíothú go rialta;

(c)

réada sonraithe a úsáideadh sa ghort inmhíolaithe, déanfar iad a ghlanadh ó smionagar ithreach agus plandaí sula n-aistreofar iad go dtí na goirt máguaird. Agus an smionagar á ghlanadh, seachnófar a scaipeadh lasmuigh den ghort inmhíolaithe.

2.   Má léiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil méadú tagtha ar láithreacht na lotnaide sonraithe, cuirfidh an t-údarás inniúil na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 i bhfeidhm sna limistéir chríochaithe faoi seach.

Airteagal 7

Ardú feasachta

Maidir leis an limistéar críochaithe nó na limistéir chríochaithe ar cuireadh na bearta díothaithe agus srianta dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 i bhfeidhm ina leith, déanfaidh an Ballstát atá i gceist feasacht an phobail a ardú maidir le bagairt na lotnaide sonraithe agus leis na bearta a glacadh chun cosc a chur lena leathadh tuilleadh lasmuigh de na limistéir chríochaithe. Áiritheoidh sé go bhfuil an pobal i gcoitinne agus na hoibreoirí ábhartha ar an eolas faoi theorannú an limistéir chríochaithe nó na limistéar críochaithe, faoin gcrios inmhíolaithe agus faoin gcrios maolánach.

Airteagal 8

Suirbhéanna ar an lotnaid shonraithe i gcríoch na mBallstát

1.   Déanfaidh na Ballstáit suirbhéanna oifigiúla bliantúla maidir le láithreacht na lotnaide sonraithe ar phlandaí óstacha ina gcríoch, agus tosaíocht á tabhairt do na suirbhéanna ar na plandaí sonraithe. Beidh na suirbhéanna sin rioscabhunaithe.

Faoin 30 Aibreán gach bliain déanfaidh na Ballstáit torthaí na suirbhéanna a rinneadh lasmuigh de na limistéir chríochaithe a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile, suirbhéanna atá bunaithe ar na teimpléid dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún (6).

2.   I limistéir chríochaithe, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann faireachán ar fhorbairt láithreacht na lotnaide sonraithe. Faoin 30 Aibreán gach bliain déanfaidh an Ballstát lena mbaineann torthaí na suirbhéanna a rinneadh agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile.

3.   Is éard a bheidh sna suirbhéanna sin scrúduithe amhairc ar phlandaí óstacha, sampláil ar phlandaí óstacha siomptómacha agus, nuair is iomchuí, ar phlandaí óstacha aisiomptómacha i gcóngar na bplandaí óstacha siomptómacha, agus ar an ithir. Déanfar córas fréimhe na bplandaí arna sampláil a sheiceáil an bhfuil gál na lotnaide sonraithe ann.

4.   Tógfar samplaí ithreach in aice le plandaí óstacha siomptómacha. Déanfar an ithir a shampláil ag doimhneacht 20-25 cm. Sna goirt faoi fhaireachas, tógfar samplaí ithreach i ngreille dhronuilleogach a chlúdóidh an gort iomlán ar achar samplála nach mó ná 20 m ar fad agus nach mó ná 5 m ar leithead. Is 500 ml a bheidh i méid an tsampla suas le hachar dromchla iomlán 1 ha.

Airteagal 9

Gluaiseacht na bplandaí sonraithe, na hithreach, na síolta sonraithe, agus na réad sonraithe

1.   Beidh toirmeasc ar ghluaiseacht plandaí sonraithe amach as na limistéir chríochaithe.

2.   Beidh toirmeasc ar ghluaiseacht laistigh de na limistéir chríochaithe ithreach inar fásadh plandaí sonraithe sna 3 bliana roimhe sin ná amach astu.

3.   Ní cheadófar gluaiseacht síolta sonraithe laistigh de na limistéir chríochaithe ná amach astu ach amháin má bhíonn na síolta saor ó smionagar ithreach agus plandaí.

4.   Ní cheadófar gluaiseacht réad sonraithe amach as na limistéir chríochaithe ach amháin má dhéantar iad a ghlanadh agus má fhaightear iad saor ó ithir.

Airteagal 10

Plandaí sonraithe agus síolta sonraithe a thabhairt isteach san Aontas

Ní fhéadfar plandaí sonraithe agus síolta sonraithe de thionscnamh tríú tíortha a thabhairt isteach san Aontas ach amháin má chomhlíonann na húdaráis inniúla nó na hoibreoirí gairmiúla, faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil, na ceanglais uile seo a leanas:

(1)

maidir leis na plandaí sonraithe a táirgeadh in áit saor ó lotnaidí nó i láithreán táirgthe saor ó lotnaidí, go ndéanfar iniúchadh oifigiúil orthu san áit sin nó ag an láithreán táirgthe sin, ag an am is iomchuí chun siomptóim ionfhabhtaithe a bhrath le linn an timthrialla iomláin deiridh den fhásra roimh an onnmhairiú, agus go bhfaightear saor ón lotnaid shonraithe iad;

(2)

go ndearnadh cigireachtaí oifigiúla ag an am is iomchuí chun siomptóim ionfhabhtaithe a bhrath le linn an timthrialla iomláin deiridh d’fhásra roimh an onnmhairiú i gcrios ar leithead 100 m ar a laghad agus timpeall ar an áit nó ar an láithreán táirgthe dá dtagraítear i bpointe (1);

(3)

gur scriosadh láithreach aon phlandaí sonraithe sa chrios timpeall ar an áit saor ó lotnaidí nó an láithreán táirgthe saor ó lotnaidí a léiríonn siomptóim ionfhabhtaithe le linn na gcigireachtaí sin;

(4)

go bhfuil deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na plandaí sonraithe, lena n-áirítear, i gcomhréir le hAirteagal 71(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, faoin gceannteideal “Dearbhú breise”, ceann amháin de na ráitis seo a leanas:

(a)

“Aithníonn eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí de thír thionscnaimh na bplandaí sonraithe go bhfuil an tír atá i gceist saor ón lotnaid shonraithe i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha maidir le bearta fíteashláintíochta.”;

(b)

“Tionscnaíonn na plandaí sonraithe ó limistéar saor ó lotnaidí, arna bhunú maidir leis an lotnaid shonraithe ag eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí thríú tír an limistéir lena mbaineann, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha maidir le bearta fíteashláintíochta. Áireofar ainm an limistéir saor ó lotnaidí sa deimhniú fíteashláintíochta faoin gceannteideal “Áit tionscnaimh”.”;

(c)

“Táirgeadh na plandaí sonraithe in áit saor ó lotnaidí nó i láithreán táirgthe saor ó lotnaidí, arna bhunú maidir leis an lotnaid shonraithe ag eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí an tríú tír lena mbaineann, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha maidir le bearta fíteashláintíochta (Ceanglais maidir le háiteanna táirgthe saor ó lotnaidí agus láithreáin táirgeachta saor ó lotnaidí a bhunú. CIBF Uimh. 10 (1999), an Róimh, IPPC, FAO 2016) agus táirgeadh iad i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1372 ón gCoimisiún (*1);

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1372 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta sealadacha chun cosc a chur ar theacht isteach Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) san Aontas, ar a ghluaiseacht agus a leathadh laistigh den Aontas, ar a iolrú agus a scaoileadh ann (IO L 206, 8.8.2022, lch. 16).”;"

(5)

áirítear sa deimhniú fíteashláintíochta a ghabhann le síolta sonraithe de thionscnamh tríú tíortha, faoin gceannteideal “Dearbhú breise”, an fhaisnéis go bhfuil na síolta saor ó ithir agus smionagar.

Airteagal 11

Sampláil agus tástáil plandaí sonraithe a léiríonn siomptóim na lotnaide sonraithe

Na plandaí sonraithe a thugtar isteach san Aontas ó thríú tír agus, ar chigireacht amhairc, a léiríonn siomptóim na lotnaide sonraithe, déanfar iad a shampláil agus a thástáil chun láithreacht na lotnaide sin a shainaithint.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4..

(2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(4)  Misure d’emergenza per impedire la diffusione di Meloidogyne graminicola Golden & Birchfield nel territorio della Repubblica italiana. Decreto 6 luglio 2017, Gazzetta ufficiale della Repubblica Italiana. Serie generale n. 202, 30.8.2017.

(5)  Anailís riosca lotnaide maidir le Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) arna déanamh ag Consiglio per la ricerca in agricoltura e l”analisi dell”economia agraria (CREA).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2020 maidir leis an bhformáid agus na treoracha le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla maidir le torthaí na suirbhéanna agus maidir le formáid na gclár ilbhliantúil suirbhéireachta agus na socruithe praiticiúla, dá bhforáiltear faoi seach in Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 280, 28.8.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Liosta de na plandaí óstacha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (3)

Géineas nó speiceas

Ageratum conyzoides L.

Alisma plantago L.

Allium cepa L.

Alopecurus L.

Amaranthus spinosus L.

Amaranthus viridis L.

Avena sativa L.

Beta vulgaris L.

Brassica L.

Capsicum annuum L.

Centella asiatica (L.) Urb.

Colocasia esculenta (L.) Schott

Coriandrum sativum L.

Cucumis sativus L.

Cymbopogon citratus (DC.) Stapf

Cynodon dactylon (L.) Pers.

Cyperus compressus L.

Cyperus difformis L.

Cyperus iria L.

Cyperus rotundus L.

Dactyloctenium aegyptium (L.) Willd.

Digitaria filiformis (L.) Köler

Digitaria sanguinalis (L.) Scop.

Echinochloa colona (L.) Link

Echinochloa crus-galli (L.) P. Beauv.

Eclipta prostrata (L.) L.

Eleusine coracana (L.) Gaertn.

Eleusine indica (L.) Gaertn.

Fimbristylis dichotoma var. pluristriata (C.B.Clarke) Napper

Gamochaeta coarctata (L.) Cabrera

Glycine max (L.) Merr.

Heteranthera reniformis Ruiz & Pav.

Hordeum vulgare L.

Hydrilla Rich.

Impatiens balsamina L.

Imperata cylindrica (L.) Raeusch.

Kyllinga brevifolia Rottb.

Lactuca sativa L.

Ludwigia L.

Melilotus albus Medik.

Murdannia keisak (Hassk.) Hand.-Mazz.

Musa L.

Oryza sativa L.

Oxalis corniculata L.

Panicum L.

Pennisetum glaucum (L.) R. Br.

Pisum sativum L.

Poa annua L.

Portulaca oleracea L.

Ranunculus L.

Saccharum officinarum L.

Schoenoplectus articulatus (L.) Palla

Schoenoplectiella articulata (L.) Lye

Setaria italica (L.) P. Beauv.

Solanum lycopersicum L.

Solanum melongena L.

Solanum nigrum L.

Solanum sisymbriifolium Lam.

Solanum tuberosum L.

Sorghum bicolor (L.) Moench

Spergula arvensis L.

Spinacia oleracea L.

Stellaria media (L.) Vill.

Trifolium repens L.

Triticum aestivum L.

Urena lobata L.

Vicia faba L.

Zea mays L.


IARSCRÍBHINN II

Limistéir chríochaithe dá dtagraítear in Airteagal 6

an Iodáil

Liosta de bhardais i limistéir chríochaithe san Iodáil

Réigiún

Cúige

Bardais

Lombardy

Pavia

Alagna, Carbonara al Ticino, Cilavegna, Dorno, Gambolò, Garlasco, Gropello Cairoli, Linarolo, Parona, Pieve Albignola, Sannazzaro de” Burgondi, Scaldasole, Sommo, Tromello, Trovo, Vigevano, Villanova d’Ardenghi, Zerbolò, Zinasco

Piedmont

Biella

Castelletto Cervo, Gifflenga, Mottalciata

Piedmont

Vercelli

Buronzo


IARSCRÍBHINN III

Teimpléad le haghaidh thorthaí na suirbhéanna arna ndéanamh de bhun Airteagal 8(2) i limistéir chríochaithe a thuairisciú

1.

Tuairisc ar an limistéar críochaithe

2.

Méid tosaigh an limistéir chríochaithe (ha)

3.

Méid nuashonraithe an limistéir chríochaithe (ha)

4.

Cur chuige

5.

Crios

6.

Láithreáin suirbhéireachta

7.

Limistéir riosca arna sainaithint

8.

Limistéir riosca a ndearnadh cigireacht orthu

9.

Ábhar plandaí/Tráchtearra

10.

Liosta de na speicis plandaí óstacha

11.

Uainiú

12.

Sonraí an tsuirbhé

A)

An líon scrúduithe amhairc

B)

An líon iomlán samplaí a tógadh

C)

Cineálacha gaistí (nó modh malartach eile (e.g. líonta scuabtha))

D)

An líon gaistí (nó modh gabhála eile)

E)

An líon láithreán gaisteoireachta, nuair nach ionann iad agus na sonraí arna dtuairisciú in (D)

F)

Cineál tástálacha (e.g. sainaithint mhicreascópach, PCR, ELISA, etc.)

G)

An líon iomlán tástálacha

H)

Bearta eile (e.g. madraí bolaíochta, ladrainn, héileacaptair, feachtais ardaithe feasachta etc.)

I)

An líon beart eile

13.

Líon na samplaí siomptómacha a ndearnadh anailís orthu:

i:

Iomlán

ii:

Deimhneach

iii:

Diúltach

iv:

Éiginnte

14.

Líon na samplaí aisiomptómacha a ndearnadh anailís orthu:

i:

Iomlán

ii:

Deimhneach

iii:

Diúltach

iv:

Éiginnte

15.

Nótaí

Ainm

Dáta a bhunaithe

Tuairisc

Uimhir

A

B

C

D

E

F

G

H

I

i

ii

iii

iv

i

ii

iii

iv

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Treoracha maidir le conas tuairisciú a dhéanamh

Le haghaidh colún 1: Sonraigh ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (DA) a shainaithint agus an dáta a bunaíodh é.

Le haghaidh colún 2: Sonraigh mhéid an DA roimh thús an tsuirbhé.

Le haghaidh colún 3: Sonraigh mhéid an DA tar éis don suirbhé a bheith déanta.

Le haghaidh colún 4: Sonraigh an cur chuige: Díothú (E)/Srianadh (C). Cuir san áireamh an oiread sraitheanna agus is gá, ag brath ar an líon DA in aghaidh na lotnaide agus ar na cineálacha cur chuige a bhfuil na réimsí seo faoina réir.

Le haghaidh colún 5: Tabhair le fios crios an DA ina ndearnadh an suirbhé, ag cur san áireamh a oiread sraitheanna agus is gá: Crios inmhíolaithe (IZ) nó crios maolánach (BZ), agus sraitheanna ar leith á n-úsáid. Nuair is infheidhme, sonraigh limistéar an IZ ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh in aice leis an BZ, timpeall ar phlandlanna, etc.) i sraitheanna éagsúla.

Le haghaidh colún 6: Sonraigh uimhir na láithreán suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú don tuairisc:

1.

Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1. gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois;

2.

Faoin aer (eile): 2.1. gairdín príobháideach; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhnaithe; 2.4. plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad; 2.5. eile, le sonrú an cháis ar leith (e.g. ionaid gharraíodóireachta, suíomhanna tráchtála ina mbaintear úsáid as ábhar pacáistíochta adhmaid, an tionscal adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála, etc.);

3.

Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, le sonrú an cháis ar leith (e.g. ionaid gharraíodóireachta, suíomhanna tráchtála ina mbaintear úsáid as ábhar pacáistíochta adhmaid, an tionscal adhmaid).

Le haghaidh colún 7: Sonraigh cé na réimsí riosca a shainaithnítear bunaithe ar bhitheolaíocht na lotnaide nó na lotnaidí, láithreacht plandaí óstacha, dálaí éicea-aeráide agus suíomhanna riosca.

Le haghaidh colún 8: Sonraigh na limistéir riosca a áirítear sa suirbhé, ó na cinn sin a shainaithnítear i gcolún 7.

Le haghaidh colún 9: Sonraigh plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, uisce, eile, agus sonraigh an cás ar leith.

Le haghaidh colún 10: Sonraigh liosta na speiceas plandaí/géinis a ndearnadh suirbhé orthu. Úsáid sraith amháin in aghaidh an speicis/na ngéinis plandaí nuair a éilítear é faoin gceanglas sonrach maidir le suirbhé dlíthiúil lotnaidí.

Le haghaidh colún 11: Sonraigh na míonna den bhliain ina ndearnadh an suirbhé.

Le haghaidh colún 12: Sonraigh sonraí an tsuirbhé, ag brath ar na ceanglais shonracha dhlíthiúla a bhaineann le gach lotnaid. Sonraigh le NA nuair nach bhfuil feidhm ag an bhfaisnéis i gcolún áirithe.

Le haghaidh colúin 13 agus 14: Sonraigh na torthaí, más infheidhme, agus an fhaisnéis atá ar fáil sna colúin chomhfhreagracha á soláthar. Is éard is “neamhchinntithe” ann na samplaí sin a ndearnadh anailís orthu nach bhfuarthas aon toradh ina leith de bharr tosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte – nár aithníodh, sean, etc.)


Top