Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1371

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1371 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/5552

    IO L 206, 8.8.2022, p. 15–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1371/oj

    8.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 206/15


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1371 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Lúnasa 2022

    lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sna leaganacha Bulgáirise, Danmhairgise, Eastóinise, Fionlainnise, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise, Laitvise, Ollainnise, Portaingéilise, Seicise, Slóivéinise agus Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 38(6) a athraíonn brí na forála sin nó tá foclaíocht ann a bhféadfadh míthuiscint a bheith mar thoradh uirthi, a mhéid a bhaineann leis an tréimhse shonraithe ama agus dá dtagraíonn sí.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Bulgáirise, Danmhairgise, Eastóinise, Fionlainnise, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise, Laitvise, Ollainnise, Portaingéilise, Seicise, Slóivéinise agus Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

    (3)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide a tugadh an 9 Feabhra 2022,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).


    Top