This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1365
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1365 of 4 August 2022 amending Implementing Regulation (EU) 2017/2470 as regards the conditions of use of the novel food Schizochytrium sp. oil rich in DHA and EPA (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1365 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1365 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/5542
IO L 205, 5.8.2022, p. 230–233
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 205/230 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1365 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Lúnasa 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
Ar liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 áirítear ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch mar bhia núíosach údaraithe. |
(4) |
De bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), údaraíodh ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch le cur ar an margadh mar bhia núíosach le húsáid i roinnt bianna. |
(5) |
Rinne Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/546 ón gCoimisiún (4) leasú ar choinníollacha úsáide ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch. Go háirithe, leathnaíodh úsáid ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch chuig bianna breise, is iad sin, forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(6) |
An 8 Nollaig 2021, chuir an chuideachta DSM Nutritional Products (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch a leasú. D’iarr an t-iarratasóir úsáid ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch a leathnú chun analóga éisc agus analóga feola ag leibhéil 300 mg/100 g agus 300 mg/100 g faoi seach, atá beartaithe don phobal i gcoitinne. |
(7) |
Measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh tionchar ag an nuashonrú a iarradh ar liosta an Aontais ar shláinte an duine agus nach gá don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht sábháilteachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. Mar thoradh ar an leathnú úsáide a iarradh, beidh iontógáil ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch, i dteannta na n-iontógálacha ó úsáidí údaraithe an bhia núíosaigh faoi láthair, inchomparáide leis na hiontógálacha a mheas an tÚdarás (6) a bheith sábháilte agus lenar tacaíodh le leathnú úsáid ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/546. Dá bhrí sin, is iomchuí coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch a leasú trína úsáid a leathnú chuig analóga éisc agus analóga feola. |
(8) |
Is leor na forais atá le fáil san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas chun a shuí go bhfuil na hathruithe ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
(10) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosacha (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/546 ón gCoimisiún an 31 Márta 2015 lena n-údaraítear leathnú ar úsáid ola atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch ón miocralgaí Schizochytrium sp. mar chomhábhar bia núíosach faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 90, 2.4.2015, lch. 11).
(5) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).
(6) Tuairim Eolaíoch maidir le leathnú úsáide le haghaidh ola algach atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch ó Schizochytrium sp. mar chomhábhar Bia Núíosaigh (Iris EFSA 2014;12(10):3843).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch’ i dTábla 1 (Bia núíosacha údaraithe) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:
Bia núíosach údaraithe |
Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid |
Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise |
Ceanglais eile |
Cosaint sonraí |
|
“Ola Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch |
Catagóir bhia shonraithe |
Uasleibhéil aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch le chéile |
Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘Ola ón miocralga Schizochytrium sp. atá saibhir in aigéad docaisiheicséanóch agus in aigéad icisipeintéanóch’ an t-ainmniú a bheidh air.” |
|
|
Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE le haghaidh daoine fásta, seachas mná atá torrach ná ag cothú leis an gcíoch |
3 000 mg/lá |
||||
Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE do mhná torracha agus do mhná atá ag cothú leis an gcíoch |
450 mg/lá |
||||
Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 |
I gcomhréir le ceanglais chothaitheacha shonracha na ndaoine a bhfuil na táirgí ceaptha dóibh |
||||
Ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 agus ionadaigh ar bhéile chun meáchan a rialú |
250 mg/béile |
||||
Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla le haghaidh leanaí óga |
200 mg/100 g |
||||
Bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 |
|||||
Bianna a bhfuil sé beartaithe a n-úsáid chun na ceanglais a bhaineann le dianiarracht mhatánach a chomhlíonadh, go háirithe i gcás lucht spóirt |
|||||
Bianna a bhfuil ráitis orthu maidir le glútan gan bheith iontu nó níos lú de a bheith iontu i gcomhréir le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2014 ón gCoimisiún |
|||||
Táirgí bácúis (aráin, rollaí agus brioscaí milse) |
|||||
Gránaigh bhricfeasta |
500 mg/100 g |
||||
Saillte cócaireachta |
360 mg/100 g |
||||
Analóga déiríochta, seachas deochanna |
600 mg/100 g i gcás cáise; 200 mg/100 g i gcás táirgí soighe agus bainne bréige (seachas deochanna) |
||||
Táirgí déiríochta seachas deochanna bainnebhunaithe |
600 mg/100 g i gcás cáise; 200 mg/100 g i gcás táirgí bainne (lena n-áirítear bainne, fromage frais agus táirgí iógart; seachas deochanna) |
||||
Deochanna neamhalcólacha (lena n-áirítear deochanna analóga déiríochta agus deochanna bainnebhunaithe) |
80 mg/100 g |
||||
Barraí gránach/cothú |
500 mg/100 g |
||||
Saillte agus blastáin inleata |
600 mg/100 g |
||||
Analóga éisc |
300 mg/100 g |
||||
Analóga feola |
300 mg/100 g |