EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1345

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1345 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena leagtar síos rialacha i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clárú agus formheas bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5374

IO L 202, 2.8.2022, p. 27–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1345/oj

2.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 202/27


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1345 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Lúnasa 2022

lena leagtar síos rialacha i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clárú agus formheas bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“An Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 86(1) agus (2) agus Airteagal 96(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le galair ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear rialacha maidir le clárú bhunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha agus formheas ón údarás inniúil maidir leis na bunaíochtaí sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (2) forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na cláir atá le coimeád ag údarás inniúil na mbunaíochtaí cláraithe agus formheasta, bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha atá cláraithe leis nó atá formheasta aige.

(3)

Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 18, pointe (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áireoidh an t-údarás inniúil ina chlár de bhunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus de ghorlanna atá cláraithe leis, seoladh agus comhordanáidí geografacha (domhanleithead agus domhanfhad) shuíomh na bunaíochta. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 18, pointe (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áireoidh an t-údarás inniúil sa chlár sin faisnéis faoin tréimhse ar lena linn a choimeádtar ainmhithe nó uibheacha goir sa bhunaíocht mura bhfuil sí á háitiú go leanúnach, lena n-áirítear áitíocht shéasúrach nó áitíocht le linn imeachtaí ar leith. Foráiltear le hAirteagal 84(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/429 maidir le hoibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún nó ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha go gcuirfidh siad faisnéis áirithe ar fáil don údarás inniúil chun go mbeidh a mbunaíochtaí cláraithe, ach ní áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis mhionsonraithe uile a cheanglaítear faoi Airteagal 18, pointí (d) agus (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Is iomchuí, dá bhrí sin, ceanglas a leagan síos ar oibreoirí bunaíochtaí le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann an fhaisnéis mhionsonraithe sin a chur ar fáil don údarás inniúil chun críche clárúcháin.

(4)

Ar an gcaoi chéanna, foráiltear le hAirteagal 21, pointí (d) agus (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áireoidh an t-údarás inniúil ina chlár de bhunaíochtaí atá formheasta aige an fhaisnéis mhionsonraithe chéanna a cheanglaítear le hAirteagal 18, pointí (d) agus (h), den Rialachán Tarmligthe sin. Le hAirteagal 96(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ceanglaítear ar oibreoirí faisnéis áirithe a chur ar fáil don údarás inniúil chun críocha a n-iarratas ar fhormheas maidir lena mbunaíocht, ach ní áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis mhionsonraithe uile a cheanglaítear faoi Airteagal 21, pointí (d) agus (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Is iomchuí, dá bhrí sin, ceanglas a leagan síos ar oibreoirí bunaíochtaí le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann an fhaisnéis mhionsonraithe sin a chur ar fáil don údarás inniúil chun críche formheasta.

(5)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429 go bhféadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar Airteagal 84(1) den Rialachán sin, catagóirí áirithe bunaíochtaí a mbaineann riosca neamhshuntasach leo do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin. Ní fhéadfar díolúintí den sórt sin a dheonú ach amháin má tá na catagóirí bunaíochtaí sin de chineál a thagann faoi na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 86(2) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochtaí a mbaineann riosca neamhshuntasach leo a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas maidir le clárú i gcomhréir le hAirteagal 85.

(6)

Maidir le bunaíochtaí áirithe, go háirithe iad sin ina gcoimeádtar crúbaigh, ní féidir a mheas go mbaineann riosca neamhshuntasach leo, dá dtagraítear in Airteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429, de bharr roinnt galar liostaithe a d’fhéadfadh crúbaigh a tharchur, galair a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stádas sláinte ainmhithe bunaíochtaí nó criosanna i ndáil leis sin. Ar an gcaoi chéanna, maidir le madraí, cait agus firéid a choimeádtar i mbunaíocht chun críocha pórúcháin, ní féidir a mheas go bhfuil riosca neamhshuntasach ag baint leo, go háirithe ó thaobh shláinte an duine de.

(7)

Is toisc riosca tábhachtach do shláinte ainmhithe agus do shláinte an duine é gluaiseacht ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil riosca neamhshuntasach ag baint le bunaíochtaí ina ndéanfar gluaiseachtaí, go háirithe gluaiseachtaí isteach i mBallstáit eile nó amach astu nó chuig tríú tíortha nó amach astu. Mar sin féin, i gcás bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch le leanúnachas ar leith agus nach é an príomhchuspóir atá ann gluaiseachtaí na hainmhithe sin, na táirgí geirmeacha sin nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch sin isteach sa bhunaíocht nó amach aisti, is féidir a mheas go bhfuil riosca neamhshuntasach ag baint leis na bunaíochtaí sin, fiú dá ndéanfaí gluaiseachtaí den sórt sin ó am go ham.

(8)

Is minic a choimeádann oibreoirí ainmhithe talún de roinnt speiceas éagsúla sa bhunaíocht chéanna. I gcás ina ndéanann Ballstát catagóirí áirithe bunaíochtaí a mbaineann riosca neamhshuntasach leo a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin, dá bhforáiltear in Airteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429, ní bheadh sé comhréireach leis an riosca a bhaineann leo ceangal a chur ar oibreoirí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 84(1), pointe (b)(iii), a chur ar fáil maidir le hainmhithe talún ar coimeád a bhféadfaí an bhunaíocht a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo amhail is nach raibh aon ainmhí eile á choimeád sa bhunaíocht sin ach amháin na hainmhithe sin.

(9)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann chun críche a mbunaíochtaí a chlárú, dá bhforáiltear in Airteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2016/429;

(b)

na cineálacha bunaíochta a choimeádann ainmhithe talún a mbaineann riosca neamhshuntasach leo a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429;

(c)

an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann agus iarratas á dhéanamh acu ar fhormheas maidir lena mbunaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 96(1) de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 2

Faisnéis atá le cur ar fáil ag oibreoirí chun chríche a mbunaíocht a chlárú

1.   Oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2016/429, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 84(1), pointe (b), den Rialachán sin, cuirfidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don údarás inniúil sula dtosóidh siad ar na gníomhaíochtaí sin:

(a)

seoladh agus comhordanáidí geografacha (domhanleithead agus domhanfhad) shuíomh na bunaíochta atá le clárú;

(b)

huibheacha goir sa bhunaíocht chláraithe mura bhfuil sí á áitiú go leanúnach, lena n-áirítear áitíocht shéasúrach nó áitíocht le linn imeachtaí áirithe. an tréimhse ar lena linn a choimeádtar na hainmhithe talún ar coimeád nó na

2.   Oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2016/429, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu an fhaisnéis a chur ar fáil don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 84(1), pointe (b)(iii), den Rialachán sin, faisnéis maidir le hainmhithe talún ar coimeád a thagann faoin maolú a úsáideann an Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

Airteagal 3

Cineálacha bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin

1.   Féadfaidh na Ballstáit bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún a mbaineann riosca neamhshuntasach leo a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin, dá bhforáiltear in Airteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429, más rud é go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

ní choimeádtar aon chrúbach sa bhunaíocht;

(b)

ní choimeádtar aon mhadra, cat ná firéad chun críche pórúcháin sa bhunaíocht;

(c)

geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch go Ballstát eile nó amach as nó go tríú tír eile nó amach aisti; níl baint ag an mbunaíocht le haon gluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád, táirgí

(d)

níl sé beartaithe na hainmhithe talún ar coimeád, na táirgí geirmeacha nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch sa bhunaíocht a aistriú amach aisti.

2.   Na Ballstáit a dhéanann bunaíochtaí a dhíolmhú i gcomhréir le mír 1, féadfaidh siad critéir bhreise a leagan síos maidir le teorainneacha ar líon na n-ainmhithe talún ar coimeád a fhéadfar a choimeád sna bunaíochtaí sin agus srian a chur ar shuíomh geografach na mbunaíochtaí sin, go háirithe i ndáil lena ngaireacht do bhunaíochtaí atá cláraithe nó formheasta ag an údarás inniúil.

Airteagal 4

Faisnéis atá le cur ar fáil ag oibreoirí agus iarratas á dhéanamh acu ar fhormheas dá mbunaíocht

Oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann, chun críocha a n-iarratas ar fhormheas maidir lena mbunaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 94(1) agus Airteagal 95, pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/429, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 96(1) den Rialachán sin, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don údarás inniúil:

(a)

seoladh agus comhordanáidí geografacha (domhanleithead agus domhanfhad) shuíomh na bunaíochta atá le formheas;

(b)

bhunaíocht fhormheasta mura bhfuil sí á áitiú go leanúnach, lena n-áirítear áitíocht shéasúrach nó áitíocht le linn imeachtaí áirithe. an tréimhse ar lena linn a choimeádtar na hainmhithe nó na huibheacha goir sa

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus le gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád áirithe agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).


Top