Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1331

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1331 ón gComhairle an 28 Iúil 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

    ST/11215/2022/INIT

    IO L 201, 1.8.2022, p. 5–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1331/oj

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 201/5


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1331 ÓN gCOMHAIRLE

    an 28 Iúil 2022

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagail 47(2) agus 47(5) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1509.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 47a(1) de Rialachán (AE) 2017/1509, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní XV, XVI, XVII agus XVIII a ghabhann leis an Rialachán sin.

    (3)

    Ba cheart na bearta sriantacha atá dírithe ar gach duine agus gach eintitis atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, a choimeád, cé is moite de dhuine éagtha amháin a ainmnítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 agus ar cheart a iontráil a bhaint den Iarscríbhinn sin. Ba cheart an ráiteas ar na cúiseanna atá le 17 nduine agus le heintiteas amháin, agus an fhaisnéis aitheantais maidir le 59 duine agus cúig eintiteas a nuashonrú.

    (4)

    An 30 Meitheamh 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a bhaineann le duine amháin sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 a nuashonrú.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1509 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinní XIII, XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)   IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    (1)

    In Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus 34(3)”, fo-cheannteideal “(a) Daoine nádúrtha”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 29:

     

    Ainm

    Ainm eile

    Dáta breithe

    Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe

    Ráiteas ar chúiseanna

    “29.

    Pak Chun Il

     

    Pas: 563410091;

    Dáta breithe: 28.7.1954;

    Náisiúntacht: DPRK

    30.11.2016

    Ba Ambasadóir DPDC chun na hÉigipte é agus tugann sé tacaíocht do KOMID. Chríochnaigh sé a thuras dualgais agus d’fhág sé an Éigipt an 15 Samhain 2016.”

    (2)

    Leasaítear Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leanas:

    (a)

    faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus 34(3)”, fo-cheannteideal “(a) Daoine nádúrtha atá ainmnithe i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 34(4)”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 3 go 13 agus 16 go 31:

     

    Ainm

    Ainm eile

    Faisnéis aitheantais

    Dáta an ainmniúcháin

    Ráiteas ar chúiseanna

    “1.

    CHON Chi Bu

    전지부

    CHON Chi-bu

    Inscne: fireann

    22.12.2009

    Comhalta den General Bureau of Atomic Energy, iarstiúrthóir teicniúil Yongbyon. Léirigh grianghraif go raibh baint aige le himoibreoir núicléach sa tSiria sular bhuamáil Iosrael é in 2007.

    3.

    O Kuk-Ryol

    오극렬

    O Kuk Ryol

    Dáta breithe: 7.1.1930

    Áit bhreithe: Jilin Province, an tSín.

    Inscne: fireann

    22.12.2009

    Ginearál sa Korean People”s Army, iar-Leas-Chathaoirleach an National Defence Commission, a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC, atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ardteicneolaíocht a fháil ó thíortha eile le haghaidh cláir núicléacha agus bhalaistíocha. Iar-Chomhalta den Workers' Party of Korea, Central Committee.

    4.

    PAK Jae-gyong

    박재경

    PAK Chae-Kyong

    PAK Jae Gyong

    Dáta breithe: 10.6.1933

    Pasuimhir: 554410661

    Inscne: fireann

    22.12.2009

    Ginearál sa Korean People’s Army. Iar-Leas-Stiúrthóir an General Political Department of the People’s Armed Forces agus iar-Leas-Stiúrthóir an General Political Department of the Logistics Bureau of the People's Armed Forces (comhairleoir míleata Kim Jong-Il nach maireann). I láthair ag iniúchadh KIM Jong Un ar an Strategic Rocket Force Command in 2012. Iarchomhalta den Central Committee of the Workers' Party of Korea. Uachtarán an Korean Committee of Veterans against Imperialism.

    5.

    RYOM Yong

    렴영

     

    Inscne: fireann

    22.12.2009

    Stiúrthóir an General Bureau of Atomic Energy (eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe), i gceannas ar chaidreamh idirnáisiúnta.

    6.

    SO Sang-kuk

    서상국

    SO Sang Kuk

    Dáta breithe: 30.11.1938

    Inscne: fireann

    22.12.2009

    Ceann ar Department of Nuclear Physics, Kim Il Sung University.

    7.

    KIM Yong Chol

    김영철

    KIM Yong-Chol; KIM Young-Chol; KIM Young-Cheol; KIM Young-Chul

    Dáta breithe: 1946

    Áit bhreithe: Pyongan-Pukto, DPRK

    Inscne: fireann

    19.12.2011

    Comhalta den Workers’ Party of Korea Central Political Bureau agus den State Affairs Commission of the Democratic People’s Republic of Korea agus bhí sé mar Stiúrthóir ar United Front Department go dtí mí an Mheithimh 2022. Iarcheannasaí an Reconnaissance General Bureau (RGB), eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    8.

    CHOE Kyong-song

    최경성

    CHOE Kyong song

    Dáta breithe: 1945

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Cornal Ginearál sa Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    9.

    CHOE Yong-ho

    최용호

    CHOE Yong Ho

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Cornal Ginearálta sa Korean People's Army/Ginearál sa Korean People's Army Air Force. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ceannasaí an Korean People's Army Air Force agus an fhórsa Fhrith-aerárthaigh. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    10.

    HONG Sung-Mu

    홍승무

    HONG Sung Mu

    Dáta breithe: 1.1.1942

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Leas-stiúrthóir an Munitions Industry Department (MID). Tá MID – a d’ainmnigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2016 – rannpháirteach i ngnéithe lárnacha de chlár diúracán DPDC. Tá MID freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt dhiúracáin bhailistíocha DPDC, lena n-áirítear cláir thaighde agus forbartha. Sa cháil sin dó, tá Hong freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Chonaic sé an diúracán balaistíoch idir-ilchríochach (ICBM) Hwasong-15 á lainseáladh an 28 Samhain 2017. Ghlac sé páirt i gcruinniú den Central Military Commission of the Korean Worker’s Party i mí Iúil 2020, a bhí dírithe ar ‘díspreagadh cogaí’, sofhriotal a úsáidtear chun tagairt do chlár núicléach DPDC. Atofa ar an Party Central Committee i mí Eanáir 2021.

    11.

    JO Kyongchol

    조경철

    JO Kyong Chol

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Ginearál sa Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Stiúrthóir an Military Security Command. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. I dteannta Kim Jong Un don druil dóiteáin airtléire fadraoin is mó riamh. Atofa ar an Party Central Committee i mí Eanáir 2021.

    12.

    KIM Chun-sam

    김춘삼

    KIM Chun Sam

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Leifteanant-Ghinearál, iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Iar-Stiúrthóir ar Operations Department of the Military Headquarters of the Korean People's Army agus an chéad leas-cheannaire ar an gCeanncheathrú Mhíleata. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    13.

    KIM Chun-sop

    김춘섭

    KIM Chun Sop

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Iar-stiúrthóir ar an Munitions Industry Department (MID). Tá MID – a d’ainmnigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2016 – rannpháirteach i ngnéithe lárnacha de chlár diúracán DPDC. Tá MID freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt dhiúracáin bhailistíocha DPDC, lena n-áirítear cláir thaighde agus forbartha. Iarchomhalta den National Defence Commission, ar chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC é. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Bhí sé i láthair ag seisiún grianghraf dóibh siúd a rannchuidigh le tástáil rathúil diúracáin bhailistíoch a lainseáladh faoi uisce i mí Bealtaine 2015.

    16.

    KIM Won-hong

    김원홍

    KIM Won Hong

    Dáta breithe: 7.1.1945

    Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

    Uimhir an phas: 745310010

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Ginearál an Korean People’s Army. Iar-Chéad-Leas-Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Iar-Stiúrthóir an State Security Department. Iar-Aire Slándála Stáit. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus den National Defence Commission, ar chomhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    17.

    PAK Jong-chon

    박정천

    PAK Jong Chon

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Comhalta den Presidium of the Political Bureau of the Central Committee of the Workers’ Party, Leas-Chathaoirleach ar an Central Military Commission, Rúnaí an Central Committee of the Worker’s Party of Korea agus Comhalta den State Affairs Commission. Marascal agus iar-Cheann Foirne Ginearálta. Rinne sé an t-athbhreithniú foirmiúil ag mórshiúl míleata an 25 Aibreán 2022, rud a thugann le fios, in éineacht lena chúraimí reatha, an ról leanúnach atá aige i gcláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile agus an fhreagracht atá air i ndáil le tacú leis na cláir sin nó iad a chur chun cinn. Tofa ar an Party Central Committee, an Political Bureau of the Central Committee agus an Central Military Commission i mí Eanáir 2021.

    18.

    LI Yong-ju

    리용주

    RI Yong Ju

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Aimiréal an Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Iar-Ardcheannasaí ar an Korean People’s Navy, atá rannpháirteach i bhforbairt clár diúracán bailistíoch agus i bhforbairt acmhainneachtaí núicléacha fhórsaí cabhlaigh DPDC. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    19.

    SON Chol-ju

    손철주

    SON Chol Ju

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Cornal Ginearál sa Korean People’s Army. Leas-Stiúrthóir ar Guidance Bureau of the Korean People’s Army General Political Bureau agus iar-Stiúrthóir Polaitiúil ar na Air and Anti-Air Forces, a dhéanann maoirseacht ar fhorbairt roicéad frith-aerárthaigh nuachóirithe. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Bhí Son liostaithe mar rannpháirtí i gcruinniú den Central Military Commission i mBealtaine 2020 mar Leas-Stiúrthóir a bhí freagrach as an Korean People’s Army a eagrú.

    20.

    YUN Jong-rin

    윤정린

    YUN Jong Rin

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Ginearál sa Korean People’s Army, iarcheannasaí ar an Supreme Guard Command. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, agus comhalta den National Defence Commission, ar chomhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    21.

    HONG Yong Chil

    홍영칠

     

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Leas-Stiúrthóir an Munitions Industry Department (MID). Tá MID – a d’ainmnigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2016 – rannpháirteach i ngnéithe lárnacha de chlár diúracán DPDC. Tá MID freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt dhiúracáin bhailistíocha DPDC, lena n-áirítear cláir thaighde agus forbartha. Tá an Second Economic Committee agus an Second Academy of Natural Sciences — a ainmníodh freisin i mí Lúnasa 2010 – faoi réir MID. Rinneadh cur síos ar Hong in 2019 mar dhuine de na príomhoifigigh i réimse na heolaíochta cosanta náisiúnta.

     

     

     

     

     

    Bhí sé in éineacht le Kim Jong Un ag ócáid scaoilte chineál nua armáin threoraithe oirbheartaíochta , agus le linn cigireacht a dhéanamh ar chineál nua fomhuireáin a bhí á dhéanamh. Bhí sé ar dhuine de na heolaithe a ndearna Kim Jong Un comhghairdeas leo in 2017 as diúracán balaistíoch idir-ilchríochach (ICBM) Hwasong-15 a lainseáil, agus bhreithnigh sé tástálacha inneall a rinneadh roimhe sin agus lainseálacha balaistíoch eile. In 2016, chuaigh sé in éineacht le Kim Jong Un chuig cruinniú le heolaithe inar pléadh taighde chun cinn chogaidh núicléacha diúracán oirbheartaíochta agus straitéiseach a chur ar bun. D’fhéadfadh sé go raibh ról suntasach aige i dtástáil núicléach DPDC an 6 Eanáir 2016. Sa cháil sin dó, tá sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    22.

    RI Hak Chol

    리학철

    RI Hak Chul; RI Hak Cheol

    Dáta breithe: 19.1.1963 nó 8.5.1966

    Uimhreacha na bpasanna: 381320634,

    PS- 563410163

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Uachtarán Green Pine Associated Corporation (‘Green Pine’). De réir an UN Sanctions Committee in 2012, ghabh Green Pine chuige féin roinnt mhaith de ghníomhaíochtaí an Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID). D’ainmnigh an Coiste KOMID i mí Aibreáin 2009 agus is é príomhdhéileálaí arm DPDC agus príomhonnmhaireoir earraí agus trealaimh a bhaineann le diúracáin bhailistíocha agus le gnáth-armáin. Tugadh ar aird chomh maith go raibh Green Pine freagrach freisin as tuairim is leath na n-arm agus na n-ábhar gaolmhar arna n-onnmhairiú ag DPDC. Sainaithníodh Green Pine le haghaidh smachtbhannaí as ucht airm nó ábhar gaolmhar a onnmhairiú ó DPDC. Is speisialtóireacht de chuid Green Pine é árthach agus armálacha míleata muirí, amhail fomhuireáin, báid mhíleata agus córais diúracán, a tháirgeadh agus d’onnmhairigh sé toirpéid chuig comhlachtaí san Iaráin a bhfuil baint acu le cúrsaí cosanta agus thug sé cúnamh teicniúil dóibh. Tá Green Pine ainmnithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    23.

    YUN Chang Hyok

    윤창혁

     

    Dáta breithe: 9.8.1965

    Inscne: fireann

    20.5.2016

    Leas-Stiúrthóir an Satellite Control Centre, National Aerospace Development Administration (NADA), ar thug Kim Jong Un cuairt air roimh an tástáil idir-ilchríochach diúracán bhalaistíocha (ICBM) an 24 Márta 2022. Tá NADA faoi réir smachtbhannaí faoi Rún 2270 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ndáil le bheith rannpháirteach i bhforbairt na spáseolaíochta agus na spásteicneolaíochta, lena n-áirítear lainseálacha satailíte agus roicéid iompróra. Le Rún 2270 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe cáineadh lainseáil satailíte DPDC an 7 Feabhra 2016 as teicneolaíocht diúracán balaistíoch a úsáid agus Rúin 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013) agus 2094 (2013) a shárú go tromchúiseach. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    24.

    RI Myong Su

    리명수

     

    Dáta breithe: 1937

    Áit bhreithe: Myongchon, North Hamgyong, DPRK

    Inscne: fireann

    7.4.2017

    Leas-Mharascal an Korean People’s Army, an chéad leascheannasaí ar an Korean People’s Army Supreme Command. Go dtí 2018, comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus Ceann Foirne an People’s Armed Forces. Príomhionadaí míleata ag sochraid stáit i mí na Bealtaine 2022, ach cuireadh síos air mar iarshaighdiúr i bparáid i mí Aibreáin 2022. Bhí tionchar ag Ri Myong Su ar chúrsaí cosanta náisiúnta, lena n-áirítear cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile. Is comhalta den Supreme People’s Assembly (SPA) é Ri le fada.

    25.

    SO Hong Chan

    서홍찬

     

    Dáta breithe: 30.12.1957

    Áit bhreithe: Kangwon, DPRK

    Pas: PD836410105

    Dáta éaga an phas: 27.11.2021

    Inscne: fireann

    7.4.2017

    Iar-Chéad-Leas-Aire an People’s Armed Forces, iar-Ard-Stiúrthóir an Rear Services Bureau agus iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea. Atofa ina chomhalta den Central Committee i mí Eanáir 2021. Sa cháil sin dó, tá So Hong Chan freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    26.

    WANG Chang Uk

    왕창욱

     

    Dáta breithe: 29.5.1960

    Inscne: fireann

    7.4.2017

    An tAire Tionscail agus Fuinnimh Adamhaigh, a cuireadh chun cinn é mar lánchomhalta de Workers’ Party of Korea Central Committee i mí na Nollag 2021. Sa cháil sin dó, tá Wang Chang Uk freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    27.

    JANG Chol

    장철

     

    Dáta breithe: 31.3.1961

    Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

    Pasuimhir: 563310042

    Inscne: fireann

    7.4.2017

    Comhalta den State Physical Culture and Sports Guidance Commission agus iarUachtarán State Academy of Sciences, eagraíocht atá tiomanta d’acmhainneachtaí teicneolaíochta agus eolaíocha DPDC a fhorbairt. Sa dara cáil sin, bhí post straitéiseach ag Jang Chol chun gníomhaíochtaí núicléacha DPDC a fhorbairt. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

    28.

    KIM Su Gil

    김수길

    KIM Su-Gil

    Dáta breithe: 1950

    Náisiúntacht: DPRK

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar Stiúrthóir ar Korean People’s Army General Political Bureau idir 2018 agus 2021 agus ina Chomhalta den State Affairs Commission idir 2019 agus 2021, bhí sé freagrach as cinntí an Korean Workers’ Party a chur chun feidhme, a bhain le cláir núicléacha agus bhalaistíocha a fhorbairt a sháraíonn Rúin 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013), 2094 (2013), 2270 (2016), 2321 (2016), 2356 (2017), 2371 (2017), 2375 (2017), agus 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    29.

    JON Il Ho

    전일호

    JON Il-Ho

    Dáta breithe: 1955 nó 1956

    Náisiúntacht: DPRK

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar ‘leading official in the field of national defence science’, tá ról mór aige i bhforbairt chláir armán ollscriosta DPDC agus is é atá freagrach as na cláir sin a fhorbairt. Fuair sé ardú céime go Coirnéal Ginearálta i mí Lúnasa 2019, fuair sé Duais Eolaíochta agus Teicneolaíochta mhí Feabhra 16, mar Stiúrthóir ar an Research Institute of Automation agus Stiúrthóir Institiúide ar an Kim Chaek University of Technology, agus Leas-Stiúrthóir ar Roinn den Central Committee of the Workers’ Party, ghlac sé páirt ag na lainseálacha de dhiúracán balaistíoch idir-ilchríochach Hwasong-14 (ICBM) an 4 Iúil 2017 agus an 28 Iúil 2017, chomh maith leis an gcuid is mó de lainseálacha diúracán eile in 2017, 2019 agus Márta 2020.

    30.

    JONG Sung Il

    정승일

    JONG Sung-Il

    Dáta breithe: 20.3.1961

    Pasuimhir: 927240105

    Náisiúntacht: DPRK

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar ‘Senior Party Official’ agus ‘leading official in the field of national defence science’, agus sainaitheanta ag Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe mar iar-Leas-Stiúrthóir ar Munitions Industry Department of the Central Committee of Workers’ Party of Korea in 2017, tá ról mór aige i bhforbairt chláir armán ollscriosta DPDC, go háirithe diúracáin bhalaistíocha, agus tá sé freagrach as na cláir sin a fhorbairt. Bhí sé i láthair ag tástálacha idir-ilchríochach diúracáin bhalaistíocha Hwasong-14 (ICBM) an 4 Iúil 2017 agus an 28 Iúil 2017 agus ag lainseálacha diúracán balaistíoch/lainseálacha móra de Chóras Il-Roicéad Lainseála an 24 Lúnasa 2019 agus an 10 Meán Fómhair 2019.

    31.

    YU Jin

    유진

    YU Jin

    Dáta breithe: 1960

    Náisiúntacht: DPRK

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar Stiúrthóir ar an Munitions Industry Department agus mar Chomhalta Malartach de Political Bureau of the Central Committee of Workers’ Party of Korea, tá sé freagrach as ról tábhachtach a ghlacadh i bhforbairt chláir armán ollscriosta DPDC, i réimsí núicléacha agus balaistíocha araon. Bhí sé in éineacht le Kim Jong Un ag an National Aerospace Development Administration roimh lainseáil diúracán balaistíoch idir-ilchríochach (ICBM) mhí an Mhárta 2022 agus ghlac sé páirt i dTaispeántas Náisiúnta Cosanta 2021, ag a taispeánadh córais armán ar cosúil gur córas nua iad. Mar Leas-Stiúrthóir bhí sé i láthair le linn na tástálacha Hwasong-14 ICBM an 4 Iúil 2017 agus an 28 Iúil 2017, agus ag an iniúchadh a rinne Kim Jong Un ar chineál nua fomhuireáin, maidir leis an bhfomhuireán sin, chuir DPDC in iúl go raibh sé beartaithe é a úsáid chun críoch ‘straitéiseach’, is é sin chun diúracáin bhalaistíocha arna lainseáil ó fhomhuireán a imscaradh, agus gur fomhuireáin é a d’fhéadfadh a bheith in ann soic phléascáin núicléach a iompar an 22 Iúil 2019 agus diúracán balaistíoch a lainseáil an 25 Iúil agus an 30 Iúil 2019, agus an 2 Lúnasa 2019.”

    (b)

    faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus 34(3)”, fo-cheannteideal “(a) Daoine nádúrtha atá ainmnithe i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 34(4)”, scriostar iontráil 2.

    (c)

    faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus 34(3)”, fo-cheannteideal “(b) Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 34(4)”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4 agus 5:

     

    Ainm

    Ainm eile

    Suíomh

    Dáta an ainmniúcháin

    Faisnéis eile

    “4.

    Yongbyon Nuclear Scientific Research Centre

    녕변 원자력 연구소

    영변 원자력 연구소

     

     

    22.12.2009

    Saoráidí atá in ann ábhar inscoilte a tháirgeadh le haghaidh úsáidí míleata, lena n-áirítear imoibreoir 5MW (e), saoráid athphróiseála plútóiniam (saotharlann raidió-cheimiceach), agus saoráid tuairiscithe saibhrithe úráiniam. Lárionad arna choimeád ag an General Bureau of Atomic Energy (eintiteas a d’ainmnigh CSNA an 16.7.2009). Sa tuarascáil chríochnaitheach uaidh i mí an Mhárta 2022, thug an Painéal Saineolaithe a bunaíodh de bhun Rún 1874 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe dá aire gur tugadh chun críche an obair sheachtrach ar imoibreoir uisce éadrom, agus go raibh obair foirgníochta ar bun ar fhoirgnimh eile ar an láithreán, chomh maith le táscairí go raibh an t-imoibreoir 5MW (e) ag feidhmiú in 2021. Léiríodh le púireanna gaile ón bhfoirgneamh táirgthe dé-ocsaíde úráiniam go leanfadh DPDC d’ábhar inscoilte a tháirgeadh.

    5.

    Korean People's Army

    조선인민군

     

     

    16.10.2017

    Áirítear leis an Korean People’s Army an Strategic Rocket Force, a rialaíonn aonaid núicléacha agus gnáthaonaid diúracán straitéiseach DPDC. Tá an Strategic Rocket Force liostaithe i Rún 2356 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.”

    (d)

    faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus 34(3)”, fo-cheannteideal “(c) Daoine nádúrtha atá ainmnithe i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 34(4)”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 go 6:

     

    Ainm

    Ainm eile

    Faisnéis aitheantais

    Dáta an ainmniúcháin

    Ráiteas ar chúiseanna

    “1.

    JON Il-chun

    전일춘

    JON Il Chun

    Dáta breithe: 24.8.1941

    Inscne: fireann

    22.12.2010

    Iar-Stiúrthóir ar ‘Office 39’, oifig de chuid Worker’s Party of Korea atá freagrach as airgeadra crua a fháil, agus iar-Ard-Stiúrthóir State Development Bank. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as acmhainní airgeadais a fháil a d’fhéadfaí a úsáid chun tacú le clár na ndiúracán núicléach agus balaistíoch. Bhí ‘Office 39’ i gceannas freisin ar smachtbhannaí a sheachaint trí earraí a cheannach trí ionadaíochtaí taidhleoireachta DPDC. Ionadaí an National Defence Commission, a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, toghadh é ina ardstiúrthóir ar an State Development Bank i Márta 2010. Toghadh mar chomhalta malartach den Elected Workers’ Party of Korea Central Committee é i mí na Bealtaine 2016 ag an 7ú Comhdháil den Workers’ Party of Korea.

    2.

    KIM Tong-un

    김동운

    Kim Tong Un

    Dáta breithe: 1.11.1936

    Inscne: fireann

    22.12.2009

    Iar-stiúrthóir ‘Office 39’ den Central Committee of the Workers’ Party of Korea, coiste a raibh baint aige le maoiniú leata. B’fhéidir gur oibrigh sé freisin in aonad eile den Pháirtí, ‘Office 38’, chun cistí a bhailiú don cheannaireacht agus do na scothaicmí a d’fhéadfadh tacú le clár na ndiúracán núicléach agus balaistíoch.

    3.

    Kim Yong Nam

    김영남

    KIM Yong-Nam, KIM Young-Nam, KIM Yong-Gon

    Dáta breithe: 2.12.1947

    Áit bhreithe: Sinuju, DPRK

    Inscne: fireann

    20.4.2018

    Tá KIM Yong Nam sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe mar ghníomhaire de chuid Reconnaissance General Bureau, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sé sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe go bhfuil baint aige agus ag a mhac KIM Su Gwang le patrún de chleachtais mhíthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile. D’oscail KIM Yong Nam cuntais bainc agus cuntais choigiltis éagsúla san Aontas Eorpach agus bhí baint aige le roinnt aistrithe móra bainc chuig cuntais bainc san Aontas Eorpach nó chuig cuntais lasmuigh den Aontas Eorpach agus é ag obair mar thaidhleoir, lena n-áirítear chuig cuntais in ainm a mhic KIM Su Gwang agus a bhanchliamhain KIM Kyong Hui.

    4.

    DJANG Tcheul Hy

    장철희

    JANG Tcheul-hy, JANG Cheul-hy, JANG Chol-hy, DJANG Cheul-hy, DJANG Chol-hy, DJANG Tchoul-hy, KIM Tcheul-hy

    Dáta breithe: 11.5.1950

    Áit bhreithe: Kangwon

    Inscne: baineann

    20.4.2018

    Bhí baint ag DJANG Tcheul Hy, in éineacht lena fear céile KIM Yong Nam, lena mhac KIM Su Gwang agus lena banchliamhain KIM Kyong Hui le patrún de chleachtais míthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile. Bhí roinnt cuntas bainc aici san Aontas Eorpach a d’oscail a mac KIM Su Gwang ina hainm. Bhí baint aici freisin le roinnt aistrithe bainc ó chuntais a bhanchliamhain KIM Kyong Hui chuig cuntais lasmuigh den Aontas.

    5.

    KIM Su Gwang

    김수광

    KIM Sou-Kwang, KIM Sou-Gwang, KIM Son-Kwang, KIM Su-Kwang, KIM Soukwang, KIM Su-gwang, KIM Son-gwang

    Dáta breithe: 18.8.1976

    Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

    Taidhleoir, DPRK Embassy, Belarus

    Inscne: fireann

    20.4.2018

    Tá KIM Su Gwang sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe mar ghníomhaire de chuid Reconnaissance General Bureau, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sé sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe go bhfuil baint aige agus ag a athair KIM Yong Nam le patrún de chleachtais mhíthreoracha airgeadais, a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile. D’oscail KIM Su Gwang an iliomad cuntas bainc i roinnt Ballstát, lena n-áirítear faoi ainmneacha daoine muinteartha leis. Bhí baint aige le roinnt aistrithe móra bainc chuig cuntais bainc san Aontas Eorpach nó chuig cuntais lasmuigh den Aontas Eorpach agus é ag obair mar thaidhleoir, lena n-áirítear chuig cuntais in ainm a chéile KIM Kyong Hui.

    6.

    KIM Kyong Hui

    김경희

     

    Dáta breithe: 6.5.1981

    Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

    Inscne: baineann

    20.4.2018

    Bhí baint ag KIM Kyong Hui, in éineacht lena fear céile KIM Su Gwang, a hathair céile KIM Yong Nam agus a máthair chéile DJANG Tcheul Hy le patrún de chleachtais mhíthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile. Fuair sí roinnt aistrithe bainc óna fear céile KIM Su Gwang agus óna hathair céile KIM Yong Nam agus d’aistrigh sí airgead chuig cuntais lasmuigh den Aontas ina hainm nó in ainm a máthar chéile, DJANG Tcheul Hy.”

    (3)

    Leasaítear Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 1509/2017 mar a leanas:

    (a)

    faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus 34(3)”, fo-cheannteideal “(a) Daoine nádúrtha”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 go 19 agus 21 go 26:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Dáta ainmniúcháin

    Cúiseanna

    “1.

    KIM Hyok Chan

    김혁찬

    Dáta breithe: 9.6.1970

    Pasuimhir: 563410191

    16.10.2017

    Bhí Kim Hyok Chan ina Rúnaí in ambasáid DPDC in Angóla agus ina ionadaí ar Green Pine, eintiteas atá liostaithe ag na Náisiúin Aontaithe, a rinne conarthaí a chaibidil chun soithí cabhlaigh Angóla a athchóiriú de shárú ar na toirmisc a forchuireadh le Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    2.

    CHOE Chan Il

    촤찬일

     

    22.1.2018

    Stiúrthóir ar oifig Dandong de Korea Heungjin Trading Company, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Úsáideann KOMID, eintiteas eile atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, Korea Heungjin chun críocha trádála. D’ainmnigh Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe KOMID i mí Aibreáin 2009 agus is é príomhdhéileálaí arm DPDC agus príomhonnmhaireoir earraí agus trealaimh a bhaineann le diúracáin bhailistíocha agus le gnáth-armáin.

    3.

    KIM Chol Nam

    김철남

     

    22.1.2018

    Stiúrthóir ar bhrainse Dandong de Sobaeksu United Corp atá ainmnithe ag an Aontas. Ionadaí ó bhrainse Bhéising Korea Changgwang Trading Corporation, atá sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar ainm eile ar KOMID. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí KOMID i mí Aibreáin 2009 agus is é príomhdhéileálaí arm DPDC agus príomhonnmhaireoir earraí agus trealaimh a bhaineann le diúracáin bhailistíocha agus le gnáth-armáin.

    4.

    JON Chol Young

    ar a dtugtar freisin: JON Chol Yong

    전철영

    Pasuimhir: 563410192

    Taidhleoir DPRK Embassy, Angola

    Dáta breithe: 30.4.1975

    22.1.2018

    Iarionadaí Green Pine Associated Corporation in Angóla agus taidhleoir DPDC atá creidiúnaithe chuig Angóla.

    Tá Green Pine ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar gheall ar ghníomhaíochtaí lena n-áirítear sárú ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe. Rinne Green Pine conarthaí a chaibidil freisin chun soithí cabhlaigh Angóla a athchóiriú de shárú ar na toirmisc a forchuireadh le Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    5.

    AN Jong Hyuk

    ar a dtugtar freisin: An Jong Hyok

    안정혁

    안종혁

    Dáta breithe: 14.3.1970

    Pasuimhir: 563410155

    22.1.2018

    Ionadaí Saeng Pil Trading Corporation, ainm eile ar Green Pine Associated Corporation, agus taidhleoir DPDC san Éigipt.

    Tá Green Pine ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar gheall ar ghníomhaíochtaí lena n-áirítear sárú ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe.

    Údaraíodh An Jong Hyuk chun gach cineál gnó a dhéanamh thar ceann Saeng Pil, lena n-áirítear conarthaí a shíniú agus a chur chun feidhme agus gnó baincéireachta. Déanann an chuideachta speisialtóireacht i dtógáil soithí cabhlaigh agus i ndearadh, monarú agus suiteáil trealamh cumarsáide leictreonaí agus loingseoireachta mara.

    6.

    YUN Chol ar a dtugtar freisin CHOL Yun

    윤철

     

    22.1.2018

    Tá Yun Chol sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar dhuine teagmhála de Chuideachta DPDC General Precious Metal, atá rannpháirteach i litiam-6 a dhíol, earra núicléachghaolmhar ar chuir na Náisiúin Aontaithe cosc uirthi, agus mar thaidhleoir DPDC.

    Shainaithin an tAontas General Precious Metal roimhe seo mar ainm eile ar Green Pine, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe.

    7.

    CHOE Kwang Hyok

    최광혁

     

    22.1.2018

    Bhí Choe Kwang Hyok ina ionadaí ar Green Pine Associated Corporation, eintiteas ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe.

    Tá Choe Kwang Hyok sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar phríomhfheidhmeannach Beijing King Helong International Trading Ltd, ainm eile ar Green Pine. Ina theannta sin, shainaithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe é mar stiúrthóir ar Hong Kong King Helong Int’l Trading Ltd agus oibreoir eintiteas DPDC ar a dtugtar oifig ionadaíoch Bhéising de Korea Unhasu Trading Company, ar ainmneacha eile ar Green Pine iad freisin.

    8.

    KIM Chang Hyok

    ar a dtugtar freisin: James Kim

    김창혁

    Dáta breithe: 29.4.1963

    Áit bhreithe: N. Hamgyong

    Pasuimhir: 472130058

    22.1.2018

    Tá Kim Chang Hyok sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar ionadaí ar Pan Systems Pyongyang sa Mhalaeisia. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas Eorpach as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

    Bhunaigh sé cuntais iolracha sa Mhalaeisia in ainm cuideachtaí caocha de chuid ‘Glocom’, ar cuideachta chaoch í sin de chuid eintiteas ainmnithe Pan Systems Pyongyang.

    9.

    PARK Young Han

    박영한

     

    22.1.2018

    Stiúrthóir Beijing New Technology atá sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar chuideachta caoch de KOMID. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí KOMID i mí Aibreáin 2009 agus is é príomhdhéileálaí arm DPDC agus príomhonnmhaireoir earraí agus trealaimh a bhaineann le diúracáin bhailistíocha agus le gnáth-armáin.

    Ionadaí dlíthiúil Guancaiweixing Trading Co., Ltd, a shainaithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar sheoltóir earraí míleata chuig an Eiritré a idircheapadh i mí Lúnasa 2012.

    10.

    RYANG Su Nyo

    량수니오

    Dáta breithe: 11.8.1959

    Áit bhreithe: An tSeapáin

    22.1.2018

    Stiúrthóir Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

    11.

    PYON Won Gun

    변원군

    Dáta breithe: 13.3.1968

    Áit bhreithe: S. Phyongan

    Pasuimhir seirbhíse: 836220035

    Pasuimhir: 290220142

    22.1.2018

    Stiúrthóir Glocom, cuideachta tosaigh de chuid Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

    Fógraíonn Glocom trealamh cumarsáide raidió d’eagraíochtaí míleata agus paraimíleata.

    D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Pyon Won Gun freisin mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang.

    12.

    PAE Won Chol

    배원철

    Dáta breithe: 30.8.1969

    Áit bhreithe: Pyongyang

    Uimhir an Phas Taidhleoireachta: 654310150

    22.1.2018

    D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Pae Won Chol mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas Eorpach as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

    13.

    RI Sin Song

    리신송

     

    22.1.2018

    D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Ri Sin Song mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

    14.

    KIM Sung Su

    김성수

     

    22.1.2018

    Tá Kim Sung Su sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar ionadaí ar Pan Systems Pyongyang sa tSín. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

    15.

    KIM Pyong Chol

    김병철

     

    22.1.2018

    D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Kim Pyong Chol mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

    16.

    CHOE Kwang Su

    최광수

    Dáta breithe: 20.4.1955

    Pasuimhir: 381210143 (dáta éaga: 3.6.2016)

    22.1.2018

    D'aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Choe Kwang Su mar ionadaí de chuid Haegeumgang Trading Company. Sa cháil sin dó, shínigh Choe Kwang Su conradh comhair mhíleata DPDC – Mósaimbíc de shárú ar na toirmisc arna bhforchur le Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhain an conradh le soláthar arm agus ábhair a bhaineann le hairm do Monte Binga, cuideachta atá faoi rialú Rialtas Mhósaimbíc.

    17.

    PAK In Su

    ar a dtugtar freisin: Daniel Pak

    박인수

    Dáta breithe: 22.5.1957

    Áit bhreithe: N. Hamgyong

    Uimhir an phas taidhleoireachta: 290221242

    22.1.2018

    D'aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pak In Su páirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le gual ó DPDC a dhíol sa Mhalaeisia de shárú ar na toirmisc a fhorchuirtear leis na rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    18.

    SON Young-Nam

    손영남

     

    22.1.2018

    D'aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Son Young-Nam páirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le smuigleáil óir agus earraí eile go DPDC sa Mhalaeisia de shárú ar na toirmisc a fhorchuirtear le rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    19.

    KIM Il-Su

    ar a dtugtar freisin KIM Il Su

    김일수

    Dáta breithe: 2.9.1965

    Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK.

    3.7.2015

    Bainisteoir i roinn athárachais an Korea National Insurance Corporation (KNIC) atá lonnaithe sa cheanncheathrú in Pyongyang agus iar-phríomh-ionadaí údaraithe KNIC in Hamburg, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir.

    21.

    CHOE Chun-Sik

    ar a dtugtar freisin CHOE Chun Sik

    최천식

    Dáta breithe: 23.12.1963

    Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK.

    Pasuimhir: 745132109

    Bailí go dtí an 12.2.2020

    3.7.2015

    Bainisteoir i roinn athárachais an Korea National Insurance Corporation (KNIC) atá lonnaithe sa cheanncheathrú in Pyongyang agus iar-phríomh-ionadaí údaraithe KNIC in Hamburg, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir.

    22.

    SIN Kyu-Nam

    ar a dtugtar freisin SIN Kyu Nam

    신규남

    Dáta breithe: 12.9.1972

    Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK.

    Pasuimhir: PO472132950

    3.7.2015

    Stiúrthóir i roinn athárachais an Korea National Insurance Corporation (KNIC) atá lonnaithe sa cheanncheathrú in Pyongyang agus iarionadaí údaraithe KNIC in Hamburg, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir.

    23.

    PAK Chun-San

    ar a dtugtar freisin PAK Chun San

    박천산

    Dáta breithe: 18.12.1953

    Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK.

    Pasuimhir: PS472220097

    3.7.2015

    Stiúrthóir i roinn athárachais an Korea National Insurance Corporation (KNIC) atá lonnaithe sa cheanncheathrú in Pyongyang go dtí mí Nollag 2015 ar a laghad agus iar-phríomh-ionadaí údaraithe KNIC in Hamburg, fós ag gníomhú ar son nó thar ceann KNIC nó faoina stiúir.

    24.

    SO Tong Myong

    서동명

    Dáta breithe: 10.9.1956

    3.7.2015

    IarUachtarán Korea National Insurance Corporation (KNIC), iarChathaoirleach KNIC Executive Management Committee (Meitheamh 2012); iarBhainisteoir Ginearálta KNIC, Meán Fómhair 2013, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir.

    25.

    PAK Hwa Song

    ar a dtugtar freisin PAK Hwa-Song

    박화성

    Comhbhunaitheoir na cuideachta CONGO ACONDE

    Áit bhreithe: DPRK

    Pasuimhir: 654331357

    Náisiúntacht: DPRK

    Inscne: fireann

    Seoladh: Democratic Republic of the Congo (DRC)

    21.4.2022

    Tá Pak Hwa Song i mbun imghabháil smachtbhannaí agus tá sé freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC. Tá sé ina chomhbhunaitheoir ar an gcuideachta CONGO ACONDE, cuideachta tosaigh de chuid PAEKHO TRADING CORPORATION. Tá baint ag PAEKHO le dealbha a onnmhairiú chuig roinnt tíortha Fo-Shaháracha de shárú ar smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe. De shárú ar rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, d’oscail Pak cuntas bainc freisin i mbrainse de chuid banc in Lubumbashi atá bunaithe i gCamarún. Oibríonn Pak le Hwang Kil Su. Cuireann sé seirbhísí airgeadais ar fáil lena dtacaítear le réimeas agus le cláir núicléacha DPDC.

    26.

    HWANG Kil Su

    ar a dtugtar freisin HWANG Kil-Su

    황길수

    Comhbhunaitheoir na cuideachta CONGO ACONDE

    Áit bhreithe: DPRK

    Pasuimhir: 654331363

    Náisiúntacht: DPRK

    Inscne: fireann

    Seoladh: Democratic Republic of the Congo (DRC)

    21.4.2022

    Tá Hwang Kil Su i mbun imghabháil smachtbhannaí agus tá sé freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC. Tá sé ina chomhbhunaitheoir ar an gcuideachta CONGO ACONDE, cuideachta tosaigh de chuid PAEKHO TRADING CORPORATION. Tá baint ag PAEKHO le dealbha a onnmhairiú chuig roinnt tíortha Fho-Shaháracha de shárú ar rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. De shárú ar rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, d’oscail Hwang cuntas bainc freisin i mbrainse de chuid banc in Lubumbashi atá bunaithe i gCamarún. Oibríonn Hwang le Pak Hwa Song. Cuireann sé seirbhísí airgeadais ar fáil lena dtacaítear le réimeas agus le cláir núicléacha DPDC.”

    (b)

    faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus 34(3)”, fo-cheannteideal “(b) Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 go 4, 6 agus 8:

     

    Ainm (agus ainmneacha féideartha eile)

    Faisnéis aitheantais

    Dáta an ainmniúcháin

    Cúiseanna

    “1.

    Korea International Exhibition Corporation

    조선국제전람사

    Jungsong-dong, Central District, Sungri St, Pyonyang, DPRK

    Teil: 850 2 381 5926

    kiec@silibank.net.kp

    16.10.2017

    Chuidigh an Korea International Exhibition Corporation le heintitis ainmnithe chun smachtbhannaí a imghabháil trí Aonach Trádála Idirnáisiúnta Pyongyang a óstáil, a thugann deis d’eintitis ainmnithe smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a shárú trí leanúint de ghníomhaíocht eacnamaíoch.

    2.

    Korea Rungrado General Trading Corporation

    ar a dtugtar freisin Rungrado Trading Corporation

    조선릉라도무역총회사

    Seoladh: Segori-dong, Pothonggang District, Pyongyang, DPRK

    Teil: 850-2-18111-3818022

    Facs: 850-2-3814507

    Seoladh rphoist: rrd@co.chesin.com

    16.10.2017

    Thuairiscigh an Painéal Saineolaithe gur chabhraigh Korea Rungrado General Trading Corporation le smachtbhannaí arna bhforchur leis na Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a shárú trí dhiúracáin Scud a dhíol leis an Éigipt.

    3.

    Maritime Administrative Bureau

    ar a dtugtar freisin Maritime Administration of DPR Korea

    조선민주주의인민공화국 국가해사감독국

    Seoladh: Ryonhwa-2Dong, Central District, Pyongyang, DPRK

    PO Box 416

    Teil 850-2-18111 Ex 8059

    Facs: 850 2 381 4410

    Rphost: mab@silibank.net.kp

    Suíomh gréasáin: www.ma.gov.kp

    16.10.2017

    Chuidigh an Maritime Administrative Bureau le smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint, lena n-áirítear trí shócmhainní eintiteas ainmnithe a athainmniú agus a athchlárú agus trí dhoiciméadú bréagach a sholáthar do shoithí atá faoi réir smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe.

    4.

    Pan Systems Pyongyang

    ar a dtugtar freisin Wonbang Trading Co.; Glocom; International Golden Services; International Global System

    Seoladh: Room 818, Pothonggang Hotel, Ansan-Dong, Pyongchon district, Pyongyang, DPRK.

    16.10.2017

    Tá cúnamh tugtha ag Pan Systems chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré.

    Ina theannta sin, tá Pan Systems faoi rialú ag Reconnaissance General Bureau, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

    6.

    Korea General Corporation for External Construction (Ainmneacha eile: KOGEN, GENCO)

    조선대외건설총회사

    Seoladh: Taedonggang District, Pyongyang, Democratic People’s Republic of Korea

    21.4.2022

    Mar chuideachta ghairmiúil tógála thar lear, bíonn an Korea General Corporation for External Construction (KOGEN) ag brath ar oibrithe oilte a sheoladh thar lear, de réir an chur i láthair a rinneadh ar Naenara, tairseach oifigiúil idirlín DPDC, agus tá tionscadail curtha i gcrích aici in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, i gCuáit, i gCatar, in Éimin, sa Rúis, sa Libia agus sa Mhongóil. Tá brainsí áitiúla bunaithe aici freisin, mar shampla sa tSaimbia. Dá bhrí sin, tá Kogen i mbun smachtbhannaí a imghabháil agus tá sí freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC ós rud é go ndéanann sí pá iomlán nó cuid de phá na n-oibrithe a sheolann sí thar lear a aistriú chuig an réimeas, cleachtas a thoirmisctear le Rún 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    8.

    Korea Paekho Trading Corporation

    (Ainm eile: Joson Paekho Muyok Hoesa)

    조선백호무역회사

    Seoladh: Chongryu 3-dong, Taedonggang District, Pyongyang, Democratic People’s Republic of Korea

    21.4.2022

    Is cuideachta ealaíne é Paekho Trading Corporation a bhfuil baint aige le dealbha a thógáil thar lear, dealbha saothair ealaíne arna dtáirgeadh ag Paekho Art Studio a onnmhairiú, agus éascaíonn sé saothar aindleathach agus rochtain ar chórais airgeadais idirnáisiúnta. Díríonn sé go sonrach ar dheontais agus iasachtaí forbartha, chomh maith le hinfheistíocht dhíreach choigríche atá curtha in áirithe do thionscadail bhardasacha. Dá bhrí sin, bíonn sé ag teacht timpeall ar smachtbhannaí agus tá sé freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC.”


    Top