This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1304
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1304 of 20 July 2022 approving non-minor amendments to the specification for a name entered in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (‘Valašský frgál’ (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1304 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 lena bhformheastar leasú nach mionleasú é ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Valašský frgál” (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1304 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 lena bhformheastar leasú nach mionleasú é ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Valašský frgál” (TGFC))
C/2022/5358
IO L 197, 26.7.2022, p. 74–74
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 197/74 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1304 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Iúil 2022
lena bhformheastar leasú nach mionleasú é ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Valašský frgál” (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 53(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Seicia ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Valašský frgál” atá cláraithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2013 ón gCoimisiún (2). |
(2) |
Ós rud é nach mionleasú atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2), pointe (a), den Rialachán sin. |
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Valašský frgál” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2013 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2013 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Valašský frgál (STFC)] (IO L 326, 6.12.2013, lch. 5).