This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1301
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/1301 of 31 March 2022 amending the regulatory technical standards laid down in Delegated Regulation (EU) 2020/1226 as regards the information to be provided in accordance with the STS notification requirements for on-balance-sheet synthetic securitisations
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1301 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais fógartha STS maidir le hurrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1301 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais fógartha STS maidir le hurrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe
C/2022/1892
IO L 197, 26.7.2022, p. 10–51
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 197/10 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1301 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Márta 2022
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais fógartha STS maidir le hurrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 27(6), an tríú fomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 ón gCoimisiún (2) sonraítear an fhaisnéis nach mór do pháirtithe urrúsúcháin a chur ar fáil don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) i gcomhréir leis na ceanglais shimplí, thrédhearcacha agus chaighdeánaithe (STS) maidir le fógra a thabhairt i dtaca le hurrúsuithe fíordhíolacháin traidisiúnta a leagtar síos in Airteagal 19 go 22 agus in Airteagal 23 go 26 de Rialachán (AE) 2017/2402. |
(2) |
Le Rialachán (AE) 2021/557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leasaíodh Rialachán (AE) 2017/2402 tríd an gcreat urrúsúcháin STS a leathnú chuig urrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe. Dá bhrí sin, is gá sonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis nach mór do thionscnóirí a chur faoi bhráid ESMA chun na ceanglais fógartha STS a chomhlíonadh maidir le hurrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe. |
(3) |
Chun forléargas comparáideach ar gach cineál urrúsúcháin STS a thabhairt d’infheisteoirí, d’infheisteoirí féideartha agus d’údaráis inniúla, is iomchuí comhsheasmhacht a áirithiú sna fógraí STS ar fad. Dá bhrí sin, an fhaisnéis nach mór do thionscnóirí a chur isteach maidir le comhlíonadh na gceanglas STS a leagtar amach in Airteagal 26b go 26e de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart í a bheith de réir caighdeáin agus leibhéal sonraí atá cosúil leo siúd a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226. Go háirithe, is leor dearbhú simplí maidir le comhlíonadh le haghaidh critéir áirithe ach teastaíonn faisnéis bhreise le haghaidh cinn eile. Is gá, dá bhrí sin, idirdhealú a dhéanamh idir na critéir STS sin ar leor deimhniú simplí ina leith agus na critéir sin a bhfuil míniú achomair nó míniú mionsonraithe riachtanach ina leith. |
(4) |
Le hurrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe i gcás nach féidir réamheolaire a tharraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear ar chumas páirtithe idirbhearta urrúsúcháin a dhéanamh gan faisnéis tráchtála íogair a nochtadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, an fhaisnéis atá le foilsiú maidir le fógraí STS i dtaobh urrúsuithe den sórt sin a shrianadh go faisnéis tráchtála neamhíogair. |
(5) |
Chun rochtain ar fhaisnéis is ábhartha do na ceanglais STS a éascú, ba cheart cead a bheith ag tionscnóirí tagairt d’aon réamheolaire ábhartha a tarraingíodh suas d’urrúsú sintéiseach laistigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 nó do dhoiciméadacht bhunúsach ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/2402. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag tionscnóirí tagairt a dhéanamh d’aon doiciméad eile a bhaineann leis na hinfheisteoirí agus na tionscnóirí, leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, leis an ngníomhaire fíoraithe tríú páirtí agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, do dhoiciméadacht an idirbhirt lena dtacaítear leis na nótaí creidmheas-nasctha. |
(6) |
D’fhonn trédhearcacht agus comhsheasmhacht na faisnéise idir réimsí idirghaolmhara a fheabhsú agus gnéithe sonracha a bhaineann le hurrúsuithe áirithe a shoiléiriú, lena n-áirítear urrúsuithe máistir-iontaobhais, is gá an fhaisnéis atá le tuairisciú faoi na colúin “Ainm réimse” agus “An t-ábhar atá le tuairisciú” a shoiléiriú i gcás réimsí áirithe in Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 a leasú dá réir sin. |
(8) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ESMA atá an Rialachán seo bunaithe. |
(9) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ESMA maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinní I, II, III mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(4) |
cuirtear Iarscríbhinn IV isteach de réir a bhfuil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 28.12.2017, lch. 35.
(2) Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2020/1226 an 12 Samhain 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos caighdeáin theicniúla rialála ag sonrú na faisnéise atá le cur ar fáil i gcomhréir le ceanglais fógartha STS (IO L 289, 3.9.2020, lch. 285).
(3) Rialachán (AE) 2021/557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 116, 6.4.2021, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
in Iarscríbhinn III, sa tábla “Faisnéis ghinearálta”, cuirtear an méid a leanas in ionad an ró a chomhfhreagraíonn do chód réimse STSAP4:
|
(*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1224 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis agus na sonraí i dtaobh urrúsaithe atá le cur ar fáil ag an tionscóir, ag an urraitheoir agus ag an eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE) (IO L 289, 3.9.2020, lch. 1).;”
IARSCRÍBHINN II
“IARSCRÍBHINN IV
Faisnéis atá le cur faoi bhráid ESMA de bhun Airteagal 26b go hAirteagal 26e de Rialachán (AE) 2017/2402 maidir le hurrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe
Faisnéis ghinearálta
Cód réimse: |
Airteagal de Rialachán (AE) 2017/2402 |
An t-ainm réimse |
An t-ábhar atá le tuairisciú |
Faisnéis bhreise |
||||||||||||||
STSSY1 |
Airteagal 27(1), an tríú fomhír |
An chéad phointe teagmhála |
Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) an eintitis atá ainmnithe mar chéadphointe teagmhála agus ainm an údaráis inniúil ábhartha. |
Ítim 3.2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||||||||||
STSSY2 |
N/B |
An dáta ar a ndéantar an fógra |
An dáta ar a dtabharfar fógra do ESMA. |
N/B |
||||||||||||||
STSSY3 |
N/B |
Cód aitheantais ionstraime |
I gcás ina bhfuil sé ar fáil, an cód aitheantais idirnáisiúnta slándála (ISIN) nó na cóid. Mura bhfuil ISIN ar fáil, ansin aon chód urrús uathúil eile (lena n-áirítear na nótaí creidmheas-nasctha), i gcás ina bhfuil siad ar fáil. |
I gcás ina bhfuil sé ar fáil faoi Ítim 3.1 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||||||||||
STSSY4 |
N/B |
Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) |
LEI an tionscnóra nó na n-urraitheoirí agus, nuair atá sé ar fáil, an iasachtóra bhunaidh nó na n-iasachtóirí bunaidh agus SSPE(anna). |
Ítim 4.2 d’Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||||||||||
STSSY5 |
Airteagal 31(3) |
Díoltóir na cosanta |
An LEI, ainm, tír bhunaithe dhíoltóirí na cosanta tosaigh agus ainm an údaráis inniúil. |
N/B |
||||||||||||||
STSSY6 |
N/B |
Aitheantóir an fhógra |
I gcás ina dtuairiscítear nuashonrú, an uimhir thagartha uathúil a shann ESMA don fhógra STS arna fhógairt roimhe sin. |
N/B |
||||||||||||||
STSSY7 |
N/B |
Aitheantóir uathúil |
An t-aitheantóir uathúil arna shannadh ag an eintiteas tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1224. |
N/B |
||||||||||||||
STSSY8 |
N/B |
Stór Urrúsúcháin |
Más infheidhme, ainm an stóir urrúsúcháin chláraithe. |
N/B |
||||||||||||||
STSSY9 |
Airteagal 18, an dara fomhír, agus Airteagal 27(3) |
Tír bhunaíochta |
Tír bhunaithe an tionscnóra nó na dtionscnóirí, an urraitheora nó na n-urraitheoirí, an iasachtóra bhunaidh nó na n-iasachtóirí bunaidh agus SSPE(nna). |
N/B |
||||||||||||||
STSSY10 |
N/B |
Aicmiú urrúsúcháin shintéisigh |
An cineál urrúsúcháin shintéisigh:
|
N/B |
||||||||||||||
STSSY11 |
N/B |
Urrúsúchán sintéiseach le cosaint neamhchistithe creidmheasa |
Ainm dhíoltóir na cosanta (institiúid rialtais nó osnáisiúnta ag a bhfuil ualú riosca 0 %) |
N/B |
||||||||||||||
STSSY12 |
N/B |
An Comhaontú Cosanta Creidmheasa in úsáid |
An cineál comhaontaithe cosanta creidmheasa in úsáid:
|
N/B |
||||||||||||||
STSSY13 |
N/B |
Aicmiú na risíochtaí foluiteacha |
An cineál neamhchosaintí foluiteacha lena n-áirítear:
|
N/B |
||||||||||||||
STSSY14 |
N/B |
An dáta eisiúna |
Dáta deiridh an idirbhirt agus, murab ionann iad, an dáta ar a dtiocfaidh an comhaontú cosanta i bhfeidhm. |
N/B |
||||||||||||||
STSSY15 |
Airteagal 27(2), an dara fomhír |
Fíoraitheoir údaraithe tríú páirtí – ráiteas |
I gcás inar sholáthair tríú páirtí údaraithe seirbhísí fíoraithe STS i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2017/2402, ráiteas gur dheimhnigh an tríú páirtí údaraithe sin comhlíonadh na gcritéar STS. |
N/B |
||||||||||||||
STSSY16 |
Airteagal 27(2), an dara fomhír |
Fíoraitheoir údaraithe tríú páirtí – tír bhunaíochta |
I gcás inar sholáthair tríú páirtí údaraithe seirbhísí fíoraithe STS i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2017/2402, ainm agus tír bhunaíochta an tríú páirtí. |
N/B |
||||||||||||||
STSSY17 |
Airteagal 27(2), an dara fomhír |
Fíoraitheoir údaraithe tríú páirtí – an t-údarás inniúil |
I gcás inar sholáthair tríú páirtí údaraithe seirbhísí fíoraithe STS i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2017/2402, ainm an údaráis inniúil a d’údaraigh é. |
N/B |
||||||||||||||
STSSY18 |
Airteagal 27(5) |
Stádas STS |
Más infheidhme, fógra réasúnaithe ón tionscnóir nach meastar a thuilleadh gur urrúsúchán STS é an t-urrúsúchán sintéiseach. |
N/B |
Faisnéis shonrach
Cód Réimse: |
Airteagal de Rialachán (AE) 2017/2402 |
An t-ainm réimse |
Dearbhú |
Míniú achomair |
Míniú mionsonraithe |
An t-ábhar atá le tuairisciú |
Faisnéis bhreise |
||||||
STSSY19 |
Airteagal 26b(1), an chéad fhomhír |
Is eintiteas faoi mhaoirseacht san Aontas é an tionscnóir |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil an tionscnóir ina eintiteas atá údaraithe nó ceadúnaithe san Aontas. |
N/B |
||||||
STSSY20 |
Airteagal 26b(1), an dara fomhír |
Tionscnóir a chuireann i bhfeidhm beartais neamhchosaintí an tríú páirtí a ceannaíodh |
|
√ |
|
Na beartais maidir le creidmheas, bailiú, réiteach agus seirbhísiú fiachais a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm ar neamhchosaintí tríú páirtí a ndearna an tionscnóir iad a cheannach ar a chuntas féin agus a urrúsú ina dhiaidh sin, míniú achomair nach lú an déine ná na beartais sin a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí inchomparáide nár ceannaíodh. |
N/B |
||||||
STSSY21 |
Airteagal 26b (2) |
Tionscnamh neamhchosaintí foluiteacha |
|
√ |
|
Míniú achomair gur mar chuid de phríomhghníomhaíocht ghnó an tionscnóra a thionscnaítear na neamhchosaintí foluiteacha. |
N/B |
||||||
STSSY22 |
Airteagal 26b(3), an chéad fhomhír |
Sócmhainní atá á gcoiméad ar chlár comhardaithe an tionscnóra ar dháta deiridh an idirbhirt |
√ |
|
|
Dearbhú go gcoinnítear, ar dháta deiridh an idirbhirt, na neamhchosaintí foluiteacha laistigh de chlár comhardaithe an tionscnóra nó de chuid eintitis a bhaineann leis an ngrúpa céanna lena mbaineann an tionscnóir. |
N/B |
||||||
STSSY23 |
Airteagal 26b(3), an dara fomhír |
Catagóir an ghrúpa |
√ |
|
|
Chun críocha réimse STSSY22, dearbhú maidir le cé acu den dá ghrúpa seo a leanas is ábhartha:
|
N/B |
||||||
STSSY24 |
Airteagal 26b(4) |
Gan neamhchosaint an tionscnóra a fhálú tuilleadh |
√ |
|
|
Dearbhú nach ndéanfaidh an tionscnóir a neamhchosaint ar riosca creidmheasa neamhchosaintí foluiteacha an urrúsúcháin a fhálú thar an gcosaint a fhaightear tríd an gcomhaontú cosanta creidmheasa. |
N/B |
||||||
STSSY25 |
Airteagal 26b(5) |
Comhaontú cosanta creidmheasa lena gcomhlíontar Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 |
√ |
|
|
Dearbhú go gcomhlíonann an comhaontú cosanta creidmheasa na rialacha maidir le maolú riosca creidmheasa a leagtar síos in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
N/B |
||||||
STSSY26 |
Airteagal 26b(5) |
Comhaontú cosanta creidmheasa lena gcomhlíontar rialacha eile maidir le maolú creidmheasa |
|
√ |
|
I gcás nach bhfuil Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 infheidhme, míniú achomair á áirithiú go ndéantar na gceanglas atá chomh dian céanna ar a laghad leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin, go ndéantar na ceanglais sin a chomhlíonadh. |
N/B |
||||||
STSSY27 |
Airteagal 26b(6), pointe (a) |
Uiríll agus barántaí - Teideal dlíthiúil ar na neamhchosaintí foluiteacha |
|
√ |
|
Míniú achomair ar uiríll agus ar bharántaí an tionscnóra go bhfuil teideal dlíthiúil iomlán agus bailí ag an tionscnóir nó ag eintiteas an ghrúpa lena mbaineann an tionscnóir ar na neamhchosaintí foluiteacha agus ar na cearta coimhdeacha comhlachaithe a ghabhann leo. |
N/B |
||||||
STSSY28 |
Airteagal 26b(6), pointe (b) |
Uiríll agus barántaí - Coinníonn an tionscnóir riosca creidmheasa na sócmhainní foluiteacha |
|
√ |
|
Míniú achomair ar uiríll agus barántaí an tionscnóra, i gcás inar institiúid chreidmheasa é an tionscnóir mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE, coinneoidh an tionscnóir nó eintiteas atá san áireamh i raon feidhme na maoirseachta ar bhonn comhdhlúite riosca creidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha ar a chlár comhardaithe. |
N/B |
||||||
STSSY29 |
Airteagal 26b(6), pointe (c) |
Uiríll agus barántaí - na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh ó thaobh neamhchosaintí de |
|
√ |
|
Míniú achomair ar uiríll agus barántaí an tionscnóra go gcomhlíonann gach neamhchosaint fholuiteach, ar an dáta a áirítear í sa phunann urrúsaithe, na critéir incháilitheachta agus na coinníollacha uile le haghaidh íocaíocht cosanta creidmheasa, cé is moite de tharlú teagmhais creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 26e(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, i gcomhréir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa a chuimsítear sa doiciméadacht urrúsúcháin. |
Ítim 2.2.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY30 |
Airteagal 26b(6), pointe (d) |
Uiríll agus barántaí - Oibleagáid dhlíthiúil agus infhorfheidhmithe don fhéichiúnaí |
|
√ |
|
Míniú achomair ar uiríll agus ar bharántaí an tionscnóra go gcuimsíonn, chomh fada agus is eol don tionscnóir, sa chonradh maidir le gach neamhchosaint fholuiteach oibleagáid dhlithiúil, bhailí, cheangailteach agus in-fhorfheidhmithe ar an bhféichiúnaí na suimeanna airgid a shonraítear sa chonradh sin a íoc. |
Ítim 2.2.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY31 |
Airteagal 26b(6), pointe (e) |
Uiríll agus barántaí - Critéir fhrithgheallta |
|
√ |
|
Míniú achomair ar uiríll agus ar bharántaí an tionscnóra go gcomhlíonann na neamhchosaintí foluiteacha na critéir fhrithgheallta atá chomh dian céanna leis na critéir fhrithgheallta chaighdeánacha a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe. |
Ítim 2.2.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY32 |
Airteagal 26b(6), pointe (f) |
Uiríll agus barántaí – Níl sárú ábhartha ná mainneachtain déanta ag féichiúnaithe |
|
√ |
|
Míniú achomair ar uiríll agus ar bharántaí an tionscnóra nach bhfuil, chomh fada agus is eol don tionscnóir, sárú ábhartha ná mainneachtain déanta ag aon duine de na féichiúnaithe ar aon oibleagáid a bhí orthu i leith neamhchosaint fholuiteach ar an dáta a áirítear an neamhchosaint fholuiteach sin sa phunann urrúsaithe. |
Ítim 2.2.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY33 |
Airteagal 26b(6), pointe (g) |
Uiríll agus barántaí – Níl aon fhaisnéis bhréagach i ndoiciméadacht an idirbhirt |
|
√ |
|
Míniú achomair ar uiríll agus barántaí an tionscnóra nach gcuimsítear, chomh fada agus is eol don tionscnóir, aon fhaisnéis bhréagach maidir le mionsonraí na neamhchosaintí foluiteacha i ndoiciméadacht an idirbhirt. |
Ítim 2.2.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY34 |
Airteagal 26b(6), pointe (h) |
Uiríll agus barántaí – In-fhorfheidhmitheacht nó inbhailitheacht na neamhchosaintí foluiteacha |
|
√ |
|
Míniú achomair ar uiríll agus barántaí an tionscnóra ar dháta deiridh an idirbhirt nó nuair a dhéantar neamhchosaint fholuiteach a áireamh sa phunann urrúsaithe, nach bhfuil leasú déanta ar an gconradh idir an féichiúnaí agus an t-iasachtóir bunaidh i ndáil leis an neamhchosaint fholuiteach sin ar bhealach lena ndéantar difear d’in-fhorfheidhmitheacht nó d’inbhailitheacht na neamhchosanta foluití sin. |
Ítim 2.2.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY35 |
Airteagal 26b(7), an chéad fhomhír |
Critéir incháilitheachta nach ndéantar foráil iontu maidir le bainistiú gníomhach punainne ar na neamhchosaintí foluiteacha ar bhonn lánroghnach |
|
√ |
|
Míniú achomair go gcomhlíonann na neamhchosaintí foluiteacha critéir incháilitheachta réamhdhearbhaithe shoiléire dhoiciméadaithe, ar critéir iad nach bhforáiltear iontu maidir le bainistiú gníomhach punainne a dhéanamh ar na neamhchosaintí sin ar bhonn lánroghnach. |
Roinn 2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY36 |
Airteagal 26b(7), an dara fomhír |
Díolúine ón toirmeasc ar bhainistiú gníomhach punainne |
|
√ |
|
Ionadú neamhchosaintí lena ndéantar sárú ar uiríll nó ar bharántaí nó, i gcás ina n-áirítear tréimhse athshlánaithe san urrúsú, neamhchosaintí lena gcomhlíontar na coinníollacha athshlánaithe sainithe a chur isteach, míniú achomair nach measfar é sin mar bhainistiú gníomhach punainne chun críocha réimse STSSY35. |
Roinn 2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY37 |
Airteagal 26b(7), an tríú fomhír |
Neamhchosaint curtha isteach tar éis dháta deiridh an idirbhirt a chomhlíonann na critéir incháilitheachta |
|
√ |
|
Míniú achomair go gcomhlíonann aon neamhchosaint a chuirtear isteach i ndiaidh dháta deiridh an idirbhirt na critéir incháilitheachta atá chomh dian céanna leis na critéir a cuireadh i bhfeidhm le linn roghnú tosaigh na neamhchosaintí foluiteacha. |
Roinn 2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 38 |
Airteagal 26b(7), an ceathrú fomhír, pointe (a) |
Neamhchosaint atá go hiomlán aisíoctha |
|
√ |
|
I gcás ina bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha le baint den idirbheart, míniú achomair go bhfuil siad go hiomlán aisíoctha nó go ndearnadh iad a aibiú ar bhealach eile. |
Roinn 2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 39 |
Airteagal 26b(7), an ceathrú fomhír, pointe (b) |
Neamhchosaintí foluiteacha arna ndiúscairt |
|
√ |
|
I gcás ina bhfuil neamhchosaint fholuiteach le baint ón idirbheart, míniú achomair go ndearnadh í a dhiúscairt le linn ghnáthchúrsa gnó an tionscnóra, ar choinníoll nach ionann an diúscairt sin agus tacaíocht intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 250 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
Roinn 2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 40 |
Airteagal 26b(7), an ceathrú fomhír, pointe (c) |
Gan a bheith ina leasú faoi thionchar creidmheasa |
|
√ |
|
I gcás ina bhfuil an neamhchosaint fholuiteach le baint as an idirbheart, míniú achomair go bhfuil sí faoi réir leasú nach bhfuil faoi thionchar creidmheasa, amhail athmhaoiniú nó athstruchtúrú fiachais, agus a tharlaíonn le linn sheirbhísiú na neamhchosanta foluití sin. |
Roinn 2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 41 |
Airteagal 26b(7), an ceathrú fomhír, pointe (d) |
Gan na critéir incháilitheachta a bheith comhlíonta |
|
√ |
|
I gcás ina bhfuil an neamhchosaint fholuiteach le baint as an idirbheart, míniú achomair nár chomhlíon sí na critéir incháilitheachta tráth a cuireadh san áireamh san idirbheart í. |
Roinn 2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 42 |
Airteagal 26b(8), an chéad fhomhír |
Aonchineálacht sócmhainní |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe ar an gcaoi a bhfuil an t-urrúsúchán bunaithe ar chomhthiomsú neamhchosaintí foluiteacha atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainne de. Chun na críche sin, déanfar tagairt do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1851 ón gCoimisiún. (2). |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 43 |
Airteagal 26b(8), an chéad fhomhír |
Gan ach aon chineál sócmhainne |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe ar an gcaoi nach bhfuil i gcomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha ach aon chineál sócmhainne. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 44 |
Airteagal 26b(8), an dara fomhír |
Oibleagáidí atá ceangailteach de réir conartha agus infhorfheidhmithe |
|
√ |
|
Míniú achomair go gcuimsítear sna neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear i réimse STSSY42 oibleagáidí atá ceangailteach agus infhorfheidhmithe de réir conartha, ar féidir leo dul ar iontaoibh iomlán féichiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ráthóirí. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 45 |
Airteagal 26b(8), an tríú fomhír |
Íocaíocht thréimhsiúil shainithe |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe maidir leis an gcaoi a bhfuil sruthanna íocaíochta tréimhsiúla sainithe leis na neamhchosaintí foluiteacha sa réimse STSSY42, ar féidir a dtráthchodanna a bheith difriúil óna chéile ó thaobh méid de, maidir le híocaíochtaí cíosa, príomhíocaíochtaí nó íocaíochtaí úis, nó maidir le haon cheart eile ioncam a fháil ó shócmhainní a thacaíonn le híocaíochtaí den sórt sin. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 46 |
Airteagal 26b(8), an tríú fomhír |
Fáltais ó dhíol sócmhainní |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe maidir le cé acu a ghineann nó nach ngineann na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear i réimse STSSY42 fáltais freisin ó aon sócmhainn mhaoinithe nó léasaithe a dhíol, agus maidir leis an dóigh a ndéantar é sin má dhéantar. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 47 |
Airteagal 26b(8), an ceathrú fomhír |
Gan urrúis inaistrithe |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe maidir leis an dóigh nach n-áirítear urrúis inaistrithe ar na neamhchosaintí foluiteacha, mar a shainítear iad in Airteagal 4(1), pointe (44), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cé is moite de bhannaí corparáideacha, ar choinníoll nach liostaítear na bannaí corparáideacha sin ar ionad trádála. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 48 |
Airteagal 26b(9) |
Gan ath-urrúsú |
√ |
|
|
Dearbhú nach n-áirítear aon suíomh urrúsúcháin sna neamhchosaintí foluiteacha. |
Ítim 2.2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 49 |
Airteagal 26b(10), an chéad fhomhír |
Caighdeáin a bhaineann le frithghealladh a nochtar d’infheisteoirí féideartha |
√ |
|
|
Na caighdeáin a bhaineann le frithghealladh a ngintear na neamhchosaintí foluiteacha dá mbun agus aon athruithe ábhartha a dhéantar orthu ó na caighdeáin a bhaineann le frithghealladh a bhí ann roimhe sin, dearbhú go nochtar iad go hiomlán do na hinfheisteoirí féideartha iad gan moill mhíchuí. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 50 |
Airteagal 26b(10), an chéad fhomhír |
An fhéidearthacht dul ar iontaoibh iomlán féichiúnaí |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha frithgheallta agus is féidir dul ar iontaoibh iomlán féichiúnaí nach SSPE é. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 51 |
Airteagal 26b(10), an chéad fhomhír |
Na caighdeáin a bhaineann le frithghealladh – Gan aon tríú páirtí ann |
√ |
|
|
Dearbhú nach bhfuil aon tríú páirtí páirteach sna cinntí creidmheasa ná frithgheallta a bhaineann leis na neamhchosaintí foluiteacha. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 52 |
Airteagal 26b(10), an dara fomhír |
Na caighdeáin a bhaineann le frithghealladh – Iasachtaí cónaithe |
√ |
|
|
I gcás urrúsúchán inar iasachtaí cónaithe na neamhchosaintí foluiteacha, dearbhú nach n-áireofar sa chomhthiomsú iasachtaí aon iasacht a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht nó, i gcás inarb infheidhme, d’idirghabhálaithe go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a soláthraíodh fíoraithe ag an iasachtóir. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 53 |
Airteagal 26b(10), an tríú fomhír |
Na caighdeáin a bhaineann le frithghealladh – Measúnú an Iasachtaí |
√ |
|
|
Dearbhú go gcomhlíonann an measúnú ar acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó Airteagal 18(1) go (4), pointe (a), d’Airteagal 18(5) agus Airteagal 18(6), de Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), nó, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 54 |
Airteagal 26b(10), an ceathrú fomhír |
Saineolas an tionscnóra nó an iasachtóra bhunaidh |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil saineolas ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh i ndáil le neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leis na neamhchosaintí a ndearnadh urrúsú orthu. |
Ítim 2.2.7 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 55 |
Airteagal 26b(11), pointe (a) |
Gan aon neamhchosaint ar mhainneachtain |
|
√ |
|
Míniú achomair nach n-áirítear ar na neamhchosaintí foluiteacha, tráth an roghnaithe, neamhchosaintí ar mhainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ná neamhchosaintí ar fhéichiúnaí ná ar ráthóir a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige, ar dearbhaíodh é, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, a bheith dócmhainneach nó a raibh cúirt tar éis a dheonú dá chreidiúnaithe ceart críochnaitheach neamh-inachomhairc forfheidhmithe nó damáistí ábhartha de dheasca íocaíocht a chaill sé laistigh de 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi phróiseas athstruchtúraithe fiachais é maidir lena neamhchosaintí neamhthuillmheacha laistigh de 3 bliana roimh an dáta a rinneadh na neamhchosaintí foluiteacha a roghnú, seachas sna cásanna a leanas: (i) ní raibh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint fholuiteach athstruchtúraithe ón dáta a rinneadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é nár mhór a bheith déanta aon bhliain amháin ar a laghad roimh an dáta ar a roghnaíodh na neamhchosaintí foluiteacha; nó (ii) leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an tionscnóir i gcomhréir le hAirteagal 7(1), an chéad fhomhír, pointe (a) agus pointe (e)(i), de Rialachán (AE) 2017(2402), leagtar amach go soiléir an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus mionsonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe. I gcás ina mbeidh feidhm ag aon cheann den dá eisceacht sin, tabhair míniú achomair air sin. |
Ítim 2.2.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 56 |
Airteagal 26b(11), pointe (b) |
Gan aon stair chreidmheasa dhíobhálach |
|
√ |
|
Míniú achomair nach n-áirítear sna neamhchosaintí foluiteacha, tráth an roghnaithe, neamhchosaintí ar mhainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ná neamhchosaintí ar fhéichiúnaí ná ar ráthóir a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige, a bhí, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, tráth tionscnaimh na neamhchosanta bunúsaí, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa daoine a bhfuil stair chreidmheasa dhíobhálach acu nó, i gcás nach bhfuil aon chlár poiblí creidmheasa den sórt sin ann, clárlann creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó don tionscnóir bunaidh; |
N/B |
||||||
STSSY 57 |
Airteagal 26b(11), pointe (c) |
Níl riosca na neamhíocaíochta níos airde ná i gcás neamhchosaintí neamhurrúsúcháin |
|
√ |
|
Míniú achomair nach n-áirítear sna neamhchosaintí foluiteacha, tráth an roghnaithe, neamhchosaintí ar mhainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó neamhchosaintí ar fhéichiúnaí nó ar ráthóir a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige nó aici, de réir mar is fearr is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, a bhfuil measúnú creidmheasa nó scór creidmheasa aige nó aici a léiríonn go bhfuil riosca na n-íocaíochtaí a comhaontaíodh go conarthach níos airde go suntasach ná an riosca i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra nach bhfuil urrúsaithe. |
N/B |
||||||
STSSY 58 |
Airteagal 26b(12) |
Íocaíocht amháin ar a laghad a rinneadh tráth a áiríodh na sócmhainní foluiteacha |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil íocaíocht amháin ar a laghad déanta ag féichiúnaithe tráth a áirítear na neamhchosaintí foluiteacha, seachas sna cásanna seo a leanas:
I gcás ina mbeidh feidhm ag aon cheann den dá eisceacht sin, tabhair míniú achomair air sin. |
Ítimí 3.3 agus 3.4.6 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 59 |
Airteagal 26c(1) |
Na ceanglais maidir le coinneáil riosca a chomhlíonadh |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe ar an gcaoi a gcomhlíonann an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na ceanglais maidir le coinneáil riosca i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/2402. |
Ítim 3.1 d’Iarscríbhinn 9 agus Ítim 3.4.3 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 60 |
Airteagal 26c(2), an chéad fhomhír |
Rátaí úis agus rioscaí airgeadra a mhaolú |
√ |
|
|
Dearbhú ar an méid seo a leanas:
|
Ítim 3.4.2 agus 3.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY61 |
Airteagal 26c(2), an chéad fhomhír |
Comhthaobhacht cosanta creidmheasa agus íocaíocht cosanta creidmheasa atá ainmnithe san airgeadra céanna |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil aon chomhthaobhacht lena ndaingnítear oibleagáidí an infheisteora faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa ainmnithe san airgeadra céanna ina n-ainmnítear an íocaíocht cosanta creidmheasa. |
Ítim 3.4.2 agus 3.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 62 |
Airteagal 26c(2), an dara fomhír |
Dliteanais SSPE cothrom le nó níos lú ná ioncam SSPE |
|
√ |
|
Míniú achomair, i gcás urrúsúcháin ina mbaintear úsáid as SSPE, go bhfuil méid dliteanais SSPE maidir le híocaíochtaí úis do na hinfheisteoirí, ag gach dáta íocaíochta, cothrom le méid ioncam SSPE ón tionscnóir agus le haon socrú comhthaobhachta, nó níos lú ná na méideanna sin. |
Ítim 3.4.2 agus 3.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 63 |
Airteagal 26c(2), an tríú fomhír |
Gan díorthaigh a úsáidtear ach amháin chun rioscaí úis nó airgeadra a fhálú |
√ |
|
|
Dearbhú nach bhfuil díorthaigh i gcomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha ach amháin chun rioscaí maidir le ráta úis nó airgeadra na neamhchosaintí foluiteacha a fhálú. |
Ítim 3.4.2 agus 3.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 64 |
Airteagal 26c(2), an tríú fomhír |
Díorthaigh a úsáid bunaithe ar chomhchaighdeáin |
|
√ |
|
Míniú achomair, i gcás ina bhfuil feidhm ag an eisceacht dá dtagraítear in uimhir réimse STSSY63, go bhfuil aon díorthach a úsáidtear frithgheallta agus doiciméadaithe de réir caighdeáin a nglactar go coitianta leo. |
Ítim 3.4.2 agus 3.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 65 |
Airteagal 26c(3), an chéad fhomhír agus an dara fomhír |
Íocaíochtaí úis tagartha bunaithe ar rátaí úis a úsáidtear i gcoitinne gan foirmlí casta ná díorthaigh chasta |
|
√ |
|
Míniú achomair, i gcás aon íocaíocht tagartha ráta úis i ndáil leis an idirbheart, ar a bhfuil na híocaíochtaí tagartha ráta úis seo a leanas bunaithe ar an méid a leanas:
Míniú achomair go bhfuil aon íocaíocht úis dá dtagraítear atá dlite faoi na neamhchosaintí foluiteacha bunaithe ar rátaí úis an mhargaidh a úsáidtear go ginearálta, nó ar rátaí earnála a úsáidtear go ginearálta lena léirítear na costais a bhaineann le cistí, agus ní dhéanfar tagairt d’fhoirmlí casta nó do dhíorthaigh chasta leo |
Ítim 2.2.2 agus 2.2.13 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 66 |
Airteagal 26c(4), an chéad fhomhír |
Teagmhas forfheidhmiúcháin gan dochar do ghníomhaíocht forfheidhmithe infheisteoirí |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhfuil cead ag an infheisteoir gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanamh tar éis do theagmhas forfheidhmiúcháin tarlú i ndáil leis an tionscnóir. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 67 |
Airteagal 26c(4), an dara fomhír |
An comhaontú cosanta creidmheasa a fhorfheidhmiú - Ní dhéanfar aon suim airgid a ghaistiú in SSPE |
|
√ |
|
I gcás urrúsúcháin ina mbaintear úsáid as SSPE, i gcás ina seachadtar fógra um fhorfheidhmiú nó fógra um fhoirceannadh maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, míniú achomair nach ndéantar aon mhéid airgid thirim a ghaistiú in SSPE thar a bhfuil riachtanach chun feidhmiú oibríochtúil an SSPE sin a áirithiú, chun íocaíocht na n-íocaíochtaí cosanta le haghaidh neamhchosaintí foluiteacha a mhainnigh atáthar fós á réiteach tráth an fhoirceanta, nó chun a áirithiú go n-aisíoctar go hordúil na hinfheisteoirí i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 68 |
Airteagal 26c(5), an chéad fhomhír |
Caillteanais a leithdháiltear in ord sinsearachta |
|
√ |
|
Míniú achomair go leithdháiltear caillteanais ar shealbhóirí suímh urrúsúcháin in ord shinsearacht na dtráinsí, ag tosú leis an tráinse is sóisearaí. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 69 |
Airteagal 26c(5), an dara fomhír |
Amúchadh seicheamhach |
|
√ |
|
Míniú achomair go gcuirtear amúchadh seicheamhach i bhfeidhm maidir le gach tráinse chun méid gan íoc na dtráinsí a chinneadh ag gach dáta íocaíochta, ag tosú ón tráinse is sinsearaí. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 70 |
Airteagal 26c(5), an tríú fomhír |
Tosaíocht neamhsheicheamhach íocaíochtaí |
|
√ |
|
De mhaolú ar réimse STSSY 69, míniú achomair maidir leis na hidirbhearta sin a bhfuil tosaíocht neamhsheicheamhach íocaíochtaí ina gné díobh, go n-áirítear leo truicir a bhaineann le feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha a bhfuil mar thoradh orthu tosaíocht íocaíochtaí lena ndéantar íocaíochtaí seicheamhacha de réir ord sinsearachta a thabhairt ar ais i gcás an amúchta. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 71 |
Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (a) |
Truicir a bhaineann le feidhmíocht |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe maidir leis an truicear a bhaineann le feidhmíocht éigeantach dá dtagraítear i réimse STSSY70, truicear is ionann agus an méadú ar mhéid carnach na neamhchosaintí ar mhainneachtain nó an méadú ar na caillteanais charnacha ar mó iad ná céatadán áirithe de mhéid gan íoc na punainne foluití. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 72 |
Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (b) |
Truicir a bhaineann le feidhmíocht |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe ar an truicear feidhmíochta breise siarbhreathnaitheach dá dtagraítear i réimse STSSY70. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 73 |
Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (c) |
Truicir a bhaineann le feidhmíocht |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe ar an truicear feidhmíochta réamhbhreathnaitheach dá dtagraítear i réimse STSSY70. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 74 |
Airteagal 26c(5), an seachtú fomhír |
Méid na comhthaobhachta atá cothrom le méid na dtráinsí atá á n-amúchadh |
|
√ |
|
Míniú achomair, de réir mar a amúchtar tráinsí, go ndéantar méid áirithe na comhthaobhachta a bhíonn cothrom le méid amúchadh na dtráinsí sin a thabhairt ar ais do na hinfheisteoirí, ar choinníoll go mbíonn na tráinsí sin comhthaobhaithe ag na hinfheisteoirí. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 75 |
Airteagal 26c(5), an t-ochtú fomhír |
An teagmhas creidmheasa a tharla agus méid na cosanta creidmheasa atá ar fáil le haghaidh aon dáta íocaíochta |
|
√ |
|
I gcás inar tharla teagmhas creidmheasa, dá dtagraítear in STSSY100 nó STSSY101, i ndáil le neamhchosaintí foluiteacha agus nár cuireadh i gcrích réiteach an fhiachais i leith na neamhchosaintí sin, míniú achomair go mbíonn méid na cosanta creidmheasa a bhíonn fágtha ar aon dáta íocaíochta coibhéiseach le méid ainmniúil gan íoc na neamhchosaintí foluiteacha sin, ar a laghad, lúide méid aon íocaíochta eatramhaí a dhéantar i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha sin. |
Ítim 3.4.5 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 76 |
Airteagal 26c(6), pointe (a) |
Forálacha nó truicir um luathamúchadh – Cáilíocht chreidmheasa |
|
√ |
|
I gcás gur urrúsúchán imrothlach é urrúsúchán, míniú achomair go n-áirítear i ndoiciméadacht an idirbhirt forálacha iomchuí um luathamúchadh nó truicir maidir le deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach i gcás meath ar cháilíocht chreidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha ar thairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin. |
Ítimí 2.3 agus 2.4 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 77 |
Airteagal 26c(6), pointe (b) |
Forálacha nó truicir um luathamúchadh – Caillteanais |
|
√ |
|
I gcás gurb urrúsúchán imrothlach é urrúsúchán, míniú achomair go n-áirítear i ndoiciméadacht an idirbhirt forálacha iomchuí um luathamúchadh nó truicir maidir le deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach i gcás ardú i gcaillteanais thar thairseach réamhshocraithe; |
Ítimí 2.3 agus 2.4 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 78 |
Airteagal 26c(6), pointe (c) |
Forálacha nó truicir maidir le luathamúchadh – Neamhchosaintí nua |
|
√ |
|
I gcás gurb urrúsúchán imrothlach é urrúsúchán, míniú achomair go n-áirítear i ndoiciméadacht an idirbhirt forálacha iomchuí um luathamúchadh nó truicir maidir le deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach i gcás ina mainnítear go leor neamhchosaintí foluiteacha nua a chomhlíonann an cháilíocht chreidmheasa réamhshocraithe le linn tréimhse sonraithe a ghiniúint. |
Ítimí 2.3 agus 2.4 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 79 |
Airteagal 26c(7), pointe (a) |
Oibleagáidí, dualgais agus freagrachtaí conarthacha - An seirbhíseoir |
|
√ |
|
Míniú achomair go sonraítear go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt oibleagáidí, dualgais agus freagrachtaí conarthacha an tseirbhíseora. |
Ítim 3.2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 80 |
Airteagal 26c(7), pointe (a) |
Oibleagáidí, dualgais agus freagrachtaí conarthacha - An t-iontaobhaí |
|
√ |
|
Míniú achomair go sonraítear go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt oibleagáidí, dualgais agus freagrachtaí conarthacha an iontaobhaí agus soláthraithe seirbhíse coimhdeacha eile, de réir mar is infheidhme. |
Ítim 3.2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 81 |
Airteagal 26c(7), pointe (a) |
Oibleagáidí, dualgais agus freagrachtaí conarthacha – Gníomhaire fíorúcháin tríú páirtí |
|
√ |
|
Míniú achomair go sonraítear go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt oibleagáidí, dualgais agus freagrachtaí conarthacha an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126. |
Ítim 3.2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 82 |
Airteagal 26c(7), pointe (b) |
Soláthraithe seirbhíse a athsholáthar i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta |
|
√ |
|
Míniú achomair go sainítear go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt na forálacha lena n-áirithítear athsholáthar an tseirbhíseora, ar an iontaobhaí, ar na soláthraithe seirbhíse coimhdeacha eile nó ar an ngníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126 i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta de cheachtar de na soláthraithe seirbhíse sin, i gcás ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse sin éagsúil leis an tionscnóir, ar bhealach nach gcuirfear deireadh le soláthar na seirbhísí sin. |
Ítim 3.2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 83 |
Airteagal 26c(7), pointe (c) |
Nósanna imeachta seirbhísithe |
|
√ |
|
Míniú achomair go sainítear go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt na nósanna imeachta seirbhísithe a bhfuil feidhm acu maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha ar dháta deiridh an idirbhirt agus ina dhiaidh sin agus na cúinsí faoina bhféadfar na nósanna imeachta sin a mhodhnú. |
Ítim 3.4.6 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 84 |
Airteagal 26c(7), pointe (d) |
Caighdeáin seirbhísithe |
|
√ |
|
Míniú achomair go sainítear go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt na caighdeáin seirbhísithe a mbeidh sé d’oibleagáid ar an seirbhíseoir a chomhlíonadh agus na neamhchosaintí foluiteacha á seirbhísiú aige laistigh de shaolré iomlán an urrúsaithe. |
Ítim 3.4.6 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 85 |
Airteagal 26c(8), an chéad fhomhír |
Saineolas riachtanach ón seirbhíseoir |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhfuil saineolas ag an seirbhíseoir ar neamhchosaintí a sheirbhísiú atá comhchosúil leis na neamhchosaintí urrúsaithe. |
Ítim 3.4.6 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 86 |
Airteagal 26c(8), an chéad fhomhír |
Beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca dea-dhoiciméadaithe leordhóthanach a bheith i bhfeidhm |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca dea-dhoiciméadaithe leordhóthanacha ag an seirbhíseoir a bhaineann le neamhchosaintí a sheirbhísiú. |
Ítim 3.4.6 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 87 |
Airteagal 26c(8), an dara fomhír |
Nósanna imeachta seirbhísithe atá chomh dian céanna ar a laghad leis na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe |
√ |
|
|
Míniú achomair go gcuireann an seirbhíseoir nósanna imeachta um sheirbhísiú i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha atá ar a laghad chomh dian céanna leis na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm ag an tionscnóir maidir le neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe. |
Ítim 3.4.6 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 88 |
Airteagal 26c(9) |
Clár tagartha i bhfeidhm |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe faoin dóigh a gcoinníonn an tionscnóir clár tagartha cothrom le dáta chun na neamhchosaintí foluiteacha a shainaithint i ngach tráth. |
N/B |
||||||
STSSY 89 |
Airteagal 26c(9) |
Clár tagartha – Ábhar |
|
√ |
|
Míniú achomair go sainaithníonn an clár tagartha sin dá dtagraítear i Réimse STSSY 88 na féichiúnaithe tagartha, na hoibleagáidí tagartha as a n-eascraíonn na neamhchosaintí foluiteacha, agus, i gcás gach neamhchosanta foluití, an méid ainmniúil atá cosanta agus an méid atá gan íoc. |
N/B |
||||||
STSSY 90 |
Airteagal 26c(10) |
Réiteach tráthúil ar choinbhleachtaí idir aicmí éagsúla infheisteoirí |
√ |
|
|
Dearbhú go n-áirítear i ndoiciméadacht an idirbhirt forálacha soiléire lena n-éascaítear réiteach tráthúil ar choinbhleachtaí idir aicmí éagsúla infheisteoirí. |
Ítim 3.4.7 agus 3.4.8 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 91 |
Airteagal 26c(10) |
SSPE – Cearta vótála atá sainithe go soiléir |
√ |
|
|
Dearbhú i gcás urrúsúcháin ina mbaintear úsáid as SSPE, go sainítear cearta vótála go soiléir agus go ndéantar iad a leithdháileadh ar shealbhóirí bannaí agus go sainaithnítear go soiléir freagrachtaí an iontaobhaí agus na n-eintiteas eile a bhfuil dualgais mhuiníneacha orthu i leith infheisteoirí. |
N/B |
||||||
STSSY 92 |
Airteagal 26d(1) |
Sonraí maidir le Feidhmíocht Stairiúil i dtaobh Mainneachtana agus Caillteanais |
√ |
|
|
Sonraí maidir le mainneachtain stairiúil statach agus dhinimiciúil agus feidhmíocht chaillteanais amhail sonraí maidir le faillí agus maidir le mainneachtain (lena gcumhdaítear tréimhse 5 bliana ar a laghad), i gcás neamhchosaintí atá comhchosúil go substaintiúil leis na cinn atá á n-urrúsú, mar aon le foinsí na sonraí sin agus an bunús atá leis an tuiscint go bhfuil comhchosúlacht ann, dearbhú go gcuirtear na sonraí sin ar fáil d’infheisteoirí féideartha roimh an bpraghsáil. |
Ítim 2.2.2 d’Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 |
||||||
STSSY 93 |
Airteagal 26d(2) |
Sampla de na neamhchosaintí foluiteacha faoi réir fíorú seachtrach |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil sampla de na neamhchosaintí foluiteacha faoi réir fíorú seachtrach ag páirtí iomchuí neamhspleách roimh dháta deiridh an idirbhirt, lena n-áirítear fíorú go bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha incháilithe le haghaidh cosaint chreidmheasa faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa. |
N/B |
||||||
STSSY 94 |
Airteagal 26d(3) |
Infhaighteacht de shamhail sreafa airgid i leith dliteanais dliteanais d’infheisteoirí féideartha |
√ |
|
|
Dearbhú go ndéanann an tionscnóir, roimh phraghsáil an urrúsaithe, samhail sreafa airgid i leith dliteanais a chur ar fáil d’infheisteoirí féideartha lena léirítear go cruinn an gaol conarthach atá ann idir na neamhchosaintí foluiteacha agus na híocaíochtaí a aistrítear idir an tionscnóir, infheisteoirí, tríú páirtithe eile agus, i gcás inarb infheidhme, SSPE, agus, i ndiaidh na praghsála, cuirfidh an tionscnóir an tsamhail sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn leanúnach agus d’infheisteoirí féideartha arna hiarraidh sin. |
N/B |
||||||
STSSY 95 |
Airteagal 26d(4), an chéad fhomhír |
Foilseachán maidir le feidhmíocht chomhshaoil neamhchosaintí foluiteacha lena gcuimsítear iasachtaí cónaithe nó iasachtaí gluaisteáin nó léasanna gluaisteáin |
|
√ |
|
I gcás urrúsaithe inar iasachtaí cónaithe nó iasachtaí gluaisteáin nó léasanna gluaisteáin na neamhchosaintí foluiteacha agus mura gcuirtear an eisceacht i réimse STSSY 96 i bhfeidhm, míniú achomair go gcuireann an tionscnóir faisnéis ar fáil a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil na sócmhainní a mhaoinítear leis na hiasachtaí, mar chuid den fhaisnéis a nochtar de bhun Airteagal 7(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2402. |
N/B |
||||||
STSSY 96 |
Airteagal 26d(4), an dara fomhír |
Maolú ar an gceanglas feidhmíocht chomhshaoil neamhchosaintí foluiteacha ina gcuimsítear iasachtaí cónaithe nó iasachtaí gluaisteáin nó léasanna gluaisteán a fhoilsiú |
|
√ |
|
I gcás ina gcinneann an tionscnóir maolú ar an gceanglas i réimse STSSY 95, míniú achomair go bhfoilsíonn an tionscnóir an fhaisnéis atá ar fáil maidir le drochthionchair phríomha ó thaobh fachtóirí inbhuanaitheachta de na sócmhainní a mhaoinítear leis na neamhchosaintí foluiteacha. |
N/B |
||||||
STSSY97 |
Airteagal 26d(5) |
Tionscnóir atá freagrach as comhlíonadh Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/2402 |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil an tionscnóir freagrach as Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh. |
N/B |
||||||
STSSY 98 |
Airteagal 26d(5) |
Faisnéis faoi Airteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/2402 atá ar fáil d’infheisteoirí féideartha |
√ |
|
|
An fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 7(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2402, dearbhú go gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil d’infheisteoirí féideartha arna iarraidh sin roimh an bpraghsáil. |
N/B |
||||||
STSSY 99 |
Airteagal 26d(5) |
Faisnéis faoi Airteagal 7(1), pointí (b), (c) agus (d) de Rialachán (AE) 2017/2402 atá ar fáil d’infheisteoirí féideartha i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad |
√ |
|
|
An fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 7(1), an chéad fhomhír, pointí (b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/2402, dearbhú go gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil roimh an bpraghsáil i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad agus ansin go gcuirtear an doiciméadacht deiridh ar fáil d’infheisteoirí 15 lá ar a dhéanaí tar éis dháta deiridh an idirbhirt. |
N/B |
||||||
STSSY 100 |
Airteagal 26e(1), an chéad fhomhír, pointe (a) |
Imeachtaí creidmheasa agus úsáid ráthaíochtaí |
|
√ |
|
I gcás ina mbaintear aistriú riosca amach trí ráthaíochtaí a úsáid, míniú achomair a thugann le fios go gcumhdaítear, ar a laghad, leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa na teagmhais chreidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 215(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
N/B |
||||||
STSSY 101 |
Airteagal 26e(1), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Imeachtaí creidmheasa agus úsáid díorthach creidmheasa |
|
√ |
|
I gcás ina mbaintear aistriú riosca amach trí dhíorthaigh chreidmheasa a úsáid, míniú achomair go gcuimsíonn an comhaontú creidmheasa na teagmhais chreidmheasa sin ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 216(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
N/B |
||||||
STSSY 102 |
Airteagal 26e(1), an dara fomhír |
An Comhaontú cosanta creidmheasa a bheith doiciméadaithe |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhfuil gach teagmhas creidmheasa doiciméadaithe. |
N/B |
||||||
STSSY 103 |
Airteagal 26e(1), an tríú fomhír |
Le bearta staonta, ní chuirtear bac ar ghníomhachtú teagmhas creidmheasa incháilithe |
|
√ |
|
Na bearta staonta de réir bhrí Airteagal 47b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha, míniú achomair nach gcuireann siad cosc ar ghníomhachtú teagmhais creidmheasa incháilithe. |
N/B |
||||||
STSSY 104 |
Airteagal 26e(2), an chéad fhomhír |
Íocaíocht cosanta creidmheasa bunaithe ar na beartais agus na nósanna imeachta maidir le caillteanas réadaithe iarbhír agus aisghabháil chaighdeánach |
|
√ |
|
Míniú achomair go ríomhtar an íocaíocht cosanta creidmheasa, tar éis do theagmhas creidmheasa tarlú, go ríomhtar í bunaithe ar an gcaillteanas réadaithe iarbhír a d’fhulaing an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh, arna réiteach i gcomhréir lena mbeartais chaighdeánacha agus lena nósanna imeachta caighdeánacha maidir le haisghabháil i gcás na gcineálacha ábhartha neamhchosaintí agus arna taifeadadh ina ráitis airgeadais tráth a dhéantar an íocaíocht. |
N/B |
||||||
STSSY 105 |
Airteagal 26e(2), an chéad fhomhír |
Íocaíocht cosanta creidmheasa iníoctha laistigh de thréimhse shonraithe ama |
|
√ |
|
Míniú achomair go mbíonn an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa iníoctha laistigh de thréimhse ama shonraithe tar éis réiteach an fhiachais i leith na neamhchosanta foluití ábhartha i gcás ina mbíonn réiteach an fhiachais curtha i gcrích roimh aibíocht dhlíthiúil sceidealaithe an chomhaontaithe cosanta creidmheasa nó roimh fhoirceannadh luath an chomhaontaithe cosanta creidmheasa. |
N/B |
||||||
STSSY 106 |
Airteagal 26e(2), an chéad fhomhír |
Íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa sé mhí ar a dhéanaí tar éis teagmhas creidmheasa |
|
√ |
|
I gcásanna nach mbíonn réiteach fiachais na gcaillteanas don neamhchosaint fholuiteach ábhartha tugtha chun críche faoi dheireadh na tréimhse sé mhí dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 26e(2) de Rialachán (AE) 2017/2402, míniú achomair go ndéantar íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa sé mhí ar a dhéanaí tar éis do theagmhas creidmheasa dá dtagraítear i réimsí STSSY100 agus STSSY101 tarlú. |
N/B |
||||||
STSSY 107 |
Airteagal 26e(2), an dara fomhír, pointí (a) agus (b) |
Íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa atá níos airde ná an méid caillteanais ionchasaigh is infheidhme |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhfuil an íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa ar a laghad cothrom leis an gceann is airde díobh seo a leanas:
|
N/B |
||||||
STSSY 108 |
Airteagal 26e(2), an tríú fomhír |
Téarmaí na híocaíochta eatramhaí cosanta creidmheasa |
|
√ |
|
I gcás ina ndéantar íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa, míniú achomair go ndéantar an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa dá dtagraítear i réimse STSSY106 chun an socrú eatramhach maidir le caillteanais a oiriúnú don chaillteanas réadaithe iarbhír. |
N/B |
||||||
STSSY 109 |
Airteagal 26e(2), an ceathrú fomhír |
Modh chun íocaíochtaí cosanta creidmheasa eatramhacha agus deiridh a ríomh |
|
√ |
|
Míniú achomair go sonraítear an modh chun íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh cosanta creidmheasa a ríomh sa chomhaontú cosanta creidmheasa. |
N/B |
||||||
STSSY 110 |
Airteagal 26e(2), an cúigiú fomhír |
Íocaíocht cosanta creidmheasa atá comhréireach le sciar an mhéid ainmniúil gan íoc |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhfuil an íocaíocht cosanta creidmheasa comhréireach le sciar mhéid ainmniúil gan íoc na neamhchosanta foluití comhfhreagraí a chumhdaítear leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa. |
N/B |
||||||
STSSY 111 |
Airteagal 26e(2), an séú fomhír |
Infhorghníomhaitheacht na híocaíochta cosanta creidmheasa |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhfuil ceart an tionscnóra an íocaíocht cosanta creidmheasa a fháil in-fhorfheidhmithe. |
N/B |
||||||
STSSY 112 |
Airteagal 26e(2), an séú fomhír |
Tá an méid is iníoctha ag infheisteoirí faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa leagtha amach sa chomhaontú cosanta creidmheasa. |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhfuil na méideanna atá iníoctha ag infheisteoirí faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa leagtha amach go soiléir sa chomhaontú cosanta creidmheasa agus go bhfuil teorainn leis na méideanna sin. |
N/B |
||||||
STSSY 113 |
Airteagal 26e(2), an séú fomhír |
Na méideanna a ríomh i ngach uile chúinse |
|
√ |
|
Míniú achomair gur féidir na méideanna is iníoctha ag na hinfheisteoirí faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a ríomh i ngach uile chúinse. |
N/B |
||||||
STSSY 114 |
Airteagal 26e(2), an séú fomhír |
Imthosca íocaíochtaí infheisteoirí atá leagtha amach sa chomhaontú cosanta creidmheasa. |
|
√ |
|
Míniú achomair go leagtar amach go soiléir sa chomhaontú cosanta creidmheasa na himthosca faoina gceanglaítear ar infheisteoirí íocaíochtaí a dhéanamh. |
N/B |
||||||
STSSY 115 |
Airteagal 26e(2), an séú fomhír |
Measúnú an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí ar na himthosca a spreagann gá le híocaíochtaí infheisteoirí |
|
√ |
|
Míniú achomair go ndéanann an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126 measúnú ar cé acu a tharla nó nár tharla na himthosca a leagtar amach sa chomhaontú cosanta creidmheasa faoina bhfuil ar infheisteoirí íocaíochtaí a dhéanamh. |
N/B |
||||||
STSSY 116 |
Airteagal 26e(2), an seachtú fomhír |
Íocaíocht cosanta creidmheasa arna ríomh ar leibhéal neamhchosanta foluití aonair. |
|
√ |
|
Míniú achomair go ríomhtar méid na híocaíochta cosanta creidmheasa ar leibhéal na neamhchosanta foluití aonair ar tharla teagmhas creidmheasa ina leith. |
N/B |
||||||
STSSY 117 |
Airteagal 26e(3), an chéad fhomhír |
Sonrú na tréimhse sínithe uasta le haghaidh an phróisis réitithe fiachais |
|
√ |
|
Míniú achomair go sonraítear sa chomhaontú cosanta creidmheasa an uastréimhse fadaithe a bheidh i bhfeidhm le haghaidh réiteach an fhiachais i leith na neamhchosaintí foluiteacha ar ina leith a tharla teagmhas creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 26e(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, ach gan réiteach an fhiachais a bheith curtha i gcrích ina leith tráth aibíocht dhlíthiúil sceidealaithe an chomhaontaithe cosanta creidmheasa nó tráth fhoirceannadh luath an chomhaontaithe cosanta creidmheasa. |
N/B |
||||||
STSSY 118 |
Airteagal 26e(3), an chéad mhír |
Tréimhse fadaithe níos lú ná dhá bhliain |
|
√ |
|
Míniú achomair nach faide ná dhá bhliain an tréimhse fadaithe dá dtagraítear i réimse STSSY 117. |
N/B |
||||||
STSSY 119 |
Airteagal 26e(3), an chéad mhír |
Íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa bunaithe ar mheastachán caillteanais deiridh an tionscnóra |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhforáiltear sa chomhaontú cosanta creidmheasa go ndéanfar íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa, faoi dheireadh na tréimhse fadaithe dá dtagraítear in uimhir réimse STSSY 117, ar bhonn mheastachán an tionscnóra maidir le caillteanas deiridh a bheadh taifeadta ag an tionscnóir ina ráitis airgeadais ag an tráth sin, ag glacadh leis nach ann don chomhaontú cosanta creidmheasa agus nach gcumhdaítear aon chaillteanas leis. |
N/B |
||||||
STSSY 120 |
Airteagal 26e(3), an dara fomhír |
Foirceannadh an chomhaontaithe cosanta creidmheasa |
|
√ |
|
I gcás ina ndéantar an comhaontú cosanta creidmheasa a fhoirceannadh, míniú achomair go leantar ar aghaidh le réiteach an fhiachais i leith aon teagmhas creidmheasa gan íoc a tharla roimh an bhfoirceannadh sin ar an gcaoi céanna agus a thuairiscítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 26e(3) de Rialachán (AE) 2017/2402. |
N/B |
||||||
STSSY 121 |
Airteagal 26e(3), an tríú fomhír |
Préimheanna cosanta creidmheasa atá ag brath ar an méid ainmniúil gan íoc |
|
√ |
|
Míniú achomair go ndéantar na préimheanna cosanta creidmheasa atá le híoc faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a struchtúrú ag brath ar mhéid ainmniúil gan íoc na neamhchosaintí tuillmheacha urrúsúcháin tráth na híocaíochta agus léirítear leo riosca an tráinse chosanta. |
N/B |
||||||
STSSY 122 |
Airteagal 26e(3), an cúigiú fomhír |
Comhaontú cosanta creidmheasa gan sásraí a shonrú lena bhféadfaí leithdháileadh iarbhír caillteanas ar infheisteoirí a sheachaint nó a laghdú |
|
√ |
|
Míniú achomair, chun críocha réimse STSSY117, nach sonraítear sa chomhaontú cosanta creidmheasa préimheanna ráthaithe, íocaíochtaí préimhe tosaigh, sásraí lacáiste nó sásraí eile a d’fhéadfadh leithdháileadh iarbhír caillteanas ar infheisteoirí a sheachaint nó a laghdú nó sciar de na préimheanna íoctha a íoc ar ais leis an tionscnóir tar éis aibíocht an idirbhirt. |
N/B |
||||||
STSSY 123 |
Airteagal 26e (3), an ceathrú fomhír |
Maolú i gcás íocaíochtaí préimhe tosaigh |
|
√ |
|
De mhaolú ar réimsí STSSY121 agus STSSY122, ina bhforáiltear go sonrach maidir le scéim ráthaíochta i ndlí náisiúnta Ballstáit agus ina mbaineann sé tairbhe as frithráthaíocht ó aon cheann de na heintitis a liostaítear in Airteagal 214(2), pointe (a) go (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, míniú achomair go bhfuil na híocaíochtaí préimhe tosaigh ceadaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na rialacha maidir le Státchabhair. |
N/B |
||||||
STSSY 124 |
Airteagal 26e(3), an tríú fomhír |
Tuairisc ar phréimh na cosanta creidmheasa i ndoiciméadacht an idirbhirt |
|
√ |
|
Míniú achomair go dtugtar tuairisc i ndoiciméadacht an idirbhirt ar an mbealach a ríomhtar an phréimh cosanta creidmheasa agus aon dearbháin nóta, más ann dóibh, i dtaca le gach dáta íocaíochta le linn shaolré iomlán an urrúsaithe. |
N/B |
||||||
STSSY 125 |
Airteagal 26e(3), an séú fomhír |
Infhorfheidhmitheacht chearta an infheisteora |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhfuil cearta na n-infheisteoirí préimheanna cosanta creidmheasa a fháil infhorfheidhmithe. |
N/B |
||||||
STSSY 126 |
Airteagal 26e(4), an chéad fhomhír |
Gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a cheapadh roimh dháta deiridh an idirbhirt |
√ |
|
|
Dearbhú go gceapfaidh an tionscnóir gníomhaire fíoraithe tríú páirtí roimh dháta deiridh an idirbhirt. |
N/B |
||||||
STSSY 127 |
Airteagal 26e(4), an chéad fhomhír, pointe (a) |
Seiceáil an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí - Fógra teagmhais creidmheasa atá sonraithe i dtéarmaí an chomhaontaithe cosanta creidmheasa |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfíoraíonn an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí, dá dtagraítear i réimse STSSY 126, i gcás gach ceann de na neamhchosaintí foluiteacha a dtugtar fógra maidir le teagmhas creidmheasa ina leith, gur teagmhas creidmheasa é mar a shonraítear i dtéarmaí an chomhaontaithe cosanta creidmheasa. |
N/B |
||||||
STSSY 128 |
Airteagal 26e (4), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Seiceáil an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí - An neamhchosaint fholuiteach a áireamh sa phunann tagartha |
√ |
|
|
I gcás gach ceann de na neamhchosaintí foluiteacha a dtugtar fógra teagmhais creidmheasa ina leith, dearbhú go bhfíoraíonn an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY 126 go raibh an neamhchosaint fholuiteach san áireamh sa phunann tagartha tráth a tharla an teagmhas creidmheasa lena mbaineann. |
N/B |
||||||
STSSY 129 |
Airteagal 26e(4), an chéad fhomhír, pointe (c) |
Seiceáil an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí - Na critéir incháilithe a comhlíonadh tráth a gcuimsithe sa phunann tagartha |
√ |
|
|
I gcás gach ceann de na neamhchosaintí foluiteacha a dtugtar fógra teagmhais creidmheasa ina leith, dearbhú go bhfíoraíonn an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126 gur chomhlíon an neamhchosaint fholuiteach na critéir incháilitheachta tráth a gcuimsithe sa phunann tagartha. |
N/B |
||||||
STSSY 130 |
Airteagal 26e(4), an chéad fhomhír, pointe (d) |
Seiceáil an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí - Comhlíonadh na gcoinníollacha athlíonta |
√ |
|
|
I gcás gach ceann de na neamhchosaintí foluiteacha a dtugtar fógra maidir le teagmhas creidmheasa ina leith, dearbhú go bhfíoraíonn an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126, i gcás inar cuireadh neamhchosaint fholuiteach leis an urrúsúchán mar gheall ar athlíonadh, gur comhlíonadh na coinníollacha athlíonta leis an athlíonadh sin. |
N/B |
||||||
STSSY 131 |
Airteagal 26e(4), an chéad fhomhír, pointe (e) |
Seiceáil an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí - Caillteanais i gcomhréir le ráiteas brabúis agus caillteanais an tionscnóra |
√ |
|
|
I gcás gach ceann de na neamhchosaintí foluiteacha a dtugtar fógra teagmhais creidmheasa ina leith, dearbhú go bhfíoraíonn an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126 go bhfuil an méid caillteanais deiridh i gcomhréir leis na caillteanais arna dtaifeadadh ag an tionscnóir ina ráiteas brabúis agus caillteanais. |
N/B |
||||||
STSSY 132 |
Airteagal 26e(4), an chéad fhomhír, pointe (f) |
Seiceáil an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí - Leithdháileadh ceart na gcaillteanas ar infheisteoirí |
√ |
|
|
I gcás gach ceann de na neamhchosaintí foluiteacha a dtugtar fógra teagmhais creidmheasa ina leith, dearbhú go bhfíoraíonn an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126, tráth a ndéantar an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa, gur leithdháileadh i gceart na caillteanais i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha ar na hinfheisteoirí. |
N/B |
||||||
STSSY 133 |
Airteagal 26e(4), an dara fomhír |
Gníomhaire fíoraithe tríú páirtí atá neamhspleách ar thionscnóirí, ar infheisteoirí agus (i gcás inarb infheidhme) ar SSPE |
|
√ |
|
Míniú achomair go bhfuil an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126 neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, ar SSPE. |
N/B |
||||||
STSSY 134 |
Airteagal 26e(4), an dara fomhír |
Gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a cheapadh faoin dáta deiridh |
|
√ |
|
Míniú achomair gur ghlac an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126 leis an gceapachán mar ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí faoi dháta deiridh an idirbhirt. |
N/B |
||||||
STSSY 135 |
Airteagal 26e(4), an tríú fomhír |
Seiceáil an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí ar bhonn samplach |
|
√ |
|
Míniú achomair go ndéanann an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126 an fíorú ar bhonn samplála seachas ar bhonn gach neamhchosanta foluití aonair dá n-iarrtar íocaíocht cosanta creidmheasa ina leith. |
N/B |
||||||
STSSY 136 |
Airteagal 26e(4), an tríú fomhír |
Deis d’infheisteoirí ceangal a chur ar an ngníomhaire fíoraithe tríú páirtí aon neamhchosaint fholuiteach a sheiceáil |
|
√ |
|
Míniú achomair maidir le cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh infheisteoirí fíorú incháilitheacht aon neamhchosanta foluití faoi leith a iarraidh i gcás nach bhfuil siad sásta leis an bhfíorú ar bhonn samplála agus más ea go bhféadfaidh siad, cén dóigh a bhféadfaidh siad é sin a dhéanamh. |
N/B |
||||||
STSSY 137 |
Airteagal 26e(4), an ceathrú fomhír |
Deis a bheith ag an ngníomhaire fíoraitheora tríú páirtí rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis ábhartha go léir |
|
√ |
|
Míniú achomair go dtugann an tionscnóir gealltanas i ndoiciméadacht an idirbhirt go soláthróidh sé don ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i réimse STSSY126 an fhaisnéis go léir is gá chun na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 26e(4) de Rialachán (AE) 2017/2402 a fhíorú. |
N/B |
||||||
STSS 138 |
Airteagal 26e(5), an chéad fhomhír, pointe (a) go (f) |
Imeachtaí foirceanta |
|
√ |
|
Míniú achomair nach bhféadfaidh an tionscnóir idirbheart a fhoirceannadh roimh a aibíocht sceidealaithe ar chúis ar bith seachas na teagmhais a liostaítear in Airteagal 26e(5), pointe (a) go pointe (f) de Rialachán (AE) 2017/2402. |
N/B |
||||||
STSS 139 |
Airteagal 26e(5), an dara fomhír |
Doiciméadacht idirbhirt - Cearta céadrogha ar cheannach |
|
√ |
|
Míniú achomair go sonraítear i ndoiciméadacht an idirbhirt go gcuirtear san áireamh san idirbheart lena mbaineann aon cheann de na cearta céadrogha ar cheannach dá dtagraítear in Airteagal 26e(5), an chéad fhomhír, pointí (d) agus (e) de Rialachán (AE) 2017/2402 agus conas a dhéantar na cearta céadrogha ar cheannach sin a struchtúrú. |
N/B |
||||||
STSS 140 |
Airteagal 26e(5), an tríú fomhír |
Doiciméadacht an idirbhirt - glao-ama nach bhfuil struchtúrtha le go seachnófaí leithdháileadh caillteanas ar shuíomhanna feabhsuithe creidmheasa |
|
√ |
|
Chun críocha Airteagal 26e(5), an chéad fhomhír, pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/2402, míniú achomair nach bhfuil an glao-ama struchtúraithe le go seachnófaí leithdháileadh caillteanas ar shuíomhanna feabhsuithe creidmheasa nó ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí agus nach bhfuil an glao-ama struchtúraithe ar shlí eile chun feabhsú creidmheasa a chur ar fáil. |
N/B |
||||||
STSS 141 |
Airteagal 26e(5), an ceathrú fomhír |
Glao-ama |
|
√ |
|
I gcás ina mbíonn glao-ama san áireamh leis an idirbheart, míniú achomair go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in STSS139 agus STSS 140 comhlíonta, lena n-áirítear bonn cirt maidir le húsáid an ghlao-ama agus tuairisc inchreidte lena léirítear nach meath ar cháilíocht na sócmhainní foluiteacha is cúis le feidhm a bhaint as an nglao. |
N/B |
||||||
STSS 142 |
Airteagal 26e(5), an chúigiú fomhír |
Cosaint cistithe creidmheasa - Torthaí comhthaobhacha d’infheisteoirí in ord sinsearachta na dtráinsí |
|
√ |
|
I gcás cosaint chreidmheasa chistithe, míniú achomair go ndéantar, tráth fhoirceannadh an chomhaontaithe cosanta creidmheasa, an comhthaobhacht a thabhairt ar ais do na hinfheisteoirí in ord shinsearacht na dtráinsí faoi réir fhorálacha ábhartha an dlí dócmhainneachta, de réir mar is infheidhme maidir leis an tionscnóir. |
N/B |
||||||
STSS 143 |
Airteagal 26e(6) |
Foirceannadh idirbhirt ag infheisteoirí i gcás nár íocadh an phréimh cosanta creidmheasa |
|
√ |
|
Míniú achomair nach féidir le hinfheisteoirí idirbheart a fhoirceannadh roimh aibíocht sceidealaithe an idirbhirt sin ar aon chúis seachas nár íocadh an phréimh cosanta creidmheasa nó aon sárú ábhartha eile ag an tionscnóir ar oibleagáidí conarthacha. |
N/B |
||||||
STSSY 144 |
Airteagal 26e(7), pointe (a) |
Méid bharrachas an raoin difríochta shintéisigh d’infheisteoirí atá sonraithe i ndoiciméadacht an idirbhirt agus a shloinntear mar chéatadán seasta den iarmhéid punainne iomlán gan íoc |
|
√ |
|
I gcás ina ngeallann an tionscnóir barrachas an raoin difríochta shintéisigh, atá ar fáil mar fheabhas creidmheasa do na hinfheisteoirí, míniú achomair go bhfuil méid bharrachas an raoin difríochta shintéisigh a gheallann an tionscnóir a úsáid mar fheabhas creidmheasa ag gach tréimhse íocaíochta sonraithe i ndoiciméadacht an idirbhirt agus go sloinntear é mar chéatadán socraithe d’iarmhéid iomlán gan íoc na punainne ag tús na tréimhse íocaíochta ábhartha (barrachas socraithe an raoin difríochta shintéisigh). |
N/B |
||||||
STSSY 145 |
Airteagal 26e(7), pointe (b) |
Barrachas an raoin difríochta shintéisigh nár úsáideadh agus atá le tabhairt ar ais don tionscnóir |
|
√ |
|
I gcás ina ngeallann an tionscnóir barrachas an raoin difríochta shintéisigh, atá ar fáil mar fheabhas creidmheasa do na hinfheisteoirí, míniú achomair go maidir le méid bharrachas an raoin difríochta shintéisigh nach n-úsáidtear chun caillteanais creidmheasa a tharlaíonn le linn gach tréimhse íocaíochta, go dtugtar an méid sin ar ais don tionscnóir. |
N/B |
||||||
STSSY 146 |
Airteagal 26e(7), pointe (c) |
Tionscnóirí a úsáideann cur chuige bunaithe ar rátálacha inmheánacha - An méid iomlán a ghealltar in aghaidh na bliana nach airde é ná méideanna an chaillteanais ionchasaigh rialála aon bhliana |
|
√ |
|
I gcás ina ngeallann an tionscnóir barrachas an raoin difríochta shintéisigh, atá ar fáil mar fheabhas creidmheasa d’infheisteoirí, míniú achomair nach bhfuil an méid iomlán tiomanta in aghaidh na bliana níos airde, i gcás tionscnóirí a úsáideann an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nach bhfuil sé níos airde ná méideanna an chaillteanais ionchasaigh rialála aon bhliana ar gach neamhchosaint fholuiteach don bhliain sin, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158 den Rialachán sin. |
N/B |
||||||
STSSY 147 |
Airteagal 26e(7), pointe (d) |
Tionscnóirí nach n-úsáideann an cur chuige bunaithe ar rátálacha inmheánacha - ríomh an chaillteanais ionchasaigh bliana sa phunann fholuiteach a chinneadh go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt |
|
√ |
|
I gcás ina ngeallann an tionscnóir barrachas an raoin difríochta shintéisigh, atá ar fáil mar fheabhas creidmheasa d’infheisteoirí, míniú achomair go ndéantar ríomh an chaillteanais ionchasaigh aon bhliana sa phunann fholuiteach a chinneadh go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt i gcás tionscnóirí nach n-úsáideann an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
N/B |
||||||
STSSY 148 |
Airteagal 26e(7), pointe (e) |
Coinníollacha bharrachas an raoin difríochta shintéisigh a leagtar síos i ndoiciméadacht an idirbhirt |
|
√ |
|
I gcás ina ngeallann an tionscnóir barrachas an raon difríochta shintéisigh, atá ar fáil mar fheabhas creidmheasa d’infheisteoirí, míniú achomair go sonraítear i ndoiciméadacht an idirbhirt na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26e(7) de Rialachán (AE) 2017/2402. |
N/B |
||||||
STSS 149 |
Airteagal 26e(8), pointí (a), (b) agus (c) |
An chosaint chreidmheasa in úsáid |
|
√ |
|
Míniú achomair maidir le cé acu de na foirmeacha a leanas a gcomhlíonann an comhaontú cosanta creidmheasa leo:
|
N/B |
||||||
STSSY 150 |
Airteagal 26e(9), an chéad fhomhír, pointe (a) |
In-fhorfheidhmitheacht cheart an tionscnóra an chomhthaobhacht a úsáid chun oibleagáidí íocaíochta cosanta na n-infheisteoirí a chomhlíonadh trí shocruithe comhthaobhachta iomchuí |
|
|
√ |
I gcás ina n-úsáidtear cosaint chreidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 26e(8), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/2402, míniú mionsonraithe ar an gcaoi a bhfuil ceart an tionscnóra an chomhthaobhacht a úsáid chun oibleagáidí íocaíochta cosanta infheisteoirí a chomhlíonadh in-fhorfheidhmithe agus conas a áirithítear in-fhorfheidhmitheacht an chirt sin trí shocruithe comhthaobhachta iomchuí. |
N/B |
||||||
STSSY 151 |
Airteagal 26e(9), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Ceart infheisteoirí aon chomhthaobhacht nár úsáideadh a fháil nuair a leachtaítear urrúsúchán nó de réir mar a amúchtar na tráinsí |
|
√ |
|
I gcás ina n-úsáidtear cosaint creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 26e(8) de Rialachán (AE) 2017/2402, míniú achomair, i gcás ina leachtaítear an t-urrúsúchán nó de réir mar a amúchtar na tráinsí, ina dtugtar aon chomhthaobhacht nár úsáideadh chun íocaíochtaí cosanta a chomhlíonadh ar ais, míniú achomair go bhfuil ceart na n-infheisteoirí infhorfheidhmithe. |
N/B |
||||||
STSSY 152 |
Airteagal 26e(9), an chéad fhomhír, pointe (c) |
Comhthaobhacht a infheistítear in urrúis - Critéir incháilitheachta agus socrú coimeádta sonraithe i ndoiciméadacht an idirbhirt |
|
|
√ |
I gcás ina n-úsáidtear cosaint chreidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 26e(8), pointe (c) de Rialachán (AE) 2017/2402, míniú mionsonraithe ar an gcaoi a n-infheistítear an chomhthaobhacht in urrúis, leagtar amach i ndoiciméadacht an idirbhirt na critéir incháilitheachta agus an socrú coimeádta le haghaidh na n-urrús. |
N/B |
||||||
STSSY 153 |
Airteagal 26e(9), an dara fomhír |
Infheisteoirí neamhchosanta ar riosca creidmheasa an tionscnóra |
|
√ |
|
Míniú achomair go sonraítear i ndoiciméadacht an idirbhirt cé acu a atá nó nach bhfuil infheisteoirí fós neamhchosanta ar riosca creidmheasa an tionscnóra. |
N/B |
||||||
STSSY 154 |
Airteagal 26e(9), an tríú fomhír |
Tuairim dhlíthiúil lena ndeimhnítear in-fhorfheidhmitheacht na cosanta creidmheasa i ngach dlínse |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil tuairim faighte ag an tionscnóir ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhnítear in-fhorfheidhmitheacht na cosanta creidmheasa i ngach dlínse ábhartha. |
N/B |
||||||
STSSY155 |
Airteagal 26e(10), an chéad fhomhír, pointe (a) |
Comhthaobhacht ardcháilíochta - urrúis fiachais ualaithe de réir riosca 0 % |
|
√ |
|
I gcás ina dtugtar cosaint creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 26e(10), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2402 i bhfoirm urrús fiachais atá ualaithe ó thaobh riosca de ag 0 % dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, míniú achomair go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
N/B |
||||||
STSSY 156 |
Airteagal 26e(10), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Comhthaobhacht ardcháilíochta - airgead le hinstitiúid chreidmheasa tríú páirtí lena mbaineann cáilíocht creidmheasa chéim 3 nó os a cionn |
|
√ |
|
I gcás ina gcuirtear cosaint creidmheasa ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 26e(10), pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/2402, míniú achomair ar an socrú comhthaobhachta lena dtugtar don tionscnóir agus don infheisteoir an ceart dul ar iontaoibh comhthaobhachta i bhfoirm airgid a choimeádtar le hinstitiúid chreidmheasa tríú páirtí ag a bhfuil cáilíocht creidmheasa chéim 3 nó os a cionn i gcomhréir leis an mapáil a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
N/B |
||||||
STSSY 157 |
Airteagal 26e(10), an dara fomhír |
Maolú – comhthaobhacht i bhfoirm airgid atá curtha i dtaisce leis an tionscnóir |
|
|
√ |
I gcás ina n-úsáidtear an maolú ar Airteagal 26e(10), an chéad fhomhír de Rialachán (AE) 2017/2402, míniú mionsonraithe ar an socrú comhthaobhachta, agus toiliú an infheisteora ina leith, nach dtugtar ach don tionscnóir an fhéidearthacht dul ar iontaoibh comhthaobhachta ardcháilíochta i bhfoirm airgid atá i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid. |
N/B |
||||||
STSSY 158 |
Airteagal 26e(10), an tríú fomhír |
Comhthaobhacht i bhfoirm airgid i dtaisce leis an tionscnóir - cead ón údarás inniúil |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe maidir le toiliú na n-údarás inniúil arna n-ainmniú de bhun Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2017/2402 gur féidir leis an gcomhthaobhacht a bheith i bhfoirm airgid i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid le haghaidh chéim 3 den cháilíocht creidmheasa ar choinníoll gur féidir doiciméadú a dhéanamh ar dheacrachtaí margaidh, ar bhaic oibiachtúla a bhaineann leis an gcéim den cháilíocht chreidmheasa arna sannadh do Bhallstát na hinstitiúide, nó ar fhadhbanna comhchruinnithe suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann sa Bhallstát lena mbaineann mar gheall ar chur i bhfeidhm íoscheanglas chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 26e(10), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402. |
N/B |
||||||
STSSY 159 |
Airteagal 26e(10), an ceathrú fomhír |
Aistriú comhthaobhachta i gcás nach gcomhlíonann institiúid chreidmheasa tríú páirtí nó tionscnóir an chéim íosta cáilíochta creidmheasa a thuilleadh |
|
|
√ |
Míniú mionsonraithe ar an gcaoi a n-aistrítear an chomhthaobhacht i gcomhréir le hAirteagal 26e(10), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402 i gcás ina raibh an chomhthaobhacht i seilbh i bhfoirm airgid i dtaisce le hinstitiúid nach gcomhlíonann an chéim íosta cáilíochta creidmheasa a thuilleadh. |
N/B |
||||||
STSSY 160 |
Airteagal 26e(10), an cúigiú fomhír |
Ceanglais chomhthaobhachta a chomhlíonadh i gcás infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag an tionscnóir |
√ |
|
|
Dearbhú go bhfuil infheistíocht i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag an tionscnóir, i gcomhréir le hAirteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
N/B |
(1) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1851 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le haonchineálacht na neamhchosaintí foluiteacha a bhaineann ar urrúsúchán (IO L 285, 6.11.2019, lch. 1).
(3) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(4) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(5) Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).