This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1278
Regulation (EU) 2022/1278 of the European Parliament and of the Council of 18 July 2022 amending Regulation (EU) No 508/2014 as regards specific measures to alleviate the consequences of Russia’s war of aggression against Ukraine on fishing activities and to mitigate the effects of the market disruption caused by that war of aggression on the supply chain of fishery and aquaculture products
Rialachán (AE) 2022/1278 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar an gcogadh foghach sin a mhaolú
Rialachán (AE) 2022/1278 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar an gcogadh foghach sin a mhaolú
PE/31/2022/INIT
IO L 195, 22.7.2022, p. 1–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 195/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1278 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar an gcogadh foghach sin a mhaolú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 175 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ón 24 Feabhra 2022, tá tionchar á imirt ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar oibreoirí na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe san Aontas. Cuireadh go borb le déine an mhéadaithe ar phraghsanna príomhionchur amhail fuinneamh agus amhábhair, toisc gur cuireadh isteach ar shreafaí trádála tráchtearraí ón Rúis agus ón Úcráin, ar sreafaí trádála iad a bhfuil ríthábhacht leo le haghaidh na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe. Tá difear tromchúiseach á dhéanamh don trádáil idir an Úcráin agus an tAontas toisc nach bhfuil fáil ar iompar de bharr aerfoirt na hÚcráine a bheith curtha as feidhm de dheasca ionsaithe na Rúise, agus na hoibríochtaí loingseoireachta tráchtála uile i gcalafoirt na hÚcráine a bheith ar fionraí. Is dócha go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair maidir le soláthar gráin, olaí glasraí agus iasc geal ón Rúis agus ón Úcráin don Aontas, rud a fhágfaidh go mbeidh ganntanais phríomh-amhábhar agus méadú substaintiúil ar phraghsanna beatha éisc ann. Tá cuid de chabhlach an Aontais tar éis scor den iascaireacht toisc go bhfuil sé indéanta an méadú ar chostais ionchuir a fhritháireamh amhail na praghsanna fuinnimh, atá ag méadú as cuimse. Tá tionchar comhcheangailte na nganntanas príomh-amhábhar agus na méaduithe costas ag dul i bhfeidhm ar na hearnálacha feirmeoireachta agus próiseála bia mara freisin. Dá bhrí sin, tá míshocracht mhór sa mhargadh mar gheall ar mhéaduithe substaintiúla ar chostais, chomh maith le míshocrachtaí trádála, agus teastaíonn gníomhaíocht éifeachtach éifeachtúil ina leith. |
(2) |
Dá bhrí sin, leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart é a bheith indéanta tacú le bearta sonracha chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú. Ba cheart na bearta sin cúiteamh airgeadais a áireamh d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh nó táirgí dobharshaothraithe i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus cúiteamh airgeadais d’oibreoirí na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear an earnáil próiseála, as an ioncam a bhfuil siad dá uireasa, agus as aon chostas breise a thabhaigh siad mar gheall ar an míshocracht sa mhargadh mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a éifeachtaí ar an slabhra soláthar táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Ba cheart caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na bearta sin a bheith incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh, toisc gur sin an dáta a cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. |
(3) |
Ina theannta sin, ba cheart CEMI a bheith in ann tacú le cúiteamh airgeadais as an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina gcuireann cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine Úcráin slándáil na n-oibríochtaí iascaireachta i mbaol nó i gcás ina gcuireann tionchar an chogaidh fhoghaigh isteach ar inmharthanacht eacnamaíoch na n-oibríochtaí iascaireachta. Ba cheart an scor sealadach sin de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bheith incháilithe amhail ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh. |
(4) |
Le huasráta cómhaoinithe 75 % den chaiteachas poiblí incháilithe, ba cheart é a bheith indéanta tacú leis an dá bheart sin araon. |
(5) |
I bhfianaise an ghá le solúbthacht nuair a bhíonn acmhainní airgeadais á n-ath-leithdháileadh, ba cheart é a bheith indéanta na méideanna socraithe arna mbunú le haghaidh bearta rialaithe agus forfheidhmithe agus le haghaidh bearta maidir le bailiú sonraí a ath-leithdháileadh ar na bearta lena laghdaítear iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus lena maolaítear éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar an gcogadh foghach sin. Ar an ábhar céanna, agus gan dochar don chaidhpeáil airgeadais agus don teorannú tréimhse ama atá ann cheana le haghaidh na gcásanna eile scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta, níor cheart an soláthar tacaíochta le haghaidh an scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a bheith faoi réir caidhpeáil airgeadais nó teorannú tréimhse ama. An oibleagáid i dtaobh tacaíocht a deonaíodh don scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta a asbhaint de thacaíocht a deonaíodh don scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an soitheach céanna, ba cheart an oibleagáid sin leanúint de bheith i bhfeidhm. Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an cháis nua seo de scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, is gá tagairt don tréimhse incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(6) |
I bhfianaise a phráinní atá sé an tacaíocht a bhfuil gá leis a sholáthar, ba cheart cur le raon feidhme an nós imeachta shimplithe um chláir oibríochtúla na mBallstát a leasú chun leasuithe a áireamh a bhaineann leis na bearta sonracha chun iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar an gcogadh foghach sin a mhaolú. Leis an nós imeachta simplithe sin, ba cheart na leasuithe uile is gá a chumhdach chun na bearta lena mbaineann a chur chun feidhme ina n-iomláine, lena n-áirítear iad a thabhairt isteach, acmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh ó bhearta eile, agus na modhanna chun tacaíocht a ríomh a thuairisciú. |
(7) |
I bhfianaise phráinn na tacaíochta a bhfuil gá léi, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise chineál gan choinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a thionchar tromchúiseach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar na hearnálacha eacnamaíocha agus na slabhraí soláthair lena mbaineann, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na forálacha maidir le hincháilitheacht na gcostas ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh. |
(8) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a laghdú a mhéid a bhaineann leis an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:
1. |
in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “7. Na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, féadfar iad a ath-leithdháileadh ar an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), in Airteagal 44(4a), in Airteagal 67 agus in Airteagal 68(3) chun iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar an gcogadh foghach sin a mhaolú.”; |
2. |
in Airteagal 22(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
3. |
Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
|
4. |
in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a: “4a. Féadfaidh CEMI tacú le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta mar thoradh ar ráig COVID-19 nó mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nithe a chuireann slándáil gníomhaíochtaí iascaireachta i mbaol nó a chuireann bac ar inmharthanacht eacnamaíoch na n-oibríochtaí iascaigh, mar a fhoráiltear i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 33(1), faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 33.”; |
5. |
in Airteagal 67(1), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: “1. I gcás inar gá chun freagairt do ráig COVID-19 nó chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú, féadfaidh CEMI tacú le cúiteamh d’eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus do chomhlachais aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe arna liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 nó táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar choinníoll go stóráiltear na táirgí sin i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán sin, agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:”; |
6. |
in Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. An tacaíocht dá dtagraítear i mír 1, tiocfaidh deireadh léi an 31 Nollaig 2020, ach amháin má mhaolaíonn sí éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo incháilithe ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh chun freagairt do ráig COVID-19, agus ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú.”; |
7. |
in Airteagal 68, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. Féadfaidh CEMI tacú le cúiteamh airgeadais d’oibreoirí san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe as an ioncam a bhfuil siad dá uireasa, agus as costais bhreise a thabhaíonn siad mar gheall ar an míshocracht sa mhargadh mar thoradh ar chogadh foghachh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a éifeachtaí ar shlabhra soláthair na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gcéad fhomhír den mhír seo incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh. An cúiteamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar é a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 96.”; |
8. |
in Airteagal 95(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) Tuairim an 18 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2022.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).